Sé bliana déag
Sé bhratach déag is iad aontaithe sa pháirc
An t-aoire maith faoi bhrón
Baothdhána, mná agus fir gan treoir
Sciatháin á leathadh faoi dhuilleoga.
Glaonn fortún
Do shiúil mé amach as scáth, ‘dtí an margadh
Ceannaithe ann, gadaithe ann, is cumhacht ag teastáil,
Nach cumhra í, nós na móinéar ’nar rugadh í,
Roimh Lá Fhéile Eoin, gar don túr
An ghealach gan chroí
An captaen ann os cionn an mhór-cheiliúrtha
Smaointe á gcur go dtí an ainnir mhín
A cuntanós dubh nach n-insíonn rud ar bith fúithi
Tá an captaen thíos ach creideann sé i gcónaí go mbeidh an grá binn
Do lomadh í
Í stróicthe idir Iúpatar is Apalló
Do tháinig teachtaire le filiméala dubh
Bhí sí ar an staighre is b’éigean dom í a leanacht
I ’leanacht síos thar an scairdeán, a caille á hardú
Do sheas mé ansin go lag
Is chuas thar an léirscrios i ngach claí
Na greamanna á gcneasú faoin tatú i gcruth croí
Sagairt gan mhaith agus feall gach óg-chaillí
Na blátha á dtabhairt amach ’thugas duit mar fhéirín.
Pálás na scáthán
Is frithchaitheamh na saighdiúirí
An ród gan chríoch is clingíní na ndeor
Gach seomra lom agus cosaint ar a cuimhní
Agus glór na n-aingeal, éisteann le gach sprid ón am fadó.
Dúisíonn sí é
Dhá lá ina dhiaidh sin, an ghrian ag briseadh
Na seanslabhraí, labhras sléibhe, is carraig mhór
Is iarrann sí air a rá léi gach céim atá roimhe
Í tarraingthe síos, is greim aici ar a chuid gruaige mar ór.
A chairde, ar sé.
Níl aon ghá agam le bhur n-eagraíocht, shnasas bhur mbróg’
Bhogas bhur sléibhte, oraibh mo shúil
Tá Parthas á dhó,
Beidh oraibh réiteach le haghaidh bhur ndeireadh nó -
An misneach a fháil ionaibh le haghaidh an garda á athrú.
Tiocfaidh síth
Le suaimhneas séimh is niamhracht ar na rothaí teo
Ach ní tairbhe dhúinn é le titim na n-íol fann
Is géilleann an bás fuar is a thaibhse ag cúlú
Idir an Rí is Banríon na Lann.