2022-07-31

Anna Mgaloblishvili

ghabh m'anam chugat
ní mar aon fhéileacán amháin
ach mar chruinne lán d'fhéileacáin
        d'fhilleadar a gcuid sciathán -
        tar éis a n-eitilte - mar ghuí
my soul wandered to You
not as one butterfly
but as a universe of butterflies
        all beating their wings in unison
        and folding them in prayer

2022-07-30

Tiljala

tá mo ghrása ag feitheamh liom
in Tiljala sa doras ag canadh
aithním an fonn
        agus aithním na focail
        is tá fhios aici siúd cé a chum
my love awaits me
in Tiljala at the door singing
I know that song
        the melody and the words
        and she knows who composed them

2022-07-28

Gleann Kathmandu / The Kathmandu Valley

Ron Rosenstock
solas fós
san áit a mbíodh an Búda ar fán . . .
Gleann Kathmandu
where Buddha roamed
light still lingers . . .
Kathmandu Valley

2022-07-27

Martiros Saryan

sa tóir ar chiste
is ar rúin 'bhí i dtaisce
ag tochailt gan stad
        d'aimsíos ciste ionam féin
        atá níos gile ná ór
looking for treasure
all the secrets of the past
they dig and they dig
        i've found a treasure within
        beloved, richer than gold

2022-07-26

Cúpla Haiku ón tSeapáin

 海亀のかへるころなる松の風   藺草慶子
umigame no kaeru koro naru matsu no kaze

am fillte
na dturtar mara
an ghaoth sa ghiúis
Keiko Igusa

雨粒を背負ひて蟻の立ちあがり  杉山久子
amatsubu o seoite ari no tachiagari

 

braon báistí
ar a dhroim
seasann seangán suas
Hisako Sugiyama

夏山や雨音はわが魂鎮め  藤田湘子
natsu-yama ya amaoto wa waga tama shizume

sliabh samhraidh
m'anam á shuaimhniú
ag fuaim na báistí
Shoshi Fujita (1926 -2005)


牛乳を猫と分け合ふ春の昼   馬場公江
gyûnyû o neko to wakeau haru no hiru

bainne á roinnt
le cat
tráthnóna earraigh
Kimie Baba

声立てぬ赤子の欠伸雁帰る   秋元不死男
koe tatenu akago no akubi kari kaeru

déanann linbhín méanfach
gan ghlór
eitlíonn na géanna ar ais ó thuaidh
Fujio Akimoto (1901 -1977)

夕浪のひかりついばむ冬鴎   那須淳男
yûnami no hikari tsuibamu fuyu-kamome

solas na dtonnta tráthnóna
á phiocadh aige
faoileán geimhridh
Atsuo Nasu

朝よりも影の重たき寒鴉  江渡華子
asa yorimo kage no omotaki kan-garasu

is troime a scáil
ná mar a bhí ar maidin
préachán geimhridh
Hanako Eto

寒鴉人の話を聴いてをる  山川幸子
kan-garasu hito no hanashi o kiiteoru

préachán i lár an gheimhridh
ag éisteacht
lenár gcomhrá
Sachiko Yamakawa

天の川こころの淵を流れけり  笹下蟷螂子
amanogawa kokoro no fuchi o nagarekeri

Bealach na Bó Finne
ar a shlí
thar chiumhais mo chroíse
Toroshi Sasaka

2022-07-25

Blek le Rat

Couple de danseurs
an damhsa, a stór
sula mbuailtear nóta ceoil
nuair a éagann sé
        damhsa na nduilleog sa bhfómhar
        san earrach, damhsa na dtonn
this dance, beloved
before the music begins
when it has died down
        dance of leaves in the autumn
        in springtime, dance of the waves

2022-07-24

Mitzu Suzuki


amach san fhómhar

lá i ndiaidh lae

faighim amach nach aon ní ar leith mé


2022-07-23

Shikibu

 


bíodh is go séideann an ghaoth
go hainnis anseo
sileann solas na gealaí leis
trí chláir adhmaid an dín
san fhothrach tí seo


2022-07-22

Ivan Rutkovych

lorgaíos sciatháin
chun go n-eitleoinnse
chuig m'ansacht anocht
        ní thoir ná thiar atá sí
        ó dheas ná ó thuaidh, monuar
i asked for his wings
for one night - to fly to You
archangelic wings
        neither east nor west are You
        nor to the south or the north

2022-07-21

Arcimboldo

Leabharlannaí, 1566
nílimse iontu
na leabhair a scríobhas nó a léas
tusa atá iontu
        casaim leathanach, a stór
        is tá tú ann os mo chomhair
You won't find me there
in books i've written or read
You are in them all
        beloved, i turn a page
        every single word is You

2022-07-20

Constant Permeke

Le Cheval de Carrousel
ní cuimhin liom anois
cathain a thuirlingíos de
má thuirling mhuise!
        an roithleagán ró, a stór
        níor thuirling éinne againn fós
i can't remember
when did i got off the horse?
who says that i did!
        we're all on a carousel
        too afraid to admit it
Nu-mi amintesc
cînd să fi descălecat?
oare cine o spune?
suntem toți în carusel
speriați să recunoaștem


Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2022-07-19

Isaac Israels

imeoidh gach rud
a thaisce, cuimhní freisin
caithfidh smaointe imeacht
        nuair nach mbeidh aon ní fágtha
        snámhfaimid ina chéile
everything must go
Beloved, memories too
thoughts must go as well
        then, when there is nothing left
        only then can our souls merge
ducă-se totul
Preaiubite, amintiri
chiar și gînduri
        și cînd nimic nu mai e
        se-ngeamănă sufletele

Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2022-07-18

José Gutiérrez Solana

La reunión en casa del boticario
íocshláinte b'fhéidir?
nó leigheas ar ghalar an ghrá -
nó afraidíseach
        fir istigh i gcógaslann
        tuigeann Rí na nDúl a gcás
a panacea?
a cure for the pain of love -
or a love potion
        men wait in a pharmacy
        only God knows what ails them

2022-07-17

Yasuo Kuniyoshi

Fakirs
i measc na bhfear grinn
atáim, a chuid - na fakir
bhuel, bíodh sé mar sin
        sa saol seo caithfear a bheith
        id' rud éigin (is dócha)
numbered among clowns
I am, beloved - fakirs
well then, so be it
        in this life one has to be
        something more or less . . . (i guess)

2022-07-16

Rainer Fetting

Der Wolfsjunge
dá mba mhic tíre
a thóg mé liúfainn d'ainm
scaipfí finscéalta . . .
        géillimse dhóibh, a ansacht
        ar strae i gcoill gan chonair
were i reared by wolves
beloved, i'd howl Your name
legends would flourish . . .
        i have come to believe them
        i roam a pathless forest

2022-07-15

Jeffrey Smart

nach mé an gamal
níl bus ar bith ann chugatsa
ní shroichimse riamh
        ach an stáisiún ceann aistir
        gan fhios agam cá bhfuilim
what a fool I am
no bus will take me to You
i always end up
        in a strange new terminus
        no idea where I am

2022-07-14

Paritosh Sen

teifigh is ea sinn,
a shearc, an cine daonna
gan fhios dúinn go léir
        beimid ann go brách, an ea
        sa chomharsanacht seo, an fíor?
we are refugees
beloved, the human race
and we don't know it
        what, we'll be here forever
        in this neighbourhood, this world?

2022-07-13

Smaoineamh an Lae

 




Shanta Kelker is ainm don bhean atá ag caint leis an saoi U.G. Krishnamurti.
Ar sise leis:
"An bhfuil buataisí ann a ligfeadh dom siúl ar dhealga?"

D'fhreagair sé í go glé:
"Níl dealga ar bith ann!" ar seisean.
Ní raibh sise sásta leis sin. 

"Tá, domsa!" ar sise. "Tá dealga ann . . ."
Ar seisean ar ais léi, go foighneach: "Stop ag lorg rósanna agus ní bheidh dealga ar bith ann!"

2022-07-12

Caroline Skanne

Photo: Caroline Skanne




a mblagaidí beaga
sa dorchadas  . . .
caisearbháin

their little bald heads
in the dark  . . .
dandelions
 

2022-07-11

Mario Eloy

is gan cúis ar bith
thosaigh daoine ag damhsa
b'álainn an feic é
        ceann de mo chuid amhrán duit
        d'athmhúscail seanchaidreamh
and for no reason
people danced the whole day long
a joy to behold
        and one of my songs for You
        rekindled an old passion

2022-07-10

Honoré Daumier

cé acu mise
an Don nó Sancho Panza
iad araon, a chuid
        dheinis aislingeach díom ach -
        sin sin! arsa an fear tuaithe
and which one am i
the Don or Sancho Panza
i'm both, beloved
        You've made me a dreamer but -
        my peasant heart says enough!

2022-07-09

Henry Martin

shás an bád amach
gan fhios agam cá ngeobhadh sí
nó an bhfillfeadh sí
        sheol farraigí anonn chugat
        tá deireadh leis an imram
i pushed out my boat
not knowing where it might go
or would it return
        it crossed seven seas to You
        the epic voyage is over

2022-07-08

Otto Eckmann

bhfuil an chorr oíche
in ann í féin a fheiscint
mura bhfeicfinn thú
        conas a chífinn mé féin
        grág na nduan sa doircheacht
can the night heron
see itself in the water
if i can’t see You
        how then can i see my Self
        i croak my poems in the dark

2022-07-07

Robert Henri

ní raibh faic im' cheann
bhí tú chun tosaigh orm
bhí tú le mo thaobh
        agus bhí tú laistiar díom
        ar Bhóthar an Choire Mhóir
my mind was empty
You were walking behind me
You were beside me
        and You were ahead of me
        on the road to Corrymore

2022-07-06

Giuseppe Arcimboldo

Aonghus fáin, ambaist
is a cheann bocht trí thine
mo dhála féin mhuis'
        tuleáil an mhonsúin, a ghrá
        lasracha chun na díleann
wandering Aonghus
he had a fire in his head
i too am ablaze
        monsoon rains pour down on me
        flames rise up to meet the flood

2022-07-05

May Wilson

tá gá le scuabadh
sna poill is sna prochóga
dusta is míolta
        beidh trácht air sna hannála
        Oíche an Íonghlanta Mhóir
time for a clean-out
yes! every nook and cranny
dust and dust mites too
        it will be known in annals
        as the Night of the Big Sweep

2022-07-03

Koson

géag gheal . . .
préachán ar tí breith
a fhógairt
snowy branch . . .
a crow about to pronounce
judgement
雪が枝や
いまやカラスが
判決す

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura
snawy brainch . . .
a craw aboot tae pronoonce
juidgement

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2022-07-02

Émile Bernard

an ceol is uaigní ar fad -
babhla déirce
lán d'fholús
the saddest music of all -
a begging bowl
full of emptiness
悲しみの
最たる音楽―
無の大鉢

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura
the maist waesome maisic -
a cadger's bowlie
fou o tuimness

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2022-07-01

Jean-Georges Béraud

hataí síoda
i ndiaidh sochraide -
fear hata síoda curtha
silk hats
after a funeral -
the deceased was a top hatter too
シルクハット
葬儀のあとに―
減るは人気帽子屋も

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura
soie toppers
efter a yirdin -
the deid chiel wis a topper an aw

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald