2022-07-13

Smaoineamh an Lae

 




Shanta Kelker is ainm don bhean atá ag caint leis an saoi U.G. Krishnamurti.
Ar sise leis:
"An bhfuil buataisí ann a ligfeadh dom siúl ar dhealga?"

D'fhreagair sé í go glé:
"Níl dealga ar bith ann!" ar seisean.
Ní raibh sise sásta leis sin. 

"Tá, domsa!" ar sise. "Tá dealga ann . . ."
Ar seisean ar ais léi, go foighneach: "Stop ag lorg rósanna agus ní bheidh dealga ar bith ann!"