Posts mit dem Label Sri Nisargadatta Maharaj werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Sri Nisargadatta Maharaj werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-09-02

Nisargadatta

A haiku, in Irish and English, by Gabriel Rosenstock to honour the great Indian sage, Sri Nisargadatta Maharaj. Filmed and produced by Masood Hussain (Kashmir) for Inner Soul Films. Enjoy!

2020-08-29

Smaoineamh an Lae: Nisargadatta Maharaj

 

Ceist: Míníonn an eolaíocht  a lán . . .


Maharaj: Baineann an eolaíocht le hainmneacha, le cruthanna, le cáilíochtaí is cainníochtaí, le patrúin is dlíthe; tá an eolaíocht ceart go leor ina háit féin. Ach tá an saol ann le caitheamh; ní bhíonn am againn le haghaidh anailíse. Caithfear freagairt dó ar an toirt - sin an chúis a bhfuil tábhacht leis an ní spontáineach, nach dtógann am ar bith ort. Mairimid agus bogaimid i réimse aineoil - ní heol dúinn ach an rud atá thart.


2020-08-19

Smaoineamh an Lae

An rud a athraíonn, níl sé fíor,
ní athraíonn an rud atá fíor.
Anois, cad atá ionatsa
nach n-athraíonn?
                    *
In áit an rud nach bhfuil agat
a lorg,
aimsigh an rud
nár chaill tú riamh.
                        *
Tabhair faoi deara gur neach comhfhiosach thú
agus aimsigh foinse
an chomhfheasa. Sin uile.

Sri Nisargadatta Maharaj

2019-04-04

Sri Nisargadatta Maharaj

Ná bí ag brath ar an aigne chun saoirse a bhaint amach. 
An aigne a chuir i ndaoirse thú.
Gabh lasmuigh di go huile is go hiomlán.