2020-08-29

Smaoineamh an Lae: Nisargadatta Maharaj

 

Ceist: Míníonn an eolaíocht  a lán . . .


Maharaj: Baineann an eolaíocht le hainmneacha, le cruthanna, le cáilíochtaí is cainníochtaí, le patrúin is dlíthe; tá an eolaíocht ceart go leor ina háit féin. Ach tá an saol ann le caitheamh; ní bhíonn am againn le haghaidh anailíse. Caithfear freagairt dó ar an toirt - sin an chúis a bhfuil tábhacht leis an ní spontáineach, nach dtógann am ar bith ort. Mairimid agus bogaimid i réimse aineoil - ní heol dúinn ach an rud atá thart.