2020-08-10

Tar go Ciúin ar nós na Ré

A Ansacht
Tar go ciúin i lár na hoíche
Mar sholas na gealaí ar snámh
Tabhair dom’ shúile do chuid aislingí
Led mhéara tláith’
A Ghile, go deo deo arís
Ní osclód an doras:
Siúil go ciúin tairseach mo chroíse isteach
Fan ann go deo id’ chuimhne mhilis
Tar mar chumhracht na mbláthanna nár oscail fós
Is iad ag luascadh sa leoithne iarnóna
Can m’ainmse arís is arís, a Shearc
Mar éan lena leathéan i ndíseart ómra
Tar mar dheora chun mo shúl
Labhair im’ chluais mar chogarnaíl na fliúite
Tar chugam, a Rún a chailleas,
A chailleas go deo deo deo
Bí ann im’ chroí mar chrá síoraí

Nazrul Islam