Posts mit dem Label Konoshima Okoku werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Konoshima Okoku werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2019-10-24

Sáimhe

Konoshima Okoku
Ag ól tae, ag ithe ríse,
Ag caitheamh an tsaoil is an saol ár gcaitheamh;
Breathnaím síos ar an sruthán, breathnaím in airde
ar na beanna,
Ar mo sháimhín suilt gan amhras.


 Nan-ch'üan P'u-yüan (南泉普願 Nansen Fugan), Máistir Cha'n

2016-02-11

Dán an Fholúis

Konoshima Okoku
Níl faic de dhíth ar Shean-Ph’ang.
Tá sé folamh ann féin, níl cathaoir aige fiú
Folús ar fad ar fud an tí,
Nach folamh atá sé gan ciste ar bith!
Nuair a éiríonn an ghrian, siúlann sé tríd an bhFolús,
Le fuineadh gréine, codlaíonn sé san Fholús;
Ina shuí san Fholús, canann sé a chuid amhrán folamh,
Agus cloistear macalla na n-amhrán folamh san Fholús:
Ná cuireadh an Folús seo atá folamh amach is amach aon iontas ort,
Mar is ar an bhfolús a shuigh gach Búda a bhí riamh ann;
Muintir an domhain seo go léir ní thuigeann siad an Folús
Ach is é an Folús an fíorchiste:
An té a déarfadh nach bhfuil Folús ar bith ann
Is mór an masla do na Búdaí é.
                     

P’ang do chan.