2020-08-31

Inis an tSolais (do Varavara Rao)/The Isle of Light (for Varavara Rao)

Scannán: Masood Hussain

Grianghraf: Ron Rosenstock

Inis an tSolais

(do Varavara Rao)

An raghfá liomsa
Chuig Inis an tSolais
Barraí iarainn ní raibh riamh acu ann
Tar liom chuig Inis an tSolais anois.

Níl rialtas ar bith ag an inis séin
An mhuir a rialaíonn í is an ghaoth ar muir
Athraíonn séasúir ann ar fhocal ón bhfile
Tar liom chuig Inis an tSolais anois

The Isle of Light

(for Varavara Rao)

There is an Isle of Light
I will take you there
It has never known iron bars
Come with me to the Isle of Light

There is no government there
The seas rule and the ocean winds
Seasons change at the word of poets
Come with me to the Isle of Light.

 Die Insel des Lichts

(für Varavara Rao)
 
Es gibt eine Insel des Lichts
Dorthin will ich dich bringen
Sie kennt keine Gitter
Komm mit mir zur Insel des Lichts
 
Dort gibt es keine Regierung
Es herrschen das Meer und die Ozeanwinde
Jahreszeiten wechseln auf Geheiß der Dichter
Komm mit mir zur Insel des Lichts

Deutsch/Gearmáinis: Hans-Christian Oeser

2020-08-30

Lán de Chumha Mo Chroíse

Lán de Chumha Mo Chroíse

Lán de chumha mo chroíse
I ndiaidh mo chairde gaoil
Rósbhéal na geal-iníonra
Is na slatairí arda caol'.

Cois sreabh' nach féidir a léim
Tá na slatairí ina luí
Is cáilíní an rós-bhéil
I ngort na mbláthanna buí.

A E Housman

 

With Rue My Heart is Laden

With rue my heart is laden
For golden friends I had,
For many a rose-lipt maiden
And many a lightfoot lad.

By brooks too broad for leaping
The lightfoot boys are laid;
The rose-lipt girls are sleeping
In fields where roses fade.

 A E Housman

2020-08-29

Smaoineamh an Lae: Nisargadatta Maharaj

 

Ceist: Míníonn an eolaíocht  a lán . . .


Maharaj: Baineann an eolaíocht le hainmneacha, le cruthanna, le cáilíochtaí is cainníochtaí, le patrúin is dlíthe; tá an eolaíocht ceart go leor ina háit féin. Ach tá an saol ann le caitheamh; ní bhíonn am againn le haghaidh anailíse. Caithfear freagairt dó ar an toirt - sin an chúis a bhfuil tábhacht leis an ní spontáineach, nach dtógann am ar bith ort. Mairimid agus bogaimid i réimse aineoil - ní heol dúinn ach an rud atá thart.


2020-08-28

Am / Time

Ron Rosenstock
soicindí
ina n-aoiseanna . . .
ina soicindí arís
seconds
becoming centuries . . .
seconds again

2020-08-27

2020-08-26

Nuair a nochtann mo Shearc

Nuair a nochtann mo Shearc
Cén tsúil a dhearcann Air?
A shúilsean ní hí mo shúilse,
Mar nach bhfeiceann éinne É ach É féin amháin.

Muhyiddin Ibn ‘Arabi


2020-08-25

An Réasún

Abair slán leis an réasún. Loisceann an Solas
an réasún ó bhonn go baithis.
Más mian leat an Cuntanós sin a fheiscint
lorg súil eile. Feiceann an fealsamh dhá ní
lena dhá shúil
is ní léir dó aontacht na Fírinne.
Faoi mar a dhónn an Solas na haingil féin,
loisctear an réasún.
Solas na súile nó solas na gréine,
solas an réasúin nó Solas na Soilse.

Mahmud Shabistari


2020-08-24

Haiku le Issa

 

Fallen Leaves (Ochiba)
Hishida Shunso

かい曲りしらぬ鳥なく木の葉哉

kaimagari shiranu tori naku ki [no] ha kana

éan nach eol dó faic...
isteach is amach
i measc na nduilleog tite

2020-08-23

LITIR CHUN NA hINDIA

(An file Teileagúise Varavara Rao i bpríosún)


A India!
An mbíonn meangadh ar bhéal an bhandé Saraswati
Nuair a chuireann tú do chuid filí i bpríosún
Speabhraídí orthu, buailte ag an gCóivid,
Ina suí i lochán fuail?
A India!
An sásta atá Saraswati?
        A Varavara Rao, seolaim chugat na briathra seo
        Is mé ag súil go lonróidís
        Ina ndeannach scaipthe
        A mbéarfaidh ga gréine orthu –
A India! An ligeann tú do sholas na camhaoire
Teacht isteach ina chillín gan cuardach a dhéanamh air
Nó solas na gealaí
Nó na réaltaí i gcéin?

A India!
Éagann meangadh beannaitheach Saraswati
Ar a béal


LETTER TO INDIA

(On the imprisonment of Telugu-language poet Varavara Rao)


India!
Does the goddess Saraswati smile
When you imprison your poets
When, Covid-stricken, they hallucinate
Sitting in a puddle of urine?
India!
Is Saraswati pleased?
        Varavara Rao, I send you these words
        That they might glow
        Like scattered motes of dust
        Caught in fleeting sunshine –
Oh, India! Do you allow
The light of dawn to enter his cell without being searched
Or the light of the moon
Or distant stars?

India!
Saraswati’s beatific smile
Is fading on her lips.

2020-08-22

Hokushi

 


ar feadh soicindín
nuair a mhúch an lampróg . . .
dorchadas uaigneach

2020-08-21

An tÍol

Fad is atá
oiread is ribe amháin díot
ann i gcónaí
is eagal liom
go mbeidh
Seict an Fhéin-Adhartha
slán.
“Bhriseas
Íol an tSeachmaill
táim saor!” a deir tú.
Ach is baol liom
gur Íol ann féin é
an Forógra úd.

An Síc Ahmad Jami

2020-08-20

A Chara

A chara, níl ach slí amháin
chun an chonair rúnda a aimsiú:

        Ná bac le conair éinne eile,
        cosán géar na naomh fiú.

                Ná lean éinne.
                Ar aistear ná téigh.

Stróic an chaille de d’aghaidh.

Sachal Sarmast

2020-08-19

Smaoineamh an Lae

An rud a athraíonn, níl sé fíor,
ní athraíonn an rud atá fíor.
Anois, cad atá ionatsa
nach n-athraíonn?
                    *
In áit an rud nach bhfuil agat
a lorg,
aimsigh an rud
nár chaill tú riamh.
                        *
Tabhair faoi deara gur neach comhfhiosach thú
agus aimsigh foinse
an chomhfheasa. Sin uile.

Sri Nisargadatta Maharaj

2020-08-18

Aistriúchán

Im’ sheomrasa
Ar an mballa
Taobh lem’ leaba
Tá laghairt bheag
Ag rith síos suas
Ag dul i bhfolach
Lena cosa beaga peiteal
Súile pailine ag gliúcaíocht orm
Eireaball fada snáithíneach.
Sa Hiondúis tugtar Chipkali
Ar laghairt.
Chun blaiseadh dá bhrí
Bris é mar chnó
Ina lár, chip + kali.
Cuir i do bhéal é
Ná cogain: lig dod’ theanga
É a bhrath. Tóg amach
Id’ lámh é
Bolaigh é
Bain amach an tír choigríoch sin
I bhfolach id’ ghlac
An bhrí atá le beatha bheag
Nár bhláthaigh fós
Bachlóg Cheilte.

Zeenat Khan

*chip: ceilte
*kali : bachlóg

2020-08-16

Haiku le Issa ón mbliain 1803

 Sa bhliain 1803 (ceaptar), cailleadh an file Liam Dall Ó hIfearnáin:

"Ar bruach na Coille Muaire fé ruadh-bhrataibh bróin

Do seóladh guth im chluasaibh ba shuairce liom fé dhó

'Ná ceól na cruite ag fuaimint

Is 'ná glór na lon 'san uaigneas,

B'é ceól ba bhinne é im chuaird liom dá gcuala dhen

tsórt . . ."

Napper Tandy

Cuireadh chun báis beirt de cheannairí Éirí Amach 1803, Robert Emmet agus Tomás Ruiséal.

Rugadh James Clarence Mangan, William Smith O' Brien agus Gerald Griffin.

Cailleadh James Napper Tandy agus Arthur Guinness. 








Agus sa bhliain 1803, chum Issa an haiku seo:

tigh ar díol

nach séimh é  . . .

rósanna dreoite

売家の長閑也けりかれ茨

uri ie no nodoka nari keri kare ibara



2020-08-15

Fuseki

cool moonlight . . .

the sound of horses

bathing in the stream 

Fuseki


solas fionnuar na ré . . .

fuaim na gcapall

á bhfolcadh féin san abhainn

2020-08-14

An Samhradh sa Bhreatain Bheag

 

Hokusei

as Claf Abercuawg (Véarsa 5)

Yn aber cuawg yt ganant gogeu
ar gangheu blodeuawc
coc lauar canet yrawc

cuacha ag canadh in Abercuawg
ar chraobhacha bláfara
an chuach chainteach: go gcana sí go brách!

2020-08-13

Walter Savage Landor: Bás an Lae

Bás an Lae

Dorchaíonn na pictiúir ina bhfráma,

An oíche chugainn,

An ainnir óg is an tsean-dáma

Gan dealú.


Bás an lae! Bás ba ghránna

Is ba mheasa ná é tráth

Rug leis an neach ab áille

Is í faoi bhláth.

Walter Savage Landor (1775-1864):


Death of Day

My pictures blacken in their frames

As night comes on,

And youthful maids and wrinkled dames

Are all now one.


Death of the day! a sterner Death

Did worse before;

The fairest form, the sweetest breath,

Away he bore.



Plé/Discussion ar Hokku

Bláthanna do Varavara Rao


Cuirim bláthanna dofheicthe chugat
A Varavara Rao chun do chillín a chumhrú

Chun gáire a bhaint asat
Nach bhfeicfead, faraor

Seans nach mairfidh siad i bhfad

Cúpla rós, sin uile,
A Varavara Rao chun do chillín a chumhrú

Theastódh uisce uathu déarfainn;
An mbeadh deoir ar bith fágtha ag na gardaí, n’fheadar
Deora dofheicthe?

Ní orthusan an locht mar is eol duit go maith
Téann an scéal seo go dtí an barr ar fad.

Cúpla rós, sin uile,
A Varavara Rao chun do chillín a chumhrú.
Dofheicthe.

A Phríomh-Aire Modi, bolaigh an t-aer
Cad is cumhracht na saoirse ann?

Flowers for Varavara Rao



I send you invisible flowers
Varavara Rao to perfume your cell

And bring a smile to your lips
That I will not see

They may not last very long

A few simple roses
Varavara Rao to perfume your cell

They may need some watering;
Your jailers, have they any tears
Invisible tears?

You know full well it’s not their fault.
This goes all the way to the top.

Simple roses
Varavara Rao to perfume your cell.
Invisible

Prime Minister Modi, sniff the air
What is the scent of freedom?



Flores para Varavara Rao




Te envío flores invisibles
Varavara Rao para que prefumen tu celda

Y traigan una sonrisa a tus labios
que yo no veré

Tal vez no duren mucho

Unas pocas sencillas rosas
que perfumen tu celda

Tal vez necesiten ser rociadas
Tus carceleros, tienen ellos algunas lágrimas?
Lágrimas invisibles?

Sabes muy bien que no es su culpa.
Esto sube hasta la cima.

Sencillas rosas
Varavara Rao que perfumen tu celda
Invisibles

El Primer Ministro Modi, olfatea el aire
Cuál es el aroma de la libertad?

Leagan Spáinnise de dhán de chuid Gabriel Rosenstock:
Patricia Jiménez (Cósta Rícé)


Breis eolais:

https://independentleft.ie/solidarity-with-varavara-rao/
https://thewire.in/rights/varavara-rao-poet-rights-activist-elgar-parishad
https://www.frontlinedefenders.org/en/case/arrest-varavara-rao
https://www.facebook.com/nvenugopal.rao/posts/10157255340831700

2020-08-12

Shadows of the Past

Shadows of the Past is a short filmby Kashmiri artist Masood Hussain, based on his painting. Gabriel Rosenstock's bilingual tanka adhere to the syllabic configuration of 5-7-5 syllables, totalling 31 syllables.

2020-08-11

Faic

(Leagan Cróitise: Helena Peričić)
Pierre Gable
níl faic
ar an mbosca anocht -
faic
nothing
on tv tonight -
nothing
ništa
na TV-u večeras -
ništa

2020-08-10

Tar go Ciúin ar nós na Ré

A Ansacht
Tar go ciúin i lár na hoíche
Mar sholas na gealaí ar snámh
Tabhair dom’ shúile do chuid aislingí
Led mhéara tláith’
A Ghile, go deo deo arís
Ní osclód an doras:
Siúil go ciúin tairseach mo chroíse isteach
Fan ann go deo id’ chuimhne mhilis
Tar mar chumhracht na mbláthanna nár oscail fós
Is iad ag luascadh sa leoithne iarnóna
Can m’ainmse arís is arís, a Shearc
Mar éan lena leathéan i ndíseart ómra
Tar mar dheora chun mo shúl
Labhair im’ chluais mar chogarnaíl na fliúite
Tar chugam, a Rún a chailleas,
A chailleas go deo deo deo
Bí ann im’ chroí mar chrá síoraí

Nazrul Islam


2020-08-09

Dán/ Poem: Michael McClintock



ní osclaíonn
an t-aonarán
an doras
ach don chat
amháin

o ερημίτης
ανοίγει
την πόρτα
μόνο για
τη γάτα
Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2020-08-08

Haiku le Issa ón mbliain 1811

.なかなかに人と生れて秋の暮
naka-naka ni hito to umarete aki no kure
nach iontach go deogurbh im' dhuine a saolaíodh mé  . . .clapsholas fómhair

2020-08-07

Maharishi Mahesh Yogi

Gan leas a bhaint as a acmhainneacht iomlán, níl an duine in ann cuspóir na beatha a chomhlíonadh. Bíonn sé ag fulaingt ar go leor bealaí mar nach bhfuil cumas iomlán comhfhiosach a aigne á úsáid aige; níl leas á bhaint aige as an bhfuinneamh iontach atá istigh ann... Is geall le milliúnaí é a bhfuil a shaibhreas dearmadta aige agus a théann amach ar an tsráid ag lorg déirce.

2020-08-06

Haiku le Yoshii Yoshie

案山子翁何か叫びぬ風の中


seanfhear bréigerud éigin á scairteadh aigear an ngaoth

2020-08-04

Mainistir

Grianghraf: Ron Rosenstock
crom
is éist . . .
éist leis na clocha
bend low
listen . . .
the stones speak
σκύψτε χαμηλά
αφουγκραστείτε . . .
oι ταφόπλακες μιλούν

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2020-08-03

Mantra Páilise




  बुद्धं शरणं गच्छामि।
Buddham saranam gacchami
Go dtí an Búda liom chun tearmann a lorg


धर्मं शरणं गच्छामि।
Dhammam saranam gacchami
Go dtí an Damma liom chun tearmann a lorg

संघं शरणं गच्छामि।
Sangham saranam gacchami
Go dtí an Sanga liom chun tearmann a lorg

2020-08-02

FOIGHID

Tuigim
nach dtig liom
blátha na Bealtaine a bhailiú
i ngort an gheimhridh
ná sméara a bhlaiseadh
ins na Faoillí.

Tuigim
go mbíonn a uain
ag an uile ní.

Fillfidh na fáinleoga
fillfidh an chuach
beidh an traonach le cloisint arís
ó chuibhreann ghlas
cois abhann.

Cad chuige mar sin
nach dtuigim
an chiall atá le foighid?

An Suibhneach Meann


Patience

I know
I cannot gather
May flowers
in a wintry field
or savour blackberries
in the month of February.

I know
there is a season
to all things.

Swallows will return
so, too, the cuckoo
the corncrake will be heard again
in the green field
by the river.

Why is it then
I know nothing at all
of patience?

Translated from the Irish by Gabriel Rosenstock


Pádraig Mac Suibhne (An Suibhneach Meann) was a poet and actor from the Baile Bhuirne Gaeltacht. It is said that he received the gift of poetry from his grandmother, Máirín, who had no English.


PATIENCE


A ken
a cannae gaither
Mey flooers
in a wuntry perk
or pree blackberries
i the month o Februar.

A ken
thayr's a saison
fir awthings.

Swallaes'll retour
aye, an the gowk an aw;
we'll hearken aince mair tae the craik
i the emerant perk
bi the watter.

Whit wey, then
is't a ken naethin ava
o patience?

John McDonald

2020-08-01

Smaoineamh an Lae: Thought for the Day


Bíonn frithréabhlóid ag gach réabhlóid

Every revolution has its counter-revolution

C.Wright Mills