2022-08-31

Dán leis an maistir tanka Saigyo.

ní thagann éinne
anso chugam ag bothántaíocht
an ghealach amháin!
        is balbh iad na gaetha
        a sciorrann idir na crainn
στο μέρος μου αυτό
άνθρωποι για κουβέντα
ποτέ δεν μπαίνουν
        μόνο φεγγαραχτίδες
        βουβές μέσα στα δέντρα

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2022-08-30

Smaoineamh an Lae

 



Bheith nó gan a bheith - sin í an cheist.
Ceaca is uaisle don meanmain a fhulaing
Urchair agus saigheada mí-áidh diallta
Nó arm do ghlacadh in aghaidh bóchna clampair
Agus lena bhfreasarbhadh deireadh do chur leo . . .
Seán Óg Ó Caomhánach

Féach "Shakespeare a tháinig go hÉireann", Tadhg Ó Dúshláine, Bliainiris 2003

2022-08-29

Utagawa Kuniyoshi

gaotha garbha -
róbaí an mhanaigh mhara uafair iad
na tonnta!
violent winds -
waves are the robes
of the dreaded sea-monk!
coorse wunds -
swaws'r the cleedins
o the dreidit sea-monk!

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
大風や
波ぞ袈裟なれ
海坊主

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura

2022-08-28

Paul Klee (1879–1940)

Sprache ohne Vernunft

Die Vernunft schwamm im Strom
des Weines davon.

1
Ein guter Fischzug ist großer Trost.

2
Niedertracht sucht mich auch dieses Jahr
zu beschleichen.

3
Ich muß gerettet werden.
Durch Erfolg?

4
Hat die Inspiration Augen,
oder schlafwandelt sie?

5
Meine Hände falten sich zuweilen.
Doch gleich dicht darunter verdaut der Bauch,
filtert die Niere hell den Urin.

6
Die Musik über alles lieben,
heißt unglücklich sein.

7
Zwölf Fische,
zwölf Morde.


Speech without Reason

Reason swam away in the river of wine.

1
A good catch is great solace.

2
Wretchedness, even this year,
creeps up on me.

3
I have to get saved.
By prosperity?

4
Has afflatus eyes,
or does it sleepwalk?

5
Sometimes my hands fold.
But just under them, my belly keeps digesting,
my kidney clearing urine.

6
Music loved above all else,
that’s unhappiness.

7
Twelve fish,
twelve murders.

Leagan Béarla: Graham Foust


Caint gan Chiall

Shnámh an réasún uainn in abhainn fíona

1
Sólás mór é gabháil mhaith éisc.

2
I mbliana arís an ainnise ag iarraidh breith orm.

3
Caithfear mé a shábháil.
Trí rathúlacht?

4
An bhfuil súile ag an inspioráid
nó an suansiúlaí í?

5
Uaireanta filltear na lámha orm.
Ach díreach faoina mbun leanann an bolg dá dhíleá,
Glanann an duán mo mhún.

6
Grá thar gach ní eile don cheol,
sin is duairceas ann.
 
7
Dhá iasc déag,
dhá dhúnmharú dhéag.
 

Leid wi'oot Raison

raison soomit awa in watters o wine

1
A guid kep's muckle easedom.

2
Wratchitness, e'en this year,
snuives up on me.

3
A hae tae git sauft.
Bi seil?

4
Hus inspiration een,
or dis't sleepwalk?

5
Whiles ma haunds fauld.
bit juist unner thaim, ma kyte's aye digeestin,
ma neers clearin pish.

6
Maisic loued abuin aw else,
yon's unhappiness.

7
Twal fush,
twal murthers.

Leagan Béarla na hAlban John McDonald



2022-08-27

Haiku le Issa ón mbliain 1820

 gealach os cionn na sléibhte thiar -
  a bheanna á dteilgean
   ag an bpoc

西山の月と一度やおとし角
nishi yama no tsuki [to] ichi do ya otoshi-zuno

2022-08-26

James Henry

 Another and another 

Another and another and another
And still another sunset and sunrise,
The same yet different, different and the same,
Seen by me now in my declining years
As in my early childhood, youth and manhood;
And by my parents and my parents’ parents,
And by the parents of my parents’ parents,
And by their parents counted back for ever,
Seen, all their lives long, even as now by me;
And by my children and my children’s children
And by the children of my children’s children
And by their children counted on for ever
Still to be seen as even now seen by me;
Clear and bright sometimes, sometimes dark and clouded
But still the same sunsetting and sunrise;
The same for ever to the never ending
Line of observers, to the same observer
Through all the changes of his life the same:
Sunsetting and sunrising and sunsetting,
And then again sunrising and sunsetting,
Sunrising and sunsetting evermore.

James Henry (1798–1876)

Ceann eile is ceann eile

Ceann eile is ceann eile is ceann eile
Is éirí eile fós is luí na gréine,
Is ionann iad ach éagsúil, éagsúil is mar a chéile,
Ar fheiceáil dom anois é is mé seanchríonna
Mar chonac é im’ bhunoc dom, i mo shlataire is i m’fhear;
Is ag mo thuismitheoirí is a dtuismitheoirí siúd,
Is ag tuismitheoirí thuismitheoiri mo thuismitheoirí,
Is a dtuismitheoirí siúd go heireaball siar,
Feicithe acu i gcaitheamh a saoil go léir mar a fheicimse anois é;
Is ag mo chlann agus clann mo chlainne
Is ag clann chlann mo chlainne
Is a gclann siúd ar aghaidh go deo
Le feiscint go fóill mar a fheicimse anois é;
Glan glé ar uairibh, uaireanta faoi smúit
Ach an t-eirí gréine céanna, an luí céanna
Nach n-athraíonn go deo don líne shíoraí
De bhreathnóirí, an breathnóir céanna
Trí chora crua an tsaoil:
Luí na gréine, éirí na gréine, luí
Is arís éirí na gréine is luí,
Éirí na gréine is luí na gréine go deo na ndeor

Αλλη μια και αλλη μια και αλλη μια

Άλλη μια και άλλη μια και άλλη μία
Και άλλη μια δύση ακόμη και ανατολή,
Η ίδια και όμως διαφορετική, διαφορετική και ίδια,
Όπως τη βλέπω τώρα στα στερνά μου
Όπως την έβλεπα παιδί, νέος και άνδρας ώριμος.
Και όπως την έβλεπαν οι γονείς και οι γονείς των γονιών μου,
Και οι γονείς των γονιών των γονιών μου,
Και οι γονείς τους πίσω μετρώντας πάντα,
Όπως την έβλεπαν όλη τους τη ζωή, όμοια με εμένα τώρα.
Και τα παιδιά και τα παιδιά των παιδιών μου
Και τα παιδιά των παιδιών των παιδιών μου
Και τα παιδιά τους μπροστά μετρώντας πάντα
Όπως θα τη βλέπουν όμοια με εμένα τώρα.
Ανέφελη και φωτεινή καμιά φορά, καμιά φορά μαύρη και συννεφιασμένη
Η ίδια όμως δύση και ανατολή.
Η ίδια πάντα στην ατελείωτη
Γραμμή των παρατηρητών, στον ίδιο παρατηρητή
Μέσα από όλες της ζωής του τις μεταβολές η ίδια:
Δύση και ανατολή και δύση,
και έπειτα πάλι ανατολή και δύση,
Ανατολή και δύση για πάντα.

Leagan Gréigise Sarah Thilykou

2022-08-25

Ludwig Knaus

is duitse a sheinneann sé
an t-orgánaí sráide, a shearc
chun do chroí a ardú
        caith pingin ina threo
        má bhíonn tú ag dul thar bráid
for You he plays
the organ-grinder, beloved
to lighten Your heart
        throw him a penny
        if You're passing by

2022-08-24

Gheorghe Tattarescu

feictear dom uaireanta
go bhfuil an uile ní gach áit
ar neamh is ar talamh, a stór
        ag cuardach is ag faire amach
        seans nach liom féin atáim
sometimes it appears, beloved
that all things everywhere
on earth and in the heavens
        are searching peering looking
        maybe I am not alone

2022-08-23

Ștefan Luchian

Florăreasa
tá an díoltóir fágtha
is a cuid bláthanna fós aici
táimse fágtha lem' dhántasa
        an éagfaidh siad, a thaisce
        cad a tharlóidh ansin dóibh
the flower seller is left
with her flowers
I am left with my poems
        will they wither and decay
        beloved, what happens to poems that die

2022-08-22

Moise Kisling

an garsún a bhí ionam
is fearr an aithne
atá agatsa air, a stór
        tuigeann tú cad a thug air na súile a dhúnadh
        go docht is tú a lorg i measc réaltaí
the boy I was
You know him better
beloved than I do
        You know what made him close his eyes
        tight and look for You among the stars

2022-08-21

Binn Ghulbain

 

Grianghraf Laura Jean Zito

fágtar leat féin thú
scéalta agus seanchas ag meath . . .
Binn Ghulbain

ostavljen si
priče i legende blijede . . .
Binn Ghulbain

you are left alone
stories and legends are fading
Benbulbin

2022-08-20

Uíbh Rathach / Iveragh

 

Grianghraf Laura Jean Zito

néalta taistil . . .
cocaí féir deireanacha
Uíbh Ráthaigh

passing clouds . . . 
the last haystacks 
of Iveragh

2022-08-19

capaillín fiáin / wild pony

 

Grianghraf Laura Jean Zito

traonach . . .
ní chloiseann éinne é
ach capaillín fiáin

corncrake . . .
no one hears it
but a wild pony

2022-08-17

Harunobu Suzuki ( c. 1725 – 15 July 1770)

crann lom gan duilleog
níl faic le rá agam léi
tá mo chroí folamh
        cá raghaidh na duilleoga strae
        bhfuil ionad scíthe gar dúinn
a bare leafless tree
there's nothing i can tell Her
my heart is empty
        where will flying leaves end up
        is their resting place nearby

2022-08-16

Lion Mountain, Milford Sound, N.Z.

Ron Rosenstock
glaonn an chuach
ó shliabh go sliabh . . .
freagraíonn na sleibhte
from mountain to mountain
a cuckoo calls . . .
and the mountains answer

2022-08-15

Giorgio de Chirico

déanach    luath
ina thús    thart
tharla sé - ní hea
        níor tharla sé fós
        is mar sin dár ngrá    a shearc
it's late    it's early
it's beginning    it's over
it has happened - no
        it has yet to happen
        our love    it is all these things

2022-08-14

Matisse

bhí ár bhfréamhacha
snaidhmthe le chéile, a chuid
sula raibh an domhan ann
        sular athraigh na séasúir
        sular tuigeadh urlabhra
our roots, beloved
were intertwined
before the world began
        before seasons brought changes
        and speech became known

2022-08-13

Tanka

Dietmar Rabich / Wikimedia Commons /
„Haltern am See, Skulptur -Kardinal von Galen- -- 2014 -- 5948“ /
CC BY-SA 4.0
cloiseann sé fós iad
trup na mbuataisí Naitsíoch'
is an liú Sieg Heil
        guíonn an cairdinéal ar son
        a chomhthíreach in Ifreann
he can still hear them
the clip-clop of Nazi boots
and the roar Sieg Heil
        at night the cardinal prays
        for his countrymen in hell

2022-08-12

Tide Pools

Ron Rosenstock
grian an tráthnóna
á lorg féin
i measc linnte
evening sun . . .
looking for itself
among pools

2022-08-11

Vilho Lampi

tá sí feicthe agam
cleachtfad an seansaol arís
d'athraigh an domhan ámh
        roimh m'aisling: bhí poitín ann
        agus tr'éis: bhí poitín ann
yes, i have seen Her
back to old ways again now
but the world has changed
        before my vision: moonshine
        after my vision: moonshine

2022-08-10

Paolo Valesio

Paolo Valesio, CC BY-SA 4.0, via Wikimedia Commons

 Ní le hÉinne iad na Cuimhní

Do M. P.

Cara leis a d’inis dó mar gheall air:
nuair a tháinig cónra a deirféar isteach sa séipéal
agus “díreach ag an nóiméad sin”
scoilt ga gréine an mheánlann ina dhá leath
ga ón spéir (an raibh sé ina earrach?) a bhí scamallach go dtí sin.
 
Inné (blianta ina dhiaidh sin), áit eile, cathair eile,
léim an íomhá sin isteach ina aigne arís
nuair a dhorchaigh an séipéal lasta (coinnle, crainn solais, grian an tsamhraidh)
 um nóin “díreach ag an nóiméad sin” – néal ag gabháil na slí –
nuair a ardaíodh an diosca geal os cionn na cailíse
 i dtreo an chruinneacháin.
 
Cén deireadh a bheidh leis an gcuimhne seo ar ball?
I lár na comóntachta
áit éigin ar domhan,
ionad dumpála ag anamacha;
uair um á seach, ámh, go haithríoch,
filleann siad ar feadh meandair.  

I ricordi non appartengono a nessuno

Per M. P.

Un’amica gli aveva raccontato
quando era entrata in chiesa la bara della sorella
e “in quell’istante esatto” un raggio di sole
dal cielo (era primavera?) finallora annuvolato
aveva spaccato la navata in due.

Ieri (dopo un trascorso d’anni), in altro luogo e altra città
questo gli è ribalzato nella mente quando
la chiesa illuminata (candele, lampadari, sole estivo)
si è invece oscurata d’un tratto a mezzogiorno
─passaggio d’una nuvola─
“proprio nel momento” quando il dischetto biancastro
veniva elevato sopra il calice e verso la cupola.

E dove finirà tra pochi giorni, questo ricordo?
Nella regione intermedia e comune
da qualche parte nel mondo
dove le anime lasciano i loro scarti;
ma ogni tanto, pentite,
fanno per qualche attimo ritorno.


Paolo Valesio, Italia (1939)

2022-08-09

The Future of Man / Dán an duine


 

What is the future of Man?
There's a flare-up now in Taiwan
               You think that Ukraine
                In the ass is a pain
Just wait till the shit hits the fan!

               
Don duine cad tá i ndán?
Tá suaitheadh arís sa Téaváin
                Ní galar amháin é
                Sampla na hÚcráine
Beidh an súiche a fud an bhracháin!

2022-08-08

Mahmoud Saiid



leagadar súil ort
ní lúcháir ná mearbhlán
a shearc go dtí thú
        lár an ghuairneáin dheirbhísigh
        cailltear is aimsítear brí ionat
they have seen You
their sole delight
beloved, their dizziness
        centre of the dervish whirl
        meaning is lost and found in You

2022-08-07

Ahmed Morsi

"Horse Rider (1)"
Acrylic on canvas
130 x 80 cm
New York City - 2004
mise an cúigiú marcach
tá an chuid eile acu, a shearc
chomh marbh le hart
        an té a thagann le grásta
        éist leis an tseitreach cheolmhar
i am the fifth horseman
the others, beloved
are dead as door nails
        the one who comes with grace am i
        hear the sweet whinnying

2022-08-06

bláthanna

 


bláthanna
á bpógadh ag an ngrian . . .
mar a bheadh den uair dheireanach

flowers
embracing the sun . . .
as though for the last time

2022-08-05

2022-08-04

Arizona

Ron Rosenstock
macallaí . . .
ag teacht is ag imeacht
ó chainneoin na haigne
echoes . . .
rising and falling
from canyons of the mind

2022-08-03

Richard Oelze

ní liom féin a bhíos
bhí scata eile ag feitheamh
scaip ráflaí go leor
        ba liomsa thú, do mheasas
        ach tá an domhan ag súil leat
i was not alone
many others were waiting
rumours abounded
        i had thought of You as mine
        no, the whole world is trembling

2022-08-02

Dornán Tanka

zombaithe fóin
ag teacht faoi mo dhéin
ar an gcosán
seasaim i leataobh
is ligim dóibh dul tharam

John Quinnett

búir na leon i gcéin
ó na machairí
guth suaimhneach m’athar
ag insint scéalta
cois tine

Maria Steyn

amach sa samhradh
sa ghairdín
díreach roimh chontráth
teagmháil le plandaí, duilleoga, blátha
teagmháil nach raibh riamh agam leatsa

Margaret Chula

gáire beag
ar nós na seanlaethanta
ansin na tiúbanna
fuil is fual iontu
is boladh lag na críne

Alan Spring

titim na hoíche
míle gé fhiáin
ag neadú sa ghiolcach . ..
léimse a lán dánta
éadóchasacha

Michael McClintock

ón bhfuinneog
féachaim ar eala
ag eitilt ón loch  . . .
log sa philiúr
ar do thaobhsa den leaba

Gavin Austin


2022-08-01

Anna Mgaloblishvili

arsa neach éigin, 'tá anáil Dé
sa ghaoth inniu . . .'
ní rud neamhchoitianta é sin
        naoimh ag siúl na sráideanna
        gnáthdhaoine mar dhea
someone said 'the breath of God
is in the wind today . . .'
such prophecy is not uncommon
        saints walking the streets
        in the guise of ordinary folk

Lá Lúnasa / 1st August


D'fhiafraíos de dhuine i bpríosún uair amháin conas a ráinig dó a bheith ann agus ar seisean, 'Ghoideas péire bróg.' Arsa mise leis, dá mbeadh sé tar éis iarnród a ghoid go mbeadh sé ina Sheanadóir de chuid na Stát Aontaithe. (Mary Harris Jones).

                                                                     

I asked a man in prison once how he happened to be there and he said he had stolen a pair of shoes. I told him if he had stolen a railroad he would be a United States Senator. 

- Mother Jones (Mary Harris Jones), schoolteacher, dressmaker, organizer, and activist (1 Aug. 1837-1930)