2022-08-02

Dornán Tanka

zombaithe fóin
ag teacht faoi mo dhéin
ar an gcosán
seasaim i leataobh
is ligim dóibh dul tharam

John Quinnett

búir na leon i gcéin
ó na machairí
guth suaimhneach m’athar
ag insint scéalta
cois tine

Maria Steyn

amach sa samhradh
sa ghairdín
díreach roimh chontráth
teagmháil le plandaí, duilleoga, blátha
teagmháil nach raibh riamh agam leatsa

Margaret Chula

gáire beag
ar nós na seanlaethanta
ansin na tiúbanna
fuil is fual iontu
is boladh lag na críne

Alan Spring

titim na hoíche
míle gé fhiáin
ag neadú sa ghiolcach . ..
léimse a lán dánta
éadóchasacha

Michael McClintock

ón bhfuinneog
féachaim ar eala
ag eitilt ón loch  . . .
log sa philiúr
ar do thaobhsa den leaba

Gavin Austin