Posts mit dem Label hemant divate werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label hemant divate werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-06-06

Hemant Divate


 Father’s instant imminent death…

1.

The father I knew as a child
Walking, scorpion-like, on his hands
Playfully walking on stilts with big children
And post-retirement, the stroke
Derailing his life


 

2.

No strength left in his limbs
Nor in his body
Unaware when half a morsel
Fell to the ground
Losing his balance, unknowingly
Collapsing while seated
His speech so often incomprehensible to us


 

3.

A sick man, weary of life
And, seeing him live like this
Wearing down slowly
Moment by moment
We too, were soon sick of it all


 

4.

 

Now, I wake with a start
Whenever the phone rings unexpectedly
Always fearing this to be the harbinger
Of my father’s death
Or news that he has fallen where he stood
Shuddering disturbingly
Rolling his eyes, collapsed in the hall
While Mai is busy in the kitchen
And cracked his skull
The blood flowing


 
How could my perplexed mother
Make the connection
Between Father, motionless by the sofa
And his brain—slithered under the table
Or maybe, having collapsed in the toilet
His brain floating, sploshed in the pot
And, as if by rote, Mai unattentively
Pulling the flush
 
What will happen to my brain


 

5.

And every moment I feel
My father should have a quick death
Without him even realizing it


 

6.

Then suddenly I come to know
Father, sitting in his easy chair
Watching cricket
So pleased with India’s victory
That he died in an instant
Just like I had imagined
Without anyone realizing it


 [English version: Mustansir Dalvi]




M’athair ar tí bás tobann a fháil . . .



1.
 

An t-athair a raibh aithne agam air is mé im’ pháisteÉ ag siúl, ar nós scairpe, ar a lámha
Ag siúl ar chosa croise go spraíúil le páistí móra
Agus an stróc a bhuail é tar éis éirí as
A chuir a shaol bun os cionn


2. 

Gan lúth fágtha ina ghéaga
Ná ina cholainn
Ní fhaca sé an blúire bia
A thit ar an urlár
Nuair a baineadh dá chothrom é, gan fhios dó féin
Ag titim ina phleist is é ina shuí
Ba mhinic nár thuigeamar ach corrfhocal uaidh

 

3.

Fear tinn, bréan den saol
Agus, nuair ba léir dúinn
An meath mall
Nóiméad i ndiaidh nóiméid
Bhíomarna, leis, bréan den rud ar fad

  

4.

Anois, dúisím de phreib
Má ghlaonn an guthán gan choinne
Agus eagla orm i gcónaí gurb é teachtaire
An bháis é
Nó gur thit sé as a sheasamh
É ar crith, scanrúil,
Na súile ag casadh, sínte sa halla
Agus Mai gnóthach sa chistin
A bhlaosc scoilte
Ag cur fola go tréan
Conas a dhéanfadh mo mháthair chráite
An ceangal idir m’Athair, ar an tolg gan chorraí
Agus a inchinn a sciorr faoin mbord
Nó b’fhéidir, más sa leithreas a thit sé
An inchinn ar snámh, mar phutóg sa bhabhla leithris
Agus Mai, gan smaoineamh,
Á sruthlú síos.
Cad a tharlóidh do m’inchinnse?


5.
Agus braithimse an t-am go léir
Gur chóir do m’athair bás tobann a fháil
Gan fhios dó féin

6.

Agus, i bhfaiteadh na súl cuirim aithne air
É ina shuí i gcathaoir bhog
Ag breathnú ar an gcruicéad
Agus é chomh sásta le bua na hIndia
Gur cailleadh láithreach é
Mar a shamhlaíos é
Gan fhios don saol

  




I had the honour of transcreating a selection of poems by Hemant Divate some years ago. Available on the Internet Archive:

https://archive.org/details/hemant-divate-poems-in-irish/page/n1/mode/2up

 

2019-09-29

Féileacáin

Agus sinn ag fánaíocht trí ghairdín an ionaid tithíochta seo againne
Arsa mise le cara liom, gan fáth gan ábhar:
Ní fheictear a thuilleadh iad na laethanta seo, tá's agat,
Na féileacáin bhuí chomónta sin.
D'fhreagair sé go neafaiseach mé:
Níltear á ndéanamh níos mó.

Hemant Divate

2012-11-25

Hemant Divate: Foláireamh Víris

 File avant-garde a rugadh sa bhliain 1967 é Hemant Divate. Cáil air mar eagarthóir, mar fhoilsitheoir agus mar aistritheoir. Aistríodh a chuid dánta go Fraincis, Spáinnis, Urdúis, Gúisearáitis, Beangáilis, Hiondúis, Tamailis, Teileagúis, Cannadais, Mailéalaimis agus Gearmáinis. Tá sé ag cur faoi in Mumbai. In agallamh leis sa Mumbai Mirror, thug Hemant le fios go raibh an domhandú  trí mheán an Bhéarla ag cur isteach ar fhilíocht na Maraitise agus go bhfuil an téama sin go tréan ag tríocha éigin dá chomhfhilí Maraitise. 
Deir sé go bhfuil ‘clónáil’ ar siúl, fiú i measc na bhfilí, agus an indibhidiúlacht i mbaol dá dheasca sin. An bhfuil ‘clónáil’ i ndán don fhilíocht Ghaeilge chomh maith? An bhfuil rian na clónála uirthi cheana féin? A léitheoir dhil, tá ceisteanna á n-ardú anseo agam. Níl a fhios agam an bhfuil na freagraí ag éinne. Is tábhachtaí ceisteanna ná freagraí, ar shlí.
Ceist eile mar sin. An bhfuil éifeacht ar bith ar an bhfilíocht a aistrítear – ó Mharaitis go Béarla agus ó Bhéarla go Gaeilge sa chás seo – ar na teangacha sin faoi seach? An cuid d’fhilíocht an Bhéarla nó fiú den fhilíocht Angla-Indiach anois é Divate de thairbhe na leaganacha Béarla de na bundánta Maraitise a dhein an file nótáilte Dilip Chitre? An cuid d’fhilíocht na Gaeilge anois é chomh maith? Tá daoine ann a ligfeadh isteach é, mé féin ina measc, agus daoine eile a déarfadh, ‘Fan amach uainn, níl tú uainn, ní bhaineann tú linn, níl na dintiúir agat agus ní bheidh go brách!’
Cad a bhí ar aigne ag Goethe nuair a thagair sé do Weltliteratur? Litríocht dhomhanda, litríocht an domhain, an litríocht sin a tharchéimníonn ach nach séanann a fréamhacha dúchais, d’fhéadfá a rá. Thagair Hemant don ‘chlónáil’, focal níos scanrúla ná ‘caighdeánú’, an focal a d’úsáid Auerbach in aiste leis ar Weltliteratur (The Centennial Review, Vol. XIII, No. 1, Winter 1969). Ach is é an rud céanna é sa deireadh, clónáil, caighdeánú. Cén chosaint atá ina n-aghaidh? Faobhar a chur ar do theanga? Sea, ach sa troid in aghaidh na clónála is í dínit an duine féin atá á cosaint againn agus is í an dínit chéanna atá fite fuaite lenár ndúchas an tsaighead is géire sa bholgán saighead againn chomh maith.
Réamhrá as an leabhar a fhoilseofar i 2013.

Agus Scaoilfear Saor Ar Bhlúire Páipéir Mé

Cé atá ag scríobh dáin
Agus poill ann
Nach féidir a líonadh
Fiú má phacáiltear le focail iad
(Poill –
An ciúnas san inchinn, fiú, tá siad ann)


Tá an teilifís ar siúl
Is an páiste ag damhsa os a comhair
Tóin thar ceann, ceann thar tóin
Na cainéil á n-athrú aige
Táim an-mhíshásta leis
An ceart dom léasadh a thabhairt dó, nó –?
D’fhágfadh léasadh fiú
Poll sa chiúnas
Is bheadh poll sa chiúnas leis
Mura dtabharfainn léasadh dó.


Tá mé ar buile
Bhain seangán plaic asam
Tá sé basctha agam
Brúite basctha
Táim ar buile.
An scríobhfaidh mé an dán seo?
Nó an ndéanfaidh mé roinnt sceitsí don ghasúr
A ainm, slacán cruicéid, liathróid, scuab fiacla, Colgate, teilifíseán
Táim ar buile
Tá an teilifis ar siúl
Caithfidh mé smidiríní a dhéanamh den scáileán
Tá an páiste ag béicíl
Táimse ag tafann air
Tá a mhéar á sá i bpoll aige
Níl orm ach veist
Táim ag iarraidh na poill a dhúnadh
Leis an dán, leis na focail seo
Ag púscadh aníos ionam

Tá an teilifís á lasadh is á múchadh ag Dhullu leis an gcianrialtán
Tá sé á rá liomsa na cainéil a athrú ceann i ndiaidh a chéile
Go dtí go dtiocfaidh sé ar an gcainéal is rogha leis
Is gearr go mbeidh fuath aige
Don chainéal sin
Tá dán á scríobh agam
Breacaim síos focal, is focal eile
Tá ceanndánacht an bhuachalla do mo lasadh is do mo mhúchadhsa
Táim ciaptha cráite
Cathain a thiocfaidh an dán amach?
Táim ag baint díoscáin as mo chuid fiacla go corrabhuaiseach
Neomat ar bith anois
Tiocfar ar an bpoll a bhfuilim sa tóir air
Tiocfad asam féin im ghuairneán gaoithe
Agus scaoilfear saor ar bhlúire páipéir mé.