2020-04-30

Maurycy Gottlieb



dá mbeinn i mo scríobhaí Tórá
lorgóinn thú
lorgóinn an Shekinah!
               is chuirfinn thú i gcroílár
               an uile ní atá agus nach bhfuil ann


were I a Torah scribe
i would look for You
for the Shekinah!
          and place You at the heart
          of all things which are there and not there

2020-04-29

Fusen





an domhan tréigthe agam...
bainim sult as na blátha loiteoige
liom féin


die welt hinter mich gelassen
erfreue ich mich ganz allein
der blüten des lotus

Leagan Gearmáinise: Jürgen Schneider

2020-04-28

Is Tú an Féin


 ātmā tvaṃ girijā matiḥ sahacarāḥ prāṇāḥ śarīraṃ gṛham 
pūjā te viṣayopabhogaracanā nidrā samādhisthitiḥ 
sañcāraḥ padayoḥ pradakṣiṇavidhiḥ stotrāṇi sarvā giro 
yadyatkarma karomi tattadakhilaṃ śambho tavārādhanam

               [as an  Shivamānasapūjā]

Glóir duit
is Tú an Féin
do shliabhraonsa is ea m'aigne
companách leat í m'anáil
do theampallsa mo cholainn
aon ní a mbainim sult as
nó a chruthaím
ofrálacha Duitse iad
samādhi é mo shuan
is mé ag siúl
gabham Tharat
m'urlabhra go léir ina moladh
gach rud a dheinim
ofráil Duitse é go léir.

2020-04-27

2020-04-26

Sophie Gengembre Anderson







conas, a chumann
conas a thagaimse ort
i bhfuaimeanna agus i dtostanna
         gach áit: do chogar ciúin
         i bpaidir dílleachta

why is it beloved
why do I find You
in sounds and in silences 
       everywhere: I hear You whispering
       quietly in an orphan's prayer

2020-04-25

Another Twilight / Clapsholas Eile



níl faic eile le cailliúint aici      ach amháin
ach amháin a loinnir gheal-liath
an oíche      ag fanacht

achar cúirtéiseach uainn
chun go gcríochnóimis ár gcomhrá
i dtost            iomlán

an gcasfar ar a chéile arís sinn?

agus clapsholas eile ann       b'fhéidir


Naveen Kishore 

2020-04-23

Masood Hussain




dúiseacht
as brionglóid
faoi bhrionglóid


awakening
from a dream . . .
of a dream


Ealaín: Masood Hussain
Haiku: Gabriel Rosenstock

2020-04-22

Goya







táim dóthanach d'fheoil is d'fhuil
de m'fholt is cnámha is súile
dóthanach dem' bhéal is dem' shrón
            cluasa? mo dhóthain, sifín mé
            a thaisce sa ghaoth

enough of this flesh and blood
enough of hair bones eyes
enough of mouth and nose 
            ears? ah enough, I am straw
            beloved, a wisp in the wind

2020-04-21

Cassius Marcellus Coolidge




múinimis gáire dá chéile
ar chuala tú, a ghrá dhil
faoi ióga an gháire
         cuirimis tús leis an lá le gáire
         gáirimis istoíche faoin ngealach chiúin

we could teach each other to laugh
have you heard, beloved,
of laughter yoga
          let's begin the day with laughter
          at night let's laugh at the silent moon

2020-04-19

Chagall



bí ag faire amach dom ar an díon
thíos fúm an mosc an séipéal
is an tsionagóg
        ag cur mo chroí amach ag seinm
        duitse is don Ba'al Shem Tov


look out for me on the roof
above  mosque church 
and synagogue
            playing my heart out for You
            and for the Ba'al Shem Tov

2020-04-18

Chiyo-ni








a fhuiseog sna flaithis...
cad is dóigh leatsa
den spéir gan teorainn

2020-04-17

Leigheas an Dr Schnabel / Dr Schnabel's Cure




folcadh múin folcadh múin
folcadh múin
an leigheas is fearr!





a urine bath a urine bath
a urine bath
no better cure!

2020-04-16

An tIomlán!




pūrṇamadaḥ  pūrnamidam 
pūrṇāt 
pūrṇamudacyate 
pūrṇasya 
pūrṇamādāya 
pūrṇamevāvaśiṣyate

Tá sé sin iomlán
Tá sé seo iomlán
As iomláine a thagann iomláine
Bain iomláine den iomláine agus iomláine a bheidh fágtha

2020-04-15

Haiku le Issa ón mbliain 1813





ag longadán
i lár an fhéir  . . .
feileastram faoi bhláth

.ひよろひよろと草の中よりかきつばた

hyo[ro]-hyoro to kusa no naka yori kakitsubata

2020-04-13

Francisco Goya



solas ina shreabhadh lag
tríd an bhfuinneog
ina chuilithín trasna an urláir
           an solas deireanach a fheicfidh siad
           sa domhan cloíte seo ar aon nós

light that faintly streams
through the window
and trickles across the floor
            the last light they will see
            at least in this stricken world

2020-04-11

Tivadar Kosztka Csontvary




seanbhean ag scamhadh úll -
is cuimhin léi an chéad uair
a goradh a grua

peeling apples -
   an old woman recalls
      the first blush to her cheek


リンゴ剥き―
 老女の回想
  頬染めし初恋

Leagan Seapáinise Mariko Sumikura

pilkin aipples  -
the cailleach minds on
her furst beamer

Leagan Béarla na hAlban John McDonald

2020-04-10

Ohara Koson

í féin amháin
atá eolach air -
misean na coirre oíche

known to itself
and itself alone -
the night heron's mission

己を知り
孤独に遊ぶ
夜鷺の天命

Leagan Seapáinise Mariko Sumikura

kent tae'ts sel
an'ts sel alane  -
the nicht hern's meesion

Leagan Béarla na hAlban John McDonald

2020-04-09

Dhá Bhéar

Lá amháin
tar éis dóibh bheith ag tóraíocht bia go dian
shuigh dhá bhéar le chéile ina dtost
agus radharc breá acu
ar dhul faoi na gréine;
is iad a bhí buíoch
as a bheith beo

Ina dhiaidh sin is uile, tar éis tamaill
thosaigh comhrá suimiúil eatarthu
agus chromadar ar phlé a dhéanamh
ar chlú agus cáil.

Arsa béar díobh:
"An gcualaís  i dtaobh Rustam?
Tá an-cháil air
is é ag taisteal ó chathair go cathair
i gcás órga

Bíonn sé ag damhsa do na céadta
dá gcloisfeá an gáire is an bualadh bos
is é i mbun
gliogram cos."

Dhein an béar eile a mhachnamh
seal
is thosnaigh
ag gol

Hāfiz


2020-04-08

Úrscéal gonta

Augusto Monterroso
Más fíor d'Umberto Eco, is é an t-úrscéal is gonta ar domhan ná El Dinosaurio le Augusto Monterroso Bonilla. Níl ach seacht bhfocal Spáinnise san úrscéal ar fad:

Cuando despertó, el dinosaurio todavía estaba allí.

( Nuair a dhúisigh sé, bhí an dineasár fós ann).

2020-04-07

Hashimoto Gahō



soon they'll be raggedy
those mountain pines
should that deter a bird
         that comes to rest?
         ageless one, I rest in You


beidh cuma na hainnise ar ball orthu
giúiseanna sléibhe
ní stopfaidh sé sin an t-éan
    a thagann chun scíth a ligean
    ionatsa mo scíth, a shearc shíor-óg

2020-04-06

Ar an aonach dom is sa chlabhstra

Ar an aonach dom is sa chlabhstra, ní fhacasa ach Dia.
Sa ghleann dom is ar an sliabh, ní fhaca ach Dia.

Is minic a chonaic lem’ thaobh É is mé dobrónach.
Rith an áidh bheith liom nó gan a bheith – ní fhacasa ach Dia.

Mé ag guí nó mé ar céalacan, sa mholadh is fós sa mhachnamh,
I gcreideamh geal an Fháidh – ní fhaca ach Dia.

Anam ná corp ní fhaca, substaint ná aicíd,
Cáilíocht ná cúis – ní fhacasa ach Dia.

D’osclaíos mo shúile is faoi loinnir a ghnúise im’ thimpeall –
I ngach aon ní faoi raon mo radhairc – ní fhaca ach Dia.

Leás ina laom mar choinneal:
Sna lasracha a ling abhus is thall – ní fhacasa ach Dia.

Chonaic mé mé féin go glé lem’ dhá shúil féinig
Ach nuair a d’fhéachas trí shúile Dé – ní fhaca ach Dia.

B’eo liom im’ neamhní dom, chuas as,
Is féach, ba mé an tUile-Bheo – ní fhacasa ach Dia.
                               

Baba Kuhi de Shiraz


2020-04-05

Mantra na Cosanta


Aad Guray Nameh 
Jugaad Guray Nameh 
Sat Guray Nameh 
Siri Guroo Dayvay Nameh


Teanga: Gurmúcaí
(Foinse: Sukhmani Sahib) 


Umhlaím don Ghaois Phríomhúil.
Umhlaím don Ghaois i gcaitheamh na gCianta
Umhlaím don Fhíor-Ghaois
Umhlaím don Mhór-Ghaois nach bhFeictear

2020-04-04

Telemaco Signorini


mná fiáine, gealta
mná suaite
is léan liom a gcás
atreoraigh mo chuid laoithe chucusan
anois, led' thoil, a ghrá


wild women, mad women
agitated women 
for them I grieve
   divert my songs from You
   to them, beloved, now

2020-04-03

Kazimir Malevich



thug siad fear ag rith orm
ag rith uaitse a bhíos
fear ag rith a thug siad orm
                 ag rith chugatsa a bhíos
                 fear nach ritheann mé anois


the called me man who runs
i was running from You
man who runs they called me
                     i was running to You
                     man who does not run I am now

2020-04-02

Paul Cézanne



póg na Bé
is í póg na beatha í
milliún dán i dtost
         ag déanamh guairneáin, ag damhsa
         siollaí ar tí teacht ar an saol



the kiss of the Muse
is the kiss of life
in silence a million poems  -
                  swirling dancing syllables -  
                  ready at last to be born

2020-04-01

Smaoineamh an lae

Níl aon deireadh le Féin-eolas - ní bhaintear amach é, ní thagtar ar chonclúid: abhainn nach bhfuil aon deireadh léi is ea é.

 Jiddu Krishnamurti