2021-09-27

Photo-Haiku

Pictúir: Jason Symes
Bá Chill Iníon Léinín...
ní féidir mórán a rá
ina taobh
Killiney Bay
not much to be said
about it

2021-09-26

Ealaín sráide, Béalgrád

Gavrilo Princip
ní aithním an t-ainm sin
abair liom cérbh é
        file, bea? cad a scríobh sé?
        preit! mharaigh sé an tArd-Diúc
Gavrilo Princip
i don't recognise the name
tell me, who is he
        a poet? what did he write?
        nothing - he shot the Archduke

2021-09-25

Sato Sataro

chikadoo wo
hito murete yuku
ono-ono wa
yuube no yuki ni
nureshi hito no ka
thíos san fhobhealach
tá an áit dubh le daoine
braithimse boladh
        a gcuid éadaigh atá fliuch
        ó shneachta an tráthnóna
Tanka (5-7-5-7-7 siolla) de chuid Sato Sataro (1909 - 1987)

2021-09-24

Saito Fumi

horobitaru
waga utsusemi o
omou toki
kurayami tooku
nagareno oto su
nuair a smaoinímse
ar an gcolainn seo ag lobhadh
t'réis dom bás a fháil
        tagann glór srutháin i gcéin
        amach as an doircheacht . . .
Tanka (5-7-5-7-7 siolla) de chuid Saito Fumi (1909 -2002)

2021-09-23

M'aitheantas Nua



Bhí sos nóna á ghlacadh ag an ngealach,
cuardach á dhéanamh ag saighdiúirí ar bhróga
is ar stocaí na gcoisithe.
Síos an bóthar
bhí cuileoga a raibh amhras fúthu á ruaigeadh
ag gealbhain is ioraí rua.
Bhí pubaill shealadacha ann agus moncaithe
ag gáire is ag gol iontu, 
Grán á cháitheadh acu chun príosúnaigh a bheathú.
Bhíos-sa cuachta suas i mbúit na trucaile
m'aghaidh i bhfolach ina cíocha
ag smaoineamh ar fhaoileáin ag suirí sna dumhcha.
Níl deabhadh orm. Is mian liom
ithe, is ól, is damhsa a dhéanamh
sula n-athraíonn siad mo mhasc is m'aitheantas nua a shaoradh.

Ashwini Kumar

2021-09-22

An Leabharlann / The Library

Leabharlann i gcuimhne ar an bhfile Dalit, Binoy Majumdar.
Grianghraf le Maitreyee Bhattacharjee Chowdhury, Scroll.in

An Leabharlann

Braithim, seans, go rabhas anseo cheana
gur léas na leabhair go léir
beidh orm iad a léamh arís
An leabharlann seo leis an díon iarann rocach
is an rothar lasmuigh
d'athraíodar mo dhearcadh ar an saol
ar leabharlanna
ar leabhair
is orm féin

The Library

I feel, somehow, that I have been here before
and read all the books
I need to read them again
This library with its corrugated iron roof
the bicycle outside
They've changed the way I see the world
libraries
books
myself

2021-09-21

Photo Haiku

where is Troy
where is Tara
only the sun remains
cá bhfuil an Traí
cá bhfuil an Teamhair
níl fágtha ach an ghrian

2021-09-20

Photo Haiku

through this breath
the gateway
to haiku
tríd an anáil seo
an geata
chuig haiku

2021-09-19

Ștefan Câlția

Ștefan Câlția, Díoltóir eití
chonaic
an múinteoir gairmthreorach oscailt:
mangaire sciathán
the career guidance teacher
spotted a vacancy:
wing seller
the jobs maister
gliskit an apenin:
weeng cadger

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
進路指導の先生
空きを見つけたり
翼売り

Leagan Seapáinise: mariko sumikura

2021-09-18

Käthe Kollwitz

Käthe Kollwitz,
Das Letzte (An rud deiridh),
1924
léargas dubh
ar shaolta roimhe seo . . .
trí shealán
past lives
darkly glimpsed . . .
through a noose
ives thit'r gane
derkly gliskit . . .
throuch a kinch

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
過去は闇
ちらりと現れ
絞首刑

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura

2021-09-17

Tawari Machi

mishi koto no
nigori o arai
nagasu goto
kontakuto renzu
tsuyoku susugeru
faoi mar theastaigh uaim
an salachar go léir léir
atá feicthe agam
a ghlanadh: leanaim orm
ag cuimilt mo lionsaí tadhaill
Tanka (5-7-5-7-7 siolla) de chuid Tawari Machi (r. 1962)

2021-09-16

Saito Mokichi

shiroki hana
shiroki kagayaki
akaki hana
akaki hikari wo
hachiiru tokoro
bláthanna bána
a mbáine ag glioscarnach
is flóis dhearga
        a loinnir á leathadh acu
        loinnir dhearg gach aon áit

Tanka (5-7-5-7-7 siolla) de chuid Saito Mokichi (1882 -1953)

2021-09-15

van Gogh

ag spraoi le portán
dála Takuboku-san
chun cian a mhaolú
        glaoimse air as d'ainmse
        a shearc - fairsinge an aigéin
like Takuboku*
i am playing with a crab
to lift loneliness
        i call the crab by Your name
        Beloved - the wide ocean!

*Ishikawa Takuboku (1886 -1912)

2021-09-14

Photo Haiku

Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob
Íomhá: Ron Rosenstock
cumhracht mhín...
paidir á rá i dteanga
atá ag fáil bháis
delicate scent...
a prayer said
ina dying language
parfum delicat. . .
o rugăciune spusă
într-un grai murind

2021-09-13

Shiro Kasamatsu

cantain an fhiliméala -
rian de bholadh
na mbláth plumaí
the nightingale's song -
a faint trace
of plum blossom
the nichtingale's sang -
a peerie inklin
o ploom flourish

Leagan Béarla na hAlbain: John McDonald
小夜鳥の音―
梅の余り香
後を追う

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura

2021-09-12

Alfred K. LaMotte

FILL

Deireadh leis an gcorparáid mhór.
Deireadh leis an náisiún-stát.
Deireadh leis an eaglais dhomhanda, gúrú an domhain.
Réidh chun filleadh agus blaiseadh den athbheochan
lonrach sa rud is lú agus sa rud áitiúil.
Gan deas ná clé ann: an lár, sea,
ach gan imlíne ar bith.

2021-09-11

Hsu Ching-Yuan

 


Raghaidh mé síos i measc na ndaoine
De shiúl mo chos
Is raghaidh mé síos anocht.

Raghaidh mé síos ag lorg daoirse
Ón mbinibshaoirse
Tá ag liú anseo:

Is ceanglód an chonairt smaointe
Tá ag drannadh im thimpeall

San uaigneas…


2021-09-10

Nagatsuka Takhashi

miyakobe o
koite omoeba
shirakashi no
ochiba fukitsutsu
arigatenaku ni
smaoiním go grámhar
ar an gcathair is geal liom
is suaite atáim
leanaim orm ag scuabadh
na nduilleog darach gan stad
Tanka (5-7-5-7-7 siolla) de chuid Nagatsuka Takhashi (1879 -1925)

2021-09-09

Is File É

Is file é, leis féin san uaigneas
Breathnaíonn sé ar an spéir ó dhubh go dubh
Trí fhuinneog a bhotháin.
Tá sé glan as a mheabhair
Ná hiarr air druidim i do leith
Ná labhair leis
Ná féach air fiú amháin;
Ní bheadh fhios agat
Ná go gcrústálfadh sé thú
Le lán ciseáin de chloichíní.
Nuair a iompóidh (má iompaíonn) an fhuinneog
Ina spéir ghorm ámh
Beidh an éanlaith ó fhíor na spéire
Á mhealladh i dtreo an tsolais aerga.
Shankar Ramani
Sa Choncáinis (teanga Ghoa san India) a scríobhadh é seo.

2021-09-08

Haiku

d'fhéadfá ubh
a fhriochadh air . . .
sean-tanc Sóivéadach san Afganastáin
you could fry
an egg on it . . .
old Soviet tank in Afghanistan

2021-09-07

Ealaín sráide sa Bhruiséil

táim ar strae, a chuid
gan pingin rua sa Bhruiséil
steall ag teastáil uaim
        nó- nó bean feasa ambaist
        nó- nó snáthaidpholladóir
Beloved, i'm lost
and penniless in Brussels
i need a fix, now
        a palm reader for each hand
        or an acupuncturist

2021-09-06

Gan Teideal

 A Thiarna,
nuair a sheolfaidh tú an fhearthainn
smaoinigh tamall,
le do thoil?

lig d’fhuaim an uisce ag titim
dul i bhfeidhm rómhór ort,
an solas iontach
ar an uisce ag titim.

Táimse
faoi bhun an uisce sin.
Titeann sé le fórsa éachtach
agus an solas
Dallann
sé ar an solas mé

Untitled

Lord,
when you send the rain
think about it, please,
a little?
Do
not get carried away
by the sound of falling water,
the marvelous light
on the falling water.
I
am beneath that water.
It falls with great force
and the light
Blinds
me to the light.
James Baldwin

2021-09-05

Konstantin Vasilyev

grá á thaisceadh ina croí
le haghaidh lá is sia anonn -
buainteoir
storing love in her heart
for another day to come -
the reaper
hainin luve in'r hert
fir a yondermaist day -
the reaper

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
恋ものがたり
いつか来る日よ
刈り取る人

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura

2021-09-04

Tully Stream, Co. Mayo

Ron Rosenstock
sular oscail duine a bhéal
chun dán a rá -
an sruthán mear seo
before a human voice
spoke words in verse -
this rushing stream
afore onie human vice
threepit makkins -
yon skilterin burn

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
πριν ανθρώπινη φωνή
στίχους αρθρώσει -
ρεύμα ορμητικό

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou
声音以前に
詩の音声あり
この激流

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura

2021-09-03

Chomh Fairsing leis an Domhan

 


Tharla cor ait sa séasúr
Agus d’iompaigh gach cuid dem’ cholainn
Ina hainmhí nó ina héan, agus
Chuaigh ag fánaíocht óm’ thaobh
 
Tháinig cuid acu ar ais as a stuaim féin
Is minic go mb’éigean a lorg a leanúint
Is tugadh abhaile mar chaoirigh fáin iad
D’imíodar ansin arís, mar a bheadh ar oilithreacht
Is iad ag dul amú mar sin go rialta
Is gearr gur chuadar thart ar achar uile an Ama
 
Tá sé tamall anois ó chuadar a mbealaí difriúla
Sa tóir ar uisce nó ar thalamh
Níl fhios agam a thuilleadh
Ná ní thabharfainn buille faoi thuairim
Cá mbeidís ag fálróid
Síos suas
Ar an mbóthar abhaile, bolaithe
Is guthanna ó thíortha i gcéin á n-iompar acu,
Ag innilt ar mo cholainn go léir,
M’fhéiniúlacht á suaitheadh is á hathshocrú acu
 
Chuaigh roinnt cailíní ag bailiú connaidh
Sa dufair
Thánadar ar ais is dúradar go bhfacadar
Mo phis mar fhéileacán,
Ag eitleallaigh i measc na gcnoc.
Malathi Maithri

2021-09-02

Dornán Haiku ón tSeapáin

 なほ北に行く汽車とまり夏の月  
nao kita ni yuku kisha tomari natsu no tsuki

stopann an traein
sula leanann uirthi ó thuaidh
gealach shamhraidh
Teijo Nakamura (1900-1988)


秋近し消しゴム急に痩せにけり  
aki chikashi keshigomu kyuu ni yasenikeri

an fómhar ag teannadh linn
go tobann éiríonn an cuimilteoir
tanaí
Takachika Matsuura

その声は風のさみしさ青葉木菟 
sono koe wa kaze no samishisa aobazuku

uaigneas na gaoithe
atá ina ghlór
an t-ulchabhán seabhaic donn
Toroshi Sasaka

アイスクリームなめてかなしき話きく   
aisukuriimu namete kanashiki hanashi kiku

uachtar reoite á lí agam
is mé ag éisteacht
le scéal brónach    
Fukuko Iwasaki

蟻の列出過ぎし蟻を直してやる  
ari no retsu desugishi ari o naoshite yaru

líne seangán
cuirim ar ais
an ceann atá as áit
Hiroshi Ohmaki (1931 -2019)

螢火をかき消すほどの雨ならず 
hotarubi o kakikesu hodo no ame narazu

soilse lampróg
níl an bháisteach sách láidir
chun iad a mhúchadh
Yumiko Katayama

雷の下キャペツ抱きて走り出す         
rai no shita kyabetsu idakite hashiridasu

stoirm thoirní
tosaím ag rith
agus dos cabáiste im’ bhaclainn
Hakyo Ishida (1913-1969)

かはほりや空に残れる夕明り 
kawahori ya sora ni nokoreru yû-akari

sciatháin leathair –
solas an tráthnóna
fós sa spéir
Kokushi Ohno

桜桃をひとつ残してみて孤独       
ôtô o hitotsu nokoshite mite kodoku

fágaim silín amháin
i mo dhiaidh
uaigneas
Hajime Kotaki

靴下に大きな穴やバナナ食べ 
kutushita ni ôkina ana ya banana tabe

poll mór
i mo stoca –
ithim banana
Kirin Nishimura

置手紙トマト重しに使はれて 
okitegami tomato omoshi ni tsukawarete

nóta fágtha 
im’ dhiaidh agam
tráta mar thromán páipéir
Hanako Eto

命透け海月に秘するものはなし 
inochi suke kurage ni hisuru mono wa nashi

is trédhearcach é a shaol
níl faic le ceilt
ag an smugairle róin
Kazuyo Eguchi


忘るるなこの五月この肩車
wasururuna kono gotatsu kono kataguruma

ná dearmad mí na Bealtaine
is tú ag marcaíocht
ar mo ghuaillí
Katsuhiro Takayanagi

さくらんぼさくらんぼ女の子欲し
sakuranbo sakuranbo onnnanoko hoshi

a shilín
a shilín
tá iníon uaim
Misato Kubota


春の虹消えぬ間に出す手紙かな 
haru no niji kienu ma ni dasu tegami kana

sula n-imíonn
bogha ceatha an earraigh
cuirim litir sa phost
Tomohiko Murakami


チューリップ散る一片はゴッホの耳  
chûrippu chiru ippen wa gohho no mimi

tiúilip
cluas van Gogh
é an peiteal a thit
Akito Arima (1930-2020)

行く鴨にまことさびしき昼の雨  
yuku kamo ni makoto sabishiki hiru no ame

lachain ag imeacht
is brónach í báisteach na hiarnóna
go deimhin
Shuson Kato (1905 -1993) 

木の塩の乾びて春浅し 
ryûboku no shio no karabite haru asashi

salann á thriomú
ar adhmad farraige . . .
tosach an earraigh
Toshio Saikusa

北風やイエスの言葉つきまとふ 
kitakaze ya iesu no kotoba tsukimatou

an ghaoth aduaidh –
briathra Íosa
do mo leanúint
Asuka Nomiyama (1917-1970) 

の蠅また日だまりを舐めにくる  
fuyu no hae mata hidamari o name ni kuru

cuil gheimhridh
tagann sí chuig ball gréine arís
chun é a lí
Shun Kamata

海に降る雪貝殻に積もる雪  齋藤真理子
umi ni furu yuki kaigara ni tsumoru yuki

titeann sneachta ar an muir
sneachta á charnadh
ar shliogáin mhara
Mariko Saito 

みかん剥く二つ目はより完璧に 
mikan muku futatsume wa yori kanpeki ni

ag scamhadh oráistí
an dara ceann níos foirfe
ná an chéad cheann
Kirin Nishimura

再びは生れ来ぬ世か冬銀河   
futatabi wa umarekonu yo ka fuyuginga

ní shaolófar arís
anseo mé  . . .
réaltbhuíon sa gheimhreadh
Ayako Hosomi (1907 -1997) 

2021-09-01

Barbara Heinisch

Barbara Heinisch, Durchbruch, 1975
ego an duine
ar nós Ghiocsaí i mBosca
ag preabadh gan stad
        tá m'ego-sa sa teach gill
        oscail do chroí dhom, a chuid
a person's ego
is like a Jack-in-the-Box
always popping up
        i've left mine in the pawn shop
        Beloved, open Your heart