2021-09-09

Is File É

Is file é, leis féin san uaigneas
Breathnaíonn sé ar an spéir ó dhubh go dubh
Trí fhuinneog a bhotháin.
Tá sé glan as a mheabhair
Ná hiarr air druidim i do leith
Ná labhair leis
Ná féach air fiú amháin;
Ní bheadh fhios agat
Ná go gcrústálfadh sé thú
Le lán ciseáin de chloichíní.
Nuair a iompóidh (má iompaíonn) an fhuinneog
Ina spéir ghorm ámh
Beidh an éanlaith ó fhíor na spéire
Á mhealladh i dtreo an tsolais aerga.
Shankar Ramani
Sa Choncáinis (teanga Ghoa san India) a scríobhadh é seo.