2023-01-20

Ruainne

 
Fíonn a mháthair síoda,
Sníomhann a athair cadás.
D’fhág sé dorchadas na broinne
Ar mhaithe le croí dubh botháin.
Nuair a imeoidh sé,
Breosla do na muilte a bheidh ann.
Chun a cholainn gan cháim a bheathú
Cothóidh sé ocras doshásaithe caipitil.
Caithfidh a lámha go fánach bláthanna órga
Agus caithfidh a cholainn a cuid airgid.
Fuil a chroí a lasfaidh na laindéir gheala
I bhfuinneoga bainc.
An páiste seo, nach saonta, nach bídeach
Craos caipitil dó i ndán,
Ina sheasamh is é ag achainí os íseal:
Nach bhfuil éinne in ann mé a shábháil?

Ali Sardar Jafri

 

A Morsel

His mother weaves silk,
His father spins cotton.
He left the darkness of the womb
For the black heart of a hovel.
When he leaves it,
He will fuel the mills.
To nourish his innocent body
He will feed the insatiable hunger of capital.
His hands will squander flowers of gold
And the body will spend its silver.
The bright burning lamps in bank windows
Will be fueled by the blood of his heart.
This child, so innocent, so small,
Destined for capital’s maw,
Stands pleading silently:
Can nobody save me?

Ali Sardar Jafri



2023-01-18

Christo Coetzee

nach mise Janus
feicim thú ar chlé, a chuid
feicim thú ar dheis
        ionatsa 'tá tús gach ní
        gan aon deireadh, a thaisce
am I not Janus
You are to the left of me
You are to the right
        with You everything begins
        no end in sight, Beloved
nu eu sunt Ianus
Tu chiar în stînga mea ești
Tu chiar în dreapta
        cu Tine-ncepe totul
        sfîrșitu-i nicăierea

Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2023-01-17

Briathra an Bhúda


 
 
 
Apādakehi me mettaṃ,
mettaṃ dvipādakehi me;
catuppadehi me mettaṃ,
mettaṃ bahuppadehi me.

Éist leis an mbun-Pháilis:
don déchosach, leis, tá grá agam;
tá grá agam don neach a bhfuil ceithre chos faoi,
don ilchosach tá grá agam.


2023-01-16

Tanka, faoi thionchar an Chóráin Bheannaithe

 cá bhfaighinnse radharc air
an crann beannaithe, a shearc
soir nó siar – cá raghad
    na hológa ní itear
    sé solas geal an tsaoil é
An Córán Beannaithe, 24.35


where can i find it
the blessed tree, beloved
neither east nor west
    its olives can’t be eaten
    its light is the light of life


unde să te aflu,
copac sfînt și mult iubit,
nu în est, nici vest,
    măslina nu-i de mîncat,
    dar lumina-i a vieții 
Sfântul Coran: 24:35
Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob



2023-01-15

Carol Adolph

scaoil saor iad
colúir na síochána . . .
a Rúis is a Úcráin!
release
the doves of peace . . .
Russia! Ukraine!
hulubii păcii
să zboare iar, lăsați-i. . .
Rusia! Ucraina!

Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2023-01-14

Harry Clarke

is le croí lúcháireach gach lá
a bhuailim an bóthar dod' lorgsa
'seo chugainn an Bacach Aerach!'
        a screadann na páistí: 
        ní heol dóibh an ciste atá uaim


with a glad heart each day
i set out in search of You
'here comes the Jolly Beggarman!'
        children exclaim not knowing
        the treasure that I seek

2023-01-13

Ivan Mrkvicka

is iomaí rud a thriaileas
cad atá i ndán dom
n'fheadar: cá bhfios . . .
        dá mbeinn im' dhéantóir coinnle
        á lasadh ar feadh an ama dhuit


i have been many things
what the future holds
i cannot tell: who knows
        oh to be a candlemaker
        lighting countless candles for You

2023-01-12

Fóta-haiku i gcomhar le Jason Symes

 


to stay
on the edge of things  . . .
cry of the wind

fanacht
ar an imeall  . . .
an ghaoth ag caoineadh


2023-01-11

Issa

 


is sásta san uaigneas é
an t-ulchabhán  . . .
clapsholas fómhair

2023-01-10

Tagami Kikusha

 

ar strae i gcoilltibh
níl le clos ach duilleog
ag titim ar mo hata



μόνος στο δάσος
ο ήχος ενός φύλλου
στο καπέλο μου

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2023-01-09

Trí dhán le Gabriel, aistrithe go Gearmáinis ag Hans-Christian Oeser

Cearrbhachas

Bhí an cearrbhachas ginte ionainn,
mé féin is mo dheartháireacha.
 
Tráthnónta báistí
mé féin is Raphael – Dia ár sábháil –
agus geall curtha againn beirt ar chapaill
nár chapaill in aon chor iad
ach braonta báistí
ag rith síos an fhuinneog
go ceann sprice.
 

Spielsucht

Die Spielsucht war uns eingeimpft,
mir und meinen Brüdern.
 
An Regennachmittagen
setzten Raphael und ich – Gott steh uns bei! –
unser Geld auf Pferde,
die gar keine Pferde waren,
sondern Regentropfen;
die rannen am Fenster herab,
dem Ziel entgegen.
 

Treascairt an Fhómhair

Chuaigh m’athair lá ag seilg
is thug abhaile leis
péire piasún
ar dhathanna an fhómhair.
Mheasas go raibh an fómhar féin
lámhaichte aige.
 
Sin sin,
bheadh an geimhreadh chugainn
go luath.
 
Ar dhath an fhómhair
a bhí an madra leis,
sotar rua darbh ainm Petra.
 
Níl fhios agam cad atá fíor,
cad a chuala mé,
cad a shamhlaigh mé a chuala mé.
 
An raibh m’athair i láthair
ag ceann de na slógaí móra úd sa Ghearmáin?
 
An raibh ar a chumas
fear an chroiméil a fheallmharú
d’aon urchar amháin?
 
Ina áit sin
mharaigh sé péire piasún.

Herbstliches Gemetzel

Einmal ging mein Vater schießen,
kam heim
mit einem Paar Fasanen,
durchtränkt von den Farben des Herbstes.
Mir kam es vor, als habe er
den Herbst geschossen.
 
Damit war’s vorbei.
Bald würde der Winter
uns ereilen.
 
Auch der Hund hatte
die Farbe des Herbstes,
ein Irish Setter namens Petra.
 
Ich kann nicht sagen, was wahr ist,
was ich vom Hörensagen weiß,
was ich mir nur einbilde, gehört zu haben.
 
Stand mein Vater in der Menge
auf einer Massenversammlung in Deutschland?
 
Hätte er den Mann
mit dem Zweifingerbart erschießen können
mit einer einzigen Kugel?
 
Statt dessen
metzelte er ein Paar Fasanen.
 

Muscaedóirí

Cairde na seanlaethanta,
cairdeas a shíl tú,nach dtiocfadh meath go deo air.
Nach rabhamar ar nós na muscaedóirí úd
de chuid Dumas:
un pour tous, tous pour un.
 
A leithéid de bhaois!
Ní raibh aon ní a d'aontaigh sinn,
aon ní in aon chor a rabhamar ag troid ar a shon,
faic na ngrást,
aon ní ná neach á chosaint againn go bás,
un pour tous, tous pour un.
 
Cá bhfuil sibh anois?
An stocbhróicéirí sibh?
Díoltóirí cuisneoirí ar scor?
A mhuscaedóirí liom,
an sínte san úir atá bhur gcnámha geala bána
un pour tous, tous pour un?
 

Musketiere

Kameraden aus alten Tagen,
eine Kameradschaft, die nie vergehen wird, so dachte ich.
Waren wir nicht wie jene Musketiere
von Dumas:
un pour tous, tous pour un?
 
Welche Einfalt!
Es gab nichts, was uns vereinte,
nichts, wofür wir stritten,
nicht das Geringste,
nichts und niemanden, den wir mit unserem Leben beschützten,
un pour tous, tous pour un.
 
Wo sind wir alle jetzt?
Seid ihr Börsenspekulanten?
Kühlschrankhändler im Ruhestand?
Ach, meine Musketiere,
liegen eure blanken Knochen ausgestreckt im Lehm,
un pour tous, tous pour un?

2023-01-08

Scairt an Ghaineamhlaigh

 Chomh dubh le pic, gach áit,
néalta troma ag taisteal -
ar sise, 'Cé atá ann?'
'Mise!' a deirim -
'Oscail an doras trom seo
lig isteach mé' -
tost ina dhiaidh sin ar feadh i bhfad
agus búir na gaoithe gan stad.

Munir Niazi
 

2023-01-07

Cúpla Haiku le Ikuyo Yoshimura

 
leoithne fhómhair
is séimhe mé
agus ciomónó mo mháthar orm

géag bhláfar
ón gcrann plumaí . . .
ní raghaidh sé isteach sa vása



2023-01-06

Eagarfhocal Baoth


Díreoidh mé san aiste ghairid seo ar Eagarfhocal ANEAS, Uimh. 3, curtha in eagar ag Simon Ó Faoláin, seachas ar ábhar na hirise féin. Gaoth mhór atá san eagarfhocal, dar liomsa.

Sa chéad áit, is trua nár cuireadh an t-eagarfhocal féin in eagar. Breac le botúin ghramadaí atá sé: ní chosúil in áit ní cosúil agus mar sin de. Ar aon nós  . . .

Seasadh an cnuasach filíochta Gaeilge, duanairí agus díolamaí, ar a gcosa féin, a deir Simon, agus ná cuirimis leaganacha Béarla ar fáil. Dá leanfadh sé a chomhairle féin agus a bheith neamhspleách ar fad ar an mBéarla, nach i nGaeilge amháin a bheadh seoladh na hirise, mar shampla? Ach an seoladh a thugtar ná Frank O’Connor House, Douglas Street.
 
Agus cad faoi ealaín an chlúdaigh? Easter Week an teideal atá air. An mbeadh an t-ealaíontóir Rod Tuach curtha amach go mór dá dtabharfaí Seachtain na Cásca air? Agus thiar i ndeireadh na hirise, i mBéarla breá an Rí, tá Printed in Great Britain.

Ní comhartha laige ar theanga ar bith ná ar litríocht ar bith í a chur ar fáil i dteangacha eile, go háirithe an Béarla, an lingua mundi atá ann faoi láthair. Tá sé nádúrtha go leor go lorgódh file ar bith lucht léite níos leithne dó féin agus bealach éifeachtach amháin chuige sin ná aistriúchán snasta Béarla a chur ar fáil ar a shaothar.
 
Ní ag sodar i ndiaidh na n-uasal atá filí Gaeilge ar mian leo go léifí dánta leo i dteanga dhomhanda.
 
Is mór an peaca é nach dtacaíonn Litríocht Éireann / Literature Ireland le haistriúcháin ó Ghaeilge go Béarla ach tá siad sásta airgead a chaitheamh ar Iris Murdoch a aistriú go Catalóinis, cuir i gcás, bean frith-Éireannach a bhí ina tachrán nuair a d’fhág sí Bleá Cliath le cur fúithi i Sasana:

Ag caint ar an mBéarla a bheith ina dhroichead, tógaimis mar shampla an t-eagrán reatha den iris MPT (Modern Poetry in Translation, Uimhir 3, 2022): tá dánta ann i mBéarla a aistríodh ón bPortaingéilis Mhósaimbíceach, ón nGearmáinis, ón nGaeilge, ón Iodáilis, ón Asaimis, ón Neipeailis, ón Albáinis, ón bhFionlainnis etc. etc. agus ó theangacha nár chuala mórán againn trácht orthu, an Hilgeanóinis cuir i gcás.
 
Is mór an gar dúinn go léir droichead an Bhéarla a bheith eadrainn, teanga dhomhanda a chuireann ar ár gcumas blaiseadh d’éigse na cruinne. Deir an Faolánach: ‘Fágtar filí Gaeilge nach spéis leo a bheith ag plé leis an mBéarla ar an trá fholamh gach lá.’ Bhuel, a chonách san orthu!
 
Dúirt Carol Rumens rud éigin spéisiúil faoi chúrsaí aistriúcháin sa Guardian (28 Meán Fómhair, 2007). An mbeadh Ode to a Grecian Urn scríofa ag Keats murach gur léigh sé Hóiméar agus é aistrithe go Béarla ag Chapman? 
   
Nárbh iad na haistriúcháin Bhéarla ar dhánta grá na Gaeilge a rinne an Craoibhín Aoibhinn an splanc a las an rud ar a dtugtar an Irish Literary Renaissance agus ar leath a cháil go fada fairsing laistigh d’achar gearr?

Dála an scéil, dóibh siúd nár chuala trácht ar an Hilgeanóinis, tá breis agus 9 milliún cainteoir Hilgeanóinise ann! Níl mórán acu chun Gaeilge a fhoghlaim ach is cinnte go bhfuil dornán díobh a d’fháilteodh roimh leaganacha Béarla de dhánta móra na Gaeilge.

2023-01-05

Georges Braque

sular gineadh mé
sular phéacas-sa i mbroinn
bhíos-sa, táimse ann
        ghabhas colainn dhaonna, a chuid
        chun tú a aithint arís
before conception
before sprouting in a womb
i was and i am
        i have taken a body
        to get to know You again
de dinaintea 
zămislirii rod prinzînd
am fost și tot sunt
        într-un trup am scoborît 
        să ajung iar să Te știu

Leagan Rómáinise le Olimpia Iacob
πριν τη σύλληψη
πριν φυτευτώ στη μήτρα 
ήμουν και είμαι
        έχω πάρει ένα σώμα
        ξανά να σε γνωρίσω

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2023-01-04

Scáil an Cheannaire Mhóir

 
Chuas chun breathnú ar dhealbh an cheannaire mhóir,
    ach bhí an lá róthe, mar sin sheasas
ina scáil.
Láithreach bonn, chuala mé cling
      srutháin.
Nuair a chuaigh mo shúile i dtaithí ar an dorchadas
    Ba léir dom garsún óg, agus a ghabhar.
Bhí iontas orm is gháir sé. Chaith sé amach an seamaide
    féir a bhí á chogaint aige, is ar sé,
Tógann sé tamall dul i dtaithí ar an dorchadas;
Feicfidh tú níos mó
   nuair a líonfar do shúile leis an bhfolús.
Tá scata againn ann
        agus a thuilleadh ag teacht i gcónaí.
Sa scáil a chaithimid an chuid is mó den lá,
    agus bogaimid thar an tírdhreach
      aniar.
Cá bhfuil an sruthán, arsa mise.
Glór na sruthán go léir a chuaigh i ndísc
   is ea é sin, ar seisean.
An taibhse atá ionat, arsa mise ansin,
   agus nuair ba léir óna shúile gur ghortaíos é,
Dúrtsa de mhonabhar nach raibh sé folláin
     a bheith ar easpa gréine. Mhaígh a ghean gáire air
agus d'ardaigh leathchos leis.
Bhí an ghrian ag taitneamh
             faoina shála.
 Is ann a bhí an féar ag fás.
 

Salil Chaturvedi



2023-01-03

Winslow Homer

táimid inár ndaoir
saothraímis dúinn féinig
ní do dhaoine eile
    cathain a bheidh saoirse ann
    is gach éinne ar comhchéim?
why work for others
when we could work for ourselves
humans, together
    when will our slavery end
    when will we all be equal?
de ce altora
să le muncim, cînd nouă,
oameni toți suntem,
     sclavia cînd va sfîrși,
     egali cînd vom putea fi?

Leagan Rómáinise le Olimpia Iacob.

2023-01-01

Ceardlann Fang Yulu

carria na maidine
carria an tráthnóna
carria na hoíche mé
        tar, a shearc, led' thruaill saighde
        táim rófhada ar strae
stag of morning
stag of evening
stag of night am i
        beloved, come and empty Your quiver
        i have roamed too far