Chuas chun breathnú ar dhealbh an cheannaire mhóir,
ach bhí an lá róthe, mar sin sheasas
ina scáil.
Láithreach bonn, chuala mé cling
srutháin.
Nuair a chuaigh mo shúile i dtaithí ar an dorchadas
Ba léir dom garsún óg, agus a ghabhar.
Bhí iontas orm is gháir sé. Chaith sé amach an seamaide
féir a bhí á chogaint aige, is ar sé,
Tógann sé tamall dul i dtaithí ar an dorchadas;
Feicfidh tú níos mó
nuair a líonfar do shúile leis an bhfolús.
Tá scata againn ann
agus a thuilleadh ag teacht i gcónaí.
Sa scáil a chaithimid an chuid is mó den lá,
agus bogaimid thar an tírdhreach
aniar.
Cá bhfuil an sruthán, arsa mise.
Glór na sruthán go léir a chuaigh i ndísc
is ea é sin, ar seisean.
An taibhse atá ionat, arsa mise ansin,
agus nuair ba léir óna shúile gur ghortaíos é,
Dúrtsa de mhonabhar nach raibh sé folláin
a bheith ar easpa gréine. Mhaígh a ghean gáire air
agus d'ardaigh leathchos leis.
Bhí an ghrian ag taitneamh
faoina shála.
Is ann a bhí an féar ag fás.