Posts mit dem Label Uncail Toby werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Uncail Toby werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2025-03-07

Fís Uncail Toby

Garda Pharthais
Franz von Stuck
  

 'Nuair a dhúnaimse mo shúile,' arsa Toby,
'Bíonn claíomh geal bladhmach i mo lámh
Agus samhlaímse ar feadh nóiméid
Gur mise an tArdaingeal Mícheál.

Is é mo ghnósa Gairdín Éidin
A chosaint ó lá go lá:
Ní jab é sin do gach éinne
Ach domsa féin amháin!' 


-----------
Péintéir Gearmánach ab ea Franz von Stuck (23 Feabhra 1863 - 30 Lúnasa 1928).
Déantóir priontaí, dealbhóir, greanadóir agus ailtire ab ea é chomh maith.

2024-04-10

Uncail Toby Ar Strae

 Holländischer Radfahrweg (1940-1942)
Max Beckmann


Chuaigh Uncail Toby ag rothaíocht
San Ollainn uair amháin
Ach chuaigh sé ar strae, an fear bocht,
'Cá bhfuilim? Sa Ghearmáin?'

Bhí Toby ag rothaíocht i gciorcail
Go dtí go bhfuair sé léarscáil shoiléir:
'Má chasaim anseo ar dheis 
Agus . . .má chasaim ina dhiaidh sin ar chlé?'

2024-03-08

Múinteoir Ealaíne

        Max Parrish - A Dark Futurist, 1923 


Bhí múinteoir ealaíne ag Toby
Darbh ainm Mr Green
Nó Ó hUaithne mar ab fhearr aithne air
Fear a rugadh sa Sciobairín

Níor thaitin ach dath amháin leis,
Ba é an dath sin ná glas:
Nuair a phéinteáil Toby tráta dearg
Dúradh leis éirí as.

"Ní maith linn trátaí dearga!"
A bhéic an tUasal Green,
"Caithfidh siad a bheith glas, a Toby,
An dtuigeann tú mé go cruinn?"

"Ní cheadófar ach glas im' rangsa!"
arsa an múinteoir, an tUasal Green.
"Níl dearg ná buí ceadaithe!"
A bhúir fear an Sciobairín.

2024-03-06

Peata préacháin

Akseli Gallen-Kallela - gasúr le préachán 

Bhí peata ag Toby
uair amháin,
Ní madra a bhí ann
ach peata préacháin!


Thaitin péisteanna leis
uibheacha, agus cnónna
Agus bhí sé thar a bheith ceanúil
ar Uncail Toby.

An t-ainm a bhí air
ná Mic-Mic-Mic,
Préachán cliste
préachán glic.

Ba é an cara ab fhearr
a bhí ag Uncail Toby:
"Gheal sé an saol dom
le linn m'óige!"

2024-03-05

Ar Mhair Mé Fadó? arsa Toby

Mangaire Éisc Veinéiseach - Giuseppe Barison


"Ar mhair mé fadó,"
arsa Toby, "sa Veinéis?
Agus ciseáin im' lámha
a bhí lán d'éisc?

Má fhaighim boladh ochtapais,
nó boladh scadáin,
Deirimse gur mangaire
a bhí ionam uair amháin.

Pesci! Pesci!
is é sin Éisc! Éisc!
B'in an port a bhí agam
is mé thall sa Veinéis.

2024-02-28

Uncail Toby, úrscéalaí

Vincent van Gogh


Scríobh Uncail Toby úrscéal
Agus ansin, úrscéal eile!
"Bhí sé chomh simplí," arsa Toby
"Le bheith ag caitheamh seile."

Tháinig an inspioráid chuige
Ó na flaithis anuas mar chith.
Úrscéalta ab ea iad gan teideal
Ar m'anam - teideal ar bith!


2023-12-16

Misean Uncail Toby San Éigipt

Carl Haag 
Ar an tslí ó Síonáí go Caireo


‘Cad a bhí ar siúl agat san Éigpt?’
‘Fuist, fuist, a gharsúin!
Ar misean a bhíos san Éigipt –
Ar misean rúin!’

‘Ó! An raibh sé dainséarach?’
‘Fuist anois, bí ciúin!
Bhí sé thar a bheith thar a bheith dainséarach –
Mé faoi ordú ag dream as Cartúm.

‘Dóite ag an ngrian a bhíos, a théagair,
Bhí na cosa ag lúbadh fúm!
Ach buíochas le Dia, a théagair,
Tharraing mé mo mhisneach chugam.’

‘An raibh ort dul i mbun foréigin?
An raibh ort éinne a mharú?’
‘Ní raibh orm dul i mbun foréigin –
Ach a Thiarna, is mise a bhí faoi bhrú!’

‘An raghfá ar ais ann lá éigin?’
‘Go dtí an Éigipt, an ea? Aililliú!
Ní raghaidh mé ar ais ann lá éigin –
Mar is ann a chailleas-sa mo chlú!’


2023-12-14

Comhrá a Bhí Agam le Uncail Toby

Rabbi ag caitheamh fallaing urnaí
Isidore Kaufmann 

‘An fíor, a Uncail Toby
Gur iompaigh tú i do Ghiúdach?’

‘Ní fíor, ní fíor, a stóirín –
D’iompaíos-sa i mo Bhúdaíoch.’

‘Tá pictiúr díot, a Uncail,
Is seál Giúdach thar do ghuaillí!’

‘Ní mise atá ansin, a bhuachaill,
Pé hé féin – an diúlach!’

2023-12-12

Snaois

 The Snuff Box (1888)
William Robinson Leigh

'Dá mbeadh rogha agam,’ arsa Uncail Toby
‘Cad a roghnóinnse, gaois, nó snaois?
Snaois!

Cad fútsa?’ ar seisean liom. ‘Gaois nó snaois?’
‘Gaois,’ arsa mise leis, ‘leanann smaois snaois!’


2023-12-05

Cara Scoile Uncail Toby

Aoire maith 
Tadeusz Makowski


N’fheadar, arsa Uncail Toby
Cad a d’imigh ar mo chara Tomás?
Deir daoine áirithe gur spásaire é
Agus é ag obair sa chianspás.

Deir daoine eile gur baincéir é
Atá fostaithe i Singeapór
Agus dhá Rolls Royce mhóra aige –
Nó b’fhéidir níos mó.

Baincéir? a dúirt duine eile,
Éist do bhéal, a amadáin!
Máinlia is ea Tomás inniu -
An príomh-mháinlia sa Vatacáin.

Is mé ag feitheamh le bearradh gruaige
D’oscail mé iris do mhná,
Chuir alt a bhí ann deargiontas orm
Ní gá dhom a rá.

Fear a chaith tamall ina bhaincéir,
Agus ina spásaire sa chianspás,
Ina mháinlia sa Vatacáin
Ab ea mo chara scoile Tomás.

Aoire atá inniu ann
Agus é thall sa Rómáin,
Ag tabhairt aire do na caoirigh
A théann ar strae sa Trasalváin.

2023-12-03

An Bóthar go Wohin (Dán Próis)

Wohin - Karl Wiener - 1940

Cá bhfuil Wohin? arsa Toby. An in aice le Wuhan atá sé? Má tá, níor chuala mé trácht riamh air, is é sin, Wohin. Chuala gach éinne trácht ar an áit eile, Wuhan, sa tSín, an chéad chathair a cuireadh faoi dhianghlasáil aimsir na Paindéime (COVID). An fiú dul ann? Go Wohin? An bhfuil sé i bhfad as seo? Cad a bheadh ann romham? Cé a bheadh ann romham? An bhfuil siopaí deasa acu ann? Cén saghas iad muintir na háite? B’fhéidir nach ceart dom bogadh as seo in aon chor. An mbacfaidh mé leis an áit? Nílim in ann é a aimsiú san atlas. B’fhéidir gur ar nós gach áit eile atá sé, nó níos measa. Cá bhfios? D’fhéadfadh gur i gContae Mhaigh Eo atá sé, áit éigin laistiar de Chnoic Shíofra. Nuair a smaoiním anois air, ní rabhas riamh ar an taobh eile de Chnoic Shíofra. Cá bhfios? Seans gurb ann atá Wohin ceart go leor. Ní chuirfeadh sé iontas orm. Cén Ghaeilge a bheadh ar Wohin? Bóín? Nó b’fhéidir nach bhfuil a leithéid d’áit ann níos mó, nach bhfuil fágtha de ach comhartha bóthair. An baile tréigthe é, lán de thaibhsí agus d’fhothraigh ghránna? Féach, má tá sé i ndán dom dul ann, caithfidh mé dul ann agus sin sin. Ach cad atá i ndán dom? Cad atá i ndán d’éinne againn? An mbeadh fáilte romham san áit? Nó an ndéarfaidís, ‘An é sin Toby? Cad a thug anseo é? Ní thagann éinne go Wohin. An duine deireanach a tháinig go Wohin, chuaigh sé abhaile an tráthnóna céanna agus a eireaball ina ghabhal aige.’ Bhuel, níl eireaball ormsa mar sin, rachaidh mé sa seans. A Wohin, seo chugat mé! Wúhú!


2023-12-02

Cumann na bhFaoileán

Faoileán gonta (1878) 
Jules Breton 

Scríobh bean óg chuig Uncail Toby:
‘Mise Erwana, an an mBriotáin.
Cláraigh le do thoil,’ ar sise
‘Cláraigh le Cumann na bhFaoileán!’

Scríobh Toby ar ais láithreach
Chuig Erwana as an mBriotáin:
‘Cláróidh mé sa chumann agatsa
Má chláraíonn tusa le Cumann na bPréachán!’

2023-11-30

Anraith Óir

Masc cruach (c.1914-15)
Amadeo de Souza-Cardoso

Gearrscéal a scríobh Uncail Toby
Chuir sé isteach é i gcomórtas.

Tá an moltóir fós á léamh:
‘Níl bun ná barr leis an scéal!

Tá rudaí aige nach bhfuil san fhoclóir . . .
Mar shampla, anraith óir!

Is ag magadh fúinn atá an scríbhneoir,
Tá sé ag dul thar fóir!' arsa an moltóir.




2023-11-29

Uncail Toby ina Mhealltóir Nathracha

José Tapiro - Mealltóir nathracha 


‘Is iomaí ceird a d’fhoghlaim mé!’
Arsa Toby liomsa lá,
‘Agus nuair a tháinig mé abhaile go hÉirinn
Lena leath acu ní raibh gá.
Mealladh nathracha, cuir i gcás,
Bhí sé deacair jab a fháil:
Níl nathracha ar bith in Éirinn –
Sé sin, taobh amuigh den Dáil 




2023-11-28

Preab Uafásach a Baineadh as Uncail Toby

 Artichoke (1915)
Reijer Stolk

Baineadh preab uafásach as Uncail Toby,
Bhí an fear bocht chomh bán le do léine!
‘Chonaic mé bl-bl – rud uafásach –
Ná habair le héinne!’

Baineadh preab uafásach as Uncail Toby,
Bhí allas fuar lena chlár éadain!
‘Chonaic mé rud uafásach – bl- bl –
Ná habair le héinne!’

Baineadh preab uafásach as Uncail Toby,
‘An rud is scanrúla in Éirinn!
Chonaic mé rud uafásach – bl-bl –
Ná habair le héinne!’

Baineadh preab uafásach as Uncail Toby,
An créatúr, bhí sé an-trína chéile!
‘Bl-Bliosán, a chonaic mé! Bl-Bliosán mór gránna –
Ná habair le héinne!’





2023-11-27

Insíonn Uncail Toby Faoin Tromluí a Tháinig Air

 Allan M’Aulay (1823)
Horace Vernet 

Tromluí a tháinig ormsa aréir
Is mé i mo chodladh go sámh:
Albanach a shleamhnaigh tríd an bhfuinneog
Agus claíomh geal géar ina lámh.
Mo chreachsa thàinig!’ arsa mise leis
I nGaeilge na nGarbhchríoch:
‘Ní shábhálfaidh an Ghàidlig thú,’ ar seisean
Agus mo chloigeann do bhain díom!


2023-11-26

Aingeal Gortaithe

Haavoittunut enkeli 
Hugo Simberg 


Nuair a bhí Uncail Toby óg
Tharla eachtra nach ndearúdfaidh sé go deo:
Chonaic sé féin agus cara leis
Aingeal bán ag teacht amach as an gceo.

‘Cabhraígi liom!’ arsa an t-aingeal,
‘Nílimse in ann eitilt níos mó:
Thit mé is ghortaigh mé mo chloigeann!’
Arsa Toby léi, ‘Ó, bhó!’

Dhein siad sínteán breá ansin di
Is d’iompair siad í ar an ród.
Nuair a shroich siad an baile sa deireadh
Réitigh siad anraith di mar lón.

Níorbh fhada gur tháinig biseach uirthi:
‘A chairde,’ arsa an t-aingilín leo,
‘Tá ormsa filleadh ar na flaithis,
Beidh mé an-an-bhuíoch díbh go deo!’

2023-11-25

Comharsa Shaibhir


James Tissot - Prosperity [Mr. Lionel Lawson]

Bhí comharsa ag Uncail Toby
milliúnaí mór is dócha:
‘An mbeadh fiche euro le spáráil agat?’
arsa Toby lena chomharsa.

Arsa an milliúnaí mór ar ais leis :
‘Bíodh a fhios agatsa, a Toby,
fear saibhir mise inniu
mar nár chuireas lámh riamh i mo phóca!’



2023-11-24

Club Pingin is Feoirling

 The Mount (1880s)
Ruger Donoho (American, 1858-1916)


Is ball é Uncail Toby
Den Chlub Pingin is Feoirling.

Amach leo an Domhnach deireanach de gach mí
Agus iad ag rothaíocht thart i dTuaisceart Chiarraí.

Gléasann siad go léir mar sheanfhondúirí don pháirt
Agus tagann siad abhaile tráthnóna Dé Máirt.

(Is minic i ndiaidh na n-eachtraí sin go mbíonn Uncail Toby i bpian:
'Tá an diallait dian ar mo thóinín bocht . . . an-an-dian!')

Ní maith leo cnoic ach is breá leo imeacht le fána.
Stopann siad le haghaidh tae i mBaile an Bhuinneánaigh.

‘Is fearr é ná galf – míle uair!’ arsa Uncail Toby,
‘Ní lucht gnó sinne! Níl againne ach Pingin is Feoirling!'