2023-12-05

Cara Scoile Uncail Toby

Aoire maith 
Tadeusz Makowski


N’fheadar, arsa Uncail Toby
Cad a d’imigh ar mo chara Tomás?
Deir daoine áirithe gur spásaire é
Agus é ag obair sa chianspás.

Deir daoine eile gur baincéir é
Atá fostaithe i Singeapór
Agus dhá Rolls Royce mhóra aige –
Nó b’fhéidir níos mó.

Baincéir? a dúirt duine eile,
Éist do bhéal, a amadáin!
Máinlia is ea Tomás inniu -
An príomh-mháinlia sa Vatacáin.

Is mé ag feitheamh le bearradh gruaige
D’oscail mé iris do mhná,
Chuir alt a bhí ann deargiontas orm
Ní gá dhom a rá.

Fear a chaith tamall ina bhaincéir,
Agus ina spásaire sa chianspás,
Ina mháinlia sa Vatacáin
Ab ea mo chara scoile Tomás.

Aoire atá inniu ann
Agus é thall sa Rómáin,
Ag tabhairt aire do na caoirigh
A théann ar strae sa Trasalváin.