2023-12-03

An Bóthar go Wohin (Dán Próis)

Wohin - Karl Wiener - 1940

Cá bhfuil Wohin? arsa Toby. An in aice le Wuhan atá sé? Má tá, níor chuala mé trácht riamh air, is é sin, Wohin. Chuala gach éinne trácht ar an áit eile, Wuhan, sa tSín, an chéad chathair a cuireadh faoi dhianghlasáil aimsir na Paindéime (COVID). An fiú dul ann? Go Wohin? An bhfuil sé i bhfad as seo? Cad a bheadh ann romham? Cé a bheadh ann romham? An bhfuil siopaí deasa acu ann? Cén saghas iad muintir na háite? B’fhéidir nach ceart dom bogadh as seo in aon chor. An mbacfaidh mé leis an áit? Nílim in ann é a aimsiú san atlas. B’fhéidir gur ar nós gach áit eile atá sé, nó níos measa. Cá bhfios? D’fhéadfadh gur i gContae Mhaigh Eo atá sé, áit éigin laistiar de Chnoic Shíofra. Nuair a smaoiním anois air, ní rabhas riamh ar an taobh eile de Chnoic Shíofra. Cá bhfios? Seans gurb ann atá Wohin ceart go leor. Ní chuirfeadh sé iontas orm. Cén Ghaeilge a bheadh ar Wohin? Bóín? Nó b’fhéidir nach bhfuil a leithéid d’áit ann níos mó, nach bhfuil fágtha de ach comhartha bóthair. An baile tréigthe é, lán de thaibhsí agus d’fhothraigh ghránna? Féach, má tá sé i ndán dom dul ann, caithfidh mé dul ann agus sin sin. Ach cad atá i ndán dom? Cad atá i ndán d’éinne againn? An mbeadh fáilte romham san áit? Nó an ndéarfaidís, ‘An é sin Toby? Cad a thug anseo é? Ní thagann éinne go Wohin. An duine deireanach a tháinig go Wohin, chuaigh sé abhaile an tráthnóna céanna agus a eireaball ina ghabhal aige.’ Bhuel, níl eireaball ormsa mar sin, rachaidh mé sa seans. A Wohin, seo chugat mé! Wúhú!