2023-06-30

triúr manach

                     Ron Rosenstock

ina seasamh nocht
os comhair Rí na nDúl
triúr manach atá marbh

standing naked
before God
three dead monks

de pie desnudos
ante Dios
tres monjes muertos
                                                                       (Leagan Spáinnise: Patricia Jiménez, Cósta Ríce)

2023-06-29

Golgatha

Vic Bakin 

a cheannairí an domhain
is Golgatá
atá cruthaithe agaibh!

world leaders
you have created
a Golgotha!

2023-06-28

Comhchainteanna /Round table talks


leanfar
leis na comhchainteanna
amárach

round-table talks
scheduled to continue
tomorrow

Pictiúir - Vic Bakin 

2023-06-27

Stork /Stoirc

Pictiúir - Vic Bakin 


An Úcráin . . .
tá na stoirc sáite sa chogadh seo
chomh maith

Ukraine . . .
storks caught up in this war
as well

2023-06-26

Tree / Crann



to the roots 
of a tree 
expose your own roots! 

do phréamha 
an chrainn 
nocht do phréamha féin! 

2023-06-25

Luimneach /Limerick

Gabriel Rosenstock's bilingual limerick in praise of Louise Richardson, Dame Commander of the British Empire, 
appointed by the Irish Government (sic!) as Chairperson of its Consultative Forum on International Security Policy.

will Ireland stay neutral - like the Swiss
or join NATO, then go on the piss?
         it's being discussed at a Forum
         with Hibernian decorum
and the Chair -  she's a proper little Miss! *

* Dame Commander of the British Empire, Louise Richardson

an bhfanfaimid ar nós na hEilvéise
nó bheith in NATO inár staicín áiféise
                 nárbh fhearr a bheith neodrach
                 a Louise, is a bheith spleodrach
 mar a bhís-se fadó ins na Déise?
                      

2023-06-24

An Deirfiúr / The Sister


The Sister is a bilingual limerick by Limerick poet Gabriel Rosenstock in praise of Kim Jong Un's likely successor, his sister.


now look who's coming along!
it's the sister - Kim Yo-jong
        she's made of stern stuff
        and she knows how to bluff
sure she'd blow us all up for a song


féach cé tá chugainn go luath
sí Kim Yo-jong í, an deirfiúr
       tá sí dona go leor
       bean nár shil riamh aon deoir
is tá gangaid inti, is fuath

2023-06-23

photo haiku


an féin istigh 
cad atá ionat dá uireasa? 
sliogán folamh 

the inner self 
what are you without it? 
an empty shell

2023-06-22

haiga

night stroll 
the moon lights up
a cat's eyes

siúlóid oíche
lasann an ghealach 
súile an chait


haiga: kala ramesh
haiku tr: gabriel rosenstock

2023-06-21

haiga

peeling an onion... 
how many layers before 
i begin to understand



oinniún á scamhadh ... 
a liacht sin sraith 
sula dtuigim


haiga: kala ramesh 
haiku tr: gabriel rosenstock

2023-06-20

Conair an Iontais

 
Nílimse in ann a rá cé mise
           Tá iontas is deargiontas orm!
Nílim in ann mé féin a thabhairt orm féin
            Tá iontas is deargiontas orm!
Cé a fheiceann lem' shúilese?
Cén croí ionam atá ag bualadh?
Cé a análaíonn isteach is amach?
            Tá iontas is deargiontas orm!
 

Cé a labhrann lem' theangasa?
Cé a éisteann lem' chluasa-sa?
Cé a thuigeann le m'aignese?
      Tá iontas is deargiontas orm!

Cé a shiúlann leis na cosa seo?
Cé a bhlaiseann le mo bhéalsa?
Cé atá ag cogaint is ag slogadh?
           Tá iontas is deargiontas orm!

Cé a láimhseálann an saibhreas seo?
Cé a chaitheann uaidh é?
Cé a cheannaíonn is cé a dhíolann?
    Tá iontas is deargiontas orm!

Cén fáth a bhfuil beatha ionam?
Cad a dhein dearg mo shúile le deora?
Cén fáth an reiligiún seo, an creideamh seo?
   Tá iontas is deargiontas orm!

Seyyid Nizamoglu, éist leis seo:
Is ón Aon a thagann gach ní.
Báigh tú féin san áilleacht éachtach seo
          Tá iontas is deargiontas orm!

Seyyid Seyfullah Nizamoglu

(16ú hAois)

Quarreling with God: Mystic Rebel Poems of the Dervishes of Turkey


2023-06-18

Ganesh


Tanka (5-7-5-7-7 syllables) composed by Gabriel Rosenstock and chanted in Indo-Celtic style,  accompanied by Derek Ball.

mo ghrá thú, Ganesh!
réiteoidh mise an tslí dhuit
is ní bheidh bac ort
    réitigh an bóthar domsa
    Shanti Shanti OM!

I love you, Ganesh!
let me remove obstacles
for You on Your path
      then remove my obstacles
      Shanti Shanti OM!


.

2023-06-17

Portmarnock / Port Mearnóg

 
Portmarnock
they come from the four corners
of the universe
 
Port Mearnóg
tagann siad as ceithre hairde
na cruinne
 


2023-06-15

Uncail Toby, Iascaire



Chuaigh Uncail Toby ag iascaireacht
agus ghabh sé iasc beag,
Ach tháinig iasc i bhfad níos mó ansin
agus d'ith sé é - SLOG SLOG!

2023-06-14

Prufrock


ar nós J. Alfred Prufrock
ina luí go fann ar chlár 
grian ag éag

Senryu by Zen Monk Tanuki 

2023-06-09

Grá agus Suan

 


Oilithreach mílítheach meanmnach mé a múnlaíodh

as dusta is dorchadas.

Eabhar leáite an mhaidneachain i m’inchinn,

dúil bhuartha ionatsa im’ chroíse.

Cogar i dtaobh na n-uaireanta corcra a thiocfaidh,

       cogar faoin ngealshíoraíocht a d’imigh

Do mo mhealladhsa soir is siar is asam féinig.

Mo chreach! An ligfead mo scíth tamall

ar an talamh méith, nó taisteal siar

Chun na heabhar-shíoraíochta? Seasaim, moillím,

I m’oilithreach mílítheach meanmnach

       a múnlaíodh as dusta is dorchadas.

        

Benjamin De Casseres (1873 -1945)

2023-06-08

Cocatú

Ohara Koson

Chuaigh mé féin agus Uncail Toby
Lá amháin go dtí an zú
Chonaiceamar rudaí aisteacha ann
Mar shampla, cocatú
Chonaiceamar rudaí aisteacha ann
Mar shampla, cangarú
Agus arsa an cangarú ansin leis an gcocatú
Parlez vous?

Chuaigh mé féin agus Uncail Toby
Lá amháin go dtí an zú
Chonaiceamar rudaí aisteacha ann
Mar shampla, cocatú
Chonaiceamar rudaí aisteacha ann
Mar shampla, colm ó Pheiriú
Agus arsa an colm ansin leis an gcocatú
Parlez vous?

Chuaigh mé féin agus Uncail Toby
Lá amháin go dtí an zú
Chonaiceamar rudaí aisteacha ann
Mar shampla, cocatú
Chonaiceamar rudaí aisteacha ann
Mar shampla, an gnú
Agus arsa an gnú ansin leis an gcocatú
Parlez vous?

Chuaigh mé féin agus Uncail Toby
Lá amháin go dtí an zú
Chonaiceamar rudaí aisteacha ann
Mar shampla, cocatú
Chonaiceamar rudaí aisteacha ann
Mar shampla, ogastún
Agus arsa an t-ogastún ansin leis an gcocatú
Parlez vous?

Chuaigh mé féin agus Uncail Toby
Lá amháin go dtí an zú
Chonaiceamar rudaí aisteacha ann
Mar shampla, cocatú
Chonaiceamar rudaí aisteacha ann
Mar shampla, marabú
Agus arsa an marabú ansin leis an gcocatú
Parlez vous?

2023-06-07

Nuair a Tháinig Uncail Toby Ar Ais

 

Nicolae Vermont, The Way home, 1919
 

Níor aithin éinne
Uncail Toby
Nuair a tháinig sé ar ais
Ó Ghaineamhlach Ghóibí

An é atá ann?
Is deacair a rá:
Tá sé ag éirí cosúil leis
Ó lá go lá . . .

Tá an hata céanna air
Ach mar sin féin -
Níor athraigh an hata sin
Agus é daichead bliain i gcéin!

2023-06-06

Dornálaíocht agus Deargamadántaíocht

 

Ealaín Sráide, Baile Átha Cliath (Creative Commons)

Mhúin Uncail Toby dornálaíocht dom
Nuair a bhíos-sa an-óg:
"Níl aon mhaith ionat," ar seisean,
"Ní ghortófá cuileog!"

"Ní ghortóinn! Tá an ceart agat,
Ná seilide, ná seangán!
Éinne a ghortódh cuileoigín
Níl ann ach deargamadán!"


2023-06-05

Carr Uncail Toby

 

Ayate Car by Betsabeé Romero
@ Irish Museum of Modern Art in Kilmainham
| Openverse
 

Ní maith le hUncailToby an focal carr
"B'fhearr liom i bhfad gluaisteán!
Ná labhair liom ar charr le do thoil!" ar sé
"Agus ná bí i d'amadán."

Is fada atá carr Uncail Toby ina stad
Is ní dhúiseoidh sí arís go deo:
"Sin mar a bhíonn, a chréatúirín,
Níl sa saol seo ach toit agus ceo!"

2023-06-04

Gnúis an Tiarna

 


Go dtaitní gnúis an Tiarna ort  . . . (Uimhr. 6.25)

May the Lord smile on you  . . . (Num. 6.25)



2023-06-03

Smaointe Broinne / Womb Thoughts

 Stanley H. Barkan (USA), editor-publisher of Cross-Cultural Communications, has published some 500 titles in 50 different languages. His own work, translated into 31 languages, has been published in 31 collections.

Smaointe Broinne

Bhíos sona
sa bhroinn
ar snámh
ar mo mhuir féin.
Bhí gach aon ní
agam -
cén fáth trioblóid a lorg,
Éidin a fhágáil?
Is cuimhin liom . . .
Ní chreideann tú mé,
ach táim cinnte
faoin gcuimhne sin.
Ag féachaint thart dom anois,
ar iníon & ar mhac
agus ar a bpáistí siúd,
smaoiním ar
an aistear
ón uair úd
go dtí anois.
Ó bhreith
go breith go breith
ar fud na cruinne -
míorúilt na beatha!

Womb Thoughts

In the womb
I was happy
floating about
in my own sea.
I had all
that I needed—
why look for trouble,
exit Eden?
I remember . . .
You don’t believe me,
but I am sure
of this memory.
Now as I look
about me,
at daughter & son
and their children,
I think of
the journey
from then
till now.
From birth
to birth to birth
all over the earth—
the miracle of life!

—Stanley H. Barkan (New York)

2023-06-02

Smaoineamh an Lae


Tá an t-am ag teacht, go deimhin, tá sé tagtha, agus ní bheidh de mhisneach agat á ra gur leat féin do chuid airgid agus do chuid óir. Is leis an Tiarna é.
Ní déarfaidh tú gur leat féin é ar eagla go n-éireodh an mheirg ann aníos chun breith a dhéanamh ort, agus do cholainn a dhó faoi mar ba thine a bhí inti.
Ní déarfaidh tú ach oiread gur leatsa an damh ná an t-asal. Is leis an Tiarna iad.

Abiezer Coppe 1619 -1672

2023-06-01

Haiku

 

 
gnéas?
níl ann ach paindéim
ná buair do cheann faoi
 
sex?
it's just a pandemic
nothing to worry about
 
Haiku: Zen Monk Tanuki