2015-04-30

Constable

Íomhá Constable
aonfhuaimnagaoithenafearthainnenafarraige onesoundofwindrainandsea
一音風雨海

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

Focal an Lae/ Word of the Day

Gradhal: ' a thick or hanging lip arising from drunkeness'.  
(Liosta Sheáin Uí Liatháin, Foclóir an Duinnínigh)

2015-04-29

Thomas Gainsborough

Íomhá Thomas Gainsborough
fear coille
ina sheasamh faoi chrann
- chomh ciúin leis an gcrann
a woodsman
stands under a tree
- silent as the tree
森人が
木の下に立つ
―木のごと静か

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

Graifítí an Lae: Albert Libertad

Creidimid san éabhlóid bhuan, tá a fhios againn mar sin nach bhfuil aon deireadh ann. Is leor dúinne dul ar aghaidh i gcónaí, ar an gconair cheart i gcónaí.

Albert Libertad (1875 -1908)

2015-04-28

Corot

Íomhá Corot
tréadaí gabhar Genzano -
níos mó gabhar
ná cairde aige
the goatherd of Genzano
more goats
than friends
ジェンツァーノの山羊使い
 友だちよりも
 多き山羊
 

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

Graifítí an Lae: Butler Shaffer



San fhichiú haois amháin, d'éirigh le rialtais - trí chogaí, trí chinedhíothú, agus trí imeachtaí marfacha eile - thart ar 200,000,000 duine a mharú, fir, mná is páistí. An mó duine a mharaigh ainrialaithe sa tréimhse sin?

An tOllamh Butler Shaffer

2015-04-27

Graifítí an Lae: Randolph Bourne

Comhcheilg mhór amháin atá sa tsochaí chun tú a shnoí i do dhealbh, an saghas a thaitníonn léi, agus ansin an dealbh a chur sa nideog is áisiúla atá aici.



Randolph Bourne(1886 - 1918)

2015-04-26

Caspar David Friedrich

Íomhá Caspar David Friedrich
goimh an fhómhair -
tuirlingíonn ulchabhán
ar uaigh
autumn chill -
an owl alights
on a grave
秋寒に―
フクロウ 墓に
舞い降りて

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

Graifítí an Lae: Einstein

"Is tábhachtaí í an tsamhlaíocht ná an t-eolas. Tá teorainn leis an eolas. Téann an tsamhlaíocht timpeall an domhain."




Albert Einstein (Márta 14, 1879 - Aibreán 18, 1955)

2015-04-25

Van Gogh

Íomhá Van Gogh
nach gleoite!
béile á roinnt acu -
dhá fhrancach
how lovely!
sharing a meal -
two rats

Graifítí an Lae: Tolstoy

In ainm Dé, stop seal, stop ag obair, féach thart ort.
Leo Tolstoy (1828 -1910)

2015-04-24

Claude Monet

Íomhá Claude Monet
lá sneachta -
an snag breac féin
ina thost
snowy day -
even the magpie
is silent
雪の日や
マグパイプも
静かなリ

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

Graifítí an Lae: Oscar Wilde

The Universal Wilde: Fiáin I dTaobh Wilde
D'fhéadfadh éinne úrscéal trí imleabhar a scríobh. Níl ag teastáil ach aineolas iomlán ar an saol is ar an litríocht.

Oscar Wilde (1854 - 1900)

2015-04-23

Mikhail Nesterov

Íomhá Mikhail Nesterov
léimeann frog
in aigne an díthreabhaigh
- cuilithín ar bith
a frog
jumps into the hermit's mind
- no ripples
隠者の胸に
蛙とびこむ
―波たたず

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

Graifítí an Lae AUGUST SPIES

Tiocfaidh an lá nuair a bheidh ár dtost níos cumhachtaí ná na guthanna atá á dtachtadh inniu agaibh.
 

August Spies (1855 -1887)

2015-04-22

Claude Monet

Íomhá Claude Monet
Poissy -
is ann a théann daoine
ag iascach scáileanna
Poissy -
where men go
to fish for shadows
ポワシー
男はどこへ
影を釣り

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

Graifítí an Lae: Charles-Ferdinand Gambon

COGADH IN AGHAIDH NA COGAÍOCHTA! 


Charles-Ferdinand Gambon (1820 -1887)

2015-04-21

Caspar David Friedrich

Íomhá Caspar David Friedrich
dolmain -
rúin na gcianta
á gcosaint ag na crainn
dolmen -
ancient secrets
guarded by trees
巨石墓―
古代の秘密
木を守り

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
hünengrab
ewige geheimnisse
baumbewacht

Leagan Gearmáinise: Aonghus Ó hAlmhain

Graifítí an Lae: Biófilo Panclasta

Is mé Nietzsche agus Froinsias d'Assisi

Biófilo Panclasta (1879 -1943)

2015-04-20

Eugene Boudin

Íomhá Eugene Boudin
iascairí ribí róibéis -
nach fuar iad
glúine na mban!
fishing for shrimp -
how cold they are
the women's knees!

Graifítí an Lae: B. Traven

Nílimse níos tábhachtaí ná clóghrafóir mo chuid leabhar ná an t-oibrí a shaothraíonn sa mhonarcha sin a thairgeann an páipéar dóibh.



B. Traven (1882 ? - 1969)

2015-04-19

Akseli Gallen-Kallela

Íomhá Akseli Gallen-Kallela
buachaill beag
agus préachán -
iad araon cosnochta
a little boy
and a crow -
both of them barefoot
男の子
カラス そろって
裸足なり

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

Graifítí an Lae: Saul D. Alinsky

Eachtra paisin, priacail, dainséir, gáire, áilleachta, grá is ea an saol.




Saul D. Alinsky (1909 - 1972)

2015-04-18

Le foilsiú an mhí seo chugainn/ COMING NEXT MONTH




Graifítí an Lae: An tImpire Norton a hAon

Ordaímid leis seo do na Ceannairí Giúdacha, Caitliceacha agus Protastúnacha go mbeannófaí sinn agus go gcorónófaí sinn mar Impire na Stát Aontaithe agus mar Chosantóir Mheicsiceo.
 

An tImpire Norton a hAon (1819 - 1880)

2015-04-17

Nimm mich dir zu eigen hin/ Tóg go hiomlán mé chugat féin

File: Anaithnid
Cumadóir: Johann Sebastian Bach

Nimm mich dir zu eigen hin

Nimm mich dir zu eigen hin,
Nimm mein Herze zum Geschenke.
Alles, alles, was ich bin,
Was ich rede, tu und denke,
Soll, mein Heiland, nur allein
Dir zum Dienst gewidmet sein.

Tóg go hiomlán mé chugat féin

Tóg go hiomlán mé chugat féin
Tóg mo chroíse bocht mar fhéirín
Tóg a bhfuil agam faoin ngréin
Tóg mo bhriathra is leat féin iad,
Leat, a Shlánaitheoir go deo
Leatsa amháin, má mhairim beo.

Lá Idirnáisúnta Haiku, 17 Aibreáin

Mar aitheantas don , seo dornán haiku le Richard Wright, maille leaganacha Gaeilge le Gabriel Rosenstock agus i mBéarla na hAlban le John McDonald
A sleepless spring night:
Yearning for what I never had
And for what never was.


oíche earraigh gan suan –
dúil sa ní nach raibh agam
nach raibh riamh ann
A waukrife voar nicht:
Greenin fir whit a nivver hud
An fir whit nivver wis.

Graifítí an Lae: Vinoba

Bíonn bonn spioradálta faoi gach réabhlóid.
Vinoba (1895 -1982)

2015-04-16

Camille Pisarro

Íomhá Camille Pisarro
lá i ndiaidh lae
an tseafóid chéanna -
turcaithe
day after day
the same old nonsense -
turkeys
明けても暮れても
七面鳥
よしなし事の繰り返し―

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

Graifití an Lae: Eoghan Ó Gramhnaigh

Coinnímis inár measc ár dteanga féin a chruthaíos go follasach gur cine ar leith sinn. Ní deacair Éireannaigh chlaona a fháil - bás obann dá leithéidí uile go léir a gníos magadh faoin nGaeilge!

An tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh (1863-1899)

2015-04-15

Camille Pissarro

Íomhá Camille Pissarro
leoithne úr . . .
mothú na síolta
i gcrobh an tsíoladóra
fresh breeze . . .
the feel of seeds
in the sower's palm
甘い風
種蒔く人の手
種の思いよ

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

Graifítí an Lae: Ché Guevara

Is fada an bóthar é agus é lán de dheacrachtaí.
Ché Guevara (1928-1967)

2015-04-14

Henry Raeburn

Íomhá Henry Raeburn
do chum glóire Dé -
an tUrramach Roibeard Mac Siúlaigh
ag scátáil
for the glory of God -
the Reverend Robert Walker
out skating
神の栄光のため―
レベラン ロベール ウォーカー
銀盤に

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

Graifití an Lae: Russell Means



Tugann nithe an cúrsa ar fad, siar go dtí an tús. Sin is réabhlóid ann.
Russell Means (1939 -2012)

2015-04-13

Graifítí an Lae: Agustín Cueva

Lá deireanach na tíorántachta
agus an chéad lá den rud céanna


Ultimo día del despotismo
y primero de lo mismo

 

Agustín Cueva (1937 -1992)

2015-04-12

Niko Pirosmani

Íomhá Niko Pirosmani
cos amháin
cos eile
spaisteoireacht na mbanbh
one step
two steps
the piglets' promenade
よち
よちよち
子ブタの散歩

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

Graifítí an Lae: David Watson

Is geall le 747 í an tsibhialtacht, aer scagtha, muzak á phúscadh trí na cluasáin, bréag-mhothú sábháilteachta, bia ceimiceach, tráidirí plaisteacha, na paisinéirí go léir ina suí i sraitheanna slachtmhara ar shuíocháin bhoga is iad ag stánadh ar an mBás ar scáileán scannán.

David Watson (1951 - )

2015-04-11

Stefan Luchian

Íomhá Stefan Luchian
banaoire beag . . .
ar éigean atá sí níos sine
ná na caoirigh
little shepherdess . . .
barely older
than the sheep
小さな羊飼い
小羊よりも
かろうじて年長さん

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

Graifítí an Lae: Angela Davis

Is é atá ag teastáil ón tír seo ná níos mó polaiteoirí dífhostaithe.



Angela Davis (1944 - )

2015-04-10

Graifítí an Lae: Robert Paul Wolff

Is annamh i stair an chine a shroicheann duine, fiú, an leibhéal sin is go gceisteodh sé an ceart atá ag a mháistrí chun a bheith i gceannas air agus an dualgas atá air féin agus a chomhchréatúir géilleadh dóibh.



Robert Paul Wolff (1933 - )

2015-04-09

Paul Henry

Íomhá Paul Henry
móin inné
feamainn inniu -
saol asail
yesterday turf
seaweed today -
the life of a donkey
昨日 泥炭
今日 海藻
驢馬の生活 Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

Graifítí an Lae: Kurt Vonnegut

Is mian liom seasamh chomh gar don imeall agus is féidir gan titim le haill. Amuigh ar an imeall is féidir gach aon saghas ruda a fheiscint nach bhfeicfeá go deo ón lár.



Kurt Vonnegut (1922 -2007)

2015-04-08

Caspar David Friedrich

Íomhá Caspar David Friedrich
fothrach mainistreach . . .
    monabhar na gaoithe
        nach gcloiseann éinne
ruined abbey . . .
the murmuring wind
that nobody hears
廃修道院・・・
つぶやく風
誰も聞かぬ

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

Graifítí an Lae: Albert Jay Nock

Níl airgead dá chuid féin ag an Stát, mar sin níl aon chumhacht dá chuid féin aige. Níl de chumhacht aige ach an méid a thugann an tsochaí dó, agus an méid a sciobann sé ó am go ham ar chúis amháin nó ar chúis eile; níl aon fhoinse eile óna bhfaigheann an Stát a chumhacht.


Albert Jay Nock (1870 -1945)

2015-04-07

Anton Ažbe

Íomhá Anton Ažbe
scol an loin
ag éag -
cór an tsráidbhaile
the blackbird's call
fades away -
village choir
カラスの声
 消え入りぬ
  村の合唱隊

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

Graifítí an Lae: Victor Serge

Ná héirigh riamh as daoine a chosaint in aghaidh na gcóras sin a bhfuil fúthu an duine aonair a bhascadh.



Victor Serge (1890 - 1947)

2015-04-06

Raithneach


Íomhá Ron Rosenstock
raithneach …
dhein gníomhaíocht ghnéasach
solas ar fad díobh
ferns …
sexual activity
has turned them into light

Graifítí an Lae: Martin Luther King

Diúracáin treoraithe atá againn agus daoine gan treoir.




Martin Luther King (1929 1968)

2015-04-05

haiku le Issa ón mbliain 1823

Bíonn éifeacht an haiku ag brath go minic ní ar íomhá aonair éigin ná, go deimhin, ar an dara híomhá ann ach mar a mheascann siad lena chéile, an teannas eatarthu nó an chontrárthacht. Tá rud éigin an-mhistéireach ag baint leis an haiku seo, rud éigin neamhshaolta, braithim.
as glafarnach
an mhadra allta, leis,
ceo ag éirí

.山犬や鳴口からも霧の立

yama inu ya naku kuchi kara mo kiri no tatsu

Graifítí an Lae: Elbert Hubbard

Mura n-athraíonn do reiligiún thú, ba chóir duit do reiligiún a athrú.
 




Elbert Hubbard (1856 -1915)

2015-04-04

Haiku le Issa ón mbliain 1819

brat na hoíche anuas
ar Oileáinín na nGiúiseanna ...
fuiseog ag canadh


.松島や小隅は暮て鳴雲雀

matsushima no ko sumi wa kurete naku hibari

Féachann sé chomh simplí sin, an haiku seo, agus na mílte eile de chuid Issa. Tá sonas agus séimhe le brath ar an haiku áirithe seo. Ní raibh aon ní ag cur as dó ag an am, ni foláir, nó má bhí níor lig sé dó cur isteach air agus é ag féachaint uaidh ar an mbá a bhí breac le hoileáin agus na hoileáin clúdaithe le giúiseanna. Agus ansin, tionlacan ceoil ón spéir! Draíocht!

Graifítí an Lae: Aleister Crowley

Is minic a cheapas nach bhfuil "mise" ann in aon chor.



Aleister Crowley (1875 - 1947)

2015-04-03

Caoineadh Thomáis Mhic Dhonnchadha

Caoineadh Thomáis Mhic Dhonnchadha

Ní chloisfidh sé an bonnán buí
Sa spéir fhiáin, mar atá a luí,
Ná cantain shéimh na n-éan binn
Os cionn ghol na báistí.

Ná nuair a shéidfidh Márta garbh
A bhlosc garg trí shneachta mín
Is lasair curtha aige cheana
Faoi lusanna an chromchinn.

Ach nuair nach insan riasc níos mó
A bheidh an Bhó ach ar thalamh slán
Sea cloisfidh sé a géimneach fós
A hadharc ag lonrú ar an mbán.

Lament for Thomas MacDonagh

by Francis Ledwidge
HE SHALL not hear the bittern cry
In the wild sky, where he is lain,
Nor voices of the sweeter birds,
Above the wailing of the rain.

Nor shall he know when loud March blows
Thro’ slanting snows her fanfare shrill,
Blowing to flame the golden cup
Of many an upset daffodil.

But when the Dark Cow leaves the moor,
And pastures poor with greedy weeds,
Perhaps he’ll hear her low at morn,
Lifting her horn in pleasant meads.

Graifítí an Lae: Octavio Paz

"Hermandad"

(Homenaje a Claudio Ptolomeo)

Soy hombre: duro poco
y es enorme la noche.
Pero miro hacia arriba:
las estrellas escriben.
Sin entender comprendo:
tambien soy escritura
y en este mismo instante
alguien me deletrea.

Octavio Paz
Is duine mé: is gearr mo ré
agus is ábhalmhór í an oíche.
Ach féachaimse in airde:
tá na réaltaí ag scríobh.
Gan fhios dom tuigim
go bhfuilimse, leis, á scríobh
agus díreach ag an nóiméad seo
táthar do mo litriú.

Octavio Paz (1914-1998)

2015-04-02

A Fhuil Is Léir Dom ar an Rós

I see His Blood Upon the Rose

I see his blood upon the rose
And in the stars the glory of his eyes,
His body gleams amid eternal snows,
His tears fall from the skies.

I see his face in every flower;
The thunder and the singing of the birds
Are but his voice—and carven by his power
Rocks are his written words.

All pathways by his feet are worn,
His strong heart stirs the ever-beating sea,
His crown of thorns is twined with every thorn,
His cross is every tree.
Joseph Mary Plunkett (1887-1916)

A Fhuil Is Léir Dom ar an Rós

A fhuil is léir dom ar an rós,
I ngach aon réalt tá glóir a shúl.
Mar shneachta a cholainn, is ritheann fós
A dheora geala ón spéir anuas.

Is léir a ghnúis i ngach aon bhláth,
An toirneach agus scol gach éin
A ghuth, ar ndóigh – is snoite tá
A chumhacht sa charraig féin.


Is é a shiúil gach cosán dearg,
A chroí a bhogann an tonn tuile,
Fíodh a choróin as gach aon dealg
A chros is beo i ngach aon bhile.

Graifítí an Lae: Mollie Steimer



 
Faoi láthair tá muintir an domhain roinnte ina ngrúpaí éagsúla a thugann náisiúin orthu féin agus dúshlán á thabhairt acu dá chéile - ag iomaíocht lena chéile den chuid is mó: sinne, áfach, oibrithe an domhain, sínimid lámha chun a chéile le gean bráithriúil. 
 
Mollie Steimer (1897 -1980)

2015-04-01

Bean

A Woman

Time on her face has writ
A hundred years,
And all the page of it
Blurred with his tears;

Yet in his holiest crypt
Treasuring the scroll,
Keeps the sweet manuscript
Fair as her soul.
Thomas MacDonagh (1878 -1916)



Bean

Tá céad bliain ag an Am
Scríofa ar a cló,
Is an leathanach ann
Faoi smál na ndeor.

San uaimh naofa ámh
Tá an scrolla aige slán,
Is an lámhscríbhinn dhílis
Mar a hanam án.

Graifítí an Lae: Malcolm X

Taispeáin caipitlí dom, agus taispeánfaidh mise súmaire fola duit.
 
Malcolm X (1925 - 1965)