Posts mit dem Label Tal Nitzán werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Tal Nitzán werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-03-09

Féidearthachtaí

le Tal Nitzán

- Abair go rabhais i do luí ar do thaobh ar feadh i bhfad, gar don tSamhain
agus tá tú fós ar an taobh céanna, cheana féin tá leathleiceann leat i bpian,  
tá pian i do chluas chomh maith, tá do mhuineál camtha, d'easnacha
basctha agus do cholainn go léir ag béicíl, 'is leor sin'.
- Casfaidh mé ar an taobh eile.
- Abair nach bhfuil taobh eile ann.


Bunteanga: Eabhrais

File, úrscéalaí, aistritheoir, scríbhneoir do pháistí agus Síochánaí í Tal Nitzán.Tá cónaí uirthi in Tel Aviv.

2024-03-07

Grásta

GRÁSTA
                                  le Tal Nitzán

                         
Ní fútsa atá sé ocras an bhochtáin a shásamh
ní fútsa atá sé díocas an díoltaigh a mhaolú
agus ní fútsa atá sé an tigh a leagtar a chosaint le do cholainnse
agus ní fútsa atá sé breith ar an naíchóiste a imíonn ina ghuairneán chun na bhflaitheas agus é a thabhairt anuas go séimh
agus ní fútsa atá sé réimeas an oilc a threascairt

mar sin, tabhair aire do do bhaile féin
gabh chuig an té a bhfuil grá aige duit 
é féin, sea
agus an achainí bhuí ina shúile caola
agus tum d'aghaidh ina chlúmh

Barróg amháin
do chat amháin
sa saol seo

(Foilsíodh leagan Béarla den dán seo in Bridges: A Jewish feminist journal.)
                            
File, úrscéalaí, aistritheoir, Síochánaí agus scríbhneoir do pháistí í Tal Nitzan. Ta cónaí uirthi in Tel Aviv.