|
Ar an lá seo 21 Deireadh Fómhair 1969 cailleadh Jack Kerouac. |
Posts mit dem Label Jack Kerouac werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Jack Kerouac werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
2014-10-21
2014-09-23
Haiku le Kerouac
Haiku le Kerouac á léamh ag Gabriel ag Féile Raghnallach, 15.9.2014
Tionlacan ar an ngiotár: Enda Reilly2013-10-26
Góstaí Jack Kerouac/The Ghosts of Jack Kerouac
| Ba ghóstaí iad go léir d’athair bocht do mháthair bhocht Gerard, do dheartháir bocht do mhná céile bochta d’iníon bhocht an bóthar ag cur thar maoil le góstaí scríbhneoirí, góstaí uile, Ginsberg, Burroughs, Snyder, Corso, Ferlinghetti gósta Thomas Wolfe Whitman Han-Shan scamaill sléibhte giall cnámhach Neal Cassady gósta an Chroí Ró-Naofa zen snagcheol haiku benzedrine uisce beatha an gósta sa bhuidéal folamh striapacha foilsitheoirí Ku Klux Klan góstaí Mheicsiceo Cheanada Mheiriceá is na Briotáine d’fhéadfaí dul ar aghaidh ach níl aon deireadh leis an mbóthar téann sé ar aghaidh is ar aghaidh an gósta ionatsa ar crith roimh an duine Oíche mhaith, Jack |
They were all ghosts your poor father your poor mother Gerard, your poor brother your poor wives your poor daughter the road teeming with ghosts writers, all ghosts, Ginsberg, Burroughs, Snyder, Corso Ferlinghetti the ghost of Thomas Wolfe, Whitman Han-Shan clouds mountains the bony jaw of Neal Cassady the ghost of the Sacred Heart zen jazz haiku benzedrine whiskey the ghost in the empty bottle prostitutes publishers Ku Klux Klan the ghosts of Mexico Canada America Brittany one could go on but there’s no end to the road it just goes on and on the ghost within you trembling before the man Good night, Jack |
2013-05-09
Jack Kerouac: Máistir Haiku
Máistir haiku ab ea Kerouac. Ní fhéadfá a rá go raibh máistreacht aige air féin, áfach, agus an méid alcóil, benzedrine is drugaí eile a chaith sé siar i gcaitheamh a shaoil ghairid.
Bhí deamhain éigin á thiomáint an t-am ar fad mar is léir d’éinne a léigh Windblown World: The Journals of Jack Kerouac 1947 -1954 in eagar ag Douglas Brinkley (Viking, 2004). Ba ghránna an duine é Kerouac ar go leor bealaí, bá aige leis an Ku Klux Klan! Ina dhiaidh sin is uile, ní ceart róshimpliú a dhéanamh air: bhí cáilíochtaí ar leith ag baint leis, gan aon agó.
Sa bheathaisnéis a scríobh Barry Miles, Jack Kerouac, King of the Beats: A Portrait (Virgin Books, 2002), faighimid an méid seo:
Bhí deamhain éigin á thiomáint an t-am ar fad mar is léir d’éinne a léigh Windblown World: The Journals of Jack Kerouac 1947 -1954 in eagar ag Douglas Brinkley (Viking, 2004). Ba ghránna an duine é Kerouac ar go leor bealaí, bá aige leis an Ku Klux Klan! Ina dhiaidh sin is uile, ní ceart róshimpliú a dhéanamh air: bhí cáilíochtaí ar leith ag baint leis, gan aon agó.
Sa bheathaisnéis a scríobh Barry Miles, Jack Kerouac, King of the Beats: A Portrait (Virgin Books, 2002), faighimid an méid seo:
“Like Narcissus he was a man constantly examining his own reflection. Kerouac never forgot himself: he watched himself see things, he watched himself experience things. Other people become involved in activities, act unconsciously, but Jack only experienced his own consciousness of these activities. Everything was seen through this consciousness, at a remove, smaller, less involved, but tightly focused, as if seen through a magnifying lens. Because of this, his experiences seemed to him to be more intense than those of other people…’
Is an-léamh go deo ar Kerouac é sin. (Aithním cuid de na comharthaí sóirt céanna ionam féin, is baolach!) Ar aon nós, cé nach ndeir Barry Miles mórán in aon chor faoi Kerouac mar fhear haiku, tá míniú tugtha ansin aige dúinn ar chuid de na cúiseanna a dhein máistir haiku de.
éist le cantain
na n-éiníní: caillfear
na héiníní go léir!
titim na hoíche: ródhorcha
chun an leathanach a léamh,
rófhuar
an bhfuil nádúr an Bhúda
ag gadhar?
uisce is ea uisce
na n-éiníní: caillfear
na héiníní go léir!
titim na hoíche: ródhorcha
chun an leathanach a léamh,
rófhuar
an bhfuil nádúr an Bhúda
ag gadhar?
uisce is ea uisce
aréir ambaist
taibhreamh agam
faoi Harry Truman
stop na feithidí go léir
in ómós
don ghealach
Nat Wills, bacach bóthair
Meiriceá
1905
taibhreamh agam
faoi Harry Truman
stop na feithidí go léir
in ómós
don ghealach
Nat Wills, bacach bóthair
Meiriceá
1905
Abonnieren
Posts (Atom)
