2015-05-31

Filíocht na hIndia

insíonn an braon drúchta
a bhuairt
don gha gréine

Rajendra Bahadur Singh 'Rajan'


damhsa fómhair
cantaireacht Véideach arís
ar fud na ngort

Kamlesh Bhatt Kamal


loiteoga faoi bhláth
d'oscail an loch
a mhíle súil

Ramakant Shrivastav


an oíche gheimhridh
cuachta suas
i leaba shneachta

Shakuntala Talwar


leath ite
ag dragan
corrán gealaí

Guatam Nadkami


clapsholas -
a eitleog á tharraingt anuas
ag an mbuachaill

K. Ramesh


linn loiteog -
frog ina chodladh
ar an ngealaigh

Narayanan Raghunathan

2015-05-30

Säerspruch / Ortha an tSíoladóra

File: Conrad Ferdinand Meyer (1825 - 1898)
Cumadóir: Viktor Ullmann
Bemeßt den Schritt! Bemeßt den Schwung!
Die Erde bleibt noch lange jung!
Dort fällt ein Korn, das stirbt und ruht.
Die Ruh ist süß. Es hat es gut.
Hier eins, das durch die Scholle bricht,
Es hat es gut. Süß ist das Licht.
Und keines fällt aus dieser Welt
Und jedes fällt, wie's Gott gefällt.

Ortha an tSíoladóra

An abhóg ‘thomhas, an scuabadh ‘thomhas!
An domhan seo tá ‘na óige fós!
Is titeann grán, sa bhás a scíth
An scíth is breá. Is folláin í.
Ceann amháin atá ag péacadh tríd,
Is folláin sin. Breá í an ghrian.
Ní leagtar neach anseo go brách:
Le cúnamh Dé sea leagfar cách.

2015-05-28

To Constance Markievicz on Her Prison Birthday

To Constance Markievicz on Her Prison Birthday

February 1917


What has time to do with thee,
Who hast found the victors’ way
To be rich in poverty,
Without sunshine to be gay,
To be free in a prison cell.
Nay on that undreamed judgement day,
When on the old world’s scrap-heap flung,
Powers and empires pass away
Radiant and unconquerable,
Thou shalt be young.
Eva Gore-Booth (1870-1926)


Do Constance Markievicz ar a Lá Breithe i bPríosún

Feabhra 1917


Am ní bhaineann leat, a chroí,
Siúlann tusa cosán an bhua,
Saibhir is gan agat aon ní,
Aerach is gan grian ar do ghrua,
Saor i gcarcair ataoi.
Is nuair a thiocfaidh Lá an Luain
Ar charn an tseandomhain ina luí
Beidh cumhachtaí is impireachtaí,
Is tusa gléineach buan dochloíte
Óg síoraí.

2015-05-27

The Wayfarer/ An Fánaí

The Wayfarer


The beauty of the world hath made me sad,
This beauty that will pass;

Sometimes my heart hath shaken with great joy
To see a leaping squirrel in a tree,
Or a red lady-bird upon a stalk,
Or little rabbits in a field at evening,
Lit by a slanting sun,
Or some green hill where shadows drifted by,
Some quiet hill where mountainy man hath sown
And soon would reap; near to the gate of Heaven;
Or children with bare feet upon the sands
Of some ebbed sea, or playing on the streets
Of little towns in Connacht,
Things young and happy.

And then my heart hath told me :
These will pass,
Will pass and change, will die and be no more,
Things bright and green, things young and happy ;

And I have gone upon my way
Sorrowful.


Pádraic Pearse (1879-1916)
[Written in Kilmainham Jail, Dublin, shortly before his execution]

An Fánaí


Chuir áilleacht an domhain seo cumha orm,
An áilleacht seo a imeoidh;

Uaireanta cuireann iora preabach i gcrann
Na smóilíní ag sclimpireacht i mo chroí
Nó bóín Dé ina dheargloinnir ar ghas
Nó coiníní beaga i ngort sa chlapsholas
Is an ghrian á bpógadh,
Nó cnoc glas éigin is scáileanna ag gabháil thar bráid,
Cnoc ciúin éigin is sléibhteánach ag cur síolta ann,
Ní fada uaidh an fómhar, gar do gheataí neimhe;
Nó páistí cosnochta sa ghaineamh
Is an taoide tráite, nó iad ag spraoi ar na sráideanna
I mionbhailte Chonnacht,
Nithe óga is iad sona.

Is ansin do labhair mo chroí liom:
Ní mhairfidh,
Ní mhairfidh, athróidh, is caillfear go deo iad,
Nithe geala glasa, nithe óga is iad sona;

Is tá mo chúrsa curtha díom agam
Faoi smúit.


[Cumtha i gcarcair Chill Mhaighneann tamall sular cuireadh chun báis é]

2015-05-26

Saints and Sinners Trí dhráma le W.B. YEATS

Saints and Sinners
Trí dhráma le W.B. YEATS

The Pot of Broth
An Cat agus an Ghealach                                                                                                                                                                                  (An chéad léiriú domhanda den dráma The Cat and the Moon sa Ghaeilge. Gabriel Rosenstock a thraschruthaigh)
Purgatory
Cuireann Mouth on Fire, an compántas a bhfuil gradaim idirnáisiúnta bronnta air, trí dhráma os comhair an phobail in am tráth don cheiliúradh 150 bliain ar bhreith an fhile. Sároíche siamsaíochta geallta le cuid de na haisteoirí is mó a bhfuil gnaoi an phobail orthu.
Tá aithne mhaith ar Dhonncha Crowley ó King Arthur, Father Ted, Angela’s Ashes agus Kings. Ina theannta beidh Micheál Ó Gruagáin (Grabbers, Killinascully, Corp agus Anam); agus tábhairneoir cráite Ros na Rún Macdara Ó Fátharta, an triúr acu páirteach sa chéad taibhiú den dráma An Cat agus an Ghealach. An file nótáilte Gabriel Rosenstock a thraschruthaigh i nGaeilge.

Páirteach sa dráma The Pot of Broth Rory Corcoran, nuachéimí de chuid an Lir (é i bpáirt Chadwick in Punk Rock sa Lyric), Neill Fleming (The Hit Producer, Game of Thrones) agus Deborah Wiseman (Situations Vacant, 8.5 Hours). Cuirfidh an triúr seo an-ghreann ar fáil sa dráma seo ina bhfuil bacach bóthair is gan aige ina phóca ach cloch, ach éiríonn leis dallamullóg a chur ar sprionlóir mná leis an gcloch chéanna.
Cuirfear clabhsúr ar an oíche le Purgatory, dráma véarsaíochta, ceann de na saothair a scríobh an Yeatsach i mblianta deireanacha a shaoil; tá codarsnacht bhreá idir na drámaí seo a léiríonn buanna iontacha an scríbhneora agus is fuinniúil fórsúil iad an bheirt aisteoirí a chuireann Purgatory inár láthair, Rory Corcoran agus Neill Fleming.
Tá ról lárnach ag an gceol sa léiriú seo. Chuaigh Mouth on Fire i gcomhar le Dara Yeates, ilionstraimí agus cumadóir, chun taipéis cheoil a chruthú, ceol a bhraithfear ón tús go dtí deireadh na hoíche.
Deir an Stiúrthóir Ealaíne Cathal Quinn: ‘Tá an-chluas ag Dara agus éiríonn leis croí agus anam gach dráma a thabhairt leis go seoigh. Tá cáil an chruinnis ar an gcompántas seo againne agus tá polasaí againn chomh maith an chuid is fearr de scríbhneoireacht na tíre seo a roinnt le cách.’
Deir an Léiritheoir Melissa Nolan go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an gcur chuige dátheangach atá ag an gcompántas: ‘Thacaigh Yeats leis an nGaeilge agus thaitneodh sé go mór leis go bhfuil aistriúchán fileata déanta ar dhánta agus ar dhrámaí leis. 150 bliain i ndiaidh a bháis agus táimid fós ag caint ar chúrsaí teanga agus ar athbheochan náisiúnta. Ní lucht na Gaeilge amháin a chuirfidh spéis sa léiriú ar An Cat agus an Ghealach ach éinne ar spéis leis saothar an Yeatsaigh agus a smaoiníonn ar cad is drámaíocht na hÉireann ann.’
Arsa Cathal: ‘Táimid ag tnúth go mór le hoíche an 13ú Meitheamh, an lá a rugadh W.B. Yeats 150 bliain ó shin. Táimid thar a bheith buíoch dár lucht tacaíochta, UNESCO, Foras na Gaeilge, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus An Amharclann Nua/ The New Theatre.’

Cliar: Donncha Crowley, Rory Corcoran, Neill Fleming, Micheál Ó Gruagáin, Macdara Ó Fátharta,  Deborah Wiseman,
Macdara Yeates.
Stiúrthóir Cathal Quinn, Léiritheoir Melissa Nolan, Ceol le Macdara Yeates
Soilsiú & Dearadh Zia Holly, Cultacha le Rowena Cunningham
Luan 8ú – SATHARN 20ú Meitheamh 2015 @7.30pm

(Réamhléiriú: Luan 8ú Meitheamh)  (Oscailt: Máirt 9ú Meitheamh) Ticéid: €10 - €15   (grúpa €10, lamháltas €12, lán €15)
Ní bheidh sos ar bith ann. Maireann an seó thart ar uair an chloig agus cúig nóiméad déag.
Tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Foras na Gaeilge & UNESCO.

A Wave of the Sea/ Tonn sa bhFarraige

Dearadh Angelee Deodhar

A Wave of the Sea

I am a wave of the sea
And the foam of the wave
And the wind of the foam
And the wings of the wind.

My soul’s in the salt of the sea
In the weight of the wave
In the bubbles of foam
In the ways of the wind.

My gift is the depth of the sea
The strength of the wave
The lightness of foam
The speed of the wind.


Joseph Mary Plunkett (1887-1916)

Tonn sa bhFarraige

Is tonn sa bhfarraige mé
Agus cúr na toinne
Agus gaoth an chúir
Agus eití na gaoithe.

Tá m’anamsa i salann na mara
I meáchan na toinne
I súilíní an chúir
I mbealaí na gaoithe.

Doimhneacht na mara mo bhua-sa
Neart na toinne
Éadroime an chúir
Luas na gaoithe.
Easter 1916 | Joseph Mary Plunkett

2015-05-23

Haiku le Issa ón mbliain 1819


"Sairdíní!" ar sí de líu
"Sairdíní ar díol!”
leanbh ar a droim ag gol

An chodarsnacht – nó an chosúlacht – idir dhá íomhá éagsúla, cuireann sé sin le héifeacht an haiku. Feicimid (agus cloisimid) an díoltóir sairdíní anseo. Iasc beag é an sairdín, ar ndóigh. Cloisimid an leanbh beag chomh maith:

"Sairdíní!" ar sí de líu
"Sairdíní ar díol!”
leanbh ar a droim ag gol

Iasc marbh. Leanbh beo. Máthair is leanbh, an bheirt acu glórach.

.鰯めせめせとや泣子負ながら
iwashi mese mese to ya naku ko oi nagara

2015-05-22

haiku le Issa ón mbliain 1793

Glacaim leis gur ag caitheamh na hoíche i dteach aíochta a bhí Issa bocht agus gur thosaigh strainséir ag baint díoscáin as a fhiacla!

Is ait an rud é ach tarlaíonn haiku nuair a bhíonn gach rud i gceart, is é sin nuair a thagann gach rud le chéile. Dá mba oíche bhreá shamhraidh a bhí ann, ní dócha go mbeadh haiku ann. É a bheith dúisithe ag díoscán na bhfiacla agus an oíche a bheith fuar, sin iad na comhábhair a bhí ag teastáil.

táim dúisithe
ag díoscán na bhfiacla aige . . .
oíche fhuar

.歯噛みする人に目覚て夜寒哉
hagami suru hito ni mezamete yozamu kana

2015-05-21

Haiku le Issa ón mbliain 1810

Haiku máistriúil mealltach mistéireach.. Cad atá á rá aige? Tá sceitimíní cheana air cé nach bhfuil na crainn silíní faoi bhláth? Sea, níl na bláthanna amuigh go fóill ach tá sé meallta acu mar is cuimhin leis an pléisiúr a thug siad dó an uair dheireanach. Is geall le nóta collaíochta atá á bhualadh sa haiku seo aige, an rud is annamh is iontach.
fiú sula mbriseann
siad amach, mealltar sinn:
bláthanna silíní
.咲くからに罪作らする桜哉

saku kara ni tsumi tsukurasuru sakura kana

2015-05-20

Smaoineamh an Lae

Tagann gach léitheoir air féin. Níl i saothar an scríbhneora ach mar a bheadh uirlis optach ann a chuireann ar chumas an léitheora rud éigin a aimsiú ann féin nach mbeadh feicthe aige murach an leabhar seo.

Marcel Proust (1871-1922)

2015-05-19

Haiku le Issa ón mbliain 1816

Faighimid radharc neamhchoitianta i haiku an lae inniu, pictiúr dodhearmadta:
biríní seaca
á mbriseadh ag an ardsagart -
lena cheann!

.僧正の天窓で折し氷柱哉

sôjô no atama de orishi tsurara kana

2015-05-18

Haiku le Issa ón mbliain 1814

Sa bhuntéacs, deirtear faoi thrí leis na páistí gan dul sa tóir ar an dreancaid - ouna ouna ouna! Teachtaireacht an Bhúdachais: gan aon rud - an rud is lú -  a chrá.

ná ciapaigí í
a pháistí!
tá páistí dá cuid féin ag an dreancaid

.追な追な追な子どもよ子持蚤
ouna ouna ouna kodomo yo ko mochi nomi

2015-05-17

Graifítí an Lae: Mary Harris (Mother Jones)

Cónaímse sna Stáit Aontaithe ach níl a fhios agam go baileach cén áit. Mo sheoladhsa ná ait ar bith a bhfuil troid ar siúl in aghaidh chos ar bolg. Tá mo sheoladh ar nós mo bhróg; taistealaíonn sé im theannta. Cónaímse pé áit a bhfuil troid ar siúl in aghaidh na héagóra.

 
Mary Harris (Mother Jones).

2015-05-16

Filíocht na hIndia

Nasc

 Yogesh Joshi

Bhí caidreamh agam
le seanbhean –
gan fhios dom féin!
Bhí cónaí uirthi in árasán
ar urlár na talún

sa bhloc uaim thall.


Bhí radharc agamsa uirthi
óm ghailearaí
ar an dara hurlár -
d’fhéach sí ar nós
beartán de cheirteacha bána.
Í ina suí ar an véaránda
ag fuáil léi is ag deisiú,
grán á ghlanadh aici, criathrú,
snas á chur ar shoithí . . .
Níor léir a haghaidh dom
óm ghailearaí.
Ní fhaca ach rud éigin
dorcha doiléir
faoin sáirí salaithe
a chlúdaigh a cloigeann!
Bhí a haghaidh
á samhlú agam.
Na súile?
Loinnir ar bith iontu,
ar nós lampa
ag lonrú i bprochóg
dhorcha i mballa?
An raibh a haghaidh rocach?
An raibh eitrí curtha ag an am inti?
Cén saghas gáire a dhéanfadh sí
mar mhantachán?

Níor smaoiníos mar sin fúithi roimhe.
Níl a hainm ar eolas agam go fóill!
Ar fhilleadh ó m’oifig dom
an tráthnóna áirithe sin
fuaireas amach nárbh ann di níos mó …
Nuair a bhínnse ag cneadadh is ag casachtach
i lár na hoíche
is mé suite im ghailearaí
ansin ar nós scáil sa dorchadas
thosaíodh sise, leis, ag cneadadh
is í ina suí ar an véaránda
ar tholg lán de cheirteacha
í ag casacht de shíor
a ceann is a cosa buailte ar a chéile.
Ní dhúnfadh a béal!
Níor éirigh éinne i lár na hoíche
chun cógas a thabhairt di
cé gur réab an chasacht sin
daingean dúr na hoíche . . .

I mo shuí sa ghailearaí dom
i m’intinn féin chuimlínn a droim . . .
Bhuail ráig chasachta mé
an oíche i ndiaidh a báis:
mé leath ag súil go gcloisinn
casacht na seanmhná mar mhacalla
gan mhoill ón taobh thall.
Ach …
is ansin a thuigeas
den chéad uair
an nasc a bhí eadrainn
mise agus an tseanbhean
ag casacht le chéile

ag cneadadh le chéile …

Crann

Vasdev Mohi

Ar dtús an tua
Tar éis cúpla uaill uaidh
Thit sé sa deireadh
Chromas ansin ar a chraiceann a scamhadh
Chuir an arraing ag glioscarnach é.
Thugas chun an mhuilinn é
Ní foláir nó bhí eagla air
Nuair a bhaineamar amach an áit
Sciorr sé is thit ach rugas air
Go docht
Is sháigh mé faoin lann mhór é.
Ní haon amadán mé, ligeas
Don sábh canadh leis os ard
Chun nach gcloisfeadh aon neach beo
An caoineachán cosrach sin
Ina dhiaidh sin le plána
Chuas i ngleic lena raimhre
(Faoin am sin bhí seantaithí agam
Ar na scairteacha pianmhara gearáin uaidh)
Lonraigh romham a néarchóras istigh
Bhailíos a ghéaga
Thairneálas le chéile iad
Chlúdaíos a loime le braillíní
Is chodlaíos ann.

Duine carthanach mé.
Éist liom thusa!
Shaoras tú
Ó shalachar na n-éan
A dhéanfadh nead ar do ghuaillí
Is iad ag giolcadh chomh mór sin
Go mbeadh mearbhall ort
Shaoras ó na hioraí glasa thú
A d’fhéach ar do cholainnse mar shráideanna,
Lánaí,cúlbhealaí
Shaoras ó na seangáin thú
A dhéanfadh do cholainn a chreimeadh
Is do bhaill bheatha.

Bhí dualgas trom orm,
Sea, dualgas trom ambaist
Ní raibh ach cos amháin fút
Thugas-sa ceithre cinn duit.

Dán Gairid

Madhav Borkar

Leanas orm
Ag bailiú an dorchadais
Ar chroí mo dhearnan
D’fhonn é a ofráil don solas

2015-05-15

áit is ea grá/ love is a place

áit is ea an grá


áit is ea an grá
& trí áit seo
an ghrá gluaiseann
(le gile na síochána)
gach áit

is domhan é sea
& sa domhan sea
seo maireann
(cuachta go cliste)
gach domhan

love is a place


love is a place
& through this place of
love move
(with brightness of peace)
all places

yes is a world
& in this world of
yes live
(skillfully curled)
all worlds


from E.E. Cummings: Complete Poems 1904-1962

2015-05-14

Manohar

Manohar


The door was open.
Manohar thought
it was one more temple.

He looked inside
wondering
which god he was going to find.

He quickly turned away
when a wide eyed calf
looked back at him.

It isn’t another temple,
he said,
it’s just a cowshed.
 

MANOHAR


Bhí an doras ar leathadh.
Mheas Manohar nach raibh ann
ach teampall eile.

Chuir sé a chloigeann isteach
á rá leis féin
cén dia atá anseo istigh?

Chas sé go tobann
nuair a bhain lao
lán a dhá shúl as.

Ní teampall eile atá ann
ar sé
níl ann ach bóitheach

ARUN KOLATKAR (India 1932-2004)

2015-05-13

Seisnia

fonn coimhthíoch
á sheinm ar phianó tréigthe -
an tSeisnia
an unfamiliar tune
played on an abandoned piano -
Chechnia

2015-05-12

haiku le Issa ón mbliain 1818

Ceann de na focail a chuireann séasúr an gheimhridh in iúl i ndomhan an haiku is ea 'cac an mhic tíre'.


cac an mhic tíre!
nach fuar é
an féar . . .


.狼の糞を見てより草寒し
ôkami no kuso wo mite yori kusa samushi

2015-05-11

Haiku le Issa ón mbliain 1819

poic óga -
iad siúd fiú a saolaíodh i mbliana
guthanna an fhómhair

    .さをしかやことし生れも秋の声

2015-05-10

Lá na Máithreacha/ Mothers' Day . . .

Íomhá George Bellows
bhí máthair acusan chomh maith
an gadaí ar dheis
ar chlé
they, too, had a mother
the thief on the right
on the left
también tenían madre,
el ladrón de la derecha,
de la izquierda

Leagan Spáinnise: Francisco X. Alarcón

2015-05-08

Haiku le Issa ón mbliain 1809

báisteach an Bhúda
atá ag titim,
a sheilide

.御仏の雨が降ぞよかたつぶり
mi-hotoke no ame ga furu zo yo katatsuburi

2015-05-07

haiku le issa (ní fios bliain a chumtha)

lá báistí -
go dúthrachtach i m'aonar
ag cur ríse

.雨の日やひとりまじめに田を植る
ame no hi ya hitori majime ni ta wo ueru



2015-05-04

iarchreathanna

ó aois go haois
   is go deo na ndeor . . .
     iarchreathanna
from age to age
   and for all time to come . . .
     after-shocks

haiku le Issa ón mbliain 1816

Níl aeráid na Seapáine ró-éagsúil le haeráid na hÉireann agus tá cuid de na gnéithe nádúrtha, chomh maith le  roinnt ainmhithe, plandaí is éanlaith comónta idir an dá oileán. D'fhéadfá an haiku seo a shamhlú le hÉirinn cinnte:
báisteach mhór -
cúig chéad slat ó thuaidh
cearc fhraoigh ag éamh


.大雨や四五丁北の鳴水鶏
ôame ya shi go chô kita no naki kuina

 

Mura bhfuil cearca fraoigh in aice leat, is féidir éisteacht leo anseo:

2015-05-03

Haiku le Issa on mbliain 1808

Obair gharraíodóireachta ar siúl ag Issa anseo. Cloiseann sé an 'uguishu', an filiméala. Is leor sin chun é a spreagadh chun gnímh. 'Music while you work', mar a deirtear!
filiméala a chlos
is leor sin ...
géag á nódú


.鶯の鳴とばかりにつぎ穂哉
uguisu no naku to bakari ni tsugiho kana

2015-05-02

Charles-Francois Daubigny

Íomhá Charles-Francois Daubigny
fuist!
lachain san abhainn
sa tóir ar an ngealaigh
shhh!
ducks in the river
looking for the moon

シーッ
川のアヒルが
月探す

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

Haiku le Issa ón mbliain 1824

Níor ghá dhó ach a shúile a oscailt agus b'iúd os a chomhair iad, míorúiltí laethúla na beatha is na séasúr. Bhí níos mó ná a shúile ar oscailt aige, gan amhras. Is oscailte a bhí a chroí an t-am go léir.

seilide beag bídeach
bídeach ag cloí
le duilleog bhambú


.笹の葉やなるや小粒のかたつむり
sasa no ha ya naru ya ko tsubu no katatsumuri

2015-05-01

Haiku le Issa ón mbliain 1823

An gcloiseann tú gaoth an gheimhridh san fhocal sin 'kogarashi'? Tá fuacht sna siollaí sin!
gaoth an gheimhridh -
sairdíní á mburláil
i nduilleoga darach

    .木がらしやいわしをくるむ柏の葉

    kogarashi ya iwashi wo kurumu kashiwa no ha