2015-05-26

Saints and Sinners Trí dhráma le W.B. YEATS

Saints and Sinners
Trí dhráma le W.B. YEATS

The Pot of Broth
An Cat agus an Ghealach                                                                                                                                                                                  (An chéad léiriú domhanda den dráma The Cat and the Moon sa Ghaeilge. Gabriel Rosenstock a thraschruthaigh)
Purgatory
Cuireann Mouth on Fire, an compántas a bhfuil gradaim idirnáisiúnta bronnta air, trí dhráma os comhair an phobail in am tráth don cheiliúradh 150 bliain ar bhreith an fhile. Sároíche siamsaíochta geallta le cuid de na haisteoirí is mó a bhfuil gnaoi an phobail orthu.
Tá aithne mhaith ar Dhonncha Crowley ó King Arthur, Father Ted, Angela’s Ashes agus Kings. Ina theannta beidh Micheál Ó Gruagáin (Grabbers, Killinascully, Corp agus Anam); agus tábhairneoir cráite Ros na Rún Macdara Ó Fátharta, an triúr acu páirteach sa chéad taibhiú den dráma An Cat agus an Ghealach. An file nótáilte Gabriel Rosenstock a thraschruthaigh i nGaeilge.

Páirteach sa dráma The Pot of Broth Rory Corcoran, nuachéimí de chuid an Lir (é i bpáirt Chadwick in Punk Rock sa Lyric), Neill Fleming (The Hit Producer, Game of Thrones) agus Deborah Wiseman (Situations Vacant, 8.5 Hours). Cuirfidh an triúr seo an-ghreann ar fáil sa dráma seo ina bhfuil bacach bóthair is gan aige ina phóca ach cloch, ach éiríonn leis dallamullóg a chur ar sprionlóir mná leis an gcloch chéanna.
Cuirfear clabhsúr ar an oíche le Purgatory, dráma véarsaíochta, ceann de na saothair a scríobh an Yeatsach i mblianta deireanacha a shaoil; tá codarsnacht bhreá idir na drámaí seo a léiríonn buanna iontacha an scríbhneora agus is fuinniúil fórsúil iad an bheirt aisteoirí a chuireann Purgatory inár láthair, Rory Corcoran agus Neill Fleming.
Tá ról lárnach ag an gceol sa léiriú seo. Chuaigh Mouth on Fire i gcomhar le Dara Yeates, ilionstraimí agus cumadóir, chun taipéis cheoil a chruthú, ceol a bhraithfear ón tús go dtí deireadh na hoíche.
Deir an Stiúrthóir Ealaíne Cathal Quinn: ‘Tá an-chluas ag Dara agus éiríonn leis croí agus anam gach dráma a thabhairt leis go seoigh. Tá cáil an chruinnis ar an gcompántas seo againne agus tá polasaí againn chomh maith an chuid is fearr de scríbhneoireacht na tíre seo a roinnt le cách.’
Deir an Léiritheoir Melissa Nolan go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an gcur chuige dátheangach atá ag an gcompántas: ‘Thacaigh Yeats leis an nGaeilge agus thaitneodh sé go mór leis go bhfuil aistriúchán fileata déanta ar dhánta agus ar dhrámaí leis. 150 bliain i ndiaidh a bháis agus táimid fós ag caint ar chúrsaí teanga agus ar athbheochan náisiúnta. Ní lucht na Gaeilge amháin a chuirfidh spéis sa léiriú ar An Cat agus an Ghealach ach éinne ar spéis leis saothar an Yeatsaigh agus a smaoiníonn ar cad is drámaíocht na hÉireann ann.’
Arsa Cathal: ‘Táimid ag tnúth go mór le hoíche an 13ú Meitheamh, an lá a rugadh W.B. Yeats 150 bliain ó shin. Táimid thar a bheith buíoch dár lucht tacaíochta, UNESCO, Foras na Gaeilge, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus An Amharclann Nua/ The New Theatre.’

Cliar: Donncha Crowley, Rory Corcoran, Neill Fleming, Micheál Ó Gruagáin, Macdara Ó Fátharta,  Deborah Wiseman,
Macdara Yeates.
Stiúrthóir Cathal Quinn, Léiritheoir Melissa Nolan, Ceol le Macdara Yeates
Soilsiú & Dearadh Zia Holly, Cultacha le Rowena Cunningham
Luan 8ú – SATHARN 20ú Meitheamh 2015 @7.30pm

(Réamhléiriú: Luan 8ú Meitheamh)  (Oscailt: Máirt 9ú Meitheamh) Ticéid: €10 - €15   (grúpa €10, lamháltas €12, lán €15)
Ní bheidh sos ar bith ann. Maireann an seó thart ar uair an chloig agus cúig nóiméad déag.
Tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Foras na Gaeilge & UNESCO.