2015-05-16

Filíocht na hIndia

Nasc

 Yogesh Joshi

Bhí caidreamh agam
le seanbhean –
gan fhios dom féin!
Bhí cónaí uirthi in árasán
ar urlár na talún

sa bhloc uaim thall.


Bhí radharc agamsa uirthi
óm ghailearaí
ar an dara hurlár -
d’fhéach sí ar nós
beartán de cheirteacha bána.
Í ina suí ar an véaránda
ag fuáil léi is ag deisiú,
grán á ghlanadh aici, criathrú,
snas á chur ar shoithí . . .
Níor léir a haghaidh dom
óm ghailearaí.
Ní fhaca ach rud éigin
dorcha doiléir
faoin sáirí salaithe
a chlúdaigh a cloigeann!
Bhí a haghaidh
á samhlú agam.
Na súile?
Loinnir ar bith iontu,
ar nós lampa
ag lonrú i bprochóg
dhorcha i mballa?
An raibh a haghaidh rocach?
An raibh eitrí curtha ag an am inti?
Cén saghas gáire a dhéanfadh sí
mar mhantachán?

Níor smaoiníos mar sin fúithi roimhe.
Níl a hainm ar eolas agam go fóill!
Ar fhilleadh ó m’oifig dom
an tráthnóna áirithe sin
fuaireas amach nárbh ann di níos mó …
Nuair a bhínnse ag cneadadh is ag casachtach
i lár na hoíche
is mé suite im ghailearaí
ansin ar nós scáil sa dorchadas
thosaíodh sise, leis, ag cneadadh
is í ina suí ar an véaránda
ar tholg lán de cheirteacha
í ag casacht de shíor
a ceann is a cosa buailte ar a chéile.
Ní dhúnfadh a béal!
Níor éirigh éinne i lár na hoíche
chun cógas a thabhairt di
cé gur réab an chasacht sin
daingean dúr na hoíche . . .

I mo shuí sa ghailearaí dom
i m’intinn féin chuimlínn a droim . . .
Bhuail ráig chasachta mé
an oíche i ndiaidh a báis:
mé leath ag súil go gcloisinn
casacht na seanmhná mar mhacalla
gan mhoill ón taobh thall.
Ach …
is ansin a thuigeas
den chéad uair
an nasc a bhí eadrainn
mise agus an tseanbhean
ag casacht le chéile

ag cneadadh le chéile …

Crann

Vasdev Mohi

Ar dtús an tua
Tar éis cúpla uaill uaidh
Thit sé sa deireadh
Chromas ansin ar a chraiceann a scamhadh
Chuir an arraing ag glioscarnach é.
Thugas chun an mhuilinn é
Ní foláir nó bhí eagla air
Nuair a bhaineamar amach an áit
Sciorr sé is thit ach rugas air
Go docht
Is sháigh mé faoin lann mhór é.
Ní haon amadán mé, ligeas
Don sábh canadh leis os ard
Chun nach gcloisfeadh aon neach beo
An caoineachán cosrach sin
Ina dhiaidh sin le plána
Chuas i ngleic lena raimhre
(Faoin am sin bhí seantaithí agam
Ar na scairteacha pianmhara gearáin uaidh)
Lonraigh romham a néarchóras istigh
Bhailíos a ghéaga
Thairneálas le chéile iad
Chlúdaíos a loime le braillíní
Is chodlaíos ann.

Duine carthanach mé.
Éist liom thusa!
Shaoras tú
Ó shalachar na n-éan
A dhéanfadh nead ar do ghuaillí
Is iad ag giolcadh chomh mór sin
Go mbeadh mearbhall ort
Shaoras ó na hioraí glasa thú
A d’fhéach ar do cholainnse mar shráideanna,
Lánaí,cúlbhealaí
Shaoras ó na seangáin thú
A dhéanfadh do cholainn a chreimeadh
Is do bhaill bheatha.

Bhí dualgas trom orm,
Sea, dualgas trom ambaist
Ní raibh ach cos amháin fút
Thugas-sa ceithre cinn duit.

Dán Gairid

Madhav Borkar

Leanas orm
Ag bailiú an dorchadais
Ar chroí mo dhearnan
D’fhonn é a ofráil don solas