Ba sa bhliain 1977 a d'fhoilsigh Gabriel Rosenstock an leabhar véarsaí An tOchtapas. Le déanaí chonaic sé netsuke anghrách: fíor bheag ornáideach nó miondealbh bhán atá greanta as eabhar is ea netsuke, focal Seapáinise.
Cad a bhí sa netsuke áirithe sin ach bean nocht agus í i ngleic
le hochtapas. Thosaigh Gabriel ag scríobh arís faoin ochtapas - véarsaí
do dhaoine fásta an uair seo.
Chuir a aistritheoir Seapáinise Mariko Sumikura Seapáinis orthu. Tá siad leath ag smaoineamh ar leabhar a chur amach. Réamhbhlaiseadh eisiach anseo!
Tugtar senryu ar véarsaíocht éadrom den sórt seo, é an-chosúil leis an haiku. Tá breis is céad senryu sa stíl seo cumtha ag Gabriel (ina shamhlaíonn sé é féin mar ochtapas!)
I m'ochtapas kamikaze
tumaimse ionat-
cailltear ionat mé!
神風飛行士蛸
君に溺れ
死んでいく |
|
nach mílítheach atá tú
cad a dheineas leat in aon chor?
ochtapas-vaimpír!
青ざめて
何したというの
蛸 吸血鬼 |
|
bainim plaic as do leis
agus as an leis eile -
ochtapas-zombaí!
君の腿を噛み
もうひとつをー
蛸ゾンビ |
|
cloisim do ghuthanna
de shíor -
ochtapas scitsifréineach
まだ耳につく
君の声
蛸 統合失調症患者 |
|
dúisigh, a ghrá,
is mé an t-ochtapas -
an píobaire!
起きよ 愛しいひと
僕だよ
蛸 バグパイプ吹き |