2021-10-31

Yosano Akiko

fuchi no mizu ni
nageshi seisho o
mata mo hiroi
sora aogi naku
ware madoi no ko
isteach sa lochán
chaitheas an Scrioptúr Naofa
d'ardaíos arís é
caoinim, breathnaím ar an spéir
páiste ar strae mé go deimhin
Tanka (5-7-5-7-7 siolla) de chuid Yosano Akiko (1876 - 1942)

2021-10-30

An Grá atá Glanta ag Deora

Croíthe atá aontaite trí mheán na buartha
ní scarfaidh glóir an tsonais iad.
An grá atá glanta ag deora
fanfaidh íonghlan álainn de shíor.

Kahlil Gibran

2021-10-29

Carbhán na nGám

 

John Prine - Caravan of fools.

Drumadóireacht dhorcha
Na crúba sin nach sámh
An ciúnas a rialaíonn an lá
Feicfear iad istoíche
Mar sheoid i measc na scáth
Seo chugainn anois iad
Carbhán na nGám

Sciatháin an choilmín
Lámhainn bhán freastalaí
Tá sí ag lonrú cois linne gan cháim
An geimhreadh i do choinne
Is ortsa níl an t-ádh
Is tú ag rith le
Carbhán na nGám

Carbhán na nGám
Carbhán na nGám
Ag rith ataoi le
Carbhán na nGám

Grá is caondúthracht
Chomh domhain le Loch Uachtair
Is riail dá gcuid féin i bhfeidhm
Le do thimpeallán d'eachra
Agus fórsaí nach bhfeaca
Ag rith ataoi le
Carbhán na nGám

Carbhán na nGám
Carbhán na nGám
Ag rith ataoi le
Carbhán na nGám
Carbhán na nGám, Carbhán na nGám
Ag rith ataoi le Carbhán na nGám.

2021-10-28

Flurry/ Fústar

what is this flurry?
gulls congregate
in Howth ...
cén fústar é seo
faoileáin ag teacht le chéile
i mBinn Éadair

2021-10-27

Cois Claí

 

Deir an duine sách
Atá ar a shuaimhneas,
Deir sé leis féin:
‘Conas a mhairfeá
Mura mbeifeá cinnte
Faoin lá amárach?
Conas a chodlófá
Gan díon os do chionn?’
Ar mhí-ámharaí an tsaoil
Caitear amach ar thaobh an bhóthair é.
Beidh air an oíche a chur de
Cois claí.
Níl scíth i ndán dó.
Scanraithe ina bheatha atá sé.
D’fhéadfadh ainmhithe allta a bheith thart
Nó bacaigh cosúil leis féin.
Téann sé i dtaithí air
I ndeireadh na dála, áfach.
Téann sé sa seans,
Codlaíonn sé ar nós bacaigh
Cois claí.

Dán is ea Cois Claí a cuireadh le chéile as sliocht próis a fuarthas i leabhar de chuid Leo Shestov (1866 – 1938).
 

2021-10-26

Vilhelms Purvitis

lig dom bheith im’ scáil
ó bhreacadh an lae ar aghaidh
ar gach cor asat
        is gach anáil, a thaisce
        gan labhairt go labhróidh tusa
let me reflect You
every second of the day
every move You make
        Your every breath, Belovèd
        and speak only when You speak

2021-10-25

Ealaín sráide, Amstardam

labhrann strainséir liom
bloghanna dá chuid dánta
focal nó líne
        ní bheadsa im' bhean chabhrach
        cad a theastaíonn uaidh a rá
strangers speak to me
pathetic fragments of poems
the first word or line
        i'm no midwife for their poems
        what is it they wish to say

2021-10-23

Kuzma Petrov-Vodkin

ar thuigeas-sa riamh
agus mé i mo gharsún
fíor-nádúr an Fhéin
        gach ní is eol dom, nach eol
        neadaithe i D’fhairsinge
the boy that i was
did i have some inkling then
that You were my Self
        everything that’s known, unknown
        resides in Your vast expanse

2021-10-22

Aizu Yaichi

hikari naki
toko yo no nobe no
hate ni shite
nao ka kiku ramu
yamabato no koe

istigh i ngleanntán
thuas i measc na sléibhte ard'
nach bhfeiceann an ghrian
        fuist! an gcloiseann tú dordán
        sé an colúr fiáin é

Tanka (5-7-5-7-7 siolla) de chuid Aizu Yaichi (1881 -1956)

2021-10-21

Deora is Braonta Drúchta

 

D'fhéadfá dearmad a dhéanamh
ar an té ar roinnn tú do gháire léi
ach ní dhearúdfar go deo
an té ar roinn tú deora léi.

Ní foláir nó tá rud éigin diamhair beannaithe sa salann.
Faightear inár ndeora é agus sa sáile.

Ólfaidh ár nDia agus tart trócaireach air
gach éinne againn,
an braon drúchta is an deoir.

Kahlil Gibran

2021-10-20

Haiku

aistear anama
ar nós eala . . .
an mbeidh deireadh leis go deo
swan-like
the soul's journey . . .
does it ever end

2021-10-19

Tnúthán Lastall de Bhriathra

 
Ba neacha fáin ag eiteallaigh
lán de thnúthán sinn
míle míle bliain
sular thug an mhuir is an ghaoth is an fhoraois
briathra dúinn.

Anois, conas na laethanta ón anallód
ionainn a chur in iúl
is gan againn
ach fuaimeanna an lae inné?

Uair amháin a labhair an Sfioncs, sin uile,
agus arsa an Sfioncs,
'Gaineamhlach is ea gráinne gainimh,
agus gráinne gainimh is ea gaineamhlach,
agus anois bímis inár dtost arís.'

Kahlil Gibran


2021-10-18

Hans Baldung

sagairt ina suan
faoi éadaí bána . . .
ag taibhreamh faoi chailleacha
priests are asleep
under linen sheets . . .
dreaming of witches
priests'r doverin
ablow plainen sheets . . .
dwamin o gyre carlines

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
僧眠る
リネンに包まれ
魔女の夢みて

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura

2021-10-17

Mary Brewster Hazelton

bláthmhachnamh, a chuid
chomh sean le Gairdín Éidin
feictear bláthanna
        ach cé a fhéachann go domhain
        isteach sa bhláth úd - an Féin
flower contemplation
an art as old as Eden
millions look at flowers
        Beloved, who looks deeply
        into the flower of the Self

2021-10-16

An Áilleacht sa Chroí


Dhá ghné atá anseo,
an áilleacht agus an fhírinne, -
an áilleacht i gcroí na leannán
agus an fhírinne i lámha
na gcuradóirí.

Gabhann áilleacht mhór mé
ach saorann áilleacht níos mó fós mé
fiú uaithi féin.

Soilsíonn an áilleacht níos gile
i gcroí an té atá á santú
ná i súile an té a bhreathnaíonn uirthi.

Kahlil Gibran

2021-10-15

Suantraí

 


Is minic suantraí á chanadh againn dár leanaí
chun go gcodlóimis féin.
Kahlil Gibran


2021-10-14

Litir chuig Julian/ A Letter to Julian

Dear Julian

Dear Julian,
Are you losing your mind?
America has no mind left
Britain has no mind left
Hang on to your mind.
Are you losing heart?
America has no heart
Britain has no heart
Hang on to your heart
Who is Vanessa Baraitser?
Who is this judge
Who looked into your soul?
America has no soul
Britain has no soul
Julian, look into your own soul
Your own mind
Your own heart
You looked into the heart of the world
And the world lashed back in fear and terror:
Do not show us our world, it said.
Julian, hang on to your mind
Hang on to your heart
Hang on to your soul

A Julian, a Chara

A Julian, a chara,
An bhfuil do mheabhair á cailliúint agat?
Níl aon mheabhair fágtha ag Meiriceá
Níl aon mheabhair fágtha ag an mBreatain
Tabhair aire do d'aigne.
An bhfuil lionn dubh os cionn do chroí?
Tá Meiriceá gan chroí
Tá an Bhreatain gan chroí
Tabhair aire do do chroí

Cé hí Vanessa Baraitser?
Cé hí an breitheamh seo
A d'fhéach isteach i d'anamasa?
Tá Meiriceá gan anam
Tá an Bhreatain gan anam
A Julian, féach isteach i d'anam féin
D'aigne féin
Do chroí féin.
D'fhéachais isteach i gcroí an domhain
Is thug an domhan aisfhreagra feargach ort, lán d'uamhan:
Ná léirigh sinn féin dúinn féin, ar sé.
A Julian, tabhair aire do d'aigne
Tabhair aire do do chroí
Tabhair aire do d'anam

2021-10-13

Ealaín Sráide, BéalFeirste

tá Stevie fá shuan
áit nach dtiteann scáileanna
codail, a Stevie
        tá do ghunna leis fá shuan
        codladh sámh do gach gunna

Stevie 'Top Gun' sleeps
sleeping where no shadows fall
sleep, Stevie 'Top Gun'
        your gun is also asleep
        may all guns sleep peacefully

2021-10-12

Sasaki Nobutsuna

yofuke nitare
fude onokite futo
kaerimiru
kabe ni ari waga
kodokuna kage wa
amach san oíche
cuirim an scuab i leataobh
is féachaim timpeall
        feicimse mo scáil féinig
        nach uaigneach ar an mballa í . . .
Tanka (5-7-5-7-7 siolla) de chuid Sasaki Nobutsuna (1872 -1963)

2021-10-11

Ársa

 Bádh mé i dtine thú bheith im' sheilbh agam, dódh mé
In abhainn gan tú bheith im' sheilbh agam, chónaíomar
Le chéile ar feadh an ama i dteach míle seomra
Agus scaradh ar feadh míle bliain sinn.
Deich nóiméad ó shin do thógamar ár bpáistí a chlúdaíonn
An domhan agus dearmad déanta acu gurbh ann dúinn.
Ní maya a bhí ann, ní dréimire chun na foirfeachta,
Ba é solas fuar na gréine ar an domhan teolaí seo é.

Nuair a chasas chuais go hIfreann. Nuair a theith
Do longsa an cath leanas thú is chailleas an domhan
Gan aon chathú ach le comhchoiriú anfach.
La éigin amach anseo ar dhorchla sin an uafáis
An té a cheannóidh an grianghraf seo díot ar mhaithe leis an
bhfráma
Ag stalla i gcathair mheathlaithe scrúdóidh sé d'aghaidh
Agus socróidh sé tearmann a thabhairt di tamaillín eile
ó uiscí na hanaithnideachta, aigéid na hanála.

Antique

I drowned in the fire of having you, I burned
In the river of not having you, we lived
Together for hours in a house of a thousand rooms
And we were parted for a thousand years.
Ten minutes ago we raised our children who cover
The earth and have forgotten that we existed.
It was not maya, it was not a ladder to perfection,
It was this cold sunlight falling on this warm earth.

When I turned you went to Hell. When your ship
Fled the battle I followed you and lost the world
Without regret but with stormy recriminations.
Someday far down that corridor of horror the future
Someone who buys this picture of you for the frame
At a stall in a dwindled city will study your face
And decide to harbor it for a little while longer
From the waters of anonymity, the acids of breath

Robert Pinsky

2021-10-10

Omoda Seiju / 小茂田青樹(1891 - 1933)

á scaoileadh leis féin
bláth i ndiaidh blátha . . .
lá earraigh
letting go of itself
blossom by blossom . . .
a day in spring
散るがまま
花ぞれぞれに
春昼の刻

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura
latten gae o'ts sel
flourish bi flourish . . .
a day in voar

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2021-10-09

Mianta ar Fán

Nuair ba mhian ar fán sa cheo a bhí ionat,
bhíos-sa leis ann im' mhian ar fán.

Lorgaíomar a chéile ansin
agus sa díograis sin
cruthaíodh aislingí.

Agus is é a bhí sna haislingí sin an t-am gan teorainn,
agus is é a bhí sna haislingí sin spás nach féidir a thomhas.

Agus nuair ba bhriathar tostmhar thú
ar bhéal creathánach na beatha,
bhíos-sa leis ann, briathar tostmhar eile.

Ansin, labhair an bheatha sinn
agus thángamar anuas trí na cianta,
cuimhní ionainn ag preabadh ón lá inné
agus dúil againn sa lá amárach.

Mar is é an bás cloíte a bhí sa lá inné
agus tóir ar an mbreith a bhí sa lá amárach.

Kahlil Gibran

2021-10-08

Solas an Ghrá

 

Briathar solasmhar é an grá
scríofa ag lámh sholasmhar
ar leathanach solasmhar.

Kahlil Gibran

2021-10-07

Nuair a ligeann sé duit a bheith ina láthair

 

Nuair a ligeann sé duit a bheith ina láthair
ná hiarr aon ní air ach é féin amháin.
Nuair a roghnóidh sé ina chara leis thú,
Beidh gach aon ní is gá a fheiscint feicthe agat. 
Ní bhainenn an déachas le domhan an ghrá:
Cad is brí le 'tusa' is 'mise'?
Conas a líonfá an corn atá líonta cheana?

Hakim Sanai
(1044? - 1150?)

2021-10-06

Yamaguchi Seishi (1901-1994)

 



Nami ni atokata / mo nashi onna to / oyogishi ga
 
níl rian fágtha
ar na cuilithíní . . .
cé gur shnámhas ann le bean


2021-10-05

Jason Symes

iompaíonn faoileán
a dhroim léi ...
cathair na pandéime
a seagull
turns its back to it
Covid-stricken city

2021-10-04

An File sa Tábhairne

Buaileann tú le file sa tábhairne istoíche, duine a bhfuil a chuid dánta de ghlan mheabhair aige. Is fuath leat dánta mar táid chomh doiléir le meangadh gáire cait agus chomh marbhánta le súile fiaigh. Agus tá fuath níos mó fós agat do na filí mar nach daoine ná ainmhithe iad, ach deamhain bheaga nach bhfuil aon teorainn lena gcuid nóisean ná lena n-uaillmhianta. Tá gach éinne acu in ann a dhánta a rá de ghlan mheabhair – ar nós bacaigh, ar nós róbait. Ina dhiaidh sin is uile, is deacair pub a shamhlú istoíche gan cúpla deoch a chaitheamh siar le duine éigin ar a laghad de na filí nua-aimseartha sin atá i ngrá leo féin. Is é an scéal céanna i gcónaí é. Bíonn sibh an-chuideachtúil lena chéile i dtosach, agus tarlaíonn raic ar ball, argóintí fíochmhara faoin diagacht Bhúdaíoch nó faoin eiseachas. Tugann tú fogha ansin faoin bhfile agus deir tú nach bhfuil ann ach smuglálaí an bhróin is an pheaca san ealaín agus coirpeach, gur ar an bhféinghrá amháin a mhaireann sé, agus nach bhfuil i dtreibh na bhfilí trí chéile ach coiscíní daite aon uaire agus buidéil bhriste biotáille thart ar óstán do thurasóirí. Níl an file in ann focal amháin a rá a chuirfeadh i gcoinne an mhasla sin agus suíonn sé ansin, cuma bhrónach air, mar a shuífeadh deirbhíseach go ciúin os comhair constábla. Braitheann tú go maith agus dúnann tú do dhá shúil le teann sásaimh. Agus nuair a fhéachann tú aníos, tá mo bhuachaill bailithe leis. Tá an chathaoir fholamh agus an ghloine fholamh ag stánadh ort, mar dhá fhocal fholmha as dán nár éirigh leis.

© 2004, Ranajit Das