2021-10-04

An File sa Tábhairne

Buaileann tú le file sa tábhairne istoíche, duine a bhfuil a chuid dánta de ghlan mheabhair aige. Is fuath leat dánta mar táid chomh doiléir le meangadh gáire cait agus chomh marbhánta le súile fiaigh. Agus tá fuath níos mó fós agat do na filí mar nach daoine ná ainmhithe iad, ach deamhain bheaga nach bhfuil aon teorainn lena gcuid nóisean ná lena n-uaillmhianta. Tá gach éinne acu in ann a dhánta a rá de ghlan mheabhair – ar nós bacaigh, ar nós róbait. Ina dhiaidh sin is uile, is deacair pub a shamhlú istoíche gan cúpla deoch a chaitheamh siar le duine éigin ar a laghad de na filí nua-aimseartha sin atá i ngrá leo féin. Is é an scéal céanna i gcónaí é. Bíonn sibh an-chuideachtúil lena chéile i dtosach, agus tarlaíonn raic ar ball, argóintí fíochmhara faoin diagacht Bhúdaíoch nó faoin eiseachas. Tugann tú fogha ansin faoin bhfile agus deir tú nach bhfuil ann ach smuglálaí an bhróin is an pheaca san ealaín agus coirpeach, gur ar an bhféinghrá amháin a mhaireann sé, agus nach bhfuil i dtreibh na bhfilí trí chéile ach coiscíní daite aon uaire agus buidéil bhriste biotáille thart ar óstán do thurasóirí. Níl an file in ann focal amháin a rá a chuirfeadh i gcoinne an mhasla sin agus suíonn sé ansin, cuma bhrónach air, mar a shuífeadh deirbhíseach go ciúin os comhair constábla. Braitheann tú go maith agus dúnann tú do dhá shúil le teann sásaimh. Agus nuair a fhéachann tú aníos, tá mo bhuachaill bailithe leis. Tá an chathaoir fholamh agus an ghloine fholamh ag stánadh ort, mar dhá fhocal fholmha as dán nár éirigh leis.

© 2004, Ranajit Das