2021-10-27

Cois Claí

 

Deir an duine sách
Atá ar a shuaimhneas,
Deir sé leis féin:
‘Conas a mhairfeá
Mura mbeifeá cinnte
Faoin lá amárach?
Conas a chodlófá
Gan díon os do chionn?’
Ar mhí-ámharaí an tsaoil
Caitear amach ar thaobh an bhóthair é.
Beidh air an oíche a chur de
Cois claí.
Níl scíth i ndán dó.
Scanraithe ina bheatha atá sé.
D’fhéadfadh ainmhithe allta a bheith thart
Nó bacaigh cosúil leis féin.
Téann sé i dtaithí air
I ndeireadh na dála, áfach.
Téann sé sa seans,
Codlaíonn sé ar nós bacaigh
Cois claí.

Dán is ea Cois Claí a cuireadh le chéile as sliocht próis a fuarthas i leabhar de chuid Leo Shestov (1866 – 1938).