Posts mit dem Label filíocht na síne werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label filíocht na síne werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-03-03

Dhá dhán de chuid Jidi Majia





Saoránach de Chuid an Domhain

         do Jack Hirschman

Dúirt tú liom
Go mba dhuine thú a shiúlann i measc daoine.

D’fhág do shinsir
an Úcráin agus thug aghaidh ar an Iodáil,
agus ón muir ghorm
go Nua-Eabhrac gona phlód ina rabharta.
Níorbh í cinniúint na nGiúdach í,
ach an réabhlóid, an tsaoirse, agus an chothromaíocht
ag dul i bhfeidhm ar do chuid géinte do-athraithe.

Maireachtáil ar son na filíochta
an raison d’etre a bhí agat gan amhras.
B’intleachtach go smior thú,
ach is ar fán a bhíteá de shíor ar imeall na sochaí.

An ghlúin a chuir in aghaidh cogaidh, ag troid ar sona chearta an duine,
manaí den eite chlé ar fud na sráideanna,
léirigh do dhíograis an saol a bhí romhat:
ní oirfeadh lipéad ar bith den Fhichiú hAois
dod’ phearsantacht gan chuing go deo.

Ar shráideanna Shan Francisco
i d’fhathach is tú ag cromadh síos
chun dánta a aithris don chosmhuintir.

Ghabh na dánta id’ scornach trí na tithe spéire soladacha,
tonnta mara ina rabharta ag bualadh
in aghaidh fhuinneoga na n-anamacha go léir i ndísc.

Bhí aithne ag lampaí sráide na cathrach ort,
agus aithne agatsa ar na súile strainséartha,
orthu siúd a bhí gan dídean gan ainm.

Toisc gur shainmhínigh tú do ról féin,
bhí jab ag gnáthchriticeoirí tú a aithint
mar fhile prólatárach
ach is cinnte go raibh do mhachnamhsa agus do chuid scríbhneoireachta
ceangailte i gcónaí de chinniúint na mbocht.

Nuair a bhí an braon istigh agat, ba mhinic na deora led’ leiceann
is tú ag dul anonn, ag canadh le barr grá ar son an duine.

Ní leat féin a bhís nuair a bhraithis amhrasach
faoin méid a chosain an dul chun cinn orainn –
cé chomh luachmhar is atá sé?

Níor thréig an t-olc go fóill sinn;
ón tSiria go hAfganastáin,
agus tír dhúchais ar bith á bascadh ag airtléire,
líontar súile leanaí le sceimhle san aois shibhialta seo (mar dhea).

Bhís ag súil go n-athshaolófaí Mayakovsky,
go n-éalódh sé ó ríocht an bháis
agus coinne aige lá breá éigin leis an todhchaí.
Nach fada ó sheas laoch mar é
inár measc.

An file nach bhfuil misneach ná idéil aige
Ní haon mhaith don phobal é,
agus tá an plód ag bogadh ar aghaidh go ciúin
is iad ag súil le lóchrann sa dorchadas.

Cána id’ ghlac agat,
ghabhais ar fud na cruinne,
ón Rúis go Háítí, ón gColóim
go dtí an Afraic agus an balafon,
ó thíortha réaltógacha na hEoráise
go dtí an tOirthear arb é an tOirthear é,
na tíortha a shamhlaítear san Iarthar.

Chroith tú lámha de gach dath
agus an seanphort céanna agat –
síocháin, deireadh le foréigean is le cogadh.

Dúirt tú liom go mba dhuine thú
a shiúlann i measc daoine.
Agus inniu, an chathaoir a d’fhágais folamh
ní líonfar an spás sin.

Ní heol dom cén fhaid eile a thógfaidh sé
do dhiongbháil a bheith ann arís,
duine chomh paiseanta leat, lasta le tinfeadh,
saoránach clúiteach de chuid an domhain.


Sa Tóir ar Fhile Treibheach

do Yevgeny Yevtushenko

muinseaic aclaí sinn *
san fhoraois, mar gha bán solais
ag dul as i measc na nduilleog,
chomh cuasach le hairgead basctha.

Ach ligfidh an chumhracht ina dhiaidh
do mhuinseac eile
na loirg aisteacha a aimsiú
agus a scairt aerach chúplála a thafann.

Léimeann an leopard sneachta aonair agus é lán de mhórtas
go héadrom ar an droim sléibhe liath
ag breacadh an lae,
eochracha dubha is eochracha bána an phianó á seinm aige.
Is í seo an dúiche aige.

Strainséir ar bith a ghabhann thar bráid
aimseoidh sé a rian
agus braithfidh sé
an rabhadh ag teacht níos gaire dhó.
Ach bíonn séasúr ann
nuair a ghabhann sé sa tóir ar a dheartháir.

Tá a shlí féin
ag gach ainmhí ar domhan, nach mór,
chun teacht ar an treibh atá uaidh.

Is cuma cá mbeifeá i ríocht na n-ainmhithe,
tá brathadóir ag an mbeatha féin
atá in ann teacht ar réalta ar leis í i ndiminsean eile.

Bíonn caidreamh na bhfilí mar sin.
Trí chód rúnda na scríbhneoireachta
agus na tonnbhandaí á dteilgean ag smaointe,
tá siad in ann teacht ar chomrádaí spioradálta ar bith
a bhaineann lena dtreibh.

Duine mar sin ab ea Yevtushenko –
oscailte, géar, an-taithí aige.
Ba chuma cé chomh casta is a bhí an scéal,
bheadh a chuimhne iontach in ann é a réiteach.

Ní file ina staidéarlann a bhí ann,
bhain sé le cearnóg an bhaile, le tintreach, agus leis an scairt ard;
bhain sé le háit ar bith a bhféadfadh sé a ghuth a úsáid
a chlúdódh stoirmeacha agus aigéin.

Bhí mé i láthair agus é ag léamh. Sular shiúil sé i dtreo an mhicreafóin
ina shuí a bhí sé
mar a bheadh cat spadánta ann.

Ach nuair a thosaigh sé ag léamh,
ba léir lasair i lár an tslua
lasair ar crith go lonrach mar chomharthaí an liopaird.
Díreach ansin, bhí gach éinne againn
gafa ag a ghuth.

A thiarcais! Cé gur theastaigh uaidh go géar go mbeadh a chuid dánta
mar chuid de shaol na cosmhuintire,
chuir a chruinneas anamacha suaimhneacha
ag rá dánta grá d’osnaí ísle.

Thiteas i ngrá le Maria a dúirt sé
ní mar gheall ar na súile aici nó a béal,
ach mar gheall ar a lámha dodhearmadta!

Ambaiste! Doiléire agus mistéir an Oirthir
agus loighic is réasúnaíocht an Iarthair
i gceannródaí seo ár linne,
an file Yevtushenko, ag siúl trí dhá dhomhan
a bhí in aghaidh a chéile in Aois an Chogaidh Fhuair,
a ghnéithe gan áireamh aontaithe ina lár.

D’fhág áilleacht agus lochtanna an nádúir dhaonna
marc ar leith ar a shaol,
agus sin an fáth a nglacaimid leis
go mba fhíorfhile é a thug gach aon ní dúinn
de réir a chumais mar phearsa chasta.

Fógraímse Yevtushenko
mar chomrádaí agus mar dheartháir sa treibh seo againne
mar, ar nós ainmhithe eile,
bhaineamar leas as na modhanna is seanda dá bhfuil ann
chun teacht air!


* Cineál fia is ea an muinseac

2020-11-24

An Mac Tíre

 

Le tamall anuas tá mac tíre ionam.
Níl áireamh ar na caoirigh is na ba atá tugtha agam dó;
Mura dtabharfainn a sháith dó, thosódh sé ag liú,
is stróicfeadh sé as a chéile mé.

  Cén fáth a gcoinnímse mac tíre ionam
  agus go mbíonn orm sclábhaíocht a dhéanamh    
  lá i ndiaidh lae d'fhonn é a chothú,
  agus gaois a thabhairt ar an rud is lú ar
  bith,
  om-mani-padme-hum á rá agam ar mhaithe le sólás?

An mac tíre seo ionam, níl sé uaim,
ach ní fhéadfainn díreach é a mharú.
Ligim dó mo chuid fola a ól, mo cholainn a ithe,
agus a fhios agam nach mbacfaidh sé leis na cnámha.

Yang Zi 杨梓

2020-11-10

Ag teacht trí sheans ar shneachta

Cuma álainn an luaithrigh atá ar shneachta.
Ceileann sé a scáil 
Ligeann sé air a bheith éadrom. 
Ní scríobhann sé faic
Ach fágann leathán páipéir ann
Don té a bhfuil fonn air scríobh.
 
Ligeann sé air nach raibh sé riamh ina thine,
Nó ina chrann
Roimis na tine,
Nó ina bhláth
Sula raibh sé ina chrann.
 
Ligeann sé air nárbh uisce riamh é,
Ar nos péarla
A bheadh idir
Na beola ag duine éigin.

 
(Meifu Wang & Michael Soper a chuir Béarla air)


2020-09-07

Tá an chanúint áitiúil seo againne á cleachtadh agam

Níl ag an gcrann tuaithe ach easnacha loma i ndiaidh dó bogadh chun na cathrach,
na craobhóga duilleogacha go léir teasctha. Fásann péacáin nua
ar sheanchneácha, ach bíonn siosarnach Mhandairínise uathu.
 
Tá an chanúint áitiúil seo againne á cleachtadh agam,
i gcoillearnach go minic nó i ngort faoi bharra.
Tá súil agam an tuin chainte is an rithim a bhíodh ag mo mháthair
is a bhaineadh macalla as an sliabh a bheith agam arís
agus í ag glaoch abhaile orainn chun dinnéir. Is mac in easnamh mé, ag smaoineamh ar a cuid cócaireachta, ag smaoineamh
ar fhilleadh ar m’athair atá sean, éisteacht le guth an dúlra,
a bheith saor ar nós na ndias arbhair gleoite; thug an ghaoth
mo thnúthán léi i bhfad, i bhfad i gcéin.
 
Tá an chanúint áitiúil seo againne á cleachtadh agam
ar eagla go gceapfadh mo mhuintir gur strainséir mé
ó mo chuid cainte, má thriallaim arís ar an mbaile.

[Meifu Wang & Michael Soper a chuir Béarla air]

Bai Gongzhi (r.1967)

2020-01-25

Grá Meirgeach

Brádán gan stad ag titim ar ché seo an gheimhridh,
agus titeann, leis, ar aistir an tsaoil.
Thugas faoi d'ainm a rá os ard ach shlogas é.
Is leasc liom méar a leagan ar nithe
a laghdaíonn de réir a chéile go mbíonn ina mbior,
barr fiailí, guairí na heorna, solas tanaí.
Feicim crann a chruinníonn a chuid nirt go léir díreach chun créachtaí an tsaoil a leigheas.
An lá úd a scoilt stoirm thoirní an talamh,
agus léas caite go tobann ar nithe a bhí folaithe sa dorchadas.


Gu Baokai

Duck Yard Lyricists a dhein an leagan Béarla, Meifu Wang, Michael Soper, Peter Micic & Johan Ramaekers

 

2019-10-20

FÉINBHAINISTIÚ

Tar éis scór éigin bliain a chaitheamh ag plé le bainistíocht
Ní thuigim fós conas bainistiú a dhéanamh orm féin.
Táim go maith i mbun rud a roinnt ina dhá nó ina thrí chuid,
go maith, leis, maidir le tosaíochtaí a leagan síos,
tallann a aimsiú agus a earcú.
 

Daoine a bhainistiú is ea cúrsaí a bhainistiú,
ach má dhírítear an fócas ormsa,
báitear gach aon ní in aigéan na héiginnteachta.


Is iad na nithe beaga go minic
a fhágann gach aon rud ina phraiseach.
D'fhéadfadh an rud sárluachmhar iompú ina dhusta laistigh de shoicind.

Tú féin a bhainistiú
agus daoine eile a bhainistiú
is dhá rud éagsúla iad.

B'fhéidir go bhfuil bainisteoir áit éigin domsa,
A deirim liom féin.
B'fhéidir nach nochtar i gceart cé sinn féin
go ndéantar bainistiú orainn.




(Na Duck Yard Lyricists a dhein an leagan Béarla: Meifu Wang, Michael Soper, Peter Micic & Johan Ramaekers)

Rugadh Ding Bai sa bhliain 1973 agus tá cónaí air in Shanghai. File, díolamóir agus peannaire.

2015-07-18

Díláithrithe, éan ar strae ón ealta

Díláithrithe, éan ar strae ón ealta

le T’ao Ch’ien

Díláithrithe, éan ar strae ón ealta –
ag eitilt leis de shíor isteach sa chontráth.
Soir is siar, níl áit aige chun scíth a ligean,
oíche i ndiaidh oíche, a éamh níos cráite fós.
A ghlór géar ag tnúth leis an ngléine i gcéin,
is fada a theacht, is suaite a chleitearnach!

Tagann sé trí sheans ar ghiúis atá ag fás léi féin;
Filleann a dhá sciathán, tá sé tagtha abhaile fá dheoidh.
Gustaí gaoithe nach gceadódh fás borb;
Sé seo an t-aon mhullach gan dreo ann.
Tá fara faighte aige, is ann atá a scíth
agus ní imeoidh as go ceann míle bliain.

Unsettled, a bird lost from the flock

Unsettled, a bird lost from the flock --
Keeps flying by itself in the dusk.
Back and forth, it has no resting place,
Night after night, more anguished its cries.
Its shrill sound yearns for the pure and distant --
Coming from afar, how anxiously it flutters!

It chances to find a pine tree growing all apart;
Folding its wings, it has come home at last.
In the gusty wind there is no dense growth;
This canopy alone does not decay.
Having found a perch to roost on,
In a thousand years it will not depart.

   

-- from Sunflower Splendor: Three Thousand Years of Chinese Poetry, Edited by Wu-chi Liu / Edited by Irving Yucheng Lo