2020-09-07

Tá an chanúint áitiúil seo againne á cleachtadh agam

Níl ag an gcrann tuaithe ach easnacha loma i ndiaidh dó bogadh chun na cathrach,
na craobhóga duilleogacha go léir teasctha. Fásann péacáin nua
ar sheanchneácha, ach bíonn siosarnach Mhandairínise uathu.
 
Tá an chanúint áitiúil seo againne á cleachtadh agam,
i gcoillearnach go minic nó i ngort faoi bharra.
Tá súil agam an tuin chainte is an rithim a bhíodh ag mo mháthair
is a bhaineadh macalla as an sliabh a bheith agam arís
agus í ag glaoch abhaile orainn chun dinnéir. Is mac in easnamh mé, ag smaoineamh ar a cuid cócaireachta, ag smaoineamh
ar fhilleadh ar m’athair atá sean, éisteacht le guth an dúlra,
a bheith saor ar nós na ndias arbhair gleoite; thug an ghaoth
mo thnúthán léi i bhfad, i bhfad i gcéin.
 
Tá an chanúint áitiúil seo againne á cleachtadh agam
ar eagla go gceapfadh mo mhuintir gur strainséir mé
ó mo chuid cainte, má thriallaim arís ar an mbaile.

[Meifu Wang & Michael Soper a chuir Béarla air]

Bai Gongzhi (r.1967)