2023-09-30

Amhrán a Mhúin Uncail Toby Dom



 

Amhrán a Mhúin Uncail Toby Dom
(Down by the Riverside)

Táim chun ualach a fhágáil uaim
Síos liom go bruach na habhann
Síos liom go bruach na habhann
Síos liom go bruach na habhann;
Táim chun ualach a fhágáil uaim,
Síos liom go bruach na habhann.

Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó.

Claíomh is sciath a fhágáil uaim,
Síos liom go bruach na habhann,
Síos liom go bruach na habhann,
Claíomh is sciath a fhágáil uaim,
Síos liom go bruach na habhann.
Sin deireadh le cogadh go deo.

Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó.

Cuirfead umam an róba bán
Síos liom go bruach na habhann,
Síos liom go bruach na habhann,
Cuirfead umam an róba bán,
Síos liom go bruach na habhann
Sin deireadh le cogadh go deo.

Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó.

Cuirfead orm coróin na réalt,
Síos liom go bruach na habhann,
Síos liom go bruach na habhann,
Cuirfead orm coróin na réalt,
Síos liom go bruach na habhann,
Sin deireadh le cogadh go deo.

Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó

2023-09-29

John Wills


beirim
ar dhuilleog mhailpe
is scaoilim léi ansin
                                          

prind
frunza de arțar, apoi
o las să cadă 
                            
Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2023-09-28

Filí /Poets


                      Maggie Taylor

gan ach triúr filí
fágtha in Éirinn
arsa an t-éan a ghabh tharam

a little bird told me
only three poets left
in Ireland

un petit oiseau m'a dit
en Irlande, il ne reste plus 
que trois poètes

Leagan Fraincise: Francis Combes


2023-09-27

haiku


oíche i mí Lúnasa
réalta reatha
i súile an chait
                                       


noapte de august
în ochii pisicii mele-
 stea căzătoare
                                   
Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2023-09-26

Mé ag guí ar son do cholainne atá ar iarraidh


Mé ag guí ar son do cholainne atá ar iarraidh

le Sara Uribe

Guímse go bhfaighidh do cholainnse atá ar iarraidh a ceart.

Go dtabharfaí a hainm uirthi. Guímse go mbeidh áit ann dom

chun caoineadh a dhéanamh. Guímse ar son na ndaoine córa agus na ndaoine eile,

mar tá croí agamsa, fiú mura bhfuil acu siúd.



Rezo para que tu cuerpo ausente no quede impune.

Para que no quede anónimo. Rezo para tener un

sitio a dónde ir a llorar. Rezo por los buenos y por
ellos, porque si ellos no tienen corazón, yo sí.

© 2012, Sara Uribe
As: Antígona González
Foilsitheoir: Sur+ Ediciones

Tá breis is 100,000 duine ar iarraidh i Meicsiceo, ina measc deartháir an fhile.

2023-09-25

Senryu

       Samuel Jessurun de Mesquita

well, says the orang-utan
at least I'm not
a wage slave

bhuel, arsa an t-órang-útan
ní sclábhaí pá mé
ar aon nós

bueno, dice el orangután
al menos no soy 
esclavo de un sueldo

Leagan Spáinnise: Patricia Jimenez 

2023-09-24

Rosarno

              Marco Pelliccioli

ROSARNO
(Inimircigh ag éirí amach in Rosarno - 07.01.2010) 

Sa tigh cairtpháipéir
cruthaithe ag an tost
an mac ag análú
céasta ag an Stair.

An mháthair ar a glúine os comhair na croise
an t-athair spíonta sna goirt 

agus an ghaoth ag béicíl

"Ní ar éinne an locht!"



ROSARNO

(“Immigrati in rivolta a Rosarno” - 07.01.10)


Nelle case di cartone
costruite dal silenzio
respira il figlio
punito dalla Storia.

La madre china al crocifisso
il padre fiacco alla campagna

mentre il vento urla:

“non è colpa di nessuno!”

© 2014, Marco Pelliccioli
As: C’È NUNZIA IN CORTILE
Foilsitheoir: LietoColle,

2023-09-23

An Damhán Alla

Danae Sioziou



AN DAMHÁN ALLA
A dhuine uasail,
bím ag breathnú ort ón tsíleáil,
tá tuilleadh siúcra á lorg ag do chaifese.
Tá rud éigin nach bhfuil ceart faoi na bróga agus do chuid éadaigh,
níor cheart duit paiste a chur ar na poill ar fad.
Beir ar an lá mar a bhéarfá ar scian.
Tá ag méadú ar mheáchan do bheathasa,
cuireadh an socrú leis an scáthán ar ceal
agus tá tú ag titim chun feola.
Crochfadsa os comhair do chaincín amárach,
b'fhéidir go mbeathófá mé le do thoil?

Mise le meas,

an Damhán Alla

A Dhamháin Alla Dhil,

tháinig ialtóga óga ar an saol inné i gcúinne den áiléar, na huibheacha blasta ar snámh san aer.
Níor fhoghlaimíos conas tiomáint, iasc a dhíchnámhú, nuachtáin a léamh.
Tá dhá fhiacail gadhair gan mhaith agam agus gunna BB.
Tá margadh déanta agam le caife na maidine
tá meas agam ar chinneadh an scátháin.
Ní chuirimse gaiste a thuilleadh le haghaidh éan,
triallaim gach lá ar an abhainn agus scaoilim leis na huiscí.


Is mise,

K.


Ο ΠΑΓΕΤΩΝΑΣ
Αγαπητέ κύριε, 

περπατήσατε πολύ
μέσα στην κοιλότητα της απουσίας μου
αγγίξατε το παλιό χιόνι και τον πάγο
ξέρετε, πολλοί με μπερδεύουν για ποτάμι,
φταίνε τα γηρατειά μου,
κάποτε κάλυπτα τα πάντα εδώ πέρα
τίποτα δεν ανέπνεε
είμαι πολλών χιλιάδων ετών και πεθαίνω
καμιά φορά κοιτάζω τα ζώα
καθώς τρέχουν και κυνηγούν
που και που ξεδιψούν πολύ κοντά μου
κοιτάζω τα βουνά και αναρωτιέμαι
αν εγώ τους έδωσα το σχήμα τους
αναρωτιέμαι σε πόσες χιλιάδες χρόνια
θα πέσει ένα κομμάτι τους
δεν θα υπάρχουμε τότε πια εσείς κι εγώ
και καμία γλώσσα δεν θα μας περιγράφει. 

Φιλικά,
ο Παγετώνας 

Αγαπητέ Παγετώνα,

ο κόσμος αλλάζει
μερικές φορές αισθάνομαι ότι δεν έχει απομείνει τίποτα
υπάρχει αυτό το τεράστιο κενό
μόνο κάτι ελκύει τα πράγματα
όπως για παράδειγμα το νερό τα ζώα
ή τα παρασύρει σε ρεύμα
κι εγώ ακολουθώ την αντίστροφη πορεία
θα ήθελα να ξαπλώσω κοντά σας
και να δω τον νυχτερινό ουρανό να αλλάζει
θα ήθελα να βάλω το αυτί μου στο χώμα
να ακούσω αν ο πάγος τραγουδά καθώς λιώνει
θα ήθελα να μείνω εδώ
ωστόσο ο κόσμος με καλεί
να συνεχίσω
μέσα από φωτιές και από πάγους. 

Δικός σας,
Κ.

© 2023, Danae Sioziou

Foilsitheoir: Antipodes Editions, An Aithin

2023-09-22

Paipír

     Marianne North 

                              Paipír
                       le William Heyen

Flúirseach, tráth, tearc inniu,
ag fás beagnach san uisce, nó san uisce,
an laíon gearrtha ina stiallacha sraitheanna,
an rud a d'iompair na briathra.

Gas triantánach, caol
duilleoga ina mothall deich dtroithe os cionn an eanaigh,
an rud a d'iompair na briathra,
briathra gréine, nó briathra

labhartha, nó briathra i gcogar, nó i mbrionglóid,
nó breactha síos le pinn ghiolcaí,
le súiche agus uisce a ramhraíodh le guma.

Dob' fhéidir éisteacht léi is í ag luascadh sa ghaoth
os cionn ghlór an uisce,
ag labhairt le briathra an uisce,
briathra na gréine sna duilleoga aici.

2023-09-18

Saki Inui


gort bláthanna ráibe
an ghealach á lorg
ag bláth amháin díobh


holdă de rapiță-
una dintre flori caută
luna

Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2023-09-17

zen

zen
ealaín
an fholúis

zen
the art
of emptiness


ζεν
η τέχνη 
του κενού

 Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

zen
arta
vacuității

Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2023-09-16

Kohji Yasui


néalta bána -
mé féin agus seanbhean
san abhainn chéanna

nori albi-
bătrîna și eu scufundați 
în același rîu
                                    
Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2023-09-15

Sól



Chuaigh Uncail Toby ag iascaireacht,
Tháinig sé abhaile le sól
Agus d'itheamar é le chéile
Go mall ar ár sáimhín só.

Ach fuaireas amach ina dhiaidh sin
Gur i siopa a fuair sé an sól.
Conas a bhí sé in ann íoc as?
(Tá Toby bocht ar an dól).