2023-09-22

Paipír

     Marianne North 

                              Paipír
                       le William Heyen

Flúirseach, tráth, tearc inniu,
ag fás beagnach san uisce, nó san uisce,
an laíon gearrtha ina stiallacha sraitheanna,
an rud a d'iompair na briathra.

Gas triantánach, caol
duilleoga ina mothall deich dtroithe os cionn an eanaigh,
an rud a d'iompair na briathra,
briathra gréine, nó briathra

labhartha, nó briathra i gcogar, nó i mbrionglóid,
nó breactha síos le pinn ghiolcaí,
le súiche agus uisce a ramhraíodh le guma.

Dob' fhéidir éisteacht léi is í ag luascadh sa ghaoth
os cionn ghlór an uisce,
ag labhairt le briathra an uisce,
briathra na gréine sna duilleoga aici.