2023-09-26

Mé ag guí ar son do cholainne atá ar iarraidh


Mé ag guí ar son do cholainne atá ar iarraidh

le Sara Uribe

Guímse go bhfaighidh do cholainnse atá ar iarraidh a ceart.

Go dtabharfaí a hainm uirthi. Guímse go mbeidh áit ann dom

chun caoineadh a dhéanamh. Guímse ar son na ndaoine córa agus na ndaoine eile,

mar tá croí agamsa, fiú mura bhfuil acu siúd.



Rezo para que tu cuerpo ausente no quede impune.

Para que no quede anónimo. Rezo para tener un

sitio a dónde ir a llorar. Rezo por los buenos y por
ellos, porque si ellos no tienen corazón, yo sí.

© 2012, Sara Uribe
As: Antígona González
Foilsitheoir: Sur+ Ediciones

Tá breis is 100,000 duine ar iarraidh i Meicsiceo, ina measc deartháir an fhile.