Posts mit dem Label Hyderabad werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Hyderabad werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2014-03-13

Céimeanna

Céimeanna! Tá gach éinne ag iarraidh céim ollscoile a fháil, jab a fháil agus ansin ardú céime a fháil! Céimeanna! Ghlac an file Meiriceánach Bill Wolak grianghraf díom ar na céimeanna seo in Hyderabad. Rud suntasach mar gheall orthu: is cosúil nach bhfuil cuspóir ar bith leo. Níl siad ag dul aon áit. Téigh go dtí an barr agus níl romhat ach balla bán.
Tá bríonna éagsúla leis an bhfocal 'céim' sa Ghaeilge, ar ndóigh. Ceann acu, de réir an Duinnínigh is ea 'end' nó 'limit'. Tuigeadh dom ansin go raibh orm Hyderabad a bhaint amach chun brí iomlán an fhocail 'céim' a thabhairt liom i gceart.

2014-03-08

Féile Hyderabad, pictúir

Rafiq Kathwari, Declan Meade agus Gabriel Rosenstock ag Féile Litríochta Hyderabad ar na mallaibh.