2022-05-31

Joyce

 


cuid súl cách ab ea í
mise á rá leat ...
Malaí faoi bhláth

she was some sight
I'm telling you...
Molly in full bloom

2022-05-30

Magritte

scamall ag dul thar bráid
is ea an saol
fós féin . . .
our lives
are but a passing cloud
and yet . . .
我等が命
流れる雲か
しかしまだ・・・

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura
oor lives'r
nocht bit a bygaun clud
an yit...

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2022-05-29

Fr Francis Browne

'ní ar muin asail
a raghair go Meiriceá!'
lá margaidh
'you won't get to Amerikay
on a dunkey!'
market day
「驢馬に乗り
米国へ行かぬのか!」
市立つ日

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura
'ye wullnae git tae Amerikay
on a cuddie!'
mercat day

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2022-05-28

Seiju Omoda (cat)

cosantóir na hoíche -
an cat de shíor
ag teacht is ag imeacht
guardian of the night -
the endless comings and goings
of the cat
不寝番―
行ったり来たり
猫ひきりなし

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura
on gaird -
aw nicht back an fore
bawdrons

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2022-05-27

Paritosh Sen

Cathair na Soilse
iata ag an mbáisteach throm
fearthainn ó mhaidin
        ar na céimeanna ceocha
        is ar cholainn leathdhóite
the City of Lights
occluded by heavy rain
pouring all day long
        falling on the smoking ghats
        and on a body half-burned

2022-05-26

Hakuin Ekaku

moncaí mar mise
ba cheart go mbeadh fhios agam
sin iad na rudaí
        tagtar orm aniar aduaidh
        sínim lámh i dtreo na ré
a monkey like me
should know better, beloved
but what can i say
        there are unguarded moments
        when i still reach for the moon

2022-05-25

Cúpla luimneach

 


A Wee Limerick

Hi, Donaldson! - DUP
I pee in the Lagan, you see
        The Liffey's a bit sniffy
        The Corrib's a bit iffy
And I'm damned if I'll pee in the Lee

Oui!

Mise Donaldson, DUP,
Cad é mar atá tú, a chroí
       Bhíodh Paisley ag rá 'No!'
        Is an ceart aige, ar ndóigh
Ó, ní maith liom an focal sin, 'Oui'

2022-05-24

Julio Romero de Torres

La Venus de la Poesía
canann an domhan duit
lasmuigh de na dánta seo
amhrán glas ón gcrann
        ón scairdeán amhrán spleodrach
        an chéad ghiolcadh ón ngearrcach
all things chant for You
not just these poems, beloved
trees chant leafy songs
        fountains chant bubbly songs
        You are the nestling's first song

2022-05-23

Robert Silvers

ná goil, a bhean ó
tá leath an domhain ag caoineadh
an leath eile shtumm
        canaimis laoi na saoirse
        níl laoi d'aon sórt eile ann
no woman no cry
hey, half the world is crying
the others struck dumb
        let's sing a song of freedom
        there's no other type of song

2022-05-22

Anita Malfatti

O Farol
amhrán cam é seo
i dtigh cam a cumadh é
gar do chonair cham
        bíodh an rud díreach ag cách
        táimse cam, a stóirín ó
here's a crooked song
written in a crooked house
near a crooked path
        let the world have its straight songs
        beloved, i am deviant

2022-05-21

Fógra


The Eblana Forum Presents

A Pakistani - Indian Irish Evening of Poetry, Music and Song

at the Eblana Club, 3 Eblana Avenue, Dún Laoghaire on Saturday June 4th 2022 @ 7pm
Pakistani Poet WAQAS KHWAJA will be on a short visit to Ireland and will recite a small selection of his poems from his large collection of published works.

Born in Lahore, Pakistan,Waqas Khwaja is currently Professor of English at Agnes Scott College in Georgia, USA, where he teaches courses in Postcolonial literature, 18th & 19th century British literature and Creative Writing.
For more information see his website:

A number of Irish, Indian and Pakistani singers, poets and musicians including well known Irish poet GABRIEL ROSENSTOCK - will also contribute to what promises to be a uniquely interesting and enjoyable evening.

Sudipto Das
Gabriel Rosentock
Yameema Mitha
Des Geraghty

Cead Isteach / Entry €5.
It is advisable to secure your ticket(s) soon.
Tickets can be booked by Email at eblanaclub@gmail.com or collected
from: Costello Jewellers, 1 Northumberland Ave., Dún Laoghaire.

Dún Laoghaire DART Station within 2 minutes and bus services; 7, 7a, 46a, 46n, 59, 63, 75 and 111.

Carel Fabritius

De schildwacht
thiteas im' chodladh
fairtheoir den chéad scoth mé
dúirt mé leis an ngadhar
        dúisigh mé má thagann sí
        an Té a shoilsíonn mo shuan
i've fallen asleep
i'm not much of a sentry
the dog has orders:
        wake me up if you see Her
        Her light illumines my dreams

2022-05-20

Jean Baptiste Vanmour

Derwisj
file, deirbhíseach
Yunus Emre lá amháin
cad a tharla dhó
        leáigh sé ann féin, a thaisce
        mar ór a ndéanfaí leacht de
poet and dervish
Yunus Emre saw himself
as clear as daylight
        he melted into himself
        like flowing gold, beloved

2022-05-19

Ómós do Mháire Mhac an tSaoi

San eagrán reatha den iris Poetry Ireland Review (Uimh.136) tá ómós don fhile Máire Mhac an tSaoi, beanacht Dé léi. Is iad na filí Gaeilge a bhfuil dánta acu ann in ómós di ná Louis de Paor, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Biddy Jenkinson, Stiofán Ó hIfearnáin, Cathal Ó Searcaigh, Nuala Ní Dhomhnaill, Caitríona Ní Chleirchín, Pádraig de Bhál agus mé féin. Is í Aifric Mac Aodha eagarthóir Gaeilge na hirise.

Tá aiste ann i mBéarla ag Bríona Nic Dhiarmada a bhainfidh preab as daoine áirithe. Go hachomair, cuirtear i leith Mháire go raibh sí ina fuathaitheoir ban. 

Ceist: Cén fáth a mbeadh Máire frithbhanda? 
 
Fuath ban de shaghas ar leith a bhí ag Máire don bhantracht, dar le Bríona, 
  'a form of misogyny felt by many highly able and intelligent women of her generation who suffered prejudice and discrimination because they were women . . . who lacked the political insights of contemporary feminism with its critique of patriarchy  . . .'
An fíor sin, áfach? Seans maith gur thuig Máire Mhac an tSaoi go maith cad is feimineachas ann (cén fáth nach dtuigfeadh?) ach nach raibh aon fhonn uirthi ionsaí a dhéanamh ar fhearaibh. Go deimhin, ar lch 788 den duanaire Cnámh agus Smior/ Bone and Marrow (Wake Forest University Press, 2022) deirtear go raibh 'fuath a chomhfhilí ar mhná á chur ó dhoras aici, sa dán Cad is Bean? Tá níos mó ná léamh amháin ar an dán sin, is cosúil.

Tá an duanaire sin Cnámh agus Smior cáinte agam ar chúiseanna eile:

Seans maith gur thuig Máire go maith cad is feimineachas agus patrarcacht ann ach nár theastaigh uaithi go dtarraingeofaí síos an bóthar áirithe sin í - ná bóthar idé-eolaíochta ar bith - mar nach ceart go mbeadh file ar bith róghafa le haon ní seachas ilmhistéirí na filíochta féin. Bhí comhrá fada agam léi mar gheall air sin uair amháin.

An bhfuil sé éigeantach anois go mbeimis ar fad inár bhfeiminigh? An gcaithfidh gach file, gach criticeoir a bheith ina fheimineach? Gach jacaí? Gach Pápa?

Bhí grá ag Máire Mhac an tSaoi d'fhearaibh. Cén fáth a liostálfadh sí i gcrosáid ina n-aghaidh mar a dhéanfadh óinseach! Is cuimhin liom nuair a casadh Máire orm i nDún Chaoin, lá, agus Conor Cruise ina teannta. Chur sí in aithne dhom é láithreach. Ba léir go raibh sí bródúil as agus fiorcheanúil air. Chuimhníos air sin nuair a scríobhas dán ómóis di d'Iris Éigse Éireann:

Conchúr agus Máire

Is cuimhin liom, a Mháire,
Nuair a chuiris Conchúr in aithne dhom
(I nDún Chaoin a bhíomar):
Conas tánn tú, ar seisean.
 
Mheasas go raibh sé á chleachtadh le fada!
Rófhada.
Conas tánn tú - bhí sé aige, nach mór -
Agus bheadh, dá dtógfadh sé go réidh é
Ach bhí sé leath-thachta ag an diabhal conas tánn tú sin.
 
D'fhan na focail ar foluain eadrainn
Mar bhultúir
A bhí ar tí duine againn a shlogadh.
Conas tánn tú.
Ar aon nós  . . .
 
Ní rabhas in ann é a fhreagairt.
Is ceist í nach bhfuilim in ann a fhreagairt.
Conas tánn tú? N'fheadar.
Cuibheasach gan a bheith maíteach?
Ag stracadh liom?
Dhera, tá's agat féin . . .
 
Thosnaíos ag portaireacht faoi rún:
"Táimse 'gus Máire go sásta inár n-aigne,
Ó nascadh i bpáirt sinn ag an altóir ró-bheannaithe,
Thug sise grá thar cairde 'gus fearaibh dhom,
Thógas ar láimh í 's go brách brách ní scarfaimid.
 
Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó . . ."
 
Conas tánn tú.
Táim i bhfad Éireann níos fearr 
Ag freagairt ceisteanna ginearálta
Nó ceisteanna faoin litríocht cuir i gcás.
(Bhíothas á thuar uair amháin go raghainn le Béarla).
Mar shampla:
Cé dó an tagairt seo san Athenae:
 
     "This poet and preacher 
     being towards his latter end crazed, 
     and thereupon brought into debt, 
     was at length committed to the prison 
     in Allhallows parish . . ."
 
Aon tuairim agat, a Chonchúir?
A Mháire?
Freagra: An tOirmhinneach Thomas Bastard.
 
Bhuel, ar aon nós  . . .
Conas tánn tú, a Chonchúir?
Conas tá tusa, a Mháire?

2022-05-18

Martin Schongauer

Wilder Mann mit Schild
is neach fiáin mé
thugas mo chúl leis an domhan
lem' mhaide is sciath
        ar fán anois leis an ngaoth
        scairtim d'ainm leis an spéir
i am a wild man
i've forsaken society
with club and with shield
        i wander where the wind blows
        shout Your name to the heavens

2022-05-17

Michelangelo

Tormento di sant'Antonio
diabhail deamhain agus jinn
deacair a gcumhacht a shéanadh
gan éifeacht bíd
        nuair a luaimse d'ainm
        teitheann siad go maolchluasach
devils demons jinn
it's hard to deny their power
but what can they do
        beloved, i say Your name
        and they take off sheepishly

2022-05-16

Walter Osborne

A vendor of books, 1889
Bleá Cliath, a thaisce
roimh aimsir na réabhlóide
is cuma shéimh air
        ach tá rud éigin san aer
        is fós in éamh na bhfaoileán
Dublin, beloved
before the revolution
and all seems peaceful
        but there's something in the air
        still heard in the seagull's cry

2022-05-15

Ludwig Knaus

an bandia thú
bandia na síochána
ní chreideann éinne
        i mbandéithe ná sa tsíth
        táimid damnaithe, a chuid
are You a goddess
the goddess of peace, perhaps
who believes in You
        no one believes any more
        we are all damned, beloved

2022-05-14

John Singer Sargent

tá tú feicthe acu
do leagan siúil, a thaisce
tá tú cloiste acu
        ní bhfuaireadar ach spléachadh ort
        nochtann tú is téann as amharc
some swear they've seen You
others swear they have heard You
some describe Your walk
        at most they have had a glimpse
        You appear and disappear

2022-05-13

Ferdinand Hodler

im' dheisitheoir lín
gafa le hamhráin bhriste
cá dtosóm, a chuid
        deisitheoir amhrán, gan tiúin
        an gcanfá os íseal é
i'm a netmender
enmeshed in these broken songs
where does one begin
        songmender - i've lost the tune
        beloved, hum it softly

2022-05-12

Liodán Lesbos / Lesbos Litany

 

Teifeach (1935) le William H. Johnson

Dán Dátheangach
I ndilchuimhne ar Éabha a raibh grá aici don tSiria

Do they not have names, then?
An é nach bhfuil ainmneacha orthu?

Syrian refugees on the island of Lesbos.
Teifigh ón tSiria ar oileán Lesbos.

Let us name them, the mothers and daughters:
Ainmnímis iad, máithreacha is iníonacha


Abelarda, is she not the servant of Allah?
               nach searbhónta Allah atá ionat?

Abia, great is she! 
is tú atá mór!

Abida, a worshipper
  adhraitheoir

Adelmira, is she not exalted
       nach céimiúil ataoi!

Aisha, is she not a woman!
  nach bean thú!

Akilah, is she not intelligent
   nach éirimiúil atá tú

Aliye, noble
 uasal

Alma, learned
 léannta

Almeda, ambitious
     uaillmhianach

Amal, hopeful
 dóchasach

Anisah, is she not friendly!
   nach tú atá cuideachtúil!

Ashia, is she not life itself!
  an bheatha féin atá ionat!

Asiya, tending to the weak
  ag friotháil ar an té atá lag

Asma, is she not excellent!
          togha na mban!

Atiya, is she not a gift!
  féirín is ea thú!

Badia, elegant
  cuanna

Barbada, such a blessing!
      a leithéid de bhua!

Bibi, a lady
       bean uasal

Bushra, a good omen
    dea-thuar

Cala, is she not a fortress!
daingean is ea thú!

Celmira, brilliant!
     soilseach!

Centola, the light of knowledge
     lóchrann eolais

Derifa, graceful is she
   grástúil atá tú

Fadila, generous
   flaithiúil

Faiza, victorious
  buach

Fatima, behold – the daughter of the Prophet
    féach – iníon an Fháidh

Gamila, beautiful beyond words!
    ní scéimhe go dtí thú!

Guadalupe, for she is a river of black stones
abhainn na gcloch dubh

Ghada, young and tender
    óg tláith

Habiba, she is beloved
    ionúin

Hafsa, a young lioness is she
  leoinín atá ionat

Halimah, patient
      foighneach

Hayfa, shapely
   dea-chruthach

Hiba, such a gift
tabhartas den scoth

Iman, a believer
  creidmheach

Jaafar, a winding brook is she
   sruthán lúbach

Jamila, beautiful, beautiful
     rí-álainn

Janan, the heart, the soul
   an croí is an t-anam

Janna, a rich harvest is she
     fómhar torthúil

Jarita, an earthen water jug
  crúsca uisce de chré

Jesenia, a flower
     flós

Kadijah, trustworthy
     fírinneach

Kaela, sweetheart, darling!
  a chuisle is a stór!

Khalida, immortal she is, everlasting!
     mairfidh tú go brách!

Lakia, found treasure
  ciste aimsithe

Lelia, born at night
 rugadh istoíche thú

Lina, tender . . .
lách . . .

Manar, a guiding light!
   solas dár  dtreorú

Maritza, forever blessed!
    beannaithe go deo!

May, discerning
tuisceanach

Maysa, proudly she strides out
   amach leat go huaibhreach

Maysun, beautiful, so beautiful
     gleoite amach is amach

Mumtatz, distinguished
      oirirc

Nadira, precious
    a thaisce!

Nafisah, a gem
     seoid

Najita, she of the brilliant eyes!
   is niamhrach iad do dhá shúil!

Nakia, pure
  íonghlan

Oraida, eloquent
    solabhartha

Nasrin! wild rose!
   rós fiáin! 

Qitarah, fragrant 
    cumhra

Querima, generous one
      nach tú atá fial

Randa, a tree 
   crann

Rasha, young gazelle
   gasail óg 

Rihana, sweet basil
    basal cumhra

Rima, white antelope 
  antalóp bán

Saba, is she not the morning?
 an mhaidin atá ionat!

Sadira, a star 
   réalta

Salama, peaceful is she
     séimh atá tú

Syreeta, companion to all
     compánach linn go léir

Ulima, wise
   eagnaí

Zeimira, brilliant one!
     thar barr atá tú!

2022-05-11

Maximilien Luce

bhí brionglóid agam
faoi sheanmhonarcha, a chuid
bhascas mo dhánta inti
        á múnlú go cáiréiseach
        gur lonraíodar mar an ré
Beloved, a dream
of a disused factory
where I pulped my poems
        carefully transforming them
        into shimmering moonlight

2022-05-10

Kenneth White: Fánaí ar Chonair an Haiku

Kenneth White (Scottish Poetry Library)
Tamall maith de bhlianta ó shin chuireas Kenneth White i láthair ag léamh filíochta san Alliance Française, BÁC. Mhaslaigh Brendan Kennelly é: Cathaoirleach Ealaín na Filíochta san Fhichiú hAois sa Sorbonne á ionsaí ag Ollamh ó Choláiste na Tríonóide. Dochreidte! Ach deirtear gur measa an naimhdeas idir ollúna áirithe agus an t-aighneas idir Putin agus Zelensky  . . .

Albanach é White agus cónaí air le fada ar chósta thuaidh na Briotáine, mar sin ní hionadh go dtarraingíonn sé ar scoláirí Ceilteacha – Robin Flower, Kuno Meyer agus Kenneth Jackson – agus comparáid á déanamh aige idir an litríocht Cheilteach agus sensibilité na máistrí haiku. Mar a deir Jackson,

‘The most striking quality about the early medieval Celtic literatures, the more striking when one compares them with other contemporary literatures of Europe, is their power of vivid imagination and freshness of approach  . . .’

Is ar an úire, seachas aon ní eile, a leagann White an bhéim sa leabhar Eyes Wide Open (The Fishing Cat Press, BÁC, 2021). Úire agus folús. Is féidir an leabhar a ordú anseo:



Cúpla haiku de chuid Kenneth White:

cad a thug air
filleadh ar an oileán tréigthe úd?
ceannbhán sa ghaoth

níl a scáil fiú le feiscint
ach is ann dó
an cruidín

níos sia siar fós
grian bhán ag lonrú
ar charraig eibhir

maidneachan
rónta ag tafann
muir cheobhránach

carraigeacha dearga
faoi ghrian na maidine
agus scairt bhán na bhfaoileán

2022-05-09

Luimneach

Ukraine? Well, it's all smoke and mirrors
I tell you, 'twould give you the shivers
             Those mercenaries are hot
             But some of 'em get shot
In the kidneys and also the livers!

Níor mhaith liom bheith thall san Úcráin
Na diabhail bhochta - táid i sáinn
           Agus cad faoi na hamhais
           Gach duine acu ina bhroghais
Agus cuid acu ina luí i ngort gráin

2022-05-08

Vasily Vasilyevich Vereshchagin (1842-1904)

An Taj Mahal á bhaint as a chéile

Tá beartaithe ag an rialtas an Taj Mahal a bhaint as a chéile.
D’fhógair urlabhraí:
Deora an Mhoslamaigh, tar éis an tsaoil . . .
An bhféadfaidís a bheith ina bhfíor-dheora?

Líontar an Yamuna le deora áthais!
Tá an Taj Mahal le leagan!

The dismantling of the Taj Mahal

The government has decided to dismantle the Taj Mahal.
A spokesperson announced:
The tears of a Muslim, after all . . .
Can they be real tears?

Let the Yamuna be filled with tears of joy!
The Taj Mahal is coming down!

2022-05-07

Alfred Kubin

a thaisce, stoirm
ag séideadh anois ó gach aird
ag an am céanna
        agus istigh ina lár
        tá tú dom' scrúdú go grinn
Beloved, a storm
blowing simultaneously
from all directions
        now, in the eye of the storm
        Your eye, steady, unblinking

2022-05-06

Babhdán: Adjei Agyei-Baah

 


uacht dhaideo
a chuid éadaigh go léir
don bhabhdán

gort geimhridh
iompaíonn babhdán
ina fhear sneachta

gealach lán
an babhdán ag faire
ar a scáil féin

gort folamh
babhdán ag breathnú
ar bhabhdán

scioból
faoi sholas na gealaí
coiscéimeanna an bhabhdáin





Adjei Agyei-Baah
With a Foreword by Hiroaki Sato



2022-05-05

Tanuki

 


mura bhfuil fhios agat

nach bhfuil ann ach taibhreamh

ní heol duit faic - tada


if you don't know

it's a dream

you know nothing - zero!

2022-05-04

Bog / Portach

Ron Rosenstock
cén t-am é
cén bhliain í seo –
portach i nDeilphi
what time is it
what year is this –
a bog in Delphi

2022-05-03

Bláth/ Flower

Ron Rosenstock
paidir shaonta
ó chroí saonta . . .
pléascann bláth solasmhar ar neamh
a simple prayer
from a simple heart . . .
a flower blooms in heaven

2022-05-02

Fritz Rehm

deireadh brionglóidí
gal ag éirí, a ansacht
ag lorg foinse
        cathain a cuireadh tús leo
        an é seo is deireadh leo
dreams go up in smoke
curling fantastically
seeking origins
        say, when did this dream begin
        beloved, has it ended

2022-05-01

Túr Bhaile Uí Laoi / Thoor Ballylee, 1972

Ron Rosenstock, Túr Bhaile Uí Laoi, 1972
scairt na breithe
is an bháis
sa nóiméad céanna
the anguish of birth
and that of death
cry out in the same instant



A found haiku in A Vision, an occult work by W. B. Yeats, published privately in 1925