2022-05-06

Babhdán: Adjei Agyei-Baah

 


uacht dhaideo
a chuid éadaigh go léir
don bhabhdán

gort geimhridh
iompaíonn babhdán
ina fhear sneachta

gealach lán
an babhdán ag faire
ar a scáil féin

gort folamh
babhdán ag breathnú
ar bhabhdán

scioból
faoi sholas na gealaí
coiscéimeanna an bhabhdáin





Adjei Agyei-Baah
With a Foreword by Hiroaki Sato