2023-04-22

Tanka

Ole Kandelin
cén áit nach raghainnse
raghainnse go críocha aineoil
tá fhios agat sin
        tabhair ordú dom is imeod
        níl gá agam le mapa
where would i not go?
i'd go anywhere for You
You know that i would
        command me and i am gone
        what need have i for a map?
unde n-aș merge?
dar nu și pentru Tine
Tu știi prea bine
        ordonă-mi doar și dus sunt
        o hartă, dar la ce bun?

Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2023-04-21

Scolaíocht George Moore

Édouard Manet
Scríbhneoir mór
As Contae Mhaigh Eo
(Ach níl éinne á léamh
Níl éinne á léamh níos mó!)

Agus é ina bhuachaillín óg rua
Caitheadh amach as an scoil é - monuar!

Scríbhneoir mór
As Contae Mhaigh Eo
(Ach níl éinne á léamh
Níl éinne á léamh níos mó!)

Ní raibh spéis dá laghad aige sa scolaíocht
Ní raibh spéis ag George Moore ach san fhilíocht!

Scríbhneoir mór
As Contae Mhaigh Eo
(Ach níl éinne á léamh
Níl éinne á léamh níos mó!)

"Níl aon mhaith ann!" arsa an múinteoir, "is ní bheidh go deo!"
Is cuireadh abhaile ansin é go Co. Mhaigh Eo!

Scríbhneoir mór
As Contae Mhaigh Eo
(Ach níl éinne á léamh
Níl éinne á léamh níos mó!)

Dúirt sé leis féin go mbeadh sé ina ealaíontóir
"An t-ealaíontóir is fearr a tháinig amach as Maigh Eo!"

Scríbhneoir mór
As Contae Mhaigh Eo
(Ach níl éinne á léamh
Níl éinne á léamh níos mó!)

Níl éinne á léamh
níos mó!

2023-04-19

Khamsin: Stoirm Ghainimh

 
Ludwig Hans Fischer
 
 
An Chamshíon! An Chamshíon!
Ag séideadh is ag séideadh ó mhaidin go hoíche
Ag séideadh is ag séideadh riamh is choíche
An Chamshíon! An Chamshíon!
Wúúúúúú! Wúúúúúúúúú!

An Chamshíon! An Chamshíon!
Néalta gainimh ina gcamdhlaoithe
Ag séideadh is ag séideadh riamh is choíche
An Chamshíon! An Chamshíon!
Wúúúúúú! Wúúúúúúúúú!

An Chamshíon! An Chamshíon!
Neart na gaoithe, neart na gaoithe
Ag séideadh is ag séideadh riamh is choíche
An Chamshíon! An Chamshíon!
Wúúúúúú! Wúúúúúúúúú!

2023-04-18

Cístíní Sí

 
William Wallace Denslow
 
 
Caith uait na piseanna, caith uait pónairí
Cístíní atá uaimse - cístíní sí!

Caith uait an cabáiste, caith uait brocailí
Cistíní atá uaimse - cístíní sí!

Caith uait na cairéid, caith uait tornapaí
Cistíní atá uaimse - cístíní sí!

Caith uait go léir iad - huth!  glasraí
Cístíní atá uaimse - cistíní sí.

Ó, d'itheas an iomarca de na cístíní sí
Tá pian i mo bholg a mhairfidh seachtain - nó mí!

2023-04-17

Léigh Leat

Tivadar Kosztka Csontvary


 


Bhí fear i Maracó
Fadó fadó
Agus léigh sé an leabhar céanna
Gach lá - faoi dhó!
Gan stró!

Cén fáth ar léigh sé
an leabhar céanna faoi dhó?
Mar go ndúirt a mháthair leis
'Léigh leat, a stór!'
Agus léigh, ar ndóigh.


2023-04-16

Stoca an Phréacháin

 
Arthur Rackham
Cad tá sa stoca agat,
sa stoca agat
sa stoca agat
Cad tá sa stoca agat
A phréacháin?

Cad tá sa stoca agat,
sa stoca agat
sa stoca agat
Cad tá sa stoca agat
Píosa aráin?

Cad tá sa stoca agat,
sa stoca agat
sa stoca agat
Cad tá sa stoca agat
'Bhfuil sé lán?

Cad tá sa stoca agat,
sa stoca agat
sa stoca agat
Cad tá sa stoca agat
Cúpla biorán?

Cad tá sa stoca agat,
sa stoca agat
sa stoca agat
Cad tá sa stoca agat
Scadán?

Cad tá sa stoca agat,
sa stoca agat
sa stoca agat
Cad tá sa stoca agat
Abair! . . . . Grán?

Cad tá sa stoca agat,
sa stoca agat
sa stoca agat
Cad tá sa stoca agat
Tá's agam - milseáin!


 

2023-04-14

Cos M'Uncail Toby

Adolph Menzel
Ní rud an-álainn í
Cos m'Uncail Toby

Go deimhin, rud cuibheasach gránna í
Cos m'Uncail Toby

Níonn sé gach lá sa sána í
Cos m'Uncail Toby

Tá clú uirthi is cáil, tá
Cos m'Uncail Toby

Ach nílimse an-bháúil
Le cos m'Uncail Toby

A pháistí, ná bígí dána
Nó gheobhaidh sibh cic ó m'Uncail Toby.

2023-04-13

Laoch M'Uncail Toby

Eric Rohman
Bhí laoch ag m'Uncail Toby *
agus b'in é Buffalo Bill:
'Ní laoch agam é a thuilleadh . . .
Tá a ainm ar maos i bhfuil!

Mharaigh sé buabhaill ina mílte
agus daoine de na Chéad Náisiúin:
Cén fáth a raibh sé mar laoch agam?
Dúnmharfóir! Bastún!'

2023-04-12

Uncail Toby agus na Trioblóidí

Rachel Romeo
Is deacair daoibhse é a shamhlú
Is deacair domsa é a lua:
Bhíos óg le linn na dTrioblóidí . . .
An fuath go léir, an fuath.

Cén fáth a mbíonn sé amhlaidh?
Deacair, deacair a rá:
Briseann fuath uafásach amach . . .
Déantar dearmad ar an ngrá.


'Súil ar shúil', arsa Mahatma Gandhi,
'agus dall a bheidh an domhan go léir!'
Cothaímis an tsíocháin ionainn
Mar ní thiocfaidh sí anuas ón spéir.

2023-04-11

Uncail Toby ar Stailc

 

Karl Wiener
'Cad a dhéanfaidh tú inniu, a Uncail Toby?'
'Táim ag dul ar stailc inniu, a ghrá,'
'Cén fáth dul ar stailc, a Uncail Toby?'
'Ó . . . níl a fhios agam cén fáth.'

'Cad a dhéanfaidh tú amárach, a Uncail Toby?'
'Táim ag dul ar stailc amárach, a ghrá.
'Cén fáth dul ar stailc, a Uncail Toby?'
'Ó . . . téimse ar stailc gach lá!'


Tá tuilleadh mar gheall ar Uncail Toby sa leabhar Bleachtairí Beaga Bhaile Átha Cliath

2023-04-10

Croí Mór Uncail Toby

Rachael Romero
Tá croí mór ag Uncail Toby
Agus deir sé i gcónaí:

Ná bí ag caoineadh
Téigh amach is cabhraigh le daoine!

Tá croí na bó ag Uncail Toby
Agus deir sé i gcónaí:

Ó Luan go hAoine
Téigh amach is cabhraigh le daoine!

Ag smaoineamh ar dhaoine eile a bhíonn Uncail Toby
Agus beidh sé mar sin - i gcónaí!

2023-04-09

Uncail Toby agus na hÉin

Fadhb na n-éan
Mo léan!

Tá Uncail Toby buartha faoi na héin
Tá - agus mé féin.

Truailliú!
Ababú!

Fadhb na n-éan
Mo léan!

Cá bhfuil siad? Níl siad ann!
Tá na héin ag éirí gann.

Truailliú!
Ababú!

2023-04-08

Cloigeann Uncail Toby

 

 

Faigheann Uncail Toby bearradh gruaige gach mí
Nó uaireanta faoi dhó nó fiú faoi thrí

Uaireanta féachann sé cosúil le fear gnó
Uaireanta eile bíonn a chloigeann ar nós cnó!



2023-04-07

Tanka

 
cuntanós samhraidh
Sri Anandamayi Ma
is tús an earraigh
        lonraíonn i gceobhrán fómhair
        an chéad sioc sa gheimhreadh


the face of summer
Sri Anandamayi Ma
the first days of spring
        she glows in mists of autumn
        and the first frost of winter

2023-04-06

Nuair a Bhí Uncail Toby ina Mhac Léinn

Nuair a bhí Uncail Toby ina mhac léinn
Thaitin sé go mór leis bheith ag léim

Léimeadh sé thar gheata, léimeadh thar chlaí
Léim sé i Meiriceá agus léim i gCiarraí

Léimeadh sé thar bhalla, léimeadh thar chnoc
Léim sé sa Rúis is i mBaile na bPoc

Léimeadh sé thar lochán, léimeadh thar dhraein
Léim sé i nGailimh, léim i mBairéin

Léimeadh sé thar bhóthar, léimeadh thar lána
Léim sé i gCorcaigh, léim i nGána

Léimeadh sé thar lochanna, léimeadh thar shrutháin
Go dtí gur bhris sé a chos chlé san Úisbéiceastáin.

2023-04-05

Uncail Toby agus Churchill

Bhuail Uncail Toby le Churchill uair amháin
'An fear sin,' arsa Toby, 'stail amadáin!

Thall i Londain, a bhíos agus mé i mo gharsún,
Bhí todóg ina ghob ag Churchill - an bastún!
Dia dhuit, arsa mise leis i nGaeilge bhinn na Mumhan
An plobaire! D'at a aghaidh ar nós balúin!'

2023-04-04

Alastar

Bhí fear ann uair amháin as Mumbai (nó Bombay)
Agus aon rud a tharlódh, d'fheicfeadh sé é roimh ré

Ar a shlí abhaile dó oíche amháin
Gortaíodh go dona é i dtimpiste ghluaisteáin!

'Ní rabhas ag súil leis sin,' arsa Alastar bocht,
'Sea, bhuel, is dócha . . . ní bhíonn saoi gan locht!'

2023-04-03

Uncail Toby i bPríosún

Chaith Uncail Toby tamall i bPríosún Mhuinseo
'B'fhearr liom bheith i gCiarraí nó i gCo Mhaigh Eo!'

Chaith sé tamall ansin i bPríosún Phort Laoise
Is gan aige ann ach boiscín beag snaoise.


'Ní ceart go mbeadh éinne - éinne - faoi ghlas!
Droch-nós is ea é - éirímis as!'

2023-04-02

An tAmhránaí is Fearr le hUncail Toby

Rachael Romero

Paul Robeson an t-amhránaí is fearr le hUncail Toby
'D'fhéadfainn bheith ag éisteacht leis ó mhaidin go tráthnóna.



Kevin Barry mar shampla, i bPríosún Mhoinseo,
An-amhrán! An-amhrán go deo!



Ol' Man River? Amhrán fíorálainn
An abhainn fhada ar a slí go dtí an sáile.



Joe Hill? Cinnte! Amhrán tábhachtach
Agus amhráin eile ba liosta le háireamh.


Let My People Go?
Sea, ar ndóigh!'


Paul Robeson an t-amhránaí is fearr le hUncail Toby
Bíonn sé ag éisteacht leis ó mhaidin go tráthnóna.

2023-04-01

Íosfaidh Uncail Toby é má tá sé Glas

Itheann Uncail Toby a lán lán cabáiste
Rud ar bith atá glas!
Cuir leitís os a chomhair
Agus íosfaidh sé é go pras.

Asparagas? Siúráilte
Agus cabáiste.

Cál?
Má tá sé ar fáil.

Cíobhaí?
Yipí!

Abhacád? Spionáiste?
Agus cabáiste!

Ar Lá Fhéile Pádraig nuair a bhí sé óg
Is é an rud a d'ith Toby ná sailéad seamróg.