2022-10-31

Buain na Rainich Taobh Loch Éite

Buain na Rainich Taobh Loch Éite (Gáidhlig)

Baint na Raithní Taobh Loch Éite

SÈIST
Fire, faire hò ro gheallaidh,
Fire faire, ho ro eile,
Fire, faire, hò ro gheallaidh,
Buain na rainich taobh Loch Èite

CURFÁ
Fire, faire hò ro gheallaidh,
Fire faire, ho ro eile,
Fire, faire, hò ro gheallaidh,
Baint na raithní taobh Loch Èite

Gum bi cuimhn’ agam rim mhaireann
Mar a thachair mi ri m’ eudail,
Mar a thachair mi ri Màili,
Buain na rainich taobh Loch Èite.
Cuimhneoidh mise fad a mhairfead
Mar a tháinig mé ar m’ansacht
Mar a tháinig mé ar Mhailí
Baint na raithní taobh Loch Èite
CURFÁ
Theann mi null an taobh a bha i,
Chuir mi fàilt’ oirre ‘sa Bheurla;
Fhreagair i le gruaim sa Ghàidhlig,
Fear do chànain ‘s beag mo spèis air.
Theann mé anall san áit a raibh sé
Chuir mé fáilte roimp’ sa Bhéarla,
D’fhreagair sí le gruaim sa Ghaeilge
Fear do theanga 's beag mo spéis ann!
CURFÁ
A Mhàili na bi rium cho tàireil,
Seo mo làmh nach èirich beud dhut;
An Latharna bhòidheach fhuair mi m’ àrach,
‘S air a’ Ghàidhlig tha mi dèidheil.
A Mhailí, ná bí liom chomh táiriúil
Seo mo lámh nach n-éireoidh béad duit,
I Latharna bhóidheach a fuaireas tógaint
Is tá mo chroíse istigh sa Ghaeilge.
CURFÁ

2022-10-30

Smaoineamh an Lae

 



Cé nach bhfuil ar intinn aige a bheith ag faire amach, ní gan chúis a sheasann an fear bréige sa ghort.

Dogen

2022-10-29

Smaoineamh an Lae

 

Mo bhean a chuir ar an ól mé; beidh mé buíoch di go deo.

W.C. Fields

2022-10-28

Smaoineamh an Lae

 

Cá bhfaighinn an duine a bhfuil dearmad déanta aige ar bhriathra? Sin é an té is mian liomsa labhairt leis.

Chuang-Tsú

2022-10-27

An Ind fadó/ ancient India

 sánn an planda ola ricne
a chuid duilleog tríd an bhfál
faoi mar a bheidís á rá
le slatairí an tsráidbhaile
"is anseo a chónaíonn an bhean feirmeora -
na cíocha uirthi chomh mór leis seo"
 
with its leaves pushing through
the gaps in the fence
the castor oil plant seems to be telling
the youths of the village
"here lives a farmer's wife
with breasts this big"


2022-10-26

giolcach/ reeds

 

smaointe  . . .
iad ar fad casta
an tslí chéanna


thoughts . . .
all bending
the same way

2022-10-25

Bhartrihari

umhlaím don loinnir sin,
suaimhneach sámh,
gan teorainn, gan cuing
ama ná spáis
arb é an spiorad é
agus a gcuirtear eolas air
tríd an bhféinfheasacht amháin
Bhartrihari

I bow to that radiance,
peaceful & still,
endless, unbound
by space and time,
which is the spirit,
and only known
through self-awareness
Bhartrihari

2022-10-24

Hansel Mieth

 

Hansel Mieth, Trapped Coyote, Montana, 1938 

sa chadhóit leis
scairt ar son
na saoirse

in the coyote too
the cry
for freedom


2022-10-23

Dúnta i ngrá / Deep in love

Deep in love

Deep in love
cheek leaning on cheek we talked
of whatever came to our minds
Just as it came
Slowly oh
Slowly
With our arms twined
Tightly around us
And the hours passed and we
Did not know it
Still talking when
The night was gone

Bhavabhūti
(Trans. W. S. Merwin & J M Masson)

Dúnta i ngrá

Dúnta i ngrá
grua ar ghrua labhramar
faoi rud ar bith a rith linn
díreach mar a tháinig chugainn
go mall, ó
go mall
dhein sí eascann di féin
thart orm
agus d’imigh an t-am
gan fhios dúinn
fós ag caint a bhíomar
nuair a scaip an dorchadas

Bhavabhūti

2022-10-22

Lee Sievan

 



bhí ar ár gcumas
iad a shábháil -
siopaí cúinne an domhain seo


we could have saved them -
corner shops
of our world

2022-10-21

Indigo / Indeagó

 Benegal, 1779-1859

The fields flame with it, endless, blue
as cobra poison. It has entered our blood
and pulses up our veins
like night. There is no other color.
The planter’s whip
splits open the flesh of our faces,
a blue liquid light trickles
through the fingers. Blue dyes the lungs
when we breathe. Only the obstinate eyes

refuse to forget where once the rice
parted the earth’s moist skin
and pushed up reed by reed,
green, then rippled gold
like the Arhiyal’s waves. Stitched
into our eyelids, the broken dark,
the torches of the planter’s men, fire
walling like a tidal wave
over our huts, ripe charred grain
that smelled like flesh. And the wind
screaming in the voices of women
dragged to the plantation,
feet, hair, torn breasts.

In the worksheds, we dip our hands,
their violent forever blue,
in the dye, pack it in great embossed chests
for the East India Company.
Our ankles gleam thin blue from the chains.
After that night
many of the women killed themselves. 
Drowning was the easiest. 
Sometimes the Arhiyal gave us back 
the naked, swollen bodies, the faces 
eaten by fish. We hold on

to red, the color of their saris,
the marriage mark on their foreheads,
we hold it carefully inside
our blue skulls, like a man
in the cold Paush night
holds in his cupped palms a spark,
its welcome scorch,
feeds it his foggy breath till he can set it down
in the right place,
to blaze up and burst
like the hot heart of a star
over the whole horizon,
a burning so beautiful you want it
to never end.

Chitra Banerjee Divakaruni


Note
Paush: name of a winter month in the Bengali calendar

The planting of indigo was forced on the farmers of Bengal, India, by the British, who exported it as a cash crop for almost a hundred years until the peasant uprising of I860, when the plantations were destroyed.

Chitra Banerjee Divakaruni, “Indigo,” from Leaving Yuba City: Selected Poems (New York: Anchor Books Doubleday, 1997)


Indeagó

Benegal, 1779-1859

Lonraíonn sé sna goirt, gan chríoch, chomh gorm
le nimh an chobra. Tá sé sa bhfuil againn
agus cuislíonn inár bhféitheacha
ar nós na hoíche. Níl aon dath eile ann.
Scoilteann fuip
an phlandálaí an cneas ar ár n-aghaidh,
sileann solas gorm lonrach
trí na méara. Dathaíonn gorm na scamhóga
nuair a análaímid. Ní dhéanfaidh na súile daingne

dearmad ar an rís a d’eascair tráth den saol
as craiceann tais na cré
gas ar ghas á bhrú aníos,
glas, órga ansin mar chuilithíní
ar an Arhiyal. Fuaite i gcaipíní
na súl, an dorchadas briste,
tóirsí lucht an phlandálaí, tine
mar rabharta a chlúdaigh
ár mbotháin, grán aibí dubh dóite
is boladh feola uaidh. Agus an ghaoth
ag scréachaíl i nguthanna na mban
á dtarrac chun na plandála,
cosa, gruaig, brollach stróicthe.

Sna seideanna oibre, tumaimid ár lámha
ar lí shíorghorm an fhoréigin
sa dath, á phacáil i gcófraí móra cabhartha
do Chomhlacht na hIndia Thoir.
Ár murnáin chaola ag gormlonrú ó na slabhraí.
Nuair a bhí an oíche sin thart
is iomaí bean a chuir lámh ina bás féin,
á mbá féin ab áisiúla.
Uaireanta thugadh an Arhiyal thar n-ais dúinn 
Na colainneacha nochta borrtha, 
a n-aghaidh
ite ag éisc. Cloímid

leis an dearg, dath an tsáraí,
marc an phósta ar an gclár éadain,
á choinneáil go cúramach istigh
inár mblaosc ghorm, ar nós duine
le linn oícheanta fuara an gheimhridh
agus foscadh láimhe á thabhairt aige
do splanc, fáiltíonn roimh an ruadhó,
an splanc á cothú aige lena anáil cheoch
go leagtar síos san áit cheart í,
go lasann suas ina caor is pléascann
mar chroí loiscneach réalta
ar fud fhíor na spéire go léir,
dó chomh hálainn sin nár mhaith leat
go mbeadh aon deireadh leis.

Chitra Banerjee Divakaruni

2022-10-20

Kit Williams

'mbeidh neach ann
chun fáilte a chur rompu?
fáinleoga ar tí imeacht
will someone be there
to welcome them?
migrating swallows
will a body be thair
tae walcome thaim?
migratin swallaes

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
そこに誰
待ち受けるやら
夏燕

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura

2022-10-19

Slán

 An lá a sheol ár ndeirfiúr uainn
bhí folús dofhulaingthe ina diaidh.
B’aoibhinn léi canadh di féin
is tógadh seomra ar leith di.
Scaip macalla brónach a gutha
ar fud an tseomra –
gortaíonn sé fós sinn ó am go ham.
 
D’fhág sí go deo sinn
í féin is a grá geal – sin é an nós againn,
is deacair glacadh leis.
Toisc go mba gheal léi bláth an simalu*
níor inis sí bréag riamh don abhainn.
Nuair a thug an bád uainn í
chuaigh a crá i méid.

Jiban Narah

 
* Crann síoda cadáis
 

Farewell (Biday)

 
On the day our sister departed
she left an unbearable emptiness in her wake.
Because she loved to sing alone
a room of her own was built.
The sad resonance of her singing
scattered in the room –
it hurts us still from time to time.
She left us forever
with the boy she loved —that’s the custom,
not easy to accept.
Because she loved the simalu* blossom
she never told a lie to the river.
The day she sailed downstream
her sorrow began to grow.

Jiban Narah
Translated by Lyra Neog
(reworked by Gabriel Rosenstock)


*Silk-cotton tree.
 

2022-10-18

Ceithre Chapall Chróga

Ghabh ceithre chapall chróga
amach ar sodar.
 
Ceann acu bán, ceann acu dubh
ceann acu rua, ceann acu donn.
 
Ceithre chos faoi cheann acu,
trí chos faoin gceann eile,
dhá chos faoin tríú capall
is an ceathrú capall ar leathchos.
 
Arsa an capall ar leathchos
leis an gcuid eile:
Tá uair an damhsa buailte linn,
a chairde gaoil,
damhsaímis ar chrúb amháin.
 
Bhíodar ar fad faoi dhraíocht
is cuireadh tús leis an damhsa.
Thit an capall ceathairchosach i bhfanntais ar an dtoirt,
sciorr an capall tríchosach is thit,
bhí an capall déchosach ag bacadaíl, baineadh tuairt as
b’é an capall ar leathchos, eisean amháin
a dhamhsaigh gan stad.

K. Ayyappa Paniker


2022-10-17

Haiku

 


buíochas le Dia!
bhaist an tOirmhinneach Shrugler mé . . .
nach sona atáim

alleluia!
the Reverend Shrugler baptised me . . .
oh happy day

2022-10-16

Fear Gorm, Deartháir Liom

San fhoraois eabhair seo,
a cholainn dhubh
mar néal dubh guairneánach
mar splanc dhubh thintrí
muir ghéagdhubh
ag tuile is ag trá is ag lúbadh
ag lonrú faoin ngrian loiscneach
ag iompú ina sleá
ag damhsa le buillí drumaí
i ngleic leis an namhaid.
An fear gorm, deartháir liom
piocann bláth ó gach foraois.
Is dearg iad cosa mo dhearthár
ar nós rósanna.

Ali Sardar Jafri




2022-10-15

Máthair

Conas a d'inseoinn duit
faoin Máthair?
An ar nós na gréine atá sí
ar imeall na camhaoire
agus tine ina broinn?

Conas a chanfainn duit
moltaí na Máthar?
Chomh milis le neachtar na ndéithe,
bronnann sí ormsa grástúlacht na súl
nach súile baintrí iad.

Agus cad d'fhéadfainnse
a ghlacadh uaithise go deo?
Lán d'atrua
beireann sí orm, fáisceann lena hucht mé,
mo Mháthairse, mo Ambamaya.

P.S. Rege

2022-10-14

An Éidreoir Seo

 An éidreoir seo
         uaireanta ina gealach
         uaireanta ina pailm dhubh
         uaireanta ina bóthar fola
         falla, damba
         splanc thintrí a mhuirníonn
         an sliabh gan stad gan staonadh.
An éidreoir seo
          a athraíonn an gnáthshaol
          ina stoirm fola.
An éidreoir seo
          gan ghrinneall
          sa tost fiú.
Mothúcháin ina gcros
          ardaithe mar ghuaillí
 neamhghéilliúla.
          Alt na gcnámh
          ag éirí scaoilte.
Briseann deora amach as brionglóidí tintrí:
an talamh chomh tirim leis an tsúil.

Sa duibheagán neamhshuaite an tost
           ollmhór.
Shamsher Bahadur Singh





2022-10-13

Haiga le Lidia Rozmus: An Pholainn/ Stáit Aontaithe

 

peannaireacht le Masanobu Hoshikawa
aistriúchán Seapáinise le Ikumi Yoshimura
dúch (sumi) ar pháipéar ríse
2012


séimhe . . .
báisteach ag titim
ar chaonach

2022-10-12

Seaniarsmaí

Dealbh chloiche ina smionagar
Roinnt seanbhonn copair
Seanornáidí d'airgead dubhaithe
Scata árthaí cré-umha briste
Aimsíodh
I ngaineamhlach iad
Agus deir daoine, na céadta bliain ó shin
San áit seo nach bhfuil ach gaineamh anois
Bhí cathair tráth
Agus buaileann smaoineamh mé:
Inniu féin, ag cóisir 
Nó comhthionól
Is an bheirt againn os comhair a chéile
Ar feadh soicind amháin
Ar feadh meandair
Teas do cholainne
Ár súile a d'fhéach ar a chéile trí sheans
An bindiya dearg ort ag lonrú
Siosarnach do chuid éadaigh
Cumhracht do chuid gruaige
Agus uaireanta, go neamhbheartaithe
Bláth beag na teagmhála
Is ansin arís, an gaineamhlach úd gan teorainn
An gaineamhlach inar bhláthaigh
Cathair tráth.

Javed Akhtar

2022-10-11

Caoineadh Kanjka

 Ní bhfuaireamar amach riamh

Bhí réaltaí ag titim as a chéile sa spéir
le cén fhaid, n'fheadar?

Díreach ag an bpointe sin, múchadh réaltbhuíon
ar imeall na cruinne

Bhorr na haigéin
le fuaim longa á mbá.

A gcraiceann fós bog,
nithe beo díreach tagtha amach as an gcré.


Ní bhfuaireamar amach riamh

Sa spéir thuas
reoigh éin i lár eitilte

A mbealach abhaile dearúdta
ag ár sinsir

An catachas stoptha.
Istigh ina lár, brosna tirim ag éirí tais.

Gruaig faoin mblaosc
ag éirí liath.

Ní bhfuaireamar amach riamh

An peann luaidhe greamaithe id' leabhar nótaí
i lár an obair bhaile leathchríochnaithe

'Mira, tar abhaile,
Mira, tar abhaile liom'
a bhí scríofa agat.

Do ghúna scoile ar an gcrochadán
mar ar fhág tú é.

Níor thángthas ar do bhróga
bhíodar ort is tú ag triall ar -  

Ní bhfuaireamar amach riamh

Nuair a tháinig na seangáin
chun do chorp a bhreith leo
bhí a fhios againn go raibh an tAm tagtha.

Gagan Gill






2022-10-10

An Chamhaoir sa Gheimhreadh

Díreach dóthain solais
a léireodh an dorchadas.
Díreach dóthain báistí
chun fuaim a thabhairt don tost.
Díreach dóthain arrainge a mheabhródh dom
go bhfuil dearmad déanta agam,
tá dearmad déanta agam.
Agyeya

New Poetry in Hindi: Nayi Kavita: An Anthology
Page 21. Dawn in Winter

2022-10-09

poipín / poppy

 

Íomha Jason Symes

poipín . . .
cruth créachta
nach leigheasfar go deo

a poppy  . . .
shape of a wound
that never can heal

2022-10-08

Tairiscint

Ól uisce fuar as an gcuisneoir
ith arán atá ar maos in im léirghlanta
codail ar an leaba bhán
cuir siamsaíocht ar fáil duit féin leis an teilifís,
a Dhia, tar lá éigin go dtí mo thighse
tar is téir i bhfolach
im' thighse lá éigin
Mohammad Alvi





2022-10-07

Duais Bashō

Féach anseo
Foirm iontrála 

Bás na hEilifinte Bradaí

 
Nuair a chualathas búir dheireanach
na heilifinte bradaí os cionn dhúshraith
na dtithe leath-thógtha, ar seisean leis féin:

An gar dom nó i gcéin í an fhoraois?
Smál ar an tráthnóna iad dorchadas
is uaigneas na foraoise dlúithe:
ach, scaipthe máguaird
tá an ardchathair neamhchríochnaithe.

Is folamh iad na sráideanna -
nach leathan is nach fada iad
trasna ar a chéile gan stad
gan de thithe ann ach an dúshraith
a shíneann chun na síoraíochta
cuimhne ar an bhfarraige áit éigin

Búir dheireanach na heilifinte bradaí
a leagann piléar é
búir a imíonn go mall sa tost
duibhe an chlapsholais
agus an dobrón sniogtha aige
chomh maith le fuil spéir an tráthnóna

Mise amháin  . . .
mise amháin atá ag siúl
n'fheadar cad ina thaobh
thar bhallaí neamhchríochnaithe na dtithe seo.

N. N. Kakkad

2022-10-06

An Mhuir

Tá an t-aigéan feicthe agam
Sular shimpligh déithe is deamhain é.

Tá uisce feicthe agam
Lasta ag tine pholach faoi thoinn.
Is ionann tine agus taise.
Bheith dóite is bheith báite is ionann.

Nuair a tháinig mé amach as an muir
Ní raibh péarla ar bith im' lámh agam.
Ní tumadóir mé.
Is file mé.
I mo shúile atá gach a bhfuil ann.

Sitanshu Yashaschandra

2022-10-04

Graifítí an Lae

Is mian liom scrios a dhéanamh ar an uile ní a dhéanann sclábhaí díom, a thuirsíonn mé agus a mhúchann mo mhianta; is mian liom iad go léir a fhágáil i mo dhiaidh mar chorpáin.

— Armando Diluvi

2022-10-03

Graifítí an Lae

Ní mian le hainrialaithe cumhacht a chur ar ceal ach í a leathadh, go hidéalach í a dháileadh go cothrom.

2022-10-02

Graifítí an Lae


Dúisíonn pictiúr cáiliúil Edvard Munch An Scréach rud éigin ionam a bhraithim deich n-uaire sa ló
.

 Raoul Vaneigem


2022-10-01

Smaoineamh an Lae

Ní veigeatóir mé ar mhaithe le mo shláinte ach ar mhaithe le sláinte na sicíní.
Isaac Bashevis Singer