2022-10-11

Caoineadh Kanjka

 Ní bhfuaireamar amach riamh

Bhí réaltaí ag titim as a chéile sa spéir
le cén fhaid, n'fheadar?

Díreach ag an bpointe sin, múchadh réaltbhuíon
ar imeall na cruinne

Bhorr na haigéin
le fuaim longa á mbá.

A gcraiceann fós bog,
nithe beo díreach tagtha amach as an gcré.


Ní bhfuaireamar amach riamh

Sa spéir thuas
reoigh éin i lár eitilte

A mbealach abhaile dearúdta
ag ár sinsir

An catachas stoptha.
Istigh ina lár, brosna tirim ag éirí tais.

Gruaig faoin mblaosc
ag éirí liath.

Ní bhfuaireamar amach riamh

An peann luaidhe greamaithe id' leabhar nótaí
i lár an obair bhaile leathchríochnaithe

'Mira, tar abhaile,
Mira, tar abhaile liom'
a bhí scríofa agat.

Do ghúna scoile ar an gcrochadán
mar ar fhág tú é.

Níor thángthas ar do bhróga
bhíodar ort is tú ag triall ar -  

Ní bhfuaireamar amach riamh

Nuair a tháinig na seangáin
chun do chorp a bhreith leo
bhí a fhios againn go raibh an tAm tagtha.

Gagan Gill