2022-10-12

Seaniarsmaí

Dealbh chloiche ina smionagar
Roinnt seanbhonn copair
Seanornáidí d'airgead dubhaithe
Scata árthaí cré-umha briste
Aimsíodh
I ngaineamhlach iad
Agus deir daoine, na céadta bliain ó shin
San áit seo nach bhfuil ach gaineamh anois
Bhí cathair tráth
Agus buaileann smaoineamh mé:
Inniu féin, ag cóisir 
Nó comhthionól
Is an bheirt againn os comhair a chéile
Ar feadh soicind amháin
Ar feadh meandair
Teas do cholainne
Ár súile a d'fhéach ar a chéile trí sheans
An bindiya dearg ort ag lonrú
Siosarnach do chuid éadaigh
Cumhracht do chuid gruaige
Agus uaireanta, go neamhbheartaithe
Bláth beag na teagmhála
Is ansin arís, an gaineamhlach úd gan teorainn
An gaineamhlach inar bhláthaigh
Cathair tráth.

Javed Akhtar