2023-07-31

Balla an Olagóin

     Ealaín: Jean-Léon Gérôme


Tá balla thall in Iarúsailéim
Iarúsailéim, Iarúsailéim
Tá balla thall in Iarúsailéim
Balla an Olagóin

Tá balla thall in Iarúsailéim
Iarúsailéim, Iarúsailéim
Tá balla thall in Iarúsailéim
Balla an Bhróin

Tá balla thall in Iarúsailéim
Iarúsailéim, Iarúsailéim
Tá balla thall in Iarúsailéim
Och och ochón!

2023-07-30

Ainmhithe a d’Fhág Naoi ina Dhiaidh (agus cúis mhaith aige, b’fhéidir)

              Ealaín: Herbert Crowley

Níor thug sé leis san Áirc iad:
An múidílín
An scrúidílín
An dúidilín
An snúidilín
An brúidilín
An crúidilín
An flúidilín
Ná an grúidilín

Níor thug sé leis san Áirc iad!
An zúidilín
An lúidilín
An núidilín
An úidilín
An húidilín
An splúidilín
An túidilín
Ná an rúidilín

Níor thug sé leis san Áirc iad!

 

           

2023-07-29

ceol na sióg

        Jerry Katz 

níor chuala
ach cailín amháin sa sráidbhaile é . . .
ceol na sióg

'twas heard
by only one girl in the village  . . .
fairy music

  auzită doar
  de o fată din sat 
  muzică de vis  
             Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob
 

2023-07-28

Tar i leith is eitil liom!

             Edmund Dulac 

Aon dó
Capall is bó
Trí ceathair
Sciathán leathair
Cúig sé
Suas sa spéir
Seacht ocht
Eitleoidh mé anocht
Naoi deich
Seo linn, tar i leith!

2023-07-27

haiku

Tá lúcháir leis
san uaigneas
tráthnóna fómhair


in laneliness
thair's blitheness an aw
a hairst eenin

    Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2023-07-26

Annual INDIAN – IRISH Evening of POETRY, MUSIC & SONG

 The Annual INDIAN – IRISH Evening of POETRY, MUSIC  & SONG 

Saturday  29th  July 2023 

the Eblana Club,  3 Eblana Avenue, Dún Laoghaire. 

 

The world-renowned Tabla player, DEBAJYOTI SANYAL (DEBU) is on a short visit to Ireland and will be joined by some Irish-based musicians, singers and poets including SUDIPTO DAS, DES GERAGHTY,  YAMEEMA MITHA and GABRIEL ROSENSTOCK. 

Doors open 7.30p.m. 

To reserve your seat(s) email:

 eblanaclub@gmail.com 

or info@eblanaforum.com


Muca

            Ealaín: Leonard Leslie Brooke


‘An muca nó daoine sinn, a Mhamaí?
Is ar dhá chos atáimid ag siúl!’

 ‘Ó, déarfainn gur daoine sibh,’ arsa Mamaí,
‘Caithfidh mé sibh a thabhairt go dtí an táilliúr!

Beidh stocaí uaibh freisin agus bróga,
Cúpla léine agus cúpla ciarsúr,

Agus beidh oraibh Béarla a fhoghlaim –
Teanga an dreama atá i gcumhacht!’

2023-07-23

An Gruagach

Arthur Rackham 


Is mise an Gruagach
Ó Chontae Chorcaí
Tá cónaí ormsa
ar bhruacha na Laoi
Tugaimse cuairt
ar Bhaile Átha Cliath
Agus scanraím na madraí ann
agus na páistí. 

2023-07-22

uiscí /waters

Jerry Katz 

sular ghluais an Spiorad 
os cionn na n-uiscí . . .
cad a bhí ann?


before Her Spirit
moved over the waters  . . .
what was there?
 
και πριν το Πνεύμα
επάνω του ύδατος . . .
εδώ τι ήταν;

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise
 

2023-07-21

Laoi an Fholúis / Song of the void

Jerry Katz 

má chloistear uair amháin í
fanfaidh sí leat  . . .
Laoi an Fholúis

once heard
it remains with you  . . .
the Song of the Void
          

άπαξ κι ακουστεί
μένει μαζί σου...
το Τραγούδι του Κενού

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise 

2023-07-19

caimiléireacht / corruption


Ainneoin na caimiléireachta 
an ghrian ag taitneamh 
os cionn Bhleá Cliath 

in spite of corruption 
the sun shines 
over all of Dublin 

2023-07-17

haiku

Boris Kustodiev

deora an teidí
triomaithe aige . . .
buachaill ar tugadh drochíde dó

he has wiped
the teddy's tears away . . .
abused child

 a șters lacrima 
ursulețului de pluș. . .
copil abuzat
                               
Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob


2023-07-16

Aoire

              Cornelis Albert van Assendelft




Bhí Uncail Toby ina aoire, tráth,
'Bodhar a bhíos ag an má-má-má!'

Má-má-má, maidin is tráthnóna:
'Bhíos bodhar ar fad acu!' arsa Uncail Toby.

2023-07-15

Loch Matheson

Ron Rosenstock 

cuimhní glanta
     go deo . . .
     beanna sa loch

     memories
     erased for good . . .
    mountain peaks in a lake

     amintiri
    iremediabil șterse . . .
   piscuri într-un lac


Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2023-07-14

Bastille

(Roger-Viollet Agency)

A bilingual limerick for Bastille Day by Limerick bilingualist Gabriel Rosenstock


Come out now, come out one and all:
To tyrants no longer in thrall!
            Your leg give a shake
             For Liberty's sake -
Come out now for Bastille Day Ball!
                       ~
Seo linn le haghaidh Lá an Bastille
Taispeánaimis dóibh ár gcuid stíl'
           An tSaoirse go deo
           Fad a mhairfimid beo
Ó Bhleá Cliath go sean-Ros a' Mhíl!
 

2023-07-13

saolta

Ron Rosenstock 

saolta
  roimhe seo
    ag cúlú


past
   lives
     receding

vieți 
  anterioare
    estompîndu-se

 Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2023-07-12

Claus Clamhsánaí


 TÁ AN DRAGAN ARAIS! 
Bígí linn chun an leagan Gaeilge de ”Gringer the Whinger” a cheiliúradh! 

Dé Céadaoin 26 Iúil 2023 
6.15 pm go 7.45 pm 
Leabharlann Shráid an Phiarsaigh,
144 Sráid an Phiarsaigh, 
D02 HE37 

RSVP: info@goldenkey.ie

2023-07-11

Senryu

Íomhá : Jason Symes 


Bhí smaoineamh 
ann uair amháin... 
cá dtosnóm?


2023-07-10

thirst / tart


rud millteach 
ar fad é 
tart na leipreachán 

it's a terrible, terrible thing 
the thirst 
of leprechauns 

Photo: Jason Symes
Haiku: Zen Monk Tanuki (aka GR) 

2023-07-09

Éisc / fish



fish are attracted to him
as well . . .
Lord Buddha

meallann sé
na héisc chomh maith . . .
an Tiarna Búda

peștii, și ei
cad pradă atracției. . .  
Buddha, Domnul

Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2023-07-08

Parthas / paradise

Ron Rosenstock 

ever destroying
and ever recreating itself . . .
this paradise

á scriosadh féin
is á athchruthú féin de shíor . . .
an parthas seo 
    
iar se distruge
și iar se reface. . .  
acest paradis

Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2023-07-07

midnight sun / grian an mheánoíche

William Bradford 

nuair nach mbraithim thú
nó do láithreacht ionam
ag feitheamh a bhím
         le ní éigin thar m'eolas
         grian órga an mheán oíche


when i can't sense You
or feel Your presence in me
it's like i'm waiting
    for something beyond my ken
    pining for the midnight sun

cînd nu Te bănuiesc
nici nu Te simt în mine
e ca și cum aștept
    o taină a tainelor
     un soare-n miez de noapte

Leagan Rómáinise Olimpia Iacob 

2023-07-06

duilleoga /leaves



duilleoga ag titim
gan stad - ná bíodh deifir ort
i gcónaí



frunze căzînd
fără-ncetare- prea mult
prea mult vă grăbiți  

Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob



2023-07-05

bláth / blossom

Victor Borisov Musatov 

gan choinne, gan fhios
go ciúin agus thar oíche
is neamhspleách orainn
        gan fógra ar bith a dhéanamh
        tá na crainn go léir faoi bhláth


before we know it
silently and overnight
and all by their own
     without any announcement
     blossoms blossoms everywhere

2023-07-04

coinneal /candle


lasfainn duitse í
coinneal phinc Henri Rousseau
is duairc neamhlasta í
    oíche ná beadh gealach ann
    bhronnfainn uirthi lasair gheal 

i'd light it for You
Henri Rousseau's pink candle
it looks sad unlit
    on a night without a moon
    i'd give it the gift of flame


lumînare roz
pentru Tine aș aprinde-o
tristă pare stinsă
    în noaptea făr’ de lună
    darul flăcării i-aș da   

                  (Leagan Rómainise: Olimpia Iacob)

 

2023-07-03

brionglóid / dream

Hatip Mehmed Efendi

an bhrionglóid chéanna
im' dhúiseacht dom nó fá shuan
brionglóid gan deireadh
     seasann tusa lasmuigh di
     is ann duit ach fós ní hann


it is the same dream
with eyes open or eyes closed
and it never ends
   You stand outside of my dream
   there all the while yet not there

același vis e  
cu ochii deschiși ori închiși
dar nu se curmă
     dincolo de vis ești Tu
      acolo și totuși nu

Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob



2023-07-02

clapsholas

Willem Witsen

clapsholas arís
i ndamhsa na gcruthanna
a léiríonn do chruth
            atá gan chló, a thaisce
            tine ghealáin, sin uile

          
once more the twilight
dances itself into shapes
mirroring Your form
           which i know to be formless
           a will-o-the-wisp, that's all

din nou dansează 
în fel și chip amurgul 
ivindu-Ți forma
    nedeslușită, știu
    lumini înșelătoare

Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2023-07-01

Duilleoga / Leaves


cuimhnigh  orthu, a dhuilleoga! 
iad siúd a dódh 
ag an stáca 

leaves, remember them 
all those who burned 
at the stake