Gal tógtha ag an am, cuirtear í id’ bhéal, Ag tarrac ar do mhéar, is ansin méar eile, is ansin an ghal An falla ag glaoch ar fhalla, moillíonn sé, an chuimhne mall, Óhó ó, féinmharfóir rac ’n ról thú
Róshean lena chailliúint, ró-óg le roghnú Is feitheamh fada an chloig ar an amhrán Siúlann tú thar chaife, ach ní íosfá toisc tú bheith róshean Ó ó go deo, féinmharfóir rac ’n ról thú
Drannann coscáin Chev, i ndiaidh do mhullaigh trasna an róid Abhaile leat ansin, an ghrian ina rós Ná lig don ghrian isteach id’ scáil An flóta bainne i do mheon Tá tú nádúrtha, an croí ionat ag feo
Ó, a ghrá! Níl tú leat féin Ag faire ort féin, ach ní mar is cóir Is tá do cheann curth’ in aimhréidh Dá bhféadfainn tú a chasadh im threo
Ó, a ghrá! Níl tú leat féin Is cuma cé nó cad a bhís Is cuma cad a chonaicís Gach aon scian isteach i d’inchinn á sá Is eol dom é, cabhródsa leat led’ chrá Níl tú leat féin Bíodh leathar againn, ní bheidh tú leat féin Fíor-chraiceann againn, ní bheidh tú leat féin Tabhair dom do lámh’, tá tú go hiontach Tabhair dom do lámh’, tá tú go hiontach Ó tabhair dom do lámh’.
Rock 'N Roll Suicide
Time takes a cigarette, puts it in your mouth You pull on your finger, then another finger, then your cigarette The wall to wall is calling, it lingers, then you forget Ohhh, you're a rock 'n' roll suicide
You're too old to lose it, too young to choose it And the clock waits so patiently on your song You walk past a cafe but you don't eat when you've lived too long Oh, no, no, no, you're a rock 'n' roll suicide
Chev brakes are snarling as you stumble across the road But the day breaks instead so you hurry home Don't let the sun blast your shadow Don't let the milk float ride your mind You're so natural, religiously unkind
Oh no love! You're not alone You're watching yourself but you're too unfair You got your head all tangled up But if I could only make you care
Oh no love! You're not alone No matter what or who you've been No matter when or where you've seen All the knives seem to lacerate your brain I've had my share, I'll help you with the pain You're not alone
Just turn on with me and you're not alone Let's turn on with me and you're not alone Gimme your hands 'cause you're wonderful Gimme your hands 'cause you're wonderful Oh gimme your hands
An aon ionadh leat iad Mar fhuaim is mar fhís Gorm, gorm, aibhléis-ghorm Sin é dath mo sheomra Im' chónaí ann Gorm, gorm
Dallóg’ síos don lá Faic le déanamh, tada le rá Gorm, gorm
Is suífidh mé síos Ag feitheamh leis an mbua fuaim’ is fís’ Is canfaidh mé, ag feitheamh leis an mbua fuaim’ is fís’, Ar fán isteach san uaigneas dom ‘tá os mo chionn An aon ionadh leat iad Mar fhuaim is mar fhís
Tá an diúc tanaí bán ar ais, dairteanna i súil’ leannán Táimid ann sa mhóimint dhraíochtach seo Sin é an stuif as a bhfitear brionglóidí Fuaim i lúb ’Dreideáil an aigéin, caillte im’ chiorcal, Táimse ann Níl dath ag lonrú, sa seomra ard, is tá radharc ar an aigéan Táimid ann sa ghluaiseacht dhraíochtach seo ó Cheitear go Málcút Tá tú ann Ag tiomáint mar dheamhan ó stáisiún go stáisiún
Tá an diúc tanaí bán ar ais, dairteanna i súil’ leannán Tá an diúc tanaí bán ar ais, dairteanna i súil’ leannán Tá an diúc tanaí bán ar ais, cinnteoidh gach smál bán
Tráth do bhí sléibhte ar shléibhte Is tráth bhí éin ghréine ag guairdeall Bhí tráth ann nach bhféadfainn bheith thíos Lean leis an tóraíocht i gcónaí Is ó, cén rud a gcreidfidh mé ann is cé tá mar nasc leis an ngrá? N’fheadar cé n’fheadar cé is cathain ’Raibh tú sa tóir ar an ór ag éalú Sláinte na bhfear ’tá ’na sciatha geal’ dúinn Ól ól, ól na dí Bí á diurnú. Ní fo-iarmhairtí é ag an gcócaen Mo thuairimse: sé seo an grá Ródhéanach le haghaidh buíochais Ródhéanach bheith ródhéanach féin Ródhéanach le bheith nimhneach Canóin mhór na hEorpa i dtír An bhfuilim buailte is go dona Bhfuil solas ait ag teacht óm ghnúis? Ródhéanach le haghaidh buíochais Ródhéanach bheith ródhéanach féin Ródhéanach le bheith nimhneach Canóin mhór na hEorpa i dtír
'Dá ísle a bhraitheann an duine is ea is cóngaraí dá nádúr féin é agus don Chruthaitheoir' (An Talmúd)
Tá an dán seo i bhfíseán de chuid Bowie ó luaith go luaith (nó d’fhéadfadh a bheith) físeán mílítheach seinn siar duit féin é theastódh cócaon a dó a trí labhair i nguth domhain nó i nglór cailín is tú ar snámh i ndú-uiscí d’anama spotsolas ort sa chúinne cois na mara duibhe
Athchruthaigh tú féin de shíor nach saghas caimileoin é Dia is bróga dearga air/ uirthi rincimis san Astráil le Bundúchasach cosnochta nó le Síneach lomnocht ag damhsa ar na sráideanna laoch aon lae
Níorbh é Bowie in aon chor é ach David Jones mac spioradálta Little Richard tonn rac’nról á rialú ón spás ag an ngealach smideadh na gealaí sméideadh na gealaí is na míme smideadh taobh istigh amuigh is na hamharclannaíochta Noh gach smaoineamh ina mhana gach mana ina mhantra domhan eile is ea Briostó domhan eile is ea an domhan seo spéaclaí gréine air spéaclaí gealaí gealach eile is ea an ghealach grian eile is ea an ghrian duine eile is ea tusa blianta eile ab ea na seascaidí scréacha eile éadaí eile drugaí eile caidrimh eile albaim eile ilphearsantachtaí ag éalú uathu féin mar aon fhéileacán amháin is beoldath air ziggímé ziggítú ziggísé sí ziggísinn ziggísibh ziggísiad ziggímis ziggífréinia féinchanablacht i bpunc i bhfunc junc Nua-Eabhrac Beirlín ja na hochtóidí ja cá bhfuil mo mhasc mo lucht éisteachta mo lucht féachana mo ról fan! tá plean i bhfad níos fearr agam i ndeireadh na dála níl ann ach ceol
Na nóchaidí eagla deir gach éinne ‘haigh’
Mo chuid fabhraí áille!
Tá sé in am an bás a fhoghlaim an bás a chleachtadh an bás a chanadh an bás a léiriú – beo
Thall i mbailtín úd Ormen, thall i mbailtín úd Ormen Coinneal aonair ina seasamh, á, á, á, á Is istigh ina croílár, is istigh ina croílár Do shúil’. Is ar lá a gcur chun báis, is ar lá a gcur chun báis Mná ag gáire, ar a nglúin’, á, á. á, á Is istigh ina chroílár, is istigh ina chroílár Do shúil’ Do shúil’. A á á Á a á Thall i mbailtín úd Ormen, thall i mbailtín úd Ormen Coinneal aonair ina seasamh, á, á, á, á Is istigh ina croílár, is istigh ina croílár Do shúil’ Do shúil’
Tharla eachtra nuair a cailleadh é D’ardaigh spiorad de mhéadar is sheas ‘leataobh Duine eile a thóg a áit, ba chalma a éamh: (Táim im’ dhúréalt, táim im’ dhúréalt)
An dtiteann aingil an t-am ar fad Is cad é líon na mbréag, in áit labhairt amach os ard? Ar thalamh naofa ‘shiúil, is lig liú isteach sa slua (Táim im’ dhúréalt, táim im dhúréalt, seachas drongadóir)
Ní déarfad cén fáth (táim im dhúréalt) Tar liomsa anois (ní réalt scannán mé) Táimse id’ thionlacaí (táim im’ dhúréalt) Beir leat do phas, do bhróg’ (nílim im’ phopréalt) Is do thámacháin, bú (táim im dhúréalt) Gal soip atá ionat (nílim im’ Marvel-réalt) Mé an mé féin mór (táim im’ dhúréalt)
Táim im’ dhúréalt, an-ard, ó, ‘stóirín, táim sa ghéim Feicim dubh is bán le lán mo chroí i bpéin Tá fiolair uaim i m’aisling, diamaint i mo shúil’ (Táim im’ dhúréalt, táim im’ dhúréalt)
Tharla eachtra nuair a cailleadh é D’ardaigh spiorad de mhéadar is sheas ‘leataobh Duine eile a thóg a áit, ba chalma a éamh: (Táim im’ dhúréalt, taim im’ réalt-réalt, táim im’ dhúréalt)
Ní déarfad cén fáth (ní drongadóir mé) Ach neosfad duit an tslí (nílim im’ flam-réalt) Saolaíodh sinn bunoscionn (táim im’ réalt-réalt) Saolaíodh ciotach mé (nílim im’ bhán-réalt) (Táim im’ dhúréalt Ní drongadóir mé Táim im dhúréalt, táim im’ dhúréalt Nílim im phorn-réalt, agus ní réalt ar fán mé) Táim im’ dhúréalt, táim im’ dhúréalt
Thall i mbailtín úd Ormen coinneal aonair ina seasamh, á, á, á, á Is istigh ina croílár do shúil’. Is ar lá a gcur chun báis, mná ag gáire, ar a nglúin’, á, á. á, á Is istigh ina chroílár, do shúil, do shúil’. A, á, á.
Féach, an tsúil nach glas D’fhéadfainn stánadh ‘feadh míle bliain, Fuaire ná an ré, Bhuel, is fada a bhí
Braith an fíoch san fhuil Tá eagla orm go gcaillfinn thú ‘Eol duit cé mé féin, Bhuel, is fada a bhís
Is tá tine agam á múchadh le gásailín Féach, an tsúil nach dearg Dufair ‘tá ‘na lasair gheal Is má bhím ‘na ngaobhar Tarraingíonn siad na dallóg’ Is fada a bhí
Cuislíonn fós an oích’ An buille croí is plá é Fan liom féin go ciúin Ach ní chreidfeadh sé ‘leath dár ghabhas-sa tríd Is fada a bhís, Bhuel, is fada a bhí
Tá tine agam á múchadh le gásailín Tine agam á múchadh Le gásailín
Féach, na deora nach gorm An croí síoraí is gan leigheas ar fáil Ní thriomóidh an deoir Breithiúnas ceart beidh ann go brách.
Féach, an tsúil nach glas D’fhéadfainn stánadh ‘feadh míle bliain, Fan liom féin go ciúin Ní chreidfeá a leath dár ghabhas-sa tríd Bhuel, is fada a bhís Is fada a bhí Is tá tine agam á múchadh le gásailín Tine á múchadh le gásailín Tine á múch’ Tine againn á múch’ Bhuel, is fada a bhí, go deo go deo Sea is fada a bhí, go deo go deo Tá tine agam á múch’ (is fada a bhí, go deo, go deo) Tá tine agam á múch’ (is fada a bhí, go deo, go deo) Yé, yé, tine á múch’ (fada a bhí, go deo, go deo) Tine agam á múch’ (fada a bhí, go deo, go deo) Yé, tine á múch’(fada a bhí, go deo, go deo) Tine á múch’ (fada a bhí, go deo, go deo) Is fada a bhí (fada a bhí, go deo, go deo) Is fada a bhí (fada a bhí, go deo, go deo) Tine agam á múchadh (fada a bhí, go deo, go deo)
An cuimhin leatsa seans an leaid a bhí San amhrán úd fadó Do chuala ráfla ó Ground Control Ó bhó, an fíor an scéal
Do fuair siad tuairisc ó The Action Man “Táim sona. Tá tú sona leis? Le grá. Ní raibh uaim ach: grá. Sonraí lofa chughaibh ar ball”
Tá screadaíl an fholúis dom’ mharúsa Cailíní ón tSeapáin ina sintéis Is gan aon phingin rua ’gam, is gan aon ribe gruaig’ Mé ar tí éirí as ach tá’n pláinéad ag lonrú
Luaith go luaith, func go funcaí Major Tom bocht ina juncaí Lastall dá bhfuil sa spéir Íseal ar fad, mo leo!
Á rá im’ chluais, ar mé liom féin: Beidh mé glan anocht Ach tá roithíní glas’ do mo shíorleanúint Ó bhó, ní arís.
Mé sáite le cara ionúin “Táim sona. Tá tú sona, leis?” Is feicim scal Ach níl gal ó ghunnán
Níor dheineas dea-ghníomhartha Níor dheineas drochghníomhartha Níor dheineas-sa gníomhartha gan ullmhú Tua uaim le haghaidh an oighir Caithfidh mé teacht anuas.
Luaith go luaith, func go funcaí Major Tom bocht ina juncaí Lastall dá bhfuil sa spéir Íseal ar fad, mo leo!
Sé dúirt mo Mham: “Ó bharr go bun Is fearr fanacht glan ar Mhajor Tom.”
Do you remember a guy that's been In such an early song I've heard a rumour from Ground Control Oh no, don't say it's true
They got a message from the Action Man "I'm happy. Hope you're happy, too. I've loved. All I've needed: love. Sordid details following."
The shrieking of nothing is killing me Just pictures of Jap girls in synthesis And I ain't got no money and I ain't got no hair But I'm hoping to kick but the planet is glowing
Ashes to ashes, funk to funky We know Major Tom's a junkie Strung out in heaven's high Hitting an all-time low
Time and again I tell myself I'll stay clean tonight But the little green wheels are following me Oh, no, not again
I'm stuck with a valuable friend "I'm happy. Hope you're happy, too." One flash of light But no smoking pistol
I never done good things I never done bad things I never did anything out of the blue, Want an axe to break the ice Wanna come down right now
Ashes to ashes, funk to funky We know Major Tom's a junkie Strung out in heaven's high Hitting an all-time low
My mama said, "To get things done You'd better not mess with Major Tom."
‘Guailleáil tríd an margadh A liacht sin máthair ag caoineadh Bhí an Nuacht á craoladh Níl againn ach cúig bliana Ghoil sé is é á fhógairt Bhí an Domhan á ídiú Chaoin sé is bhí a ghruanna fliuch Is bhí fhios agam go mb’fhíor dhó Chuala teileafóin, ceoldrámaí, foinn a thaitin liom tráth Buachaillí, féiríní agus teilifíseáin.
Mo cheann mar sheomra stórais Is é ag cur thar maoil A liacht sin rud le pulcadh ann Chun go mbeadh gach aon ní slán Is na daoine a bhí sách-sheang Is daoine a bhí beag-ard Is na daoine nárbh éinne iad Is daoine – daoine éigin iad – Níor thuigeas riamh go mbeadh gá agam le daoine.
Chuaigh déagóirín glan as a meabhair Bhuail sí leanaí óga Murach gur tháinig blaic i gcabhair Do bheidís marbh leoga Saighdiúir agus géag leis leonta ’Stánadh leis ar rothaí móra Cadillac D’fheac muc glúin is phóg sé cosa sagairt Is chuir sé sin cigire ag aiseag. Chonaic mé uaim thú i mboth uachtair reoite Creatháin bhainne á n-ól go réidh ‘Gáire is 'sméideadh, ba ghleoite a bhís Bheifeá san amhrán gan fhios duit féin Bhí sé fliuch is bhí sé fuar Is do bhraith mé mar aisteoir Is chuimhníos ar Ma Agus theastaigh uaim dul siar ann. Do ghnúis, a ghrá is do leagan siúil Seo póg duit, is álainn thú, is bí liom, a rún. Gan ach cúig blian’, sáite im’ shúil’,
Cúig blian’, sin an scéal nua, Cúig blian’, tá pian i mo cheann Cúig blian’, sin a bhfuil ann Gan ach cúig blian’, sin an scéal nua, Cúig blian’, sáite im’ shúil, Gan ach cúig blian’, tá pian i mo cheann, Cúig blian’, sin a bhfuil ann.