2021-05-31

2021-05-30

Céad Slán Leis an Oíche Aréir

Céad Slán Leis an Oíche Aréir

Cén áit ab ea é sin
an áit úd aréir,
bhí cách ag rince
ina ngealta grá san áit úd aréir.

Ba chufróga iad, sióga rósleicneacha,
áilleacht thar na bearta ar fad
san áit úd aréir

Thug sí cluas do m'iomaitheoirí
ba ghrástúil í, bhí eagla ormsa mo bhéal
a oscailt, ba dheacair
siolla a rá san áit úd aréir.

A Khusrow, bhí Dia féin i lár na cuilithe
agus Mahamad mar lóchrann grásta
ag an gcéilí mire úd
áit éigin aréir!

Amir Khusrow Dehlavi (1253 -1325)

Last Night

Where was that place?
Where were we last night?
The whole company dancing
out of their minds with love

Cypresses they were, forest nymphs,
cheeks of roses, exquisite,
last night (wherever it was)

She listened to all my rivals
a paragon of grace, I was afraid
to open my mouth
last night, struck dumb I was

Khusrow, God Himself graced that company
and Muhammad was a torch of Grace
at that mad joyous céilí
that happened somewhere last night

2021-05-29

Santoka

 




ábhairín súgach -
titeann duilleoga
ina gceann is ina gceann

2021-05-28

Níl Teanga ar Bith Ann

Níl Teanga ar Bith Ann

Níl teanga ar bith in ann
buíochas a ghabháil Leatsa.
Níl teorainn ar bith
le haigéan do chuid tíolacthaí!
Treoraigh sinn, a Thiarna
ar an gconair is fearr amuigh!

Sheikh Abdullah Ansari de Herat (1006 - 88)

No Tongue

No tongue, Lord, has been fashioned
To express our thanks
No limits are there to the ocean
of  blessings you grant!
Guide us, we beseech You
on the best of paths!

2021-05-27

Buson

 




gearroíche shamhraidh  . ..
ar snámh sa ghiolcach
boilgeoga na bportán

ahuhurberɛ anadwo tiawa
nkɔtɔ ahomeguo hyita nsutene
a ɛnam wra mu

Leagan Tíbhise: Adjei Agyei-Baah

2021-05-26

Sa Sráidbhaile [Im Dorfe]

 


Sa Sráidbhaile

Na madraí ag tafann, is gliogar na slabhraí
Is daoine ina gcodladh faoina gcuid braillín',
Brionglóidí breátha, faoi shaol gan imní,
Suáilcí uile is duáilcí tríothu
An lá dár gcionn beidh gach aon rud leáite.
Sea mhuis, bhí a bpáirt acusan sa dráma.
Súil acu, go mbeidh rud éigin nua dóibh
Féirín a bheadh fágtha faoi bhun an philiúir dóibh.

Ruaigigí mé, a mhadraí in bhur ndúiseacht
Ná tugaigí scith dom in am an tsuaimhnis!
Tá deireadh agamsa leis an mbrionglóideach
Ná bíodh baint agam le codlatóirí!

2021-05-25

Gibran: Lúcháir agus Buairt


 Is é is lúcháir ann ná do bhuairt is an masc bainte di.
An tobar céanna as a n-éiríonn do gháire, nach minic líonta le deora é.
Ní fhéadfadh sé a bheith ar aon slí eile.
Dá dhoimhne a ghearrann an bhuairt sin ionat is ea is mó slí a bheidh ann don lúcháir.
An corn ina mbíonn an fíon agat nach é an corn céanna é a dódh in oigheann an photaire?
Agus an liúit a shuaimhníonn d’anam, nach den adhmad céanna é a ghearr an scian?
Nuair a bhíonn lúcháir ort, breathnaigh go domhain isteach i do chroí agus feicfidh tú gurb é fáth do bhuartha é fáth do lúcháire.
Nuair a bhíonn buairt ort, breathnaigh isteach i do chroí arís, agus feicfidh tú le fírinne gurb é fáth do lúcháire atá á chaoineadh agat.

Deir cuid agaibh, ‘Is mó ná an bhuairt í an lúcháir,’ agus deir a thuilleadh agaibh, ‘Ní hea, is mó í an bhuairt.’
Ach deirimse libh gur doscartha atá siad.
Le chéile a thagann siad, agus má shuíonn ceann acu  leis féin chun boird leat, tá an ceann eile ina luí ar do leaba.

Go deimhin, ar crochadh ar nós scálaí atá tú idir an bhuairt agus an lúcháir.
Ní go dtí go mbíonn tú folamh a bheidh tú socair cothrom.
Nuair a ardóidh an cisteoir thú chun an t-ór is an t-airgead a mheá, ag titim nó ag éirí a bheidh do bhuairt nó do lúcháir.

2021-05-20

Buson

ahuhurberɛ anadwo tiawa
nkɔtɔ ahomeguo hyita nsutene
a ɛnam wra mu

Leagan Tíbhise: Adjei-Agyei-Baah

gearroíche shamhraidh . ..
ar snámh sa ghiolcach
boilgeoga na bportán

2021-05-19

Boris Gregoriev

Boris Gregoriev, Bean ag léamh
go raibh gach siolla
ina chaor fíniúna duit
satail ar gach caor
        déan fíon luachmhar, a thaisce
        le hól ag mo shochraid
let each syllable
turn into a grape for You
tread upon each one
        make a precious wine from them
        to drink at my funeral

2021-05-18

Einsamkeit / Uaigneas [Winterreise]

Einsamkeit

Wie eine trübe Wolke
Durch heitre Lüfte geht,
Wenn in der Tanne Wipfel
Ein mattes Lüftchen weht:
So zieh’ ich meine Strasse
Dahin mit trägem Fuss,
Durch helles, frohes Leben,
Einsam und ohne Gruss.
Ach, dass die Luft so ruhig!
Ach, dass die Welt so licht!
Als noch die Stürme tobten,
War ich so elend nicht.

Uaigneas

Mar scamall dorcha gruama
Ar fán trí spéartha glé,
Is leoithne bhog ag séideadh
Sna giúiseanna ó inné:
Mar sin atá mo chúrsa
Nach trom atá mo shiúl,
Sa saol ’tá lán de ghliondar
Is uaigneach mé monuar.
Uch, tá an domhan ina chalm,
Uch, tá an saol chomh geal
Nuair shéid sé ina spéirling
Níor mhair an bhuairt ach seal.

2021-05-16

Glantóir Sráide

 Glantóir Sráide

"A ghlantóir sráide, tá rud éigin fútsa
a chuireann isteach orm. Ag siúl na sráideanna duit,
an ní nach bhfuil caillte agat á lorg agat.
Ní thiocfaidh tú ar a leithéid sin go deo!"

Freagraíonn an glantóir mé: "Nach ait an diabhal rud é,
mura dtagaim ar an ní nach bhfuil caillte agam
éirím an-suaite ar fad!"

Ní thagtar ar aon ní, ní chailltear aon ní,
ní sa chaint ná sa tost é. Ní hé
seo ná siúd é, ach iad araon.

Attar (c.1145 -1221)


Street Cleaner

"Street cleaner! There's something about you
that I can't figure out. There you go, walking the streets
in search of something you haven't lost.
How are you supposed to find something of that nature?"

The cleaner says: 'It's devilishly odd,
If I can't find what I haven't lost
I become unbelievably upset!"

Nothing is ever found, nothing is ever lost,
it's neither in speech nor in silence. Not one thing
or another. But both.

Cnoic Shíofra/ Sheeffry Hills

Ron Rosenstock
is mistéirí fós iad
le himeacht ama . . .
Cnoic Shíofra
clothing themselves
in more mystery over time . . .
Sheeffry Hills

2021-05-15

Teampaill

brothall . . .
an tráthnóna ar fad caite ag scáileanna
sa teampall


sweltering heat . . .
shadows spend all afternoon
in the temple
ioslamafóibe . . .
níl vacsaín fós
ina haghaidh


islamophobia . . .
there is no known
vaccine
tar, a Chríost!
tá an domhan go léir ina theampall
baincéireachta


Christ! come
the whole world is a temple
of banking

2021-05-14

Suzuki Masajo 1906-2003



níl éalú uaidh
caithfear siúl ar dhuilleoga tite
ar an gcosán seo

that's it  . . .
one must crush fallen leaves
on this path

akwanya nni baabiara
ɛtwa sɛ metia nhaban a aporoguo so
tumi yi kwan 
Leagan Tíbhise: Adjei Agyei-Baah

πεσμένα φύλλα
θα  πρέπει να πατήσω
σ' αυτόν τον δρόμο

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou 

2021-05-13

Gozan

 
an sneachta a thit inné
mar bhlátha silíní
is uisce arís é

το χιόνι που χθες
άνθισε σαν κερασιά
νερό είναι πάλι

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2021-05-12

Buson

 

gealach fhuar
na púróga á mbrath
faoim' bhróga

κρύο φεγγάρι
νιώθω βότσαλα κάτω 
απ' τα παπούτσια

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2021-05-11

Sea-Fever / Fiabhras Farraige


Sea-Fever (1902) le John Masefield, á léamh ag an bhfile.
    

Sea-Fever

I must down to the seas again, to the lonely sea and the sky,
And all I ask is a tall ship and a star to steer her by;
And the wheel's kick and the wind's song and the white sail's shaking,
And a grey mist on the sea's face, and a grey dawn breaking.

I must down to the seas again, for the call of the running tide
Is a wild call and a clear call that may not be denied;
And all I ask is a windy day with the white clouds flying,
And the flung spray and the blown spume, and the sea-gulls crying.

I must down to the seas again, to the vagrant gypsy life,
To the gull's way and the whale's way where the wind's like a whetted knife;
And all I ask is a merry yarn from a laughing fellow-rover,
And quiet sleep and a sweet dream when the long trick's over.

Fiabhras Farraige

Táim ag triall ar an muir arís,  an mhuir uaigneach is an spéir
Is níl uaimse anois ach long ard is í á stiúradh ag réalt;
Is speach an rotha, laoi na gaoithe is crith na seolta bána
Is ceo liath ar aghaidh na mara is an léithe ag láchaint.

Táim ag triall ar an muir arís, mar cloisim rith na taoide
Ina ghlaoch fiáin is ina ghlaoch glé nach féidir dom a shéanadh
Is níl aon ní uaim ach lá mór is néalta bána á sraoilleadh
Is an cáitheadh spréite is an cúr, agus uaillghol na bhfaoileán.

Táim ag triall ar an muir arís, ar shaol na ngiofóg strae
Slí na n-éan is an mhíl mhóir, is an ghaoth ina scian ghéar;
Is níl uaim ach eachtra grinn a chlos ó loingseoir éigin súgach
Is suan sámh is brionglóid bhinn ag deireadh an chúrsa.

2021-05-10

Täuschung / Seachmall [WINTERREISE]

File: Wilhelm Müller
Cumadóir: Franz Schubert

Täuschung

Ein Licht tanzt freundlich vor mir her;
Ich folg’ ihm nach die Kreuz und Quer;
Ich folg’ ihm gern und seh’s ihm an,
Dass es verlockt den Wandersmann.
Ach, wer wie ich so elend ist,
Gibt gern sich hin der bunten List,
Die hinter Eis und Nacht und Graus
Ihm weist ein helles, warmes Haus,
Und eine liebe Seele drin –
Nur Täuschung ist für mich Gewinn!

Seachmall

Tá léas ag damhsa os mo chomhair
Is air atáimse féin sa tóir;
Á leanúint thall’s abhus atáim;
Is meallann sé an duine ar fán.
Uch, mise atá i m’ainniseoir
Is meallta atáim ag an éidreoir,
Laistiar den oighear ag feitheamh tá
An teach a théifidh mo chuid cná’,
Is anam ann
‘tá grámhar glé –
An seachmall féin is sólás é.

2021-05-09

Buson

 

 

coinneal á lasadh
le coinneal eile -
tráthnóna earraigh

o lumînare
aprinsă de la alta---
seară vernală

   (Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob)


2021-05-08

Rengetsu

 


sa díseart seo
tá gach a bhfuil uaim . . .
glór na gaoithe sa ghiúis


mehyɛ m'asomdwiebea
me wɔ biribiara a mehia
mframa bɔ wɔ paen nnuam

Leagan Tíbhise:   Adjei Agyei-Baah 

Στην ερημιά μου
έχω ό,τι θέλω...
τον άνεμο στα πεύκα

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2021-05-07

Luí na Gréine

Ron Rosenstock
Ros Bairneach
níl éinne anseo ag spréachadh
in aghaidh éag an tsolais
Rosbarnagh
no one here to rage
against the dying of the light

2021-05-06

Teidí

Grianghraf: Marta Rossignol
brionglóid
atá sa saol seo . . .
ná bíodh imní ort
a dream
this life . . .
nothing to be afraid of
ένα όνειρο
αυτή η ζωή . . .
τίποτε να φοβηβείς

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2021-05-05

Na Seascaidí

 Ar crith a bhí an t-aer sna Seascaidí
agus teachtaireachtaí dofheicthe
ag teacht as ceithre hairde na cruinne chugainn
agus tugadh cluas don Fháidh, Kahlil Gibran:

        Mar phunanna arbhair, cnuasaíonn sé             
        chuige féin thú.
        Buailtear thú chun go mbeifeá nocht.
        Criathraítear thú le bheith saor ón gcrotal.
        Meiltear i do bháine ar fad thú.
        Fuintear thú le bheith solúbtha.
        Cuirtear sa tine bheannaithe aige ansin thú              
        le go mbeifeá i d’arán beannaithe                  
        ag séire beannaithe Dé . . .

Agus bhí daoine nach raibh An Fáidh léite acu
agus bhí fionnaitheacht orthu –
breithiúna, polaiteoirí, an chléir
gach crann taca a bhí ag an tsochaí
bhí rud éigin ag teacht agus ní raibh a fhios acu
cad a bhí ann
mar is á ghaibhniú i gcroíthe nua a bhí sé
agus bhí na fathaigh ar crith
J P Morgan
an t-arm
infheistitheoirí:
criathrófar sinn
meilfear sinn
fuinfear sinn
cuirfear sa tine bheannaithe sinn!

Agus shuíodar síos
agus ghealladar go sollúnta

nach dtarlódh na Seascaidí go deo arís.



2021-05-04

Haiku le Gozan 1717- 1787

Hiroshige
is uisce arís é . . .
an sneachta a thit
mar bhlátha silíní
yesterday's snow
that fell like cherry blossoms . . .
water once again
zăpada de ieri
flori de cireș cernute
iarăși e apă

Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2021-05-03

Gan Teideal

 A Thiarna,
nuair a sheolfaidh tú an fhearthainn
smaoinigh tamall,
le do thoil?


lig d’fhuaim an uisce ag titim
dul i bhfeidhm rómhór ort,
an solas iontach
ar an uisce ag titim.

Táimse
faoi bhun an uisce sin.
Titeann sé le fórsa éachtach
agus an solas
Dallann
sé ar an solas mé

James Baldwin


Untitled

Lord,
    when you send the rain
    think about it, please,
    a little?

Do
    not get carried away
    by the sound of falling water,
    the marvelous light
    on the falling water.

I
    am beneath that water.
    It falls with great force
    and the light
    Blinds
    me to the light
    

James Baldwin

   

2021-05-02

Smaoineamh an Lae


D'fhéadfadh cúrsaí a bheith go dona do na boic mhóra gan iad a bheith i gceannas ar an stát.

Lorenzo Medici (1469)

2021-05-01

claíocha an Iarthair

Ron Rosenstock
stone walls of the West
how easily it breaks . . .
the human heart
claíocha an Iarthair
is fuirist é a bhriseadh . . .
croí an duine