2021-05-26

Sa Sráidbhaile [Im Dorfe]

 


Sa Sráidbhaile

Na madraí ag tafann, is gliogar na slabhraí
Is daoine ina gcodladh faoina gcuid braillín',
Brionglóidí breátha, faoi shaol gan imní,
Suáilcí uile is duáilcí tríothu
An lá dár gcionn beidh gach aon rud leáite.
Sea mhuis, bhí a bpáirt acusan sa dráma.
Súil acu, go mbeidh rud éigin nua dóibh
Féirín a bheadh fágtha faoi bhun an philiúir dóibh.

Ruaigigí mé, a mhadraí in bhur ndúiseacht
Ná tugaigí scith dom in am an tsuaimhnis!
Tá deireadh agamsa leis an mbrionglóideach
Ná bíodh baint agam le codlatóirí!