2014-12-31

Llueve sobre el rio

File: Juan Ramón Jiménez Mantecón
Cumadóir: Frederico Mompou
Llueve sobre el río...
El agua estremece
Los fragantes juncos
De la orilla verde...
¡Ay, qué ansioso olor
A pétalo frío!
Llueve sobre el río...
Mi barca parece
Mi sueño, en un vago
Mundo. ¡Orilla verde!
¡Ay, barca sin junco!
¡Ay, corazón frío!
Llueve sobre el río...

Báisteach ag titim san abhainn

Báisteach ag titim san abhainn . . .
Is tá an luachair chumhra
Corraithe ag an uisce
Ar an mbruach glas féarmhar.
Á, tá b’ladh na corrabhuaise
Ó na peitil fhuara!
Báisteach ag titim san abhainn . . .
Mo bháidín ba dhóigh leat
Mar bhrionglóid, i ndomhan ceomhar
Smúite. An bruach glas féarmhar!
Á, báidín ar fuaidreamh
Á, fuarchroí fann!
Báisteach ag titim san abhainn …

Unstoppable/ Dostoptha

Íomhá Ron Rosenstock
Glencar Waterfall -
spilling poetry, yesterday,
today, tomorrow
Eas Ghleann an Chairthe -
filíocht á doirteadh, inné,
inniu, amárach
  グレンカー瀧
  詩をこぼれさす
  昨日・今日・明日
Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

2014-12-30

Le violette/ Na sailchuacha

File: Adriano Morselli
Cumadóir: Alessandro Scarlatti
Rugiadose
Odorose
Violette graziose,
Voi vi state
Vergognose,
Mezzo ascose
Fra le foglie,

E sgridate
Le mie voglie,
Che son troppo ambiziose.

Na Sailchuacha

A shailchuacha
Tá sibh cumhra
Sibh ag lonrú maidin drúchta,
In bhur seasamh
Ana chúthail,
Nach mór ó léargas
I measc an duilliúir,

Faighimse léasadh
Teanga uaibhse
Toisc go bhfuilimse ite ag uaillmhian.

Glór an tSeanóra i Measc Scáileanna

Íomhá Angelee Deodhar

Glór an tSeanóra i Measc Scáileanna

Tá an seanóir bailithe leis.
‘Leigheasfaidh teanga an tsionnaigh é!’ a d’fhógair sé.
Cén rud? An triuch? Ní cuimhin liom anois.
Teanga an tsionnaigh, an é sin a dúirt sé
nó an planda atá ansin
luibh shuaimhneasach éigin a fhásann sna coillte
nó i riasc is nach bhfeictear, nó cois mara
i measc an chabáiste aille?

Scáileanna an tráthnóna ag dul i méid.
Sionnach uirbeach gona shúile d’ómra lasta
breathnaíonn orm is imíonn as radharc.

Tost ar fud na bhfud.

Old Man’s Voice Among the Shadows

The old man is gone.
‘The fox’s tongue will cure it!’ he declared.
What? Whooping cough? I can’t remember now.
The tongue of a fox, is that what he meant?
Or is fox’s tongue a plant
a soothing herb that grows in woods
or in a marsh unseen, or by cliffs
among samphire?

Evening shadows grow.
With eyes of flaming amber
an urban fox looks in at me and vanishes.

All is silence now.

Haiku le Issa ón mbliain 1815

an ráib faoi bhláth -
suíochán bog
i gcomhair na luiche
.菜の花やふはと鼠のとまりけり
na no hana ya fuwa to nezumi no tomari keri

2014-12-29

Gondola no Uta (ゴンドラの唄) / Amhrán an Ghondala

File: Isamu Yoshii
Cumadóir: Shinpei Nakayama
いのち短し
恋せよ少女
朱き唇
褪せぬ間に
熱き血潮の
冷えぬ間に
明日の月日の
ないものを
いのち短し
恋せよ少女
いざ手をとりて
彼の舟に
いざ燃ゆる頬を
君が頬に
ここには誰れも
来ぬものを
いのち短し
恋せよ少女
黒髪の色
褪せぬ間に
心のほのお
消えぬ間に
今日はふたたび
来ぬものを
inochi mijikashi
koi seyo otome
akaki kuchibiru
asenu ma ni
atsuki chishio no
hienu ma ni
asu no tsukihi no
nai mono wo
inochi mijikashi
koi seyo otome
iza te wo torite
ka no fune ni
iza moyuru ho wo
kimiga ho ni
koko ni wa dare mo
konu mono wo
inochi mijikashi
koi seyo otome
kurokami no iro
asenu ma ni
kokoro no honoo
kienu ma ni
kyou wa futatabi
konu mono wo

Amhrán an Ghondala

Níl sa saol ach toit is gal
titigí inniu i ngrá
sula n-éagann ar bhur mbeol’
deirge an bhláth’.
Sula mbeidh an taoide ag trá
sula bhfuaróidh croí,
glacaigí ’nois leis an lá
mar nach bhfillfidh choích’.

Níl sa saol ach toit is gal
titigí inniu i ngrá
sula léimeann sé sa bhád
fad’s tá neart 'na lámh.
Sula mbeidh a ghrua bán
sula bhfuaróidh fuil,
glacaigí ’nois leis an lá
tá an abhainn ag tuil'.

Níl sa saol ach toit is gal
titigí inniu i ngrá
sula ngreamóidh sioc dár ngruaig -
cad atá le rá?
Lasaigí an splanc arís!
Luachmhar é an grá.
Sula mbeidh an taoide ag trá
sula bhfuaróidh croí
glacaigí ’nois leis an lá
sula mbeidh ’na oích’.

Gaza

Dearadh Angelee Deodhar: Íomhá Canvass

GAZA

Os mo chomhair amach
ar an bhfuinneog
cuileog gafa i líon damháin alla
chomh soiléir le grian an mheán lae

an líon nach mór dofheicthe
cá bhfuil a thús
a dheireadh

ní fheicim ach streachailt na cuileoige
cosa beaga ar mire
sciatháin á ngreadadh go faon

Cén fhaid a mhairfidh sé seo?
Ar feadh na síoraíochta?

GAZA

Right in front of me
on the window
a fly caught in a spider’s web
clear as the mid-day sun

the web almost invisible
where does it begin
where does it end

all I see is the fly’s struggle
furious little legs
wings flapping weakly

How long can this last?
An eternity?

Slua na Marbh

Dearadh Angelee Deodhar

Slua na marbh

Slua na marbh
Cnuasaithe i gciúnas OM
Oll-ealta!
Sciurdann éan aisti
Fáinleog ghrástúil
Ag scinneadh as ciúnas
Inár láthair arís
Chun na sean-neide céanna
An t-aer glórach le feithidí dofheicthe

The host of the dead

 The host of the dead
Gathered in the silence of OM
Immense  flock!
A bird always flies from it
Graceful swallow
Skimming out of silence
Once more in our presence
Returning to the old nest
The air buzzing with invisible insects

Le foilsiú go luath ar Kindle/ Coming soon from Kindle


2014-12-28

Già il sole dal Gange/ Os cionn Abhainn na Gainséis’

File: Duine gan ainm
Cumadóir: Alessandro Scarlatti
Già il sole dal Gange
Più chiaro sfavilla,
E terge ogni stilla
Dell'alba che piange.

Col raggio dorato
Ingemma ogni stello,
E gli astri del cielo
Dipinge nel prato.

Os cionn Abhainn na Gainséis’

Os cionn abhainn na Gainséis’
an ghrian gheal ag lonrú,
Is glanann gach deoir úr
den láchan tá 'caoineadh.

Le gaetha fíor-órga
an féar glas á mhaisiú;
Sa spéir gheal na réaltaí
á bpéinteáil sa mhóinéar.

An Nochtapas agus an Bíobla/ Naked Octopus in bed with Bible

I measc an 10 leabhar is fearr, ar an suíomh seo:


English Japanese Translation - Top 10 Best English Japanese

2014-12-27

Seltsam, im Nebel zu wandern

File: Hermann Hesse
Cumadóir: Scata Éagsúil, ina measc Claudia Behn

Im Nebel

Seltsam, im Nebel zu wandern!
Einsam ist jeder Busch und Stein,
kein Baum sieht den andern,
jeder ist allein.

Voll Freunden war mir die Welt,
als noch mein Leben licht war;
nun, da der Nebel fällt,
ist keiner mehr sichtbar.

Wahrlich, keiner ist weise,
der nicht das Dunkel kennt,
das unentrinnbar und leise
von allen ihn trennt.

Seltsam, im Nebel zu wandern!
Leben ist Einsamsein.
Kein Mensch kennt den andern,
jeder ist allein.

Sa Cheobhrán

Aisteach, sa cheobhrán – is ar fán!
Uaigneach atá gach cloch is sceach,
Tá na crainn go léir dall,
Leis féin ‘tá gach neach.

Na cairde a bhí ’gam tráth
Nuair ’bhí an solas i réim!
Ach, féach ar an gceobhrán!
Tá gach éinne i gcéin.

Go deimhin, níl ciall ag éinne
Nach gcloíonn leis an dubh
A scarann sinn lena shéimhe
Ó gach ’bhfuil ann inniu.

Aisteach, sa cheobhrán – is ar fán
Sceirdiúil atá an domhan.
Gach neach againne dall,
Níl ach uaigneas ann.

Smaoineamh an Lae

Tá gach duine ciontach as an maitheas nár éirigh leis a dhéanamh.
Voltaire

2014-12-26

O Store Gud/ How Great Thou Art/ Is tú tá mór

File: Carl Gustav Boberg
Cumadóir: Fonn Traidisiúnta Sualannach
A Thiarna Dia, nuair smaoiním ar do ghlóire
Is ar na domhain a tháinig ó do lámh:
Is léir an réalt, is clos turlabhait na toirní.
Do chumhacht ar fud na cruinne is do ghrá.

Is canann m’anam chugat, a Shlánaitheoir
Is tú tá mór, is tú tá mór.
Is canann m’anam chugat, a Shlánaitheoir
Is tú tá mór, is tú tá mór.

Nuair théim ar fán i ngleanntán nó sna coillte
Is nuair a bhíonn na héin ag déanamh ceoil:
A gcantain shéimh de shíor i mbéal na gaoithe,
An sruthán sléi’ dod mholadh i ngach treo.

Is canann m’anam chugat, a Shlánaitheoir
Is tú tá mór, is tú tá mór.
Is canann m’anam chugat, a Shlánaitheoir
Is tú tá mór, is tú tá mór.

Is chuir tú chugainn do Mhac chun sinn a shábháil
Is fuair Sé bás, is deacair é a rá,
An fhuil ag rith chun gach aon duine tharrtháil
Is ghlan ár bpeacaí dúinne lena ghrá.

Is canann m’anam chugat, a Shlánaitheoir
Is tú tá mór, is tú tá mór.
Is canann m’anam chugat, a Shlánaitheoir
Is tú tá mór, is tú tá mór.

Nuair ’thiocfaidh Críost, nuair chloisfear na comhghártha
Chun mé a thabhairt ’dtí an t-áras geal go deo,
Cromfadsa síos, le cabhair óna Mháthair
Fógród os ard, ‘A Dhia is tú tá tá mór!’

Is canann m’anam chugat, a Shlánaitheoir
Is tú tá mór, is tú tá mór.
Is canann m’anam chugat, a Shlánaitheoir
Is tú tá mór, is tú tá mór.

Monostich

Íomhá Ron Rosenstock
ológa - a dtodhchaí chreathánach olives - their trembling future

2014-12-25

Coinnle an Linbh Íosa




Tá coinnle an Linbh Íosa a’ soilsiú inár dtreo
i bhfuinneoigín aoltha fanfaidh Muire go ló.
Seo féile na saoithe na mbocht is na mbrón,
seo aoibhneas ár gcroíthe seo síocháin is só.
Cloigíní binne san oíche do chling,
féiríní aoibhne na Nollag dá roinnt.
Ceolta chruit shíomhar ag aingil dá seinnt
i mainséar don dtuí bhuí tá’n leanbh go doimhin.
Seo féile an Rí bhig seo féile ’bheidh buan,
a sheas trís na haoiseanna go Lá lom an Luain.
Guím Nollaig dheas aoibhinn gach síth agus suan
ar chairde mo chroíse go sroisí siad cuan.

2014-12-24

Jauchzet Gott in allen Landen

Cumadóir: J.S. Bach
Jauchzet Gott in allen Landen!
Was der Himmel und die Welt
An Geschöpfen in sich hält,
Müssen dessen Ruhm erhöhen,
Und wir wollen unserm Gott
Gleichfalls itzt ein Opfer bringen,
Daß er uns in Kreuz und Not
Allezeit hat beigestanden.

Lúcháir Dé

Lúcháir Dé ar fud na cruinne!
Gach a bhfuil ar neamh’s ar tír
Gach aon ní atá ag sní
Caithfidh siad an Tiarna a mholadh:
Tabharfaimidne ofráil dó
Seo linn gan a thuilleadh moille
Sheas Sé linn gan aon agó
É mar ola’r bharr na toinne!

2014-12-23

Cuan Mó

Íomhá Ron Rosenstock
刹那すら
出来うる限り
ながらえる クルー湾
moillíonn móimint
níos faide ná mar is féidir -
Cuan Mó
a moment lingers
longer than is possible -
Clew Bay
Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

Charlie Poole: If the River was Whiskey

Cumadóir: Charlie Poole

If the River was Whiskey

If the river was whiskey and I was a duck
I'd dive to the bottom and I'd never come up
Oh, tell me how long have I got to wait?
Oh, can I get you now, must I hesitate?

If the river was whiskey and the branch was wine
You would see me in bathing just any old time
Oh, tell me how long have I got to wait?
Oh, can I get you now, must I hesitate?

I was born in England, raised in France
I ordered a suit of clothes and they wouldn't send the pants
Tell me how long have I got to wait?
Oh, can I get you now, must I hesitate?

I was born in Alabama, I’s raised in Tennessee
If you don't like my peaches, don't shake on my tree
Oh, tell me how long have I got to wait?
Oh, can I get you now, must I hesitate?

I looked down the road just as far as I could see
A man had my woman and the blues had me
Tell me how long have I got to wait?
Oh, can I get you now, must I hesitate?

I ain't no doctor but the doctor's son
I can do the doct'rin' till the doctor comes
Oh, tell me how long have I got to wait?
Oh, can I get you now, must I hesitate?

Got the hesitation stockings, the hesitation shoes
Believe to my Lord, I've got the hesitation blues
Tell me how long have I got to wait?
Oh, can I get you now, must I hesitate?

Amhrán na hAibhleoige

Dá mbeinnse im’ lacha is fuisce san abhainn
Do thumfainn ann láithreach agus d’fhanfainnse ann
Ó, in ainm Dé, an mbead ag feitheamh go deo?
Ó, an bhfuil aon seans ort, táim i m’aibhleog bheo!

Dá mba fuisce ’bhí san abhainn, is an chraobh ’na fíon
Is ann a bheinn ag folcadh ó mhaidin go hoích’
Ó, in ainm Dé, an mbead ag feitheamh go deo?
Ó, an bhfuil aon seans ort, táim i m’aibhleog bheo!

Im’ leaid óg in Éirinn, ansin sa Fhrainc
Mura dtiocfadh tú labhróidh mé le bainisteoir an bhainc
Ó, in ainm Dé, an mbead ag feitheamh go deo?
Ó, an bhfuil aon seans ort, táim i m’aibhleog bheo!

Im leaid óg in Alabama, ansin in Tennessee
Ar mhaith leat triail a bhaint as bheith id bhean an tí
Ó, in ainm Dé, an mbead ag feitheamh go deo?
Ó, an bhfuil aon seans ort, táim i m’aibhleog bheo!

D’fhéachas síos an ród is bhí ana iontas orm
Mo bhean ag fear eile, bhraitheas ana ghorm
Ó, in ainm Dé, an mbead ag feitheamh go deo?
Ó, an bhfuil aon seans ort, táim i m’aibhleog bheo!

Ní dochtúir mise, is mise an mac
An mian leat bheith leigheasta, munar mian ná bac
Ó, in ainm Dé, an mbead ag feitheamh go deo?
Ó, an bhfuil aon seans ort, táim i m’aibhleog bheo!

Tá aibhleog i mo stocaí agus aibhleog i mo bhróg
Íosa Críost na bhFlaitheas tá an aibhleog i mo phóg
Ó, in ainm Dé, an mbead ag feitheamh go deo?
Ó, an bhfuil aon seans ort, táim i m’aibhleog bheo!

2014-12-22

Haiga

Íomhá Ramaiah Gidda
géimneach ar dtús
ansin na hadharca -
ba ag teacht amach as an gceo
a soft lowing
and then the horns -
cows coming out of the mist

Der Lindenbaum/ An Crann Teile

File: Wilhelm Müller
Cumadóir: Franz Schubert
Am Brunnen vor dem Tore
Da steht ein Lindenbaum;
Ich träumt in seinem Schatten
So manchen süßen Traum.

Ich schnitt in seine Rinde
So manches liebe Wort;
Es zog in Freud' und Leide
Zu ihm mich immer fort.

Ich mußt' auch heute wandern
Vorbei in tiefer Nacht,
Da hab' ich noch im Dunkel
Die Augen zugemacht.

Und seine Zweige rauschten,
Als riefen sie mir zu:
Komm her zu mir, Geselle,
Hier find'st du deine Ruh'!

Die kalten Winde bliesen
Mir grad ins Angesicht;
Der Hut flog mir vom Kopfe,
Ich wendete mich nicht.

Nun bin ich manche Stunde
Entfernt von jenem Ort,
Und immer hör' ich's rauschen:
Du fändest Ruhe dort!

An Crann Teile

Cois tobair ag an ngeata
Tá teile ’na sheasamh ann;
Is iomaí brionglóid álainn
Dó bhí agam faoin gcrann.

Sa choirt ann ghreanas briathra
Ba bhalsam le mo chroí;
Is bhí mo thriallsa riamh air
Dé ló is fiú istoíche.


Is seo anocht arís mé
Is mé ag siúl thar bráid,
Is cé go bhfuil sé smúitiúil
Mo shúile dúnta táid.

Is bhí na géag’ ag siosarnach
Is chugam do ghlaoigh anall:
Gabh ’leith, gabh ’leith, a chomrádaí
Beidh scíth agat ar ball!

Is shéid na gaotha feannta
Is shéid is shéid gan trua,
Is d’eitil uaim mo hata
Do leanas orm ó thuaidh.


I bhfad i gcéin atáimse
Ón dtobar is ón gcrann
Ach cloisim fós an sios’mar:
Bheadh suaimhneas agat ann!

2014-12-21

Fógra: Matalang


Graonlannaigh

Graonlannaigh

Dhiúltaíodar do Chríost
Nuair a thug misinéirí le fios dóibh
Nach raibh rónta ar bith ar neamh!

Misinéirí saonta!
Tá neamh lán de rónta
Is iad ina luí ar an Trá Órga

Nach bhfuil siad feicthe agam le mo shúile cinn –
Is iontais eile nach iad
Nár shamhlaigh aon mhisinéir riamh!

Greenlanders

They denied Christ
When informed by missionaries
There were no seals in heaven!

Foolish missionaries!
Heaven abounds with seals
All stretched out on the Golden shore

Haven’t I seen them with my own two eyes –
And countless other wonders
No missionary ever imagined.

2014-12-17

An Dath is Rogha Le mo Ghrá /Die Liebe Farbe

File: Wilhem Müller
Cumadóir: Franz Schubert
Is glas a bheidh orm cinnte
Glas geal na sailí silte
Is geal lem ghrása glas.
Cufróga glasa a lorgód
Is móinéar cumhra ’na bhfaighinn marós:
Is geal lem ghrása glas.

Seo linn is téimis ag fiach
Seo linn thar shliabh, thar riasc,
Is geal lem ghrása an fiach.
An chreach ’táim á seilg,eisean an Bás,
An móinteach,sin focal ar phian an ghrá:
Is geal lem ghrása an fiach.

 Tochlaígí uaigh san uaigneas
Clúdaígí í le féar glas
Is geal lem ghrása glas.
Gan croisín dubh, gan pósae glé
Glas, gach rud glas, ar dheis, ar chlé,
Is geal lem ghrása glas.
In Grün will ich mich kleiden,
In grüne Tränenweiden:
Mein Schatz hat's Grün so gern.
Will suchen einen Zypressenhain,
Eine Heide von grünen Rosmarein:
Mein Schatz hat's Grün so gern.

Wohlauf zum fröhlichen Jagen!
Wohlauf durch Heid' und Hagen!
Mein Schatz hat's Jagen so gern.
Das Wild, das ich jage, das ist der Tod;
Die Heide, die heiß ich die Liebesnot:
Mein Schatz hat's Jagen so gern.

Grabt mir ein Grab im Wasen,
Deckt mich mit grünem Rasen:
Mein Schatz hat's Grün so gern.
Kein Kreuzlein schwarz, kein Blümlein bunt
Grün, alles grün so rings und rund!
Mein Schatz hat's Grün so gern.

2014-12-16

An Baches Ranft/ Ar bhruach na habhann

File: Stefan George
Cumadóir: Anton von Webern
An Baches Ranft
Die einzigen frühen
Die Hasel blühen.
Ein Vogel pfeift
In kühler Au.
Ein Leuchten streift
Erwärmt uns sanft
Und zuckt und bleicht.
Das Feld ist brach,
Der Baum noch grau...
Blumen streut vielleicht
Der Lenz uns nach.

Ar bhruach na habhann

Ar bhruach na habhann
Go moch is é leis féin
an coll faoin ngréin.
Lig éinín fead
Sa chluain shéimh.
Is ga mar scead
Faoi scáil na gcrann
Is crith ’dul as.
An talamh bán,
An crann fós glas…
Blátha beidh go fras
’S an t-earrach ann.

Meister Eckhart: Smaoineamh an Lae

Cén mhaith domsa é?

Cén mhaith domsa é
má tharlaíonn breith shíoraí Mhac Dé
an t-am go léir
ach nach dtarlaíonn ionam féinig?

Agus cen mhaith domsa é
má tá Muire lán de ghrásta
agus nach bhfuilimse lán de ghrásta?

Cén mhaith domsa é
má thugann an Cruthaitheoir an Mac ar an saol
mura dtugaimse ar an saol é
le mo linn féin
de réir mo dhúchais féin?

Sé seo iomláine na haimsire
mar sin:
nuair a shaolaítear Mac Dé
ionainne.

2014-12-15

Dubh dubh dubh

Cumadóir: Luciano Berio
File: Amhrán de chuid na ndaoine
black black black is the colour of my true love's hair
his lips are something rosy fair
the sweetest smile and the kindest hands
I love the grass whereon he stands

I love my love and well he knows
I love the grass whereon he goes
if he no more on earth will be
'twill surely be the end of me

Dubh dubh dubh

Dubh dubh dubh atá gruaig mo rúin is mo ghrá
Mar rós atá a bhéilín tláith
An gáire caoin is na lámha séimh
Nach breá an féar ar ’seasann sé.

Mo ghrá go deo! Is eol dó é
Mo ghrá an féar ar ’suíonn sé
Is mura mbeidh mo ghrá le m’ais
Lig domsa luí in uaigh thais.

Pinsinéir agus Fís Aige

Ní hionann a bheith ar pinsean agus a bheith díomhaoin, gan mhaith.
Cuid againn agus sinn ag dul in aois, ceistímid sinn féin: 'An bhfuil aon mhaith ionam a thuilleadh? An bhfuil rud ar bith fiúntach ar siúl agam, dom féin nó don chine daonna?' Nuair a bhuaileann smaointe mar sin mé smaoiním ar dhaoine cnagaosta a bhfuil fís acu i gcónaí - agus misneach! Dáiríre, cuid de na seanóirí sin chuirfidís náire ort! Tá siad níos gníomhaí ná riamh. Duine acu sin is ea Harold Schlumber, bail ó Dhia is ó Mhuire air, duine seiftiúil, dothraochta. Inspioráid dúinn go léir é.
Fear físe, fear dóchais. Dochloíte!

Arsa Harold:

Is minic a fhiafraítear díom, cad atá ar siúl agam ó d'éiríos as an jab deich mbliana ó shin?

Bhuel, tá an t-ádh ag siúl liom sa mhéid gur ceimiceoir mé agus níor chailleas riamh spéis sa cheimic. Ceann de na caithimh aimsire atá agam ná beoir, fíon agus fuisce a iompú ina mhún. Is próiseas casta go leor é ach taitníonn sé go mór liom caithfidh mé a rá.

Dia go deo leat, a Harold. Níor chaill fear an mhisnigh riamh é!

2014-12-14

O my Luve's like a red, red rose

File: Robert Burns
O my Luve’s like a red, red rose
  That's newly sprung in June:
O my Luve's like the melodie
  That's sweetly play'd in tune.

As fair art thou, my bonnie lass,
  So deep in luve am I:
And I will luve thee still, my dear,
  Till a' the seas gang dry:

Till a' the seas gang dry, my dear,
  And the rocks melt wi' the sun;
I will luve thee still, my dear,
  While the sands o' life shall run.

And fare thee weel, my only Luve!
  And fare thee weel a while!
And I will come again, my Luve,
  Tho' it were ten thousand mile.

Tá mo ghrása ar nós an róisín

Tá mo ghrása ar nós an róisín
  A bhláthaíonn i mí Iúil
Tá mo ghrása ar nós an tsiansa
  Is é á sheinnt i dtiúin.

Is deas ataoi, a ainnir shéimh
  Is táim go mór i ngrá:
Beidh grá agamsa duit go deo
  Go mbeidh an mhuir gan trá.

Go mbeidh an mhuir gan trá, a chuid,
  Is na clocha féin á leá
Mo chroí id chroíse beidh go brách -
  An mhil atá sa mheá.

Mo shoraidh slán, a stóirín bán
  Mo chúig chéad slán, a rún!
Is tiocfad chugat arís, a ghrá,
  Ag marcaíocht nó ag siúl.

Haiku le Issa

nuair a ghabhann an lá
sa tsaileach shilteach -
canann cuach

.柳から明て鳴きけりほととぎす

yanagi kara akete naki keri hototogisu

Tá caidreamh nach bhfeictear idir an uile ní agus is minic a aimsíonn an haiku an caidreamh rúnda sin, mar a tharlaíonn sa haiku álainn mistéireach seo. Ní fios bliain a chumtha

2014-12-13

¿Con qué la lavaré? / Conas a nífidh mé?

Cumadóir: Juan Vásquez
¿Con qué la lavaré
la tez de la mi cara?
¿Con qué la lavaré
que vivo mal penada?
Lávanse las casadas
con agua de limones.
Lávome yo, cuitada,
con penas y dolores.
Conas a nífidh mé
an craiceann ’tá ar mo ghnúis?
Conas a nífidh mé
is mise lán de bhuairt?
Níonn na mná pósta iad féin
le huisce na líomóidí.
Nímse mé féin, monuar
le pianta is trioblóidí.

Dán/Poem

Aithint

Dúisím inniu im ghrús
Im ghrús Ceanadach
Cad tá ionam
Cad is ceart dom a ithe
An bhfuil eitilt agam
Cé hiad mo naimhde
Mo chairde
Im ghrús
Im ghrús Ceanadach
Cá bhfuil cónaí orm
Cad tá ionam in aon chor
Déchosaigh i mbun cogaíochta
Is cantaireachta
Is rinnfheithimh mar is gnáth
Cloisim leoithne bhog ghaoithe
Lapadaíl uisce -
Bhíos anso cheana
Recognition

I awake today as a crane
a sandhill crane
what am I
what should I eat
can I fly
who are my enemies
my friends
where do I live
what am I at all
Bipeds doing what they do
at war
singing
meditating
A soft breeze
the lapping of water -
I was here before

2014-12-12

Where'er you walk/ Is tú ag siúl

Cumadóir: Georg Friedrich Händel

Where’er you walk

Where’er you walk
Cool gales shall fan the glade
Trees where you sit
shall crowd into a shade
Trees where you sit
shall crowd into a shade
Where'er you tread
the blushing flowers shall rise
and all things flourish
and all things flourish
Where'er you turn your eyes
Where'er you walk
Cool gales shall fan the glade
Trees where you sit
shall crowd into a shade
Trees where you sit
shall crowd into a shade.

Is tú ag siúl

Is tú ag siúl
fionnuar a bheidh an ré
Is beidh na crainn
’na scáil úr go léir
Is beidh na crainn
’na scáil úr go léir.
Pé áit a mbeir
ardóidh blátha ón úir
Is rath ar gach ní
is rath ar gach ní
Ar gach i raon do shúl.
Is tú ag siúl
fionnuar a bheidh an ré
Is beidh na crainn
’na scáil úr go léir
Is beidh na crainn
’na scáil úr go léir

Maltby

Íomhá Ron Rosenstock
Sir Nicholas Maltby -
dheinis sárobair anseo!
creachadh, banéigean
サー・ニコラス・マルトビー
良き仕事は此処で!
略奪・レイプ
Sir Nicholas Maltby -
such fine work you did here!
pillaging, raping
Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

2014-12-11

Marmotte/Luch Shléibhe

File: Goethe
Cumadóir: Beethoven
Ich komme schon durch manches Land,
Avecque la marmotte,
Und immer was zu essen fand
Avecque la marmotte,
Avecque si, avecque la,
Avecque la marmotte.


Ich hab' gesehn gar manchen Herrn,
Avecque la marmotte,
Der hätt die Jungfern gar zu gern,
Avecque la marmotte,
Avecque si, avecque la,
Avecque la marmotte.


Hab' auch gesehn die Jungfer schön,
Avecque la marmotte,
Die täte nach mir Kleinem sehn,
Avecque la marmotte,
Avecque si, avecque la,
Avecque la marmotte.

Nun laßt mich nicht so gehn, ihr Herrn,
Avecque la marmotte,
Die Burschen essen und trinken gern,
Avecque la marmotte,
Avecque si, avecque la,
Avecque la marmotte.
Is iomaí tír ’tá feicthe agam
Mé féin is an luch shléibhe
Is iomaí rud ’tá ite agam
Mé féin is an luch shléibhe:
Avecque si, avecque la,
Avecque la marmotte.

Do casadh ormsa scata fear
Mé féin is an luch shléibhe
Is iad i ndiaidh na mban basgheal
Mé féin is an luch shléibhe:
Avecque si, avecque la,
Avecque la marmotte.

Is chonaic mise an ainnir án
Mé féin is an luch shléibhe
Is d’fhéach sí orm mar leipreachán
Mé féin is an luch shléibhe:
Avecque si, avecque la,
Avecque la marmotte.



Ná lig dom dul mar seo ar fán
Mé féin is an luch shléibhe:
Is maith leo seo an bheoir ‘s arán
Mé féin is an luch shléibhe:
Avecque si, avecque la,
Avecque la marmotte.

Conga

Íomhá Ron Rosenstock
森の道
通るたび着く
違う場所
cosán coille
a threoraíonn chuile uair
chuig áit éigin eile thú
Leagan Seapáinise:
Mariko Sumikura (Kyoto)
woodland path -
each time it leads one
somewhere else entirely

2014-12-10

In questa tomba oscura / Sa tuama seo dubh dorcha

File: Giuseppe Carpani
Cumadóir: Ludwig van Beethoven
In questa tomba oscura
    Lasciami riposar;
Quando vivevo, ingrata,
    Dovevi a me pensar.

Lascia che l'ombre ignude
    Godansi pace almen
E non, e non bagnar mie ceneri
    D'inutile velen.
Sa tuama seo dubh dorcha
    Lig domsa luí go deo
Cén fáth nár smaoinigh tú ormsa
    Nuair ’bhí mé beathaitheach beo?

Tabhair síocháin do mo scáil tharnocht
    Agus mé im luí sa chill
Is ná nigh mo chuidse luaithrigh
    A bhean gan mhaith id’ nimh.

(’Bhean gan mhaith)[Ingrata]

Smaoineamh an lae

Féach anseo:

2014-12-09

Vinalhaven

Íomhá Ron Rosenstock
ヴィナルヘブン
赤種族はどこ?
アベナキは?
Vinalhaven -
where are the Red Paint People?
where the Abenaki?
Vinalhaven -
cá'il Pobal na Péinte Deirge?
na hAbenaki?
Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

2014-12-08

A gatinha parda/Amhrán an Phiscín

File: Ní fios cé a chum
Cumadóir: Haitor Villa-Lobos

A gatinha parda

A minha gatinha parda
Em Janeiro me gufiu,
Quem achou minha gatinha,
Você sabe? Você sabe? Você viu?
Miáu!

Amhrán an Phiscín

Mo phiscín, peata beag álainn,
I mí Eanair chuaigh ar strae,
An bhfaca tusa aon áit é?
Abair liomsa. Abair liomsa. Cá bhfuil sé?
Mí-abha!

Bhíos tugtha don léann




le Yoka Genkaku (Yongjia Xuanjue) (665 - 713)

Bhíos tugtha don léann ó bhíos im gharsún,
Ní raibh véarsa de na scrioptúir nár scrúdaíos go géar,
Téarmaí agus foirmeacha agam á rangú beag beann ar thraochadh.
Isteach liom san fharraige chun gráinní gainimhe a chomhaireamh -
Saothar in aisce. Ansin thug an Tathagata, an Búda, thug sé amach dom 

Go séimh nuair a léas: "Cad is fiú ciste na gcomharsan a chomhaireamh?"
Saothar scaipthe gan mhaith ab ea gach rud go dtí sin!
Dusta á shéideadh ag an ngaoth a bhí ionam leis na blianta.

2014-12-07

Las Mujeres y Cuerdas/Na Mná agus Téada

File: Fernando Sor (Barcelona, 1778 - Paris, 1839)

Las Mujeres y Cuerdas

Las mujeres y cuerdas
De la guitarra,
Es menester talento
Para templarlas.

Flojas no suenan
Y suelen saltar muchas
Si las aprietan.

Na Mná agus Téada

Na mná agus téada
Téada an ghiotáir
Is deacair iad a thiúnadh
Gan sciorta den ádh.

Ní binn más scaoilt’ iad
ach má theanntar iad rómhór
monuar sin brist’ iad.

2014-12-06

Es war eine Ratt' im Kellernest

File: Goethe
Cumadóir: Ferrucio Busoni
Es war eine Ratt' im Kellernest,
Lebte nur von Fett und Butter,
Hatte sich ein Ränzlein angemäst't,
Als wie der Doctor Luther.
Die Köchin hatt' ihr Gift gestellt;
Da ward's so eng' ihr in der Welt,
Als hätte sie Lieb' im Leibe.

Sie fuhr herum, sie fuhr heraus
Und soff aus allen Pfützen,
Zernagt', zerkratzt' das ganze Haus,
Wollt' nichts ihr Wüten nützen;
Sie tät gar manchen Ängstesprung,
Bald hatte das arme Tier genung
Als hätt' es Lieb' im Leibe.

Sie kam für Angst am hellen Tag
Der Küche zugelaufen,
Fiel an den Herd und zuckt' und lag,
Und tät erbärmlich schnaufen.
Da lachte die Vergifterinn noch:
Ha! sie pfeift auf dem letzten Loch,
Als hätte sie Lieb' im Leibe.
Bhí francach breá in íoslach tráth
A líon a bholg, an fútar,
Le geir is le him atáim á rá
Is d’fhéach ar nós Mártan Liútar.
An cócaire chuir sí nimh sa nead
Is chuir sé sin isteach ar mo leaid:
Mar dhuine bheadh tit' i ngrá..

Is rith sé ’bhus is rith sé thall
Is d’ól as linnte bréana
Ag tóch go deo i ngach aon bhall
Ach níorbh fhiú dó é mo léan géar.
Do léim sé cúpla uair le huamhan
Bheadh sé fós ag léim go Lá an Luain:
Mar dhuine bheadh tit' i ngrá.

An créatúr bocht ag breacadh an lae
Do nocht sa chistin tnáite
Thit ina phleist a chloigeann fé
Is é ag caí go cráite.
Níor dhein an bhean ach gáire searbh
Hath! Banjaxáilte go dearbh!
Mar dhuine bheadh tit' i ngrá.

Haiku le Issa ón mbliain 1808

lá fada ambaist'
fiú d'fhéileacáin
an mhóinéir

.のべの草蝶の上にも日や長き
nobe no kusa chô no ue ni mo hi ya nagaki

2014-12-05

Córdoba. Lejana y sola.

File: Federico García Lorca
Cumadóir: Scata Éagsúil
Córdoba. Lejana y sola.
Jaca negra, luna grande,
y aceitunas en mi alforja.
Aunque sepa los caminos
yo nunca llegaré a Córdoba.

Por el llano, por el viento,
jaca negra, luna roja.
La muerte me está mirando
desde las torres de Córdoba.
¡Ay qué camino tan largo!
¡Ay mi jaca valerosa!
¡Ay, que la muerte me espera,
antes de llegar a Córdoba!
Córdoba. Lejana y sola.

Amhrán an Mharcaigh

Córdoba. Leis féin san imigéin.
Capaillín dubh, gealach ollmhór,
Is mo dhiallaitse, í lán d’ológa.
Cé gurb eol dom na bóithre
Ní shroisfidh mé go deo deo Córdoba.

Tríd an macha’re, in aghaidh na gaoithe,
Capaillín dubh, ré ómra.
Tá an bás ansin ag faire orm
Ó na túir arda i gCordóba.

Aidhe, nach fada an bóthar é!
Aidhe, mo chapaillínse cróga!
Aidhe, agus an bás ag fionraí liom
Ar an taobh seo díot, a Chórdoba.

Córdoba. Leis féin san imigéin.

Haiku le Issa ón mbliain 1821

chéad mhuisiriún na bliana
á shatailt
ag an bpáiste gáiriteach

.初茸を握りつぶして笑ふ子よ
hatsu take wo nigiri tsubushite warau ko yo

2014-12-04

Fuineadh gréine

Íomhá Ron Rosenstock
トスカーナ
陽去るとても
しばしなり
an Toscáin –
an ghrian féin caithfidh imeacht
(uair éigin)
Tuscany
Hi saru totemo
shibashi nari
Tuscany –
even the sun must leave
(sometime)
Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

Hard Times AN DROCHSHAOL (Stephen Foster)

File/Cumadóir: Stephen Foster
Tóg do shos i measc pléisiúir is comhair na deora muar’
Inár gcroí bíodh lucht an anró,
Tá amhráinín a fhanfaidh go deo inár gcluas
Ó Drochshaol, ná bí linn níos mó.

Sé amhrán, ochlán na ndaoine é
Drochshaol, Drochshaol, ná bí linn níos mó,
Tá tú tamall id’ sheasamh amuigh ansin sa chlós
Ó Drochshaol, ná bí linn níos mó.

Insa tóir dúinn ár áilleacht, ar aeraíocht is ar cheol
Tá na bochtáin lag amuigh sa chlós
Cé nach labhraíonn siad puinn, ’sé tá ar a mbeol:
Ó Drochshaol, ná bí linn níos mó.

Ó nach mílítheach ise, ag sclábhaíocht mar atá
Tá a croí bocht ina crotal cnó,
Is ní chloistear a thuilleadh aon rann aici á rá
Ach Drochshaol, ná bí linn níos mó.

Osna í atá caite na tonnta suaite anonn
Ar an trá cloistear í mar olagón
Is cois uaighe ina cogar a chloisimid an fonn
Ó, Drochshaol, ná bí linn níos mó.

2014-12-03

Smaoineamh an Lae

"Is é an rud a ba mhaith liomsa an saol uilig a chur ar mhullach a chinn agus ansin bheadh draíocht i rud ar bith dá mba do do thochas féin é."

Seosamh Mac Grianna

Amarilli, Mia Bella

File: Giovanni Battista Guarini (Meastar)
Cumadóir: Giulio Caccini

Amarilli, mia bella

Amarilli, mia bella,
Non credi del mio cor
Dolce desio
D'esser tu l'amor mio?
Credilo pur: e se timor t'assale,
Dubitar non ti vale.
Aprimi il petto e vedrai scritto in core:
Amarilli, Amarilli,
Amarilli e il mio amore.

Amairillín, Ó, a Stóirín

Amairillín, Ó, a stóirín
an dóigh leat, ó a ansacht
gur tú mo ghrá geal
mo ghrá geal choiché’s go deo?
Creid mé go fíor: is má bhraitheann tú imní
Ná ceil ort an fhírinne.
Déan an t-ucht seo ’oscailt is feicfidh tú greanta im chroí:
Amairillín, Amairillín
Amairillín, Ó is ise mo mhian.

2014-12-02

Haiga

Íomhá Ron Rosenstock
páiste tréigthe
á oiliúint ag gaoth an fhómhair –
tost
abandoned child
fostered by the autumn wind –
silence

The Heart of Herakles


Lying under the stars,
In the summer night,
Late, while the autumn
Constellations climb the sky,
As the Cluster of Hercules
Falls down the west
I put the telescope by
and watch Deneb
Move towards the zenith.
My body is asleep. Only
My eyes and brain are awake.
The stars stand around me
Like gold eyes, I can no longer
Tell where I begin and leave off.
The faint breeze in the dark pines,
And the invisible grass,
The tipping earth, the swarming stars
Have an eye that sees itself.

~ Kenneth Rexroth ~

(The Collected Shorter Poems of Kenneth Rexroth)

 

Croí Herakles


I mo luí dhom fé na réaltaí,
oíche shamhraidh,
déanach, agus réaltbhuíonta
an fhómhair ag dreapadh na spéire,
fad is ata Braisle Earcail
ag titim siar
cuirimse an teileascóp i leataobh
agus breathnaím ar Dheneb
is é ag gluaiseacht i dtreo an fhorair.
Fá shuan atá mo cholainn. Níl
ina ndúiseacht ach mo shúile is m’inchinn.
Seasann na réaltaí im’ thimpeall
gona súile órga, ní heol dom a thuilleadh
an tús ná an chríoch.
Leoithne lag sna giúiseanna dorcha,
agus an féar nach bhfeictear,
An domhan crochta, na réaltaí ina saithe
agus súil acu a chíonn í féinig.
 

2014-12-01

Beckett 2015

Mouth on Fire   
Melissa Nolan & Cathal Quinn

www.mouthonfire.ie
info@mouthonfire.ie
Tel: 086 8928648

Facebook:      www.facebook.com/mouthonfire
Twitter:      @mouthonfire1906


International Award Winning Theatre Company - Best Design/Best Imaginative/Inspirational Production (Cherepovets Literary Festival)

Samuel Beckett images courtesy of John Minihan

Nuair a bhí na Naitsithe sa Tibéid

Tá an stiúrthóir ar an gCartlann Scannán Thibéadach, Tenzen Phuntsog, tar éis teacht ar mhíreanna scannáin ón tréimhse 1939 -1959, ina measc íomhánna de Naitsithe agus staidéar á dhéanamh acu ar Thibéadaigh. Is in earrach na bliana 1938 a thug na Naitsithe aghaidh ar an Tibéid, via Calcúta, nó Kolkata mar a thugtar inniu air. Bhí ceannlíne sa Statesman, páipéar Indiach, ag an am: 'Ionradh Naitsithe - Bligeaird san India.'

D'fhás go leor leor teoiricí comhcheilge as an gceangal sin idir an Tibéid agus an Ghearmáin. Nuair a ransaigh na Sóivéadaigh fothraigh Bheirlín, thánadar ar scata lámaí Tibéadacha agus iad chomh marbh le hart. An rabhadar fostaithe ag na Naitsithe? An raibh asarlaíocht ar siúl ag Hitler agus a chairde? Seafóid a deir Isrun Engelhardt san aiste seo:
Pé ar domhan scéal é, is luachmhar iad gach iarsma a thagtar ar shaol agus ar chultúr na Tibéide ón tréimhse sin sular theith an Dalaí Láma chun na hIndia.Tá stiúrthóir na Cartlainne buartha nach mbeidh aon chuimhne cheart ag Tibéadaigh ar a gcultúr féin anois go bhfuil an tSínis agus cultúr na Síne i réim ina thír dhúchais.

2014-11-30

BORD GÁIS: Drochbholadh Uaidh?

Maíonn Bord Gáis go dtugann a chuid gradam leabhar an pobal liteartha ar fad le chéile. Tá sé sin le léamh ar an suíomh acu. Bréag, gan amhras. Agus an bhréag chéanna á hinsint acu bliain i ndiaidh bliana le naoi mbliana anuas. Níl léitheoirí na Gaeilge tugtha le chéile acu, níl foilsitheoirí na Gaeilge tugtha le chéile acu, níl scríbhneoirí na Gaeilge tugtha le chéile acu. Is cosúil nár chualadar trácht ar litríocht na Gaeilge.

Ach chun a chruthú nach dream cúngaigeanta ar fad iad, tá Gradam Idirnáisiúnta acu chomh maith i mbliana. Agus cé a roghnaigh Bord Gáis Energy Irish Book Awards 2014 don ghradam idirnáisiúnta? Jeffrey Archer, ambaiste,  faoina ndúirt Ringo Starr: ‘Is é an saghas duine é a chuirfeadh do mhún i mbuidéal is é a dhíol!’

Agus an dream gan náire a sheas chun bualadh bos a thabhairt do Jeffrey groí agus scríbhneoirí agus foilsitheoirí na Gaeilge á gcoinneáil amach acu, ón gcuma a bhí orthu déarfainn go raibh glincín d’fhual an tSaighdeora sa ghrágán acu!

Ar an lá seo 30 Samhain

Ar an lá seo 30 Samhain, 1935, cailleadh an mórfhile Fernando Pessoa
Agus is é Pessoa a chuireann deireadh leis an mír seo den bhlag. Tá bliain iomlán déanta againn.

Não sei quantas almas tenho.

Não sei quantas almas tenho.
Cada momento mudei.
Continuamente me estranho.
Nunca me vi nem achei.
De tanto ser, só tenho alma.
Quem tem alma não tem calma.
Quem vê é só o que vê.
Quem sente não é quem é.

Atento ao que sou e vejo,
Torno-me eles e não eu.
Cada meu sonho ou desejo,
É do que nasce, e não meu.
Sou minha própria paisagem,
Assisto à minha passagem,
Diverso, móbil e só.
Não sei sentir-me onde estou.

Por isso, alheio, vou lendo
Como páginas, meu ser.
O que segue não prevendo,
O que passou a esquecer.
Noto à margem do que li
O que julguei que senti.
Releio e digo, «Fui eu?»
Deus sabe, porque o escreveu.

Níl fhios agam líon na n-anamacha atá ionam

Níl fhios agam líon na n-anamacha atá ionam.
D’athraíos ó mheandar go meandar.
Braithim i gcónaí im stróinséir.
Ní fhaca mé mé féin ná níor thána riamh orm féin.
Ón méid iomlán díom, níl agam ach anam.
An té a bhfuil anam aige ní suaimhneach dó.
An té a fheiceann níl ann ach a bhfeiceann sé.
An té a mhothaíonn ní hé é féin atá ann.

Is airdeallach a bhím faoin méid atá ionam is a bhfeicim.
Bímse iadsan agus stopaim de bheith mé féin.
Gach aon bhrionglóid, gach aon dúil
Is leis an té a rabhadar san aige iad, ní liomsa iad.
Mise mo thírdhreach féin
Breathnaím orm féin is mé ar aistear –
Éagsúil, soghluaiste, liom féin.
San áit seo ina bhfuilim ní mhothaímse mé féin.

Sin an fáth a léimse mé féin mar stróinséir
Mar a bheadh leathanaigh ann.
N’fheadar cad a thiocfaidh
Dearúdaimse gach ar tharla,
Breacaim nóta ar imeall mo chuid léitheoireachta,
Machnamh agus mothúcháin.
Deinim iontas agus mé á athléamh: ‘Arbh in mise?'
Tá’s ag Dia, mar eisean a scríobh.

Ar an lá seo 29 Samhain

Ar an lá seo 29 Samhain, 2001, cailleadh George Harrison.
Chomh maith lena ghairm cheoil leis na Beatles, léirigh sé an t-albam Sacred Chants of India.

Carúil na gCarmanach: ábhar ceiliúrtha agus ábhar machnaimh

Is fada trácht ar charúil na Cille Móire i gCo. Loch Garman agus tá léas nua beatha tugtha dóibh anois ag an amhránaí ildánach sárchumasach Caitríona O’Leary ar an albam nua The Wexford Carols (Heresy Records). I dteannta Chaitríona tá Rosanne Cash, Rhiannon Giddens agus amhránaí mór na Breataine Bige, Tom Jones.

Is pacáiste aoibhinn é seo agus an-chuma go deo ar an leabhrán faoi chlúdach crua a ghabhann leis. Tá a croí curtha ag Caitríona O’Leary sa togra seo, i ngach slí, agus guím rath uirthi.

Ba thall in Ghent a d’fhoilsigh an tEaspag Luke Waddinge (ná measctar leis an bhFroinsiasach Luke Wadding é) an cnuasach amhrán diaga A Small Garland of Pious & Godly Songs (1684). As an gcnuasach sin agus as an mbailiúchán A New Garland Containing Songs for Christmas (1728) leis an Athair William Devereux chomh maith le traidisiún beo na Cille More iad na carúil bhreátha seo.

D’fhoghlaimíos cuid mhaith ó na nótaí atá curtha ag Caitríona leis na carúil Nollag seo ar cuid d’oidhreacht na hÉireann agus d’oidhreacht cheoil an domhain araon iad, dar léi, agus an ceart aici. Tá a thuilleadh nótaí inspéise scríofa ag Eric Fraad, bunaitheoir Heresy Records, agus is fiú go mór iad a léamh. Cumadh na carúil seo chun sólás a thabhairt don chosmhuintir agus iad ag fulaingt faoin gConcas. Murach Cromail, seans nach mbeadh na carúil seo againn. Tar éis dó slad a dhéanamh i nDroichead Átha, chuaigh Cromail caol díreach go Loch Garman, 10,000 Piúratánach ina theannta, agus dhein sé an diabhal arís. Sna blianta a lean Cogadh Chromail in Éirinn, tháinig titim ó 2,000 go 400 ar dhaonra Loch Garman. Bí ag caint ar chinedhíothú.

Dála na n-amhrán spioradálta is na nGormacha i Meiriceá, d’fheidhmigh na carúil seo mar bhalsam bisigh do phobal cloíte Loch Garman. Is meafair iad go minic na híomhánna sna carúil seo a sheasann do chúinsí dofhulangtha na nGael ag an am; diúltaítear do Mhuire is d’Iósaf agus níl ar fáil don Mháthair Bheannaithe agus a hionú tagtha ach stábla. Ní raibh de shéipéal ag an Easpag Waddinge ach seamlas lán de bhualtrach agus is i ngort lom a cheiliúraíodh an tAthair Devereux an tAifreann. Is cinnte gur bhraith lucht canta na gcarúl seo, agus an lucht éisteachta, an ceangal a bhí idir na Gaeil bhochta agus an Teaghlach Naofa. Sa tslí sin, neartaigh na carúil a gcreideamh agus a bhféiniúlacht araon.

Na tagairtí sna carúil do Héaród an áir, nach tagairtí do Chromail iad dáiríre? Gach seans. Díbríodh na Gaeil go Connachta, chuaigh a thuilleadh acu go Meiriceá agus a thuilleadh fós chun na Mór-Roinne. Nach meafar é an díbirt léanmhar sin a sheasann don Teitheadh chun na hÉigipte? Agus na tagairtí don Slánaitheoir féin, nach bhfuil soiscéal an tSeacaibíteachas ag borradh sa chúlra? Bí cinnte de. Ábhar ceiliúrtha agus ábhar machnaimh atá san albam suaithinseach seo a léiríonn urraim do ghné neamhchoitianta dár n-oidhreacht.

2014-11-29

Seit ich ihn gesehen/Ó chonac an leaid óg

File: Adelbert von Chamisso
Cumadóir: Carl Loewe<

Seit ich ihn gesehen

Seit ich ihn gesehen,
Glaub' ich blind zu sein;
Wo ich hin nur blicke,
Seh' ich ihn allein;
Wie im wachen Traume
Schwebt sein Bild mir vor,
Taucht aus tiefstem Dunkel,
Heller nur empor.

Sonst ist licht- und farblos
Alles um mich her,
Nach der Schwestern Spiele
Nicht begehr' ich mehr,
Möchte lieber weinen,
Still im Kämmerlein;
Seit ich ihn gesehen,
Glaub' ich blind zu sein.

Ó chonac an leaid óg

Ó chonac an leaid óg
Tá mé dall is léir;
Le gach aon stracfhéachaint
Níl sa domhan ach é;
Mar a bheadh i mbrionglóid
Snámhann chugam a chló
’Teacht as íochtar dorcha
Lonrach os mo chomhair.

Seachas sin is léithe
Gach a bhfuil sa saol,
Bheith ag spraoi lem dheirfiúr
Sea mhuis’ beag an baol.
B’fhearr liom bheith ag caoineadh
I mo sheoimrín féin:
Ó chonac an leaid óg
Tá mé dall is léir.

2014-11-27

Ar an lá seo, 27 Samhain

Ar an lá seo, 27 Samhain, 1474, cailleadh Guillaume Dufay

Briathar / Logos

Briathar

Cén fáth iontas a dhéanamh de na héisc is na builíní?
Abair na focail chearta agus leathfaidh an fíon.
Abair le grá iad
Agus mothaigh fiántas an ghrá sin
Agus mothaigh riachtanas an ghrá sin
Agus pléascfaidh na héisc ina mílte.
Samhlaigh É, ag caint,
Agus ná buair do cheann faoina bhfuil ann,
Faoin rud is léir ná faoin mistéir.
Má bhíse ann ba iad na nithe sin go léir iad.
Samhlaigh é agus is iad na nithe sin go léir iad.
Ith, ól, is bí sona.
Glac leis an míorúilt.
Glac chomh maith le gach focal labhartha
A labhartar le teann grá.

Logos

Why wonder about the loaves and the fishes?
If you say the right words, the wine expands.
If you say them with love
and the felt ferocity of that love
and the felt necessity of that love,
the fish explode into the many.
Imagine him, speaking,
and don't worry about what is reality,
or what is plain, or what is mysterious.
If you were there, it was all those things.
If you can imagine it, it was all those things.
Eat, drink, be happy.
Accept the miracle.
Accept, too, each spoken word
spoken with love.

~ Mary Oliver ~

(Why I Wake Early)

2014-11-26

Ar an lá seo 26 Samhain

"Eichendorff“ von Franz Kugler - Klaus Günzel: Die deutschen Romantiker. Artemis, Zürich 1995, ISBN 3-7608-1119-1. Lizenziert unter Public domain über Wikimedia Commons.
Ar an lá seo 26 Samhain 1857, cailleadh Joseph von Eichendorff.
Seo thíos an chéad véarsa as Sehnsucht/Tnúth, ceann de na dánta is ceolmhaire sa Ghearmáinis:

Sehnsucht

Is órga mar lonraíonn na réaltaí
Im sheasamh dom cois fuinneoig’
Is cloisim i bhfad i gcéin uaim
An adharc poist i dtír gan ghleo.
Is smaoiním go domhain is faoi rún
Nuair lasann im cholainn mo chroí:
Á, b’aoibhinn a bheith leo faoi chlúid
Is ag taisteal ar feadh na hoích’.

Es schienen so golden die Sterne,
am Fenster ich einsam stand
und hörte aus weiter Ferne
ein Posthorn im stillen Land.
Das Herz mir im Leib entbrennte,
da hab ich mir heimlich gedacht:
Ach, wer da mitreisen könnte
in der prächtigen Sommernacht!

Cuireadh: Seoladh "An Fear Glas" 4 Nollaig @ 18:30

Tugann Arlen House agus Gaelchultúr caoinchuireadh duit chun an bailiúchán mór dátheangach


An Fear Glas ¦ The Green Man

le Cathal Ó Searcaigh

a cheiliúradh inár dteannta.

Maisithe ag Pauline Bewick

An mheitheal aistritheoirí:
Paddy Bushe,
Gabriel Rosenstock
agus Frank Sewell

Aíonna speisialta: Nuala Ní Dhomhnaill agus Brian Kennedy 

 
Gaelchultúr, 
11 Sráid an Chláraigh, 
BÁC 2
http://www.gaelchultur.com/
Déardaoin 4 Nollaig 6.30

Fáilte roimh chách


Alan Hayes
Foilsitheoir
ARLEN HOUSE

086 8207617
arlenhouse.blogspot.com

Cuan Mó

Íomhá Ron Rosenstock
Clew Bay –
evening arrives
unannounced
Cuan Mó –
an tráthnóna tagtha
gan choinne

2014-11-25

Ar an lá seo 25 Samhain

Ar an lá seo 25 Samhain, 1949, cailleadh Bill "Bojangles" Robinson.

Es war ein König in Thule/ Bhí Rí Ann Fadó in Thule

File: Johann Wolfgang von Goethe
Cumadóir: Franz Schubert

Es war ein König in Thule

Es war ein König in Thule,
Gar treu bis an das Grab,
Dem sterbend seine Buhle
Einen goldnen Becher gab.

Es ging ihm nichts darüber,
Er leert' ihn jeden Schmaus;
Die Augen gingen ihm über,
So oft er trank daraus.

Und als er kam zu sterben,
Zählt' er seine Städt' im Reich,
Gönnt' alles seinem Erben,
Den Becher nicht zugleich.

Er saß beim Königsmahle,
Die Ritter um ihn her,
Auf hohem Vätersaale,
Dort auf dem Schloß am Meer.

Dort stand der alte Zecher,
Trank letzte Lebensglut,
Und warf den heil'gen Becher
Hinunter in die Flut.

Er sah ihn stürzen, trinken
Und sinken tief ins Meer.
Die Augen täten ihm sinken
Trank nie einen Tropfen mehr.

Bhí Rí Ann Fadó in Thule

Bhí rí ann fadó in Thule,
Dílis bhí go ndeachaigh faoin bhfód.
Roimh bhás di thug a rúnsearc
Cuach órga ghreanta dhó.

Ba gheal leis í mar chuach,
Is é ag déanamh spraoi,
Na deora ‘rith lena ghrua
Is é ag ól na dí.

Nuair nocht an Bás, an cladhaire,
Dhein a mhaoin a mheas dá uacht:
D’fhág gach rud ag a oidhre
Scéal eile bea an chuach.

Is ag an bhféasta ríoga,
Na huaisle lena thaobh
I gcaisleán sin na sinsear –
An mhuir is í ag éamh.

Is sheas le súile saofa,
D’ól braoinín beag amháin
Is chaith an chuach naofa
Le fórsa uaidh chun fáin.

Do chonaic í á líonadh,
Á halpadh, í dul síos:
Is dhún na súile ríoga
Braon fíona níor ól arís.