2022-04-30

Henry Scott Tuke

dheineas cur síos ort
do sheanmhairnéalach lá
lean ort, ar seisean
        bhí gach aon rud feicthe aige
        níor theastaigh uaidh go stopfainn
i once described You
to a wistful old seadog
he had seen it all
        go on, he said, continue
        he didn't want me to stop

2022-04-29

Charles Sprague Pearce

<
tine a mhúnlaigh
agus a d'athchum an tseoid
an tine atá beo
        tine thús an domhain, a stór
        is tine éag na cruinne
fire that shaped the jewel
fire of its refashioning
fire that is alive
        fire of the earth's beginning
        fire that will consume the world

2022-04-28

Yoshimoto


fuineadh gréine
ach fanann solas an tráthnóna
i measc na nduilleog


 

2022-04-27

Guy Rose

October morning
scáileanna na gcrann
mo chuid scáileanna féin iad
cloisfidh tú dánta
        i gcogarnach na nduilleog
        a scáil féin ag gach focal
the shadows of trees
are my shadows this morning
in whispering leaves
        You'll hear my poems, Beloved
        each word has its own shadow
σκιές των δέντρων
σήμερα οι σκιές μου
θροΐζουν φύλλα
        ποιήματά μου, Αγάπη
        κάθε λέξη και σκιά

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2022-04-26

Nicolae Tonitza

caointeoirí, faraor
gan deoir fágtha ina gceann
cad atá rompu
        níl fhios acu cá'il a dtriall
        gealach lae dóibh í an ghrian
the mourners, alas
when all their tears have dried up
what is left for them
        they hardly know east from west
        the sun shines like a day moon
φευ, όσοι θρηνούν
στεγνώνοντας τα δάκρυα
γι' αυτούς τι μένει
        ανατολή ούτε δύση
        ήλιος μέρας φεγγάρι

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2022-04-25

Blas Iarainn

 The Taste of Iron

Look how words
are styled into a poem
Look at this
Read this man fallen amid letters.
You hear that?
Is it the clanging of iron or
the blood spilled on the soil?
Ask not the blacksmith
the taste of iron,
Ask the horse with a leash on his mouth

 Dhumil (Sudama Pandey, 1936-1975)
Translation Kamalakar Bhat


Blas Iarainn

Féach mar atá briathra
stílithe i ndán
Féach air seo
Léigh an fear seo a thit i measc litreacha
Ar chuala tú?
Cleatráil iarainn ab ea, nó
fuil a doirteadh sa chré?
Ná fiafraigh den ghabha
cad is blas iarainn ann,
fiafraigh den chapall é is srian ar a bhéal.

Dhumil

2022-04-24

Ní hea, ní chaillfinn codladh na hoíche

Ní hea
ní chaillfinn codladh na hoíche
faoin mbuille -
conas nó cathain -
a chuirfidh deireadh liom
dáiríre, is cuma liom sa sioc
mar gheall air
mar
níl foighne
an fhairtheora agam
le bheith ar garda de shíor
chun scagadh a dhéanamh
ar nóiméid gan áireamh
ag feitheamh
leis an am sa sceideal
atá ag do ghiollaí gualainne dom.
Ní hea,
ní chuirfinn am amú ag smaoineamh ar rudaí suaracha
mar sin agus ní duine maoithneach mé
maidir le cuimhní ar an seanfhód
is an dream a d'fhágas im' dhiaidh
ní hea, ní smaoinímse a thuilleadh
ar a leithéid
ná ar na stríoca fíneáilte dearga
os cionn an tsráidbhaile am luí na gréine
agus is cuma liom
conas a mhothaíonn sise.

Pash


2022-04-23

Málaí gainimh in Kharkiv / Sandbags in Kharkiv

táid ag rith as am
bailíonn siad málaí gainimh
dá mbard náisiúnta
        chosain seisean a dteanga
        in aghaidh scrios is díchuimhne
sands of time run out
and yet they gather sandbags
to protect their poet:
        he once shored up their language
        against winds of destruction




2022-04-22

Fjord/ Fiord

Ron Rosenstock
spraoi
na scamall leis an oighear -
leo féin le chéile i bhfiord
clouds
playing with ice -
alone together in a fiord

2022-04-21

Charles Bartlett

íota haiku
íota fírinne -
íota an chamaill
thirst for haiku
thirst for truth -
thirst of a camel
俳句に渇き
真理に渇く―
駱駝の渇き

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura
drouthy fir haiku
drouthy fir truith -
drouth o a caumel

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2022-04-20

Lus gorm ~ Hokusai

bláth gorm
sa tóir ar an spéir . . .
ár mbrionglóidí baotha
blue flower
in search of the sky . . .
all our impossible dreams
青い花
空を探して・・・
成らぬ夢

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura
blae flooer
reengin fir the lift...
aw oor willyart drames

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2022-04-19

Grey Heron on Branch ~ Ohara Koson

radharc éagsúil
ar an domhan ó lá go lá -
corr réisc ar ghéag
viewing the world today
from another angle -
heron on a branch
世相見む
違う角度から―
枝の鷺

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura
takkin anither skew
it the day's warl -
hern on a brainch

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2022-04-18

Busy Schedule

go dtí seo
lá an-ghnóthach a bhí ann -
glasóg
so far
it's been a very busy day -
wagtail
そこまでは
多忙な日なり
セキレイ氏

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura
oop tae nou
it's been a thrang day -
willie-wagtail

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2022-04-17

Winslow Homer

A garden in Nassau
roinnimse an dúil
atá ionainn, síol Éabha,
i ngairdín an tséin
        is dílleachtaí sinn, a chuid
        dílleachtaí dalla gan léas
i share the longing
of everyone born of Eve
for the celestial garden
        we are orphans, beloved
        blind orphans in search of light

2022-04-16

Hugo Simberg

Haavoittunut enkeli
lig dom canadh leis
faoi na haingil 'tá leonta
balbh ag dobrón
        is líonmhar iad, a thaisce
        ealaí na sciathán gan feidhm
and let me sing too
for all the wounded angels
struck dumb by sorrow
        beloved, they are legion
        swans whose wings have let them down

2022-04-15

Walter Gramatté

Walter Gramatté
Mann mit Herz (Selbst) 1918
bhí fear ann fadó
ní raibh aithne ag éinne air
bhí croí na bó ann
        croí mór a bhí róthrom dó
        is b'éigean do fáil réidh leis
there once was a man
no one knew the half of him
a man with a heart
        it was too heavy for him
        and so he gave it away

2022-04-13

Benjamin West

The Bard, 1778
éireoidh na baird
iad siúd a cuireadh chun báis
chun tú a mholadh
        beadsa fárstu, a chuisle
        éist lenár n-amhrán aerach
they shall rise again
all the massacred Welsh bards
and sing Your praises
        beloved, i shall join them
        give ear to our ghostly song

2022-04-12

Jan Mankes

Raaf op berkenboom, Jan Mankes
bhí dhá phréachán ann
nílid ann níos mó, a chuid
bean uasal is cú
        is ridire - imithe
        ná himigh gan barróg 'fháil
there were twa corbies
Beloved, now there are none
a lady, a hound
        and a knight - they too are gone
        embrace me before You leave

2022-04-11

Madra / Dog

 


An domhan
seo . . .
cúr sin uile.

This world . . .
froth,
nothing but froth

Zen monk Tanuki (1949 - )

2022-04-10

Louis Wain

cineál machnaimh é
cat a shárú sa stánadh
isteach san fholús
        bhfuil tusa á lorg aige
        bhfuil tú aimsithe aige
outstaring a cat
a form of meditation
entering the void
        is the cat looking for You
        has it found You already

2022-04-09

Pierre Roy

Intérieur (Entrée d'un appartement Parisien) , 1937
isteach leat, a ghrá,
níl neach ann chun fáiltiú romhat
nílim sa doras
        is nílimse san fhuinneog
        níl ionamsa ach cuimhne
enter, Beloved
there is no one to greet You
i'm not at the door
        nor am i at the window
        i'm merely a memory

2022-04-08

Mainie Jellett

Achill Horses
tá réaltaí na hoí'
gan suan ag eachra Acla
iad go léir suaite
        taibhríd taibhrimh a chéile
        gan a dtaibhrimh féin acu
the Achill horses
are keeping the stars awake
restless through the night
        dreaming each other's dreams now
        having no dreams of their own

2022-04-07

Ingeborg Bernhard

ní gá aon ní eile a rá
d'ainm a dhriogadh go ciúin
feitheamh leis an gcuach
        an dabhach a oscailt faoi rún
        agus ól asat go mall
time to say no more
to distil Your name, quietly
wait for the cuckoo
        open the vat silently
        and drink of You in long draughts

2022-04-06

Nina Hamnett

Major General W.B. Lindsay
athraíonn gach aon ní
athraíonn mapaí is croiméil
is sin a bhfuil faoi
        bearr na croiméil sin arís
        gearr teorainneacha an domhain
all is flux, they say
maps change, as do moustaches
nothing to be done
        trim the moustaches again
        trim boundaries of our world

2022-04-05

2022-04-04

Treibheanna / Tribes

 



Bí le gach treibh, bí gan treibh


Belong to all tribes and none

Zen monk Tanuki (1949 - )

2022-04-03

Tobias Verhaecht

duitse a tógadh
chun go molfaí thú thar chách
i ngach aon teanga
        féach air, Túr Bháibil, a chroí
        an gá é a atógáil?
it was built for You
so men could sing Your praises
in all languages
        behold the Tower of Babel . . .
        is it time to build again?
κτίστηκε για Σε
να ψάλλουν τη δόξα Σου
σ' όλες τις γλώσσες
        ιδού ο πύργος της Βαβέλ
        ώρα να κτιστεί ξανά;


Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise



2022-04-02

József Rippl-Rónai

nach fada a ndíbirt!
anamacha 'tá faoi scáil
ar feadh mílaoise
        éalaíonn an t-anam ansin -
        éan nó bláth magnóilia
long is their exile!
souls imprisoned in darkness
for countless aeons
        then one escapes like a bird
        or a magnolia blossom
μακρά εξορία!
ψυχές δέσμιες του σκότους
για αιώνες
        και σαν πουλί το σκάει μια
        η σαν άνθος μανώλιας

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2022-04-01

Cnoic Shíofra

Ron Rosenstock
nithe nach bhfeictear
ag breathnú uathu . . . ag éisteacht . . .
Cnoic Shíofra
the unseen
watching . . . listening . . .
Sheeffrey Hills