2022-04-24

Ní hea, ní chaillfinn codladh na hoíche

Ní hea
ní chaillfinn codladh na hoíche
faoin mbuille -
conas nó cathain -
a chuirfidh deireadh liom
dáiríre, is cuma liom sa sioc
mar gheall air
mar
níl foighne
an fhairtheora agam
le bheith ar garda de shíor
chun scagadh a dhéanamh
ar nóiméid gan áireamh
ag feitheamh
leis an am sa sceideal
atá ag do ghiollaí gualainne dom.
Ní hea,
ní chuirfinn am amú ag smaoineamh ar rudaí suaracha
mar sin agus ní duine maoithneach mé
maidir le cuimhní ar an seanfhód
is an dream a d'fhágas im' dhiaidh
ní hea, ní smaoinímse a thuilleadh
ar a leithéid
ná ar na stríoca fíneáilte dearga
os cionn an tsráidbhaile am luí na gréine
agus is cuma liom
conas a mhothaíonn sise.

Pash