Posts mit dem Label Graifítí an Lae werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Graifítí an Lae werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-11-01

Graifítí an Lae

Níl neach níos aineolaí ar chlár an domhain seo ná an tÉireannach nach bhfuil Gaeilge aige.

James H. Cousins

2022-10-04

Graifítí an Lae

Is mian liom scrios a dhéanamh ar an uile ní a dhéanann sclábhaí díom, a thuirsíonn mé agus a mhúchann mo mhianta; is mian liom iad go léir a fhágáil i mo dhiaidh mar chorpáin.

— Armando Diluvi

2022-10-03

Graifítí an Lae

Ní mian le hainrialaithe cumhacht a chur ar ceal ach í a leathadh, go hidéalach í a dháileadh go cothrom.

2022-10-02

Graifítí an Lae


Dúisíonn pictiúr cáiliúil Edvard Munch An Scréach rud éigin ionam a bhraithim deich n-uaire sa ló
.

 Raoul Vaneigem


2022-09-26

Graifítí an Lae

Má insímid bréag don rialtas, tugtar coir air sin; má insíonn an rialtas bréag dúinne, tugtar polaitíocht air sin.

Bill Murray

2022-01-20

Graifítí an Lae

 

Is é is ainrialachas ann ná an lipéad polaitiúil a chuirtear ar shruth ollmhór de smaointeachas srianta atá ag gluaiseacht faoin sibhialtacht ábharaíoch chaipitlíoch seo, é ar tí éirí agus na monarchana, na príosúin agus na hallaí cathrach a scuabadh chun siúil. I ndeireadh thiar thall, is é atá ann ná fórsa na beatha agus dá réir sin ní féidir é a stop."

Paul Cudenec

2022-01-17

Graifítí an lae: Oscar Wilde

 


Cén sórt rialtais is fearr a oireann d'ealaíontóirí, ceist a chuirtear orm uaireanta. 
Níl ach freagra amháin ar an gceist sin. 
Níl aon sórt rialtais ann a d'oirfeadh don ealaíontóir.


Oscar Wilde


2022-01-10

Graifítí an Lae: Hakim Bey

Má táimid in ann éalú ó na músaeim a iompraímid thart istigh ionainn féin, má éiríonn linn gan ticéid a dhíol linn féin le haghaidh na ngailearaithe atá inár mblaosc féin, d'fhéadfaimis tosú ar mhachnamh a dhéanamh ar ealaín a athchruthaíonn ról an draíodóra: struchtúr na réaltachta a athrú trí shiombailí beo a láimhseáil.


Hakim Bey

2022-01-09

Graifítí an Lae - Alexander Berkman

  • Ciallaíonn Ainrialachas gur cheart duit a bheith saor; gan sclábhaí á dhéanamh díot ag éinne, ná éinne a bheith anuas ort, do do robáil, ná ag cur isteach ort.

  • Ciallaíonn sé gur chóir go mbeifeá saor chun na nithe sin a dhéanamh is mian leat a dhéanamh; agus nach cóir go gcuirfí brú ort nithe a dhéanamh nach mian leat a dhéanamh.

  • Ciallaíonn sé gur cheart go mbeadh deis agat an saghas saoil is mian leat a chaitheamh a roghnú duit féin, agus é a chaitheamh gan cur isteach ó éinne.

  • Ciallaíonn sé gur cheart go mbeadh an tsaoirse chéanna ag an gcéad duine eile is atá agatsa, gur cheart go mbeadh na cearta agus an tsaoirse chéanna ag gach éinne.

  • Ciallaíonn sé gur bráithre is ea sinn go léir agus gur cheart dúinn maireachtáil mar bhráithre, go síochánta agus go séimh.

  • I bhfocail eile, ní ceart go mbeadh cogadh ar bith ann ná foréigean á úsáid ag baicle amháin in aghaidh baicle eile, gan monaplacht ar bith a bheith ann ná bochtaineacht, gan cos ar bolg a bheith ann ná buntáiste á bhreith ag éinne ar do chomhdhaonnaí.

  • Go hachomair, staid is ea an t-ainrialachas, nó sochaí, ina bhfuil gach fear is bean saor agus sult á bhaint ag gach éinne as an sochar a éiríonn as saol stuama a chaitheamh.
Alexander Berkman

2021-11-15

Murray Bookchin

Murray Bookchin, By Janet Biehl -
Own work, Public Domain, Link

Is dócha go bhféadfadh éinne ainrialaí a thabhairt air féin dá gceapfadh an duine sin go bhféadfaí an tsochaí a bhainistiú gan an stát. Agus nuair a deirim an stát - nílim ag caint ar institiúidí a bheith in easnamh ná sli ar bith chun an tsochaí a eagrú - tagraíonn an stát dáiríre do threalamh proifisiúnta daoine a chuirtear i leataobh chun an tsochaí a rith, teacht roimh an bpobal i rialú na sochaí. Bheadh an t-arm san áireamh ansin, giúistísí, polaiteoirí, ionadaithe a fhaigheann íocaíocht ar mhaithe le reachtaíocht a dhéanamh, agus comhlacht feidhmeach ansin a chuirtear i leataobh chomh maith ón tsochaí. Creideann ainrialaithe, mar ghrúpaí nó mar dhaoine aonair, gur cheart go mbeadh an tsochaí á rith go díreach ag na daoine.

2021-01-03

Graifítí an Lae: Ouida

 "Níl d'aidhm ag an Stát ach na cáilíochtaí sin a chur ina luí ar an bpobal trína ngéilltear dá chuid éileamh agus tríona líontar an Státchiste aige. An rud is mó a bhaineann sé amach ná daoine a dhéanamh chomh rialta leis an gclog. Tá gá ag an an Stát le meaisín íoctha cánach gan cháim, Státchiste gan easnamh ar bith agus pobal leamh géilliúil gan ghus agus é ag bogadh ar aghaidh go humhal ar nós tréad caorach ar bhóthar díreach idir dhá bhalla."

Ouida

2020-12-29

Errico Malatesta

Ní mian linne, ainrialaithe, daoine a shaoradh; is mian linn go saorfadh daoine iad féin.
Errico Malatesta (1853 -1932)

2020-11-16

Graifítí an Lae: Dave Andrews

 

Ba é Íosa Críost an sampla ab fhearr den fhíor-ainrialachas - an t-ainrialaí cruthaitheach síochánta par excellence - agus é ag oibriú ní ón mbarr anuas ach ón mbun aníos leis na bochtáin, agus an chuid ba bhoichte de na boicht, d'fhonn daoine a chumasú i dtreo is go dtuigfidís a n-acmhainneacht mar fhir agis mná a cruthaíodh ar dheilbh Dé.

Dave Andrews


2020-07-29

Graifítí an Lae

Tugann an caipitleachas tús áite ar dhaoine do mheaisíní in áit leas a bhaint as meaisíní chun daoine a shaoradh ó eire na síoroibre meicniúla. 

Ernest Mandel

2019-10-25

Graifítí an Lae - Saul Newman

Go bunúsach, critíc eiticiúil ar údarás is ea ainrialachas - dualgas eiticiúil nach mór chun gach saghas ceannais a cheistiú agus cur ina choinne.


From Bakunin to Lacan ; Anti-Authoritarianism and the Dislocation of Power (2001) le Saul Newman

2019-10-12

Graifítí an Lae - Masanobu Fukuoka

An tslí a maireann ainmhithe sna trópaicí, ag dul amach ar maidin agus um thráthnóna féachaint an bhfuil greim le hithe ann, agus siesta fada a ghlacadh san iarnóin, caithfidh gur breá ar fad an saol é. D'fhéadfadh saol simplí mar sin a bheith ag daoine dá n-oibreoidis díreach chun riachtanais laethúla a sholáthar.

Masanobu Fukuoka 

2019-10-02

Divertir pour dominer

Éiríonn leis an gcaipitleachas, d'aon iarraidh amháin, an draíocht ar fad a bhaint as an saol, gach aon rud iontaofa agus gach saghas neamh- spleáchais agus cruth- aitheachta a mhilleadh, agus ag an am céanna leibhéil neamhionannais a mhéadú ar mhaithe le leas an mhionlaigh.

Offensive Libertaire et Sociale, Divertir pour dominer

2019-08-24

Graifítí an Lae - Bob Marley

b'fhearr bás a fháil ag troid ar son na saoirse ná a bheith i do chime gach lá de do shaol.

Bob Marley

2019-08-08

Graifítí an Lae

Creidimse go diongbháilte go bhfuil daoine in ann cinneadh a ghlacadh ar bhonn áitiúil, ar bhonn chomhar na gcomharsan. Ainrialachas an bealach chun é sin a chur i gcrích.

scott crow